An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Araíonacht.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Gabháil agus Cúirteanna Fiosrúcháin ar Fhir atá as láthair.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil II.

Cionta in aghaidh an Dlí Mhíleata.

Cionta báis ag ceannasaithe le linn comhraic.

124. —Gach oifigeach faoin dlí míleata agus i gceannas loinge Stáit, aerárthaigh sheirbhíse, bunaíochta cosanta, aonaid nó feadhain eile d'Óglaigh na hÉireann—

(a) nach ndéanfaidh, trí fhaillí nó trí aon tsórt eile mainneachtana, le linn dó bheith faoi orduithe chun oibríocht chogaidh a chur i gcrích nó ar theacht dó i dteagmháil le namhaid arb é a dhualgas dul i ngleic leis, a shár-dhícheall chun na hoifigigh agus na fir faoina cheannas, nó a long, a aerárthach, nó a mhatériel eile a chur i gcomhrac, nó

(b) a bhéarfas suas don namhaid, agus é acmhainneach ar chosaint diongbhálta a dhéanamh, a long, a aerárthach, a fheithicil, a bhunaíocht chosanta, a mhatériel nó a aonad, nó

(c) a tharraingeos siar, agus é i gcomhrac, as an gcomhrac gan leorchúis, nó

(d) a mhainneos gan leorchúis dul sa tóir ar namhaid nó suíomh a gnóthaíodh a chomhneartú, nó

(e) a mhainneos gan leorchúis dul i bhfóirthint nó i gcabhair le hiomlán a chumais ar charaid aithnid, nó

(f) a dhéanfas, agus é i gcomhrac, a ionad a thréigean gan leorchúis,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar é a chiontú ann ag armchúirt dlífear é a chur chun báis nó faoi aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt.

Cionta báis ag aon duine maidir leis an namhaid.

125. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a thréigfeas go fealltach chun an namhad, nó

(b) a chuirfeas brat sosa chomhraic chun an namhad go fealltach nó gan údarás cuí, nó

(c) a dhéanfas cumarsáid leis an namhaid, nó a bhéarfas faisnéis dó, go fealltach nó gan údarás cuí, nó

(d) a mhí-iomprós é féin nó a bhéarfas ar dhaoine eile iad féin a mhí-iompar os comhair an namhad i slí a léireos meatacht, nó

(e) a chabhrós leis an namhaid le matériel, nó

(f) a bhéarfas go feasach tearmann nó caomhaint do namhaid nach príosúnach, nó

(g) a chabhrós go fealltach leis an namhaid trí chomhartha aitheantais bréagach nó comhartha bréagach eile a thabhairt nó trí aon chomhartha d'athrú nó trí chur isteach ar aon chomhartha, nó

(h) a mhoilleos go mícheart aon bheart i gcoinne an namhad nó a spreagfas mí-mhisneach go fealltach nó go meata i dtaobh aon bhirt i gcoinne an namhad, nó

(i) nuair a hordófar dó oibríocht chogaidh a chur i gcrích nach ndéanfaidh, trí fhaillí nó trí aon tsórt eile mainneachtana, a shár-dhícheall chun na horduithe a chur in éifeacht, nó

(j) a thréigfeas nó a bhéarfas suas go fealltach nó gan leorchúis aon bhunaíocht chosanta, garastún, áit, long Stáit, aerárthach nó feithicil nó ainmhí seirbhíse, matériel, post nó garda, nó

(k) a dhéanfas nó a fhágfas gan déanamh, go feasach, aon ní a bhéarfas go ngabhfaidh an namhaid daoine nó go ngabhfaidh nó go scriosfaidh an namhaid matériel, nó

(l) a chabhrós go fealltach leis an namhaid in aon tslí nach bhfuil luaite go sonrach roimhe seo san alt seo, nó

(m) le linn dó bheith ag fónamh i long Stáit a bheas páirteach i gconbhuaidh árthach agus ina gcaomhnadh—

(i) nach gcosnóidh na hárthaigh agus na hearraí a bheas faoi chonbhuaidh, nó

(ii) a dhiúltós troid a dhéanamh chun na hárthaigh ina chonbhuaidh a chosaint má hionsaítear iad, nó

(iii) a thréigfeas nó a chuirfeas i nguais, go meata, na hárthaigh a bheas ina chonbhuaidh,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar é a chiontú ag armchúirt dlífear é a chur chun báis nó faoi aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt.

Cionta lena ngabhann pionós níos troime más ar fianas a déantar iad.

126. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “garda dídin” aon mheitheal d'Óglaigh na hÉireann a dícheanglófar chun duine nó daoine éigin a chaomhaint nó chun aon áitreabh nó áit a chaomhaint nó chun dul isteach in aon áitreabh nó in aon áit a chosc nó a rialú, nó chun trácht ar aon bhóthar, iarnród nó uiscebhealach intíre a rialú agus folaíonn sí aon fhairtheoir is comhalta d'Óglaigh na hÉireann a postófar chun aon chríche acu sin.

