An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI. Pionóis is inghearrtha ag Armchúirteanna i leith cionta in aghaidh an Dlí Mhileata.) Ar Aghaidh (Caibidil VIII. Pianbhreitheanna a chur i bhfeidhm.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil VII.

Bearta atá le déanamh maidir le Cinneadh agus Pianbhreith Armchúirte.

Can cinneadh ná pianbhreith a bheith bailí mura ndaingnítear iad.

215. —Faoi réir ailt 204, ní bheidh cinneadh ná pianbhreith armchúirte bailí ach amháin sa mhéid go ndaingneoidh údarás daingniúcháin iad faoin gCaibidil seo.

Údaráis daingniúcháin.

216. —(1) Beidh cumhacht ag gach údarás acu seo a leanas cinneadh agus pianbhreith armchúirte a dhaingniú—

(a) i gcás armchúirte ginearálta, aon oifigeach (ag a mbeidh céim chornail airm nó céim chaptaein chabhlaigh nó céim choimisiúnta níos airde) a bheas údaraithe le barántas ón Aire chun cinneadh agus pianbhreith armchúirte ginearálta a dhaingniú,

(b) i gcás armchúirte tóranta,

(i) aon oifigeach a bheas údaraithe le barántas ón Aire chun cinneadh agus pianbhreith armchúirte tóranta a dhaingniú,

(ii) aon oifigeach a bheas údaraithe de thuras na huaire chun armchúirt tóranta a chomóradh.

(2) Féadfar barántas faoin alt seo a chur faoi réir pé srianta, forcoimeádas, eisceacht agus coinníollacha is oiriúnach leis an Aire.

(3) Féadfar barántas faoin alt seo a dhíriú chun oifigigh faoina ainm nó faoi theideal a oifige nó go páirteach i slí amháin agus go páirteach sa tslí eile agus féadfar, do réir a théarmaí agus modh a dhírithe, gan réim a thabhairt dó ach maidir le hoifigeach a hainmneofar nó réim thairis sin a thabhairt dó nó a réim a leathnú nó gan a leathnú chun duine a bheas de thuras na huaire ag déanamh dualgas na hoifige a hainmneofar nó a réim a leathnú nó gan a leathnú chun comharbaí oifige oifigigh.

(4) Ní bheidh cumhacht ag oifigeach a bhí ina chomhalta d'armchúirt cinneadh ná phianbhreith na harmchúirte sin a dhaingniú.

(5) San Acht seo ciallaíonn an abairt “údarás daingniúcháin”, nuair a húsáidtear í maidir le harmchúirt ghinearálta nó maidir le harmchúirt tóranta, duine a bheas údaraithe de bhuaidh an ailt seo chun cinneadh agus breith na harmchúirte sin a dhaingniú.

Cinneadh agus pianbhreith a tharchur ó údarás daingniúcháin chun údaráis daingniúcháin uachtaraigh.

217. —Féadfaidh údarás ag a mbeidh cumhacht cinneadh agus pianbhreith armchúirte a dhaingniú gan aon chuid díobh nó gan ach cuid díobh a dhaingniú agus an cinneadh agus an phianbhreith sin nó an chuid nár dhaingnigh sé a tharchur chun aon oifigigh de chéim choimisiúnta níos airde ag a mbeidh cumhacht cinneadh agus pianbhreith armchúirte den chineál sin a dhaingniú, agus sa chás sin is é an t-oifigeach sin a bheas, chun críocha an Achta seo, ina údarás ag a mbeidh cumhacht an méid a tarchuireadh chuige de chinneadh agus pianbhreith na harmchúirte sin a dhaingniú.

Cinneadh agus pianbhreith d'athbhreithniú ag armchúirt.

218. —(1) Féadfaidh údarás ag a mbeidh cumhacht cinneadh agus pianbhreith armchúirte a dhaingniú an cinneadh agus an phianbhreith sin, nó ceachtar acu, a chur ar ais, uair amháin ach sin an méid, le hathbhreithniú.