(2) Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a fhágfas a shuí faire, a gharda, a phicéad, a phatról nó a phost sara ndéanfar uainíocht air go rialta, nó a chodlós nó a bheas ar meisce, le linn dó bheith ag gníomhú mar fhairtheoir nó mar fhear faire nó a bheith ar shlí eile ar faire nó ar garda, nó

(b) a fhágfas, gan ordú óna oifigeach uachtarach, a shuí faire, a gharda, a phicéad, a phatról nó a phost, nó

(c) a nochtfas in aon tslí, gan údarás cuí, aon fhaisnéis maidir le líon, suíomh, matériel, gluaiseachtaí nó oibríochtaí Óglaigh na hÉireann nó aon choda dhíobh nó maidir lena n-ullmhúcháin i gcóir gluaiseachtaí nó oibríochtaí nó maidir le haon longa Stáit, aerárthaigh nó feithicli seirbhíse, nó

(d) a inseos an parúl, an focal cathaise, an focal faire, an fhrithshín nó an comhartha aitheantais d'aon duine nach mbeidh i dteideal é d'fháil, nó a bhéarfas, gan leorchúis mhaith, parúl, focal cathaise, focal faire, frithshín nó comhartha aitheantas nach ionann is an ceann a fuair sé, nó

(e) a dhéanfas, gan údarás cuí, athrú nó cur isteach ar aon chomhartha aitheantais nó ar aon chomhartha eile, nó

(f) a chuirfeas, gan leorchúis, gártha rabhaidh bréagacha á dtógáil, nó

(g) a imreos forneart ar gharda dídin nó a imreos forneart, nó a chuirfeas teampán, ar fhear faire nó a bhuailfeas fear faire, nó

(h) a dhéanfas sipiléireacht nó slad nó a bhrisfeas isteach in aon teach nó áit le hintinn sipiléireacht nó slad a dhéanamh, nó

(i) a dhéanfas, gan ordú óna oifigeach uachtarach, nó gan chúis réasúnach, aon mhaoin a dhíthiú nó a dhamáistiú go toiliúil, nó

(j) a dhéanfas foréigean ar aon duine a bheas ag tabhairt matériel chun Óglaigh na hÉireann, nó

(k) a choinneos nó a thógfas gan údarás cuí, le haghaidh an aonaid d'Óglaigh na hÉireann lena bhfuil sé féin ag fónamh, aon mhatériel a bheas á thabhairt chun aon aonaid eile d'Óglaigh na hÉireann, nó

(l) a choiscfeas an profast-mharascal nó aon oifigeach nó fear a bheas ag feidhmiú údaráis go dlíthiúil faoin bprofast-mharascal nó thar a cheann, nó a dhiúltós, nuair a glaoifear air, cabhrú leis an bprofast-mharascal, nó le haon oifigeach nó fear den tsórt sin, i ndéanamh a dhualgais, nó

(m) a dhéanfas nó a fhágfas gan déanamh, go feasach, aon ní a raghadh a dhéanamh nó a neamhdhéanamh chun aimhleasa do ghníomhaíocht Óglaigh na hÉireann nó aon choda dhíobh nó chun dochair do shlándáil Óglaigh na hÉireann nó aon choda dhíobh,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear—

(i) más ar fianas a dhéanfas sé an cion sin, piantseirbhís a chur air nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt, nó

(ii) murab ar fianas a dhéanfas sé an cion sin agus más oifigeach é, é a dhífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

(iii) murab ar fianas a dhéanfas sé an cion sin agus más fear é, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cionta a bhaineas le príosúnaigh cogaidh.

127. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a gabhfar ina phríosúnach de dheasca gan é do ghlacadh cúraim chuí nó é a bheith neamhumhal d'orduithe nó é do dhéanamh faillí go toiliúil ina dhualgas, nó

(b) tar éis a ghafa ina phríosúnach, nach bhfillfidh ar Óglaigh na hÉireann nuair a bheas sin ar a chumas, nó

(c) tar éis a ghafa ina phríosúnach cogaidh, a bhéarfas seirbhís leis an namhaid nó a chabhrós leis an namhaid,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, má thug sé seirbhís leis an namhaid nó má chabhraigh sé leis an namhaid, é a chur chun báis nó faoi aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt agus, in aon chás eile, dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Frithcheilg le foréigean.

128. —Gach duine faoin dlí míleata a ghlacfas páirt i bhfrithcheilg lena ngabhfaidh foréigean, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear é a chur chun báis nó faoi aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt.

Frithcheilg gan foréigean.

129. —Gach duine faoin dlí míleata a ghlacfas páirt i bhfrithcheilg nach ngabhfaidh foréigean léi, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cionta a bhaineas le frithcheilg.

130. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a tharraingeos frithcheilg nó a dhéanfas comhcheilg le haon duine eile chun frithcheilg a tharraingt, nó

(b) a fhéachfas lena áiteamh ar dhuine ar bith páirt a ghlacadh i bhfrithcheilg, nó

(c) nach ndéanfaidh, agus é i láthair, a shár-dhícheall chun frithcheilg a chur faoi chois, nó

(d) arb eol dó frithcheilg a bheith ar siúl nó a bheith beartaithe agus nach n-inseoidh sin gan mhoill dá oifigeach uachtarach,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Neamh-umhlóid d'oifigeach uachtarach.

131. —Gach duine faoin dlí míleata a bheas neamh-umhal d'ordú dleathach oifigigh uachtaraigh, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Oifigeach uachtarach a bhualadh nó foréigean a bhagairt air.

132. —Gach duine faoin dlí míleata a bhuailfeas oifigeach uachtarach nó a dhéanfas iarracht é a bhualadh, nó a imreos foréigean, nó a dhéanfas iarracht é d'imirt nó a bhagrós é d'imirt, ar oifigeach uachtarach, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Iompar easumhal.

133. —Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas caint bhagrach nó mhaslach le hoifigeach uachtarach nó a iomprós é féin go heasumhal i leith oifigigh uachtaraigh, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Mí-ord.

134. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a mbeidh baint aige le hachrann, gráscar nó mí-ord agus a dhiúltós bheith umhal d'oifigeach, fiú más ísle i gcéim é, a ordós é a chur faoi ghabháil, nó a bhuailfeas aon oifigeach den tsórt sin, nó a imreos, nó a bhagrós foréigean air, nó

(b) a bhuailfeas aon duine eile a gcuirfear faoina choimeád é nó a imreos nó a bhagrós foréigean air, pé acu atá nó nach bhfuil an duine eile sin ina oifigeach uachtarach aige nó pé acu atá nó nach bhfuil an duine eile sin faoin dlí míleata, nó

(c) a chuirfeas i gcoinne coimhdire arb é a dhualgas é a ghabháil nó é a bheith faoina chúram, nó

(d) a bhrisfeas amach as beairic, stáisiún, campa, ceathrúna nó long,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Tréigean.

135. —(1) Gach duine faoin dlí míleata a thréigfeas Óglaigh na hÉireann nó a dhéanfas iarracht iad a thréigean, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear—

(a) más ar fianas a dhéanfas sé an cion sin, pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

(b) murab ar fianas a dhéanfas sé an cion sin, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air i gcás an chéad chiona nó, i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin, pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2) (a) Chun críocha an Achta seo tréigeann duine Óglaigh na hÉireann—

(i) más rud é, ar bheith dhó ar dualgas guaiseach nó ar seirbhís thábhachtach nó ar rabhadh d'fháil dó lena aghaidh sin, go mbeidh sé as láthair gan údarás cuí le hintinn an dualgas nó an tseirbhís sin a sheachaint, nó

(ii) más rud é, ar rabhadh d'fháil dó a árthach bheith faoi orduithe seolta, go mbeidh sé as láthair gan údarás cuí le hintinn ligint don árthach imeacht gan é, nó

(iii) má fhanann sé as láthair gan údarás cuí óna aonad, óna eagar nó ón áit arb ann atá a dhualgas, le hintinn gan filleadh ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin, nó

(iv) má bhíonn sé as láthair gan údarás cuí óna aonad, óna eagar nó ón áit arb ann atá a dhualgas agus má dhéanann sé intinn aon uair le linn dó bheith as láthair amhlaidh gan filleadh ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin, nó

(v) más rud é, le linn dó bheith as láthair le húdarás cuí óna aonad, óna eagar nó ón áit arb ann atá a dhualgas, go ndéanfaidh sé aon ghníomh nó go bhfágfaidh sé gan déanamh aon ní, le hintinn gan filleadh ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin, arb é an iarmhairt is dual agus is dócha a theacht as an ngníomh sin a dhéanamh nó an ní sin d'fhágaint gan déanamh é a choinneáil ó fhilleadh ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin san am is gá.

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, aon duine a bheas as láthair gan údarás ar feadh sé mhí nó níos mó as a chéile, measfar, mura gcruthaítear a mhalairt, go raibh ar intinn ag an duine sin gan filleadh ar a aonad, ar a eagar nó ar an áit arb ann atá a dhualgas.

Tréigean a chúlcheadú.

136. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) arb eol dó duine a bheith tar éis tréigean a dhéanamh nó ar intinn é a dhéanamh agus, gan leathscéal réasúnach, nach n-inseoidh sin láithreach dá oifigeach uachtarach, nó

(b) nach ndéanfaidh aon bheart a bheas ar a chumas chun a thabhairt go ngabhfar duine is eol dó a bheith ina thréigtheoir,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Neamhláithreacht gan cead.