(2) Má dhéanann údarás ag a mbeidh cumhacht cinneadh agus pianbhreith armchúirte a dhaingniú an cinneadh agus an phianbhreith sin, nó ceachtar acu, a chur ar ais le hathbhreithniú faoin alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) ní ghlacfaidh an armchúirt le linn an athbhreithnithe sin aon fhianaise bhreise;

(b) mura gcuirtear ar ais le hathbhreithniú ach an cinneadh, féadfaidh an armchúirt an phianbhreith d'athbhreithniú freisin;

(c) ní mholfaidh an t-údarás sin in aon chás an phianbhreith a mhéadú, ná ní bheidh cumhacht ag an armchúirt an phianbhreith a gearradh i gcéadóir a mhéadú.

Cumhachta an údaráis daingniúcháin maidir le daingniú.

219. —(1) Má fuarthas duine ciontach in aon chúiseamh ag armchúirt, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin an t-iomlán nó cuid den chinneadh nó den phianbhreith bhunaidh, nó den chinneadh nó den phianbhreith athbhreithnithe, a dhaingniú nó diúltú é a dhaingniú.

(2) Má dhiúltaíonn údarás daingniúcháin cinneadh armchúirte ar aon chúiseamh a dhaingniú, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin a threorú go dtriailfear an cúisí arís ag armchúirt, agus féadfaidh treoracha a thabhairt maidir leis an gcúiseamh nó na cúisimh ina dtriailfear an cúisí arís.

Cumhachta breise údaráis daingniúcháin maidir le pianbhreith a thug armchúirt.

220. —(1) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon phianbhreith a bhéarfas armchúirt—

(a) más go neamhfhoirmiúil a bheas an phianbhreith ráite, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin, nuair a bheas sé á daingniú, foirm na pianbhreithe d'athrú ionas go mbeidh sí ráite go cuí;

(b) má bhíonn an pionós a gearradh leis an bpianbhreith neamhbhailí nó níos troime ná an pionós a údaraíos an tAcht seo—

(i) más cion faoi alt 139 an cion ar ina leith a gearradh an pionós, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin dífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin a luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú,

(ii) in aon chás eile, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin aon phionós eile d'fhéadfadh an armchúirt a ghearradh ar an gciontóir a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le pianbhreith bháis a bhéarfas armchúirt—

(a) más tréas nó dúnmharú an cion ar tugadh an phianbhreith ina leith, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin dá luaitear, más oifigeach-an ciontóir, sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 nó, más fear an ciontóir, sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 210, a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú;

(b) in aon chás eile, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin aon phionós eile d'fhéadfadh an armchúirt a ghearradh ar an gciontóir a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú.

(3) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le pianbhreith (seachas pianbhreith bháis) a bhéarfas armchúirt—

(a) féadfaidh an t-údarás daingniúcháin, nuair a bheas sé ag daingniú na pianbhreithe, an pionós a gearradh léi a mhaolú go dtí pionós níos lú den chineál céanna;

(b) féadfaidh an t-údarás daingniúcháin, nuair a bheas sé ag daingniú na pianbhreithe, an pionós a gearradh léi a loghadh go hiomlán nó go páirteach;

(c) más cion faoi alt 139 an cion ar ina leith a tugadh an phianbhreith, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin aon phionós is ísle ná sin dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú;

(d) mura cion faoi alt 139 an cion ar ina leith a tugadh an phianbhreith, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin aon phionós is ísle ná sin d'fhéadfadh an armchúirt a ghearradh ar an gciontóir a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú.

(4) Má cuirtear faoin alt seo pianbhreith nua in ionad pianbhreithe a thug armchúirt, beidh feidhm agus éifeacht ag an bpianbhreith nua amhail is dá mba í an armchúirt a thug í ar an gcéad ásc agus beidh feidhm dá réir sin ag forála an Achta seo.

Pianbhreith (seachas pianbhreith bháis) a mhaolú, a loghadh, etc., tar éis a daingnithe.