137. —(1) Gach duine faoin dlí míleata a fhanfas as láthair gan cead, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2) Chun críocha an Achta seo fanann duine as láthair gan cead—

(a) má fhágann sé, gan údarás, a aonad, a eagar nó an áit arb ann atá a dhualgas, nó

(b) má bhíonn sé as láthair, gan údarás, óna aonad, óna eagar, nó ón áit arb ann atá a dhualgas, nó

(c) más rud é, arna údarú dhó bheith as láthair óna aonad, óna eagar nó ón áit arb ann atá a dhualgas, nach bhfillfidh sé ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin i ndeireadh na tréimhse dar húdaraíodh dó bheith as láthair,

agus san Acht seo forléireofar dá réir sin an abairt “fanacht as láthair gan cead”.

Ráiteas bréagach maidir le cead bheith as láthair.

138. —Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas, go feasach, ráiteas bréagach maidir le cead bheith as láthair d'fhaidiú, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, más oifigeach é, é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air nó, más fear é, coinneáil nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Iompar scannalach ag oifigeach.

139. —Gach oifigeach faoin dlí míleata a iomprós é féin go scannalach, ar shlí nach cuí d'oifigeach, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear é a dhífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann.

Drochúsáid ar d'íochtaráin.

140. —Gach duine faoin dlí míleata a bhuailfeas aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann a bheas, de bhíthin a chéime nó a cheapacháin, ina íochtarán aige, nó a thabharfas drochúsáid dó ar shlí eile, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cúisimh bhréagacha in aghaidh oifigigh nó fir.

141. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a dhéanfas cúiseamh bréagach in aghaidh oifigigh nó fir agus a fhios aige an cúiseamh sin a bheith bréagach, nó

(b) a dhéanfas, go feasach, ráiteas bréagach a bhainfeas de cháil oifigigh nó fir,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Meisce.

142. —Gach duine faoin dlí míleata a bheas ar meisce, pé acu ar dualgas dó nó nach ea, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear—

(a) más oifigeach é, é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

(b) más fear é agus gurb ar fianas nó ar dualgas a dhéanfas sé an cion, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

(c) más fear é agus nach ar fianas ná ar dualgas a dhéanfas sé an cion, coinneáil go ceann tréimhse nach sia ná nócha lá nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Meathlóireacht nó ball-bhascadh.

143. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a dhéanfas meathlóireacht nó a ligfeas nó a thabharfas galar nó éiglíocht air féin, nó

(b) a thabharfas galar nó éiglíocht air féin, nó a fhorthromós é, nó a chuirfeas moill ar a leigheas, trí mhí-iompar nó neamhumhlóid go toiliúil d'orduithe, nó

(c) a bhall-bhascfas nó a dhíobhálfas go toiliúil é féin nó aon duine eile is comhalta d'Óglaigh na hÉireann, pé acu ar iarratas an duine sin é nó nach ea, le hintinn é féin nó an duine eile sin a dhéanamh, ar an gcuma sin, neamhinniúil ar sheirbhís, nó a bhéarfas go toiliúil ar aon duine eile é a bhall-bhascadh nó a dhíobháladh le hintinn é a dhéanamh, ar an gcuma sin, neamhinniúil ar sheirbhís,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Iompar leadránach maidir le triala.

144. —Gach duine faoin dlí míleata a choinneos duine ar bith eile faoi ghabháil nó faoi ghaibhniú go neamhriachtanach gan é a thabhairt chun triala, nó nach gcuirfidh cás an duine eile sin faoi bhráid an údaráis chuí lena fhiosrú, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cur isteach go faillitheach nó go toiliúil ar choimeád dleathach.

145. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a dhéanfas, gan údarás cuí, aon duine faoi choimeád a shaoradh, nó saoradh aon duine faoi choimeád d'údarú nó d'éascú ar shlí eile, nó

(b) a ligfeas go faillitheach nó go toiliúil d'aon duine éaló nuair a bheas sé curtha faoina chúram nó nuair a bheas sé de dhualgas air é a ghardáil nó é a bheith faoi choimeád aige, nó

(c) a chuideos le haon duine éaló, nó iarracht a dhéanamh ar éaló, as coimeád,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, má rinne sé go toiliúil é, piantseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air agus, in aon chás eile, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Éaló as coimeád.

146. —Gach duine faoin dlí míleata a bheas faoi ghabháil nó faoi ghaibhniú nó i bpríosún nó faoi choimeád dleathach ar shlí eile agus a éalós nó a dhéanfas iarracht éaló, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cosc a chur ar oifigeach nó fear a bheas ag déanamh dualgas póilíneachta.

147. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a chuirfeas i gcoinne oifigigh nó fir, nó a choiscfeas go toiliúil oifigeach nó fear, a bheas ag déanamh aon dualgais a mbeidh údarás cuí aige é a dhéanamh agus is dualgas a bhainfeas le duine faoin dlí míleata a ghabháil, a choimeád nó a ghaibhniú, nó

(b) a dhiúltós nó a fhailleos, nuair a glaoifear air, cuidiú le hoifigeach nó fear i ndéanamh aon dualgais den tsórt sin,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cosc a chur ar an gcumhacht shíbhialta.

148. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a fhailleos nó a dhiúltós oifigeach nó fear a thabhairt suas don chumhacht shibhialta, de bhun barántais chuige sin, nó

(b) a fhailleos nó a dhiúltós cuidiú le hoifigeach nó fear a ghabháil go dleathach a cúisíodh i gcion is inphionóis ag cúirt shibhialta,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Longa Stáit a chailliúnt nó a ligean ar thalamh nó i nguais.

149. —Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas, go toiliúil nó trí fhaillí nó aon tsórt eile mainneachtana, aon long Stáit a chailliúint, a ligean ar thalamh nó i nguais nó a dhamáistiú, nó a fhulaingeos amhlaidh aon long Stáit a chailliúint, a ligean ar thalamh nó i nguais nó a dhamáistiú, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Iompar earraí ar longa nó aerárthaigh, gan údarás.

150. —Gach duine faoin dlí míleata a bheas i gceannas loinge Stáit nó aerárthaigh sheirbhíse agus a thógfas nó a ghlacfas ar bord, nó a cheadós go n-iomprófaí, earraí nó marsantas nach mbeidh údarás aige a thógaint ná a ghlacadh ar bord, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Gníomhartha éagóracha maidir le haerárthaigh.

151. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a dhéanfas aon ghníomh nó a fhágfas gan déanamh aon ní, go toiliúil nó go faillitheach nó trí neamhaird a thabhairt nó sárú a dhéanamh ar rialacháin nó orduithe nó treoracha, in úsáid nó i leith aon aerárthaigh sheirbhíse nó aon ábhair aerárthaigh sheirbhíse, a mbeidh a dhéanamh nó a fhágaint gan déanamh ina chúis, nó ar dócha dhó bheith ina chúis, le haon duine d'fháil bháis nó le díobháil choirp a bhaint d'aon duine, nó

(b) a dhéanfas aon ghníomh nó a fhágfas gan déanamh aon ní, go toiliúil nó go faillitheach nó trí neamhaird a thabhairt nó sárú a dhéanamh ar rialacháin nó orduithe nó treoracha, arb é an iarmhairt a thiocfas as, nó is dócha a theacht as, aon aerárthach seirbhíse nó aon ábhar aerárthaigh sheirbhíse a dhamáistiú, a dhíthiú nó a chailliúint, nó

(c) a bhéarfas go toiliúil nó go faillitheach, le linn staid chogaidh a bheith ann, go nglacfaidh Stát neodrach, nó go nglacfar faoi údarás Stáit neodraigh, urlámhas ar aon aerárthach seirbhíse, nó

(d) a bhéarfas go toiliúil nó go faillitheach, le linn staid chogaidh a bheith ann, go ndítheofar i Stát neodrach aon aerárthach seirbhíse ar shlí seachas do réir rialachán, orduithe nó treoracha,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Deimhniú neamhchruinn maidir le haerárthach.

152. —Gach duine faoin dlí míleata a shíneos aon deimhniú maidir le haerárthach nó ábhar aerárthaigh gan a chinntiú go bhfuil an deimhniú sin cruinn, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Eiteall íseal.

153. —Gach duine faoin dlí míleata a eitleos aerárthach seirbhíse ar airde is lú ná an airde íosta a bheas údaraithe sna himthosca áirithe, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Neamhumhlóid d'orduithe captaein aerárthaigh.

154. —(1) Gach duine faoin dlí míleata a bheas, le linn dó bheith in aerárthach seirbhíse, neamhumhal d'aon ordú dleathach a bhéarfas captaen an aerárthaigh agus a bhainfeas le heiteall nó láimhsiú an aerárthaigh nó a bhainfeas le sábháltacht an aerárthaigh, pé acu a bheas an captaen faoin dlí míleata nó nach mbeidh, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) fad a bheas sé in aerárthach seirbhíse, beidh gach duine, pé céim a bheas aige, faoi cheannas captaein an aerárthaigh maidir le gach ní a bhainfeas le heiteall nó láimhsiú an aerárthaigh nó a bhainfeas le sábháltacht an aerárthaigh, pé acu a bheas an captaen sin faoin dlí míleata nó nach mbeidh;

(b) más sceideog an t-aerárthach seirbhíse agus go mbeidh sí á tarraingt ag aerárthach eile, beidh captaen na sceideoige, an fhaid a bheas a sceideog á tarraingt, faoi cheannas captaein an aerárthaigh a bheas ag déanamh na tarraingte maidir le gach ní a bhainfeas leis an sceideog d'eiteall nó a láimhsiú nó a bhainfeas le sábháltacht na sceideoige, pé acu a bheas an captaen deiridh sin faoin dlí míleata nó nach mbeidh.