221. —(1) Nuair a beifear tar éis pianbhreith (seachas pianbhreith bháis) a thug armchúirt a dhaingniú, féadfaidh údarás uachtarach aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá:—

(a) féadfaidh sé an pionós a gearradh leis an bpianbhreith a mhaolú go dtí pionós níos lú den chineál céanna;

(b) féadfaidh sé an pionós sin a loghadh go hiomlán nó go páirteach;

(c) féadfaidh sé—

(i) más é atá sa phionós sin difhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann, nó dífhostú as Óglaigh na hÉireann, a gearradh i leith ciona faoi alt 139, aon phionós is ísle ná sin dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 a chur ina ionad,

(ii) in aon chás eile, aon phionós is ísle ná sin d'fhéadfadh an armchúirt a thug an phianbhreith a ghearradh ar an gciontóir a chur ina ionad.

(2) Má daingnítear pianbhreith a thug armchúirt agus go gcinnfear í a bheith neamhbhailí ar chúis ar bith, féadfaidh údarás uachtarach pianbhreith bhailí a thabhairt agus beidh ag an bpianbhreith a bhéarfar amhlaidh an éifeacht chéanna a bheadh aici dá mba í an armchúirt a thug í agus gur daingníodh í go cuí, ach ní bheidh an pionós a gearrfar leis an bpianbhreith sin níos airde sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 nó le fo-alt (1) d'alt 210 (pé fo-alt acu sin is iomchuí) ná an pionós a gearradh leis an bpianbhreith neambhailí, ná níos troime, i dtuairim an údaráis uachtaraigh adúradh, ná an pionós deiridh sin a luadh.

(3) Chun críocha an ailt seo, is údarás uachtarach gach duine acu seo a leanas—

(a) an tAire,

(b) an tArd-Aidiúnach,

(c) aon oifigeach ginearálta nó aon bhrat-oifigeach a cheapfas an tAire chuige sin.

Dáta tosnuithe pian-tseirbhíse, príosúntachta nó coinneála a gearrfar mar phianbhreith ionaid.

222. —Má cuirtear in ionad pianbhreithe (dá ngairmtear an phianbhreith bhunaidh san alt seo) a ghearr armchúirt pianbhreith eile (dá ngairmtear an phianbhreith ionaid san alt seo). phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) más pianbhreith bháis an phianbhreith bhunaidh, áireofar an phianbhreith ionaid do thosnú ar an lá a shínigh uachtarán na harmchúirte an phianbhreith bhunaidh;

(b) in aon chás eile, áireofar an phianbhreith ionaid do thosnú ar an lá a shínigh uachtarán na harmchúirte an phianbhreith bhunaidh, nó ar pé dáta roimhe sin a threoraigh an armchúirt mar dháta tosnuithe na pianbhreithe bunaidh.

Fionraí pianbhreithe pian-tseirbhíse, príosúntachta nó coinneála a tugadh ar fhear.

223. —(1) Má tugadh pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála ar fhear, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin chun a dtarchuirfear an phianbhreith lena daingniú, a threorú, nuair a bheas sé ag daingniú na pianbhreithe, gan an fear a chur dá chimiú chun príosúin ná chun beairic coinneála go dtí go bhfaighfear orduithe ó údarás uachtarach.

(2) Féadfaidh údarás uachtarach, i gcás fir ar ar tugadh pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála—

(a) a threorú gan ordú chun é a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála d'eisiúint go dtí go bhfaighfear orduithe uaidh,

(b) an phianbhreith a tugadh ar an bhfear d'fhionraí, pé acu cuireadh nó nár cuireadh dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála cheana féin é.

(3) Má déantar pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála d'fhionraí faoin alt seo sara gcuirfear an fear ar ar tugadh í dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála, scaoilfear é agus, d'ainneoin aon ní san Acht seo, ní thosnóidh téarma na pianbhreithe go dtí go n-ordófar é a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála faoin bpianbhreith sin.

(4) Má déantar pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála d'fhionraí faoin alt seo tar éis an fear ar ar tugadh í a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála, scaoilfear an fear sin agus fionrófar caitheamh a phianbhreithe ó lá a scaoilte go dtí go n-ordófar arís é a chur dá chimiú chun príosúin nó beairic coinneála faoin bpianbhreith chéanna.