Calaois ag daoine a mbeidh maoin faoina gcúram.

155. —Gach duine faoin dlí míleata ar a gcuirfear cúram agus imdháil aon mhaoine poiblí nó aon mhaoine seirbhíse, nó a mbeidh baint aige lena cúram agus lena himdháil, agus a ghoidfeas, a chomhshós go calaoiseach, a chuirfeas chun mí-fheidhme nó a chlaonchasfas an mhaoin sin nó a mbeidh baint aige lena goid, lena comhshó go calaoiseach, lena cur chun mí-fheidhme nó lena chlaonchasadh, nó a chúlcheadós é, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Maoin a ghoid, a chlaonchasadh, etc.

156. —Gach duine faoin dlí míleata a ghoidfeas, a chlaonchasfas nó a chuirfeas chun mífheidhme go calaoiseach aon mhaoin le duine faoin dlí míleata nó aon mhaoin phoiblí nó aon mhaoin sheirbhíse, nó a ghlacfas í agus a fhios aige gur goideadh í nó go bhfuarthas ar chuma neamhdhleathach eile í, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Maoin a dhíthiú, a chailliúint nó a dhiúscairt go mícheart.

157. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a dhítheos nó a dhamáisteos go toiliúil, a chaillfeas le faillí, a dhíolfas go mícheart nó a ídeos go diomaileach aon mhaoin—

(i) is maoin phoiblí, nó

(ii) is maoin sheirbhíse, nó

(iii) is maoin a fuarthas do bhialanna, forais nó ceaintíní seirbhíse, nó a bheas á riaradh acu nó tríothu, nó

(iv) is maoin a thug comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann ar mhaithe le tairbhe agus leas comhchoiteann na gcomhaltaí sin, nó

(v) is maoin a fuarthas de thoradh, nó a ceannaíodh as fáltais díola, nó a fuarthas ar malairt, maoine a luaitear i bhfo-mhír (iii) nó (iv) den mhír seo, nó

(b) a dhítheos nó a dhamáisteos go toiliúil, a dhíolfas nó a gheall-earbfas nó a chuirfeas i ngeall go mícheart aon mhaoin le duine eile atá faoin dlí míleata,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Breabaireacht, éilliú agus calaois.

158. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a chúlcheadós duine a bheas ag soláthar maoine nó seirbhísí d'Óglaigh na hÉireann do bhaint praghais ainmheasartha amach orthu, nó

(b) a éileos nó a ghlacfas go héagórach cúiteamh, comaoin nó buntáiste phearsanta i leith aon dualgas míleata a chomhlíonadh nó i leith aon ní a bhainfeas leis an Roinn Cosanta nó le hÓglaigh na hÉireann, nó

(c) a ghlacfas go díreach nó go neamhdhíreach, go pearsanta nó trí aon duine dá theaghlach nó aon duine faoina urláimh, nó chun a thairbhe, aon bhronntanas, iasacht, geallúint, cúiteamh nó comaoin, in airgead nó ar shlí eile, ó aon duine d'fhonn cabhair nó fábhar a thabhairt d'aon duine i ndéanamh aon ghnótha a bhainfeas leis an Roinn Cosanta nó le hÓglaigh na hÉireann, nó le haon bhialann, foras nó ceaintín seirbhíse,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Feithiclí seirbhíse a thiomáint go faillitheach nó go fiáin.

159. —(1) Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a mbeidh cúram feithicle seirbhíse air agus a dhéanfas nó a bhéarfas go ndéanfar aon díobháil choirp d'aon duine nó aon damáiste d'aon mhaoin trí thiomáint mheargánta nó fhiáin nó trí rásáil nó trí mhí-iompar toiliúil eile nó trí fhaillí thoiliúil, nó

(b) a thiomáinfeas feithicil sheirbhíse ar shráid, bóthar nó bóthar poiblí nó in aon áit eile, poiblí nó príobháideach, i slí a bheas contúirteach d'aon duine nó d'aon mhaoin ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, nó

(c) a thiomáinfeas feithicil sheirbhíse nó a dhéanfas iarracht í a thiomáint agus é ar meisce,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2) Chun críocha míre (c) d'fho-alt (1) den alt seo, measfar duine a bheith ar meisce agus é ag tiomáint feithicle seirbhíse nó ag déanamh iarrachta í a thiomáint más deimhin leis an armchúirt nó leis an oifigeach a bheas ag imscrúdú an chúisimh faoi alt 177, 178 nó 179 nach raibh an duine sin inniúil ar an bhfeithicil sin a rialú go héifeachtach le linn di bheith ag gluaiseacht, de dheasca é a bheith tar éis deocha meisciúla nó druganna a chaitheamh.

Usáid feithiclí seirbhíse gan údarás.

160. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a úsáidfeas feithicil sheirbhíse chun críche neamhúdaraithe, nó

(b) a úsáidfeas, gan údarás cuí, feithicil sheirbhíse chun aon chríche, nó

(c) a úsáidfeas feithicil sheirbhíse contrártha d'aon rialachán, ordú nó treoir,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cionta maidir le harmchúirteanna, etc.

161. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “binse seirbhíse”—

(a) armchúirt,

(b) oifigeach údaraithe a bheas ag imscrúdú cúisimh faoi alt 177,

(c) oifigeach ceannais a bheas ag imscrúdú cúisimh faoi alt 178,

(d) oifigeach a bheas ag tógaint coimriú fianaise do réir rialachán faoi alt 184,

(e) cúirt fhiosrúcháin.

(2) Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a gheobhas toghairm nó ordú go cuí chun freastal os comhair binse sheirbhíse mar fhinné agus nach ndéanfaidh freastal, nó

(b) a dhiúltós mionn a ghlacadh nó dearbhasc a dhéanamh a gceanglóidh binse seirbhíse go dleathach air é a ghlacadh nó a dhéanamh, nó

(c) a dhiúltós aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a gceanglóidh binse seirbhíse air go dleathach é a thabhairt ar aird, nó

(d) a dhiúltós nuair is finné é aon cheist d'fhreagairt a bhféadfaidh binse seirbhíse a cheangal air go dleathach í d'fhreagairt, nó

(e) a dhéanfas caint mhaslach nó bhagrach nó a dhéanfas aon chur isteach nó aon challóid le linn imeachta binse sheirbhíse, nó,

(f) a dhéanfas aon dísbeagadh eile ar bhinse seirbhíse,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Fianaise bhréagach.

162. —Gach duine faoin dlí míleata a bhéarfas go feasach fianaise bhréagach nuair a beifear á cheistiú faoi mhionn nó faoi dhearbhú solamanta os comhair binse sheirbhíse, do réir bhrí ailt 161, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhileata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Clampar, etc., i gcoinmhí.

163. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a bhéarfas drochúsáid, trí fhoréigean, trí shracadh, nó trí chlampar a thógáil i gcoinmhí nó ar shlí eile, d'áititheoir aon tí ina mbeidh aon duine ar coinmheadh nó aon áitribh ina mbeidh cóiríocht le haghaidh matériel curtha ar fáil, nó,

(b) nach gcomhlíonfaidh rialacháin maidir le híoc éilithe córa an duine ag a bhfuil, nó ag a raibh, sé féin nó aon oifigeach nó fear faoina cheannas ar coinmheadh, nó éilithe córa áititheora áitribh ina dtugtar nó inar tugadh cóiríocht le haghaidh matériel,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Liostáil chalaoiseach.

164. —(1) Gach duine a bheas faoin dlí míleata mar fhear agus a liostálfas go calaoiseach beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2) Chun críocha an Achta seo liostálann fear go calaoiseach—

(a) má liostálann sé sna Buan-Óglaigh, le linn dó bheith ag baint leis na Buan-Óglaigh nó bheith gairmthe amach ar buan-tseirbhís mar fhear de na hÓglaigh Cúltaca, gan é a bheith urscaoilte go rialta astu nó gan na coinníollacha a bheith comhlíonta thairis sin aige a chuirfeadh ar a chumas liostáil, nó

(b) má liostálann sé sna hÓglaigh Cúltaca, le linn dó bheith ag baint leis na Buan-Óglaigh, gan na coinníollacha a bheith comhlíonta aige a chuirfeadh ar a chumas liostáil amhlaidh.

(3) Nuair a bheas ciontóir tar éis liostáil go calaoiseach ar roinnt ócáidí, féadfar, chun críocha an ailt seo, a mheas é a bheith ina chomhalta d'aon cheann nó cinn de na cóir sheirbhíse nó de na haonaid chun ar ceapadh nó chun ar haistríodh é, chomh maith le bheith ina chomhalta den chór seirbhíse nó den aonad lena mbaineann sé ó cheart.

Cionta gincarálta maidir le líostáil.

165. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a mbeidh baint aige le haon fhear a liostáil le haghaidh seirbhíse sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige, chun a chreidiúint an fear sin a bheith sa chás gur cion in aghaidh an dlí mhíleata dó liostáil, nó

(b) a shárós go toiliúil aon achtachán nó rialachán maidir le haon ní a bhaineas le liostáil nó fianú fear sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Dualgais a dhéanamh go faillitheach.

166. —Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas go faillitheach dualgas míleata a cuirfear air, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, más oifigeach é, é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air nó, más fear é, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Cionta maidir le doiciméid.

167. —Gach duine faoin dlí míleata—

(a) a dhéanfas nó a shíneos, go feasach nó go faillitheach, doiciméad, a theastós chun críocha oifigiúla, a bheas bréagach, nó

(b) a ordós, go feasach nó go faillitheach, go ndéanfar nó go síneofar doiciméad, a theastós chun críocha oifigiúla, a bheas bréagach, nó

(c) a fhágfas gan líonadh, nuair a bheas sé ag síniú doiciméid a theastós chun críocha oifigiúla, aon chuid ábhartha dhe a mbeidh a shíniú ina dheimhniú uirthi, nó

(d) a chaonfas, a aghloitfeas, a athrós nó a chuirfeas i gceal, go feasach agus le hintinn díobháil a dhéanamh d'aon duine nó le hintinn meabhlaireacht a dhéanamh, aon doiciméad nó comhad a bheas á choimeád, a rinneadh nó a heisíodh chun aon chríche a bhaineas leis an Roinn Cosanta nó le hÓglaigh na hÉireann, nó

(e) a dhiúltós tuarascáil nó tuairisceán a dhéanamh nó a chur ar aghaidh arb é a dhualgas é a dhéanamh nó a chur ar aghaidh nó, trí fhaillí inmhilleáin, a fhágfas sin gan déanamh nó gan cur ar aghaidh,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Iompar a raghadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht.

168. —(1) Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas aon ghníomh, aon bheart mí-iompair nó mí-oird nó aon fhaillí a raghadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, más oifigeach é, é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air agus, más fear é, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2)  (a) Ní cúiseofar duine faoin alt seo i gcion is cion in aghaidh an dlí mhíleata de bhuaidh aon ailt roimhe seo sa Chaibidil seo.

(b) Má cúisítear duine i gcion agus gur sárú ar an bhfo-alt seo é agus má ciontaítear an duine sin—

(i) ní bheidh an ciontú neamhbhailí de bhíthin an tsáruithe sin amháin mura meastar go ndearnadh, de bhíthin an tsáruithe sin, éagóir ar an duine a cúisíodh.

(ii) ní dhéanfaidh bailíocht an chiontuithe aon difir do fhreagarthacht oifigigh sa tsárú sin.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh)—

(i) aon fhoráil den Acht seo, nó

(ii) aon rialacháin, orduithe nó treoracha a foilsíodh mar eolas agus treoir ghinearálta don chuid sin d'Óglaigh na hÉireann lena mbaineann an duine sin nó lena bhfuil sé ar ceangal, nó

(iii) aon orduithe ginearálta, aon orduithe garastúin nó aonaid nó stáisiúin nó aon bhuan-orduithe nó orduithe áitiúla,

is gníomh, beart mí-iompair nó mí-oird, nó faillí a raghadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht é sin;

(b) aon iarracht ar chion a dhéanamh atá, de bhuaidh aon ailt roimhe seo sa Chaibidil seo, ina chion in aghaidh an dlí mhíleata, beidh sí, mura cion in aghaidh an dlí mhíleata faoin alt sin an iarracht sin inti féin, ina gníomh, ina beart mí-iompair nó mí-oird nó ina faillí a raghadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht.

(4) Ní forléireofar fo-alt (3) den alt seo mar ní a dhéanas difir do ghinearáltacht fho-ailt (1) den alt seo.

Cionta is inphionóis do-réir an ghnáth-dhlí.

169. —Faoi réir forál an Achta seo, gach duine a dhéanfas, le linn dó bheith faoin dlí míleata, aon chion dá dtagartar san alt seo, measfar é a bheith ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus má cúisítear é faoin alt seo in aon chion den tsórt sin (dá ngairmtear cion sibhialta san Acht seo) dlífear é a thriail ag armchúirt agus ar a chiontú pionós mar leanas a chur air, is é sin le rá:—

(a) más i dtréas a ciontófar é, dlífear é a chur chun báis;

(b) más i ndúnmharú a ciontófar é, dlífear é a chur chun báis;

(c) más i ndúnorgain a ciontófar é, dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air;

(d) más i mbanéigean a ciontófar é, dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air;

(e) más in aon chion nach sonraítear ar leithligh roimhe seo san alt seo a ciontófar é, agus más cion é is inphionóis do réir gnáthdhlí choiriúil an Stáit i gcás é a dhéanamh sa Stát, dlífear, pé acu sa Stát nó in áit eile a rinneadh an cion, aon phionós atá ceaptha ag dlí an Stáit don chion sin a chur air, nó, má tá sé faoin dlí míleata mar oifigeach, é a dhífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air nó, má tá sé faoin dlí míleata mar fhear, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.