(5) Má fionraítear pianbhreith faoin alt seo, féadfaidh údarás uachtarach tráth ar bith, agus déanfaidh sé i gceann tréimhsí nach sia ná trí mhí, an cás a bhreithniú agus, más dóigh leis an údarás uachtarach, ar aon athbhreithniú den tsórt sin a dhéanamh, gur ceart, mar gheall ar dhea-iompar an fhir ón uair a ciontaíodh é, an phianbhreith a loghadh, loghfaidh sé í.

(6) Féadfaidh údarás uachtarach, aon uair le linn pianbhreith ar fhear a bheith ar fionraí faoin alt seo, a ordú an fear a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála, agus ó dháta an orduithe sin scoirfidh an phianbhreith de bheith ar fionraí.

(7) Más rud é, le linn pianbhreith air a bheith ar fionraí faoin alt seo, go gcuirfear pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála i leith aon chiona eile ar fhear, ansin, má fionraítear an phianbhreith sin freisin faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás uachtarach a ordós an fhionraí a threorú an dá phianbhreith a bheith le rith i gcomhthráth nó as a chéile, ach sin i dtreo nach mbeidh téarma comhiomlán na príosúntachta nó na coinneála níos sia ná dhá bhliain as a chéile, agus más pianbhreith phian-tseirbhíse an phianbhreith i leith an chiona eile sin, ansin, pé acu fionrófar nó nach bhfionrófar an phianbhreith sin, cuirfear ar neamhní aon phianbhreith phríosúntachta nó choinneála a tugadh roimhe sin agus a fionraíodh.

(8) Is méadú, agus ní laghdú, ar na cumhachta a bheirtear le halt 221 na cumhachta a bheirtear leis an alt seo.

(9) Is údarás uachtarach chun críocha an ailt seo gach duine acu seo a leanas—

(a) an tAire,

(b) an tArd-Aidiúnach,

(c) aon oifigeach ginearálta nó aon bhrat-oifigeach a cheapfas an tAire chuige sin.

Cinneadh armchúirte a neamhniú.

224. —(1) Má bítear tar éis cinneadh agus pianbhreith armchúirte i leith duine chúisithe a dhaingniú agus más dóigh leis an Aire go raibh imeachta na harmchúirte neamhdhlíthiúil, cuirfidh an tAire an cinneadh ar neamhní, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) scoirfidh iomlán na pianbhreithe a thug an armchúirt d'éifeacht a bheith aici;

(b) féadfaidh an tAire a threorú san am céanna an cúisí a thriail arís sa chion dob ábhar don chinneadh agus, sa chás sin féadfar, d'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon riail dlí, an cúisi a thriail ag armchúirt sa chion sin agus, má gheibhtear ciontach é, é a phionósú ina leith.

(2) Má bítear tar éis cinneadh agus pianbhreith armchúirte i leith duine chúisithe a dhaingniú agus más dóigh leis an Aire gur ciontaíodh an cúisí go héagórach, féadfaidh an tAire an cinneadh ciontachta a neamhniú, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) mura bhfuil aon chinneadh ciontachta eile ón armchúirt fágtha i leith an chúisí, scoirfidh iomlán na pianbhreithe a thug an armchúirt d'éifeacht a bheith aici;

(b) más rud é—

(i) go mbeidh cinneadh ciontachta eile (dá ngairmtear an cinneadh atá fágtha sa bhfo-alt seo) ón armchúirt fágtha i leith an chúisí, agus

(ii) go mbeidh aon phionós (dá ngairmtear an pionós bunaidh sa bhfo-alt seo) a háiríodh sa phianbhreith a thug an armchúirt níos troime ná an pionós a húdaraítear leis an Acht seo maidir leis an gcinneadh atá fágtha, nó go mbeidh sé, i dtuairim an Aire, ró-dhian, féadfaidh sé, faoi réir míre (c) den fho-alt seo, pionós eile (dá ngairmtear an pionós ionaid sa bhfo-alt seo) a chur ina ionad, agus beidh éifeacht ag an bpionós ionaid amhail is dá mba í an armchúirt a ghearr é agus gur daingníodh é go cuí;

(c) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an bpionós ionaid:—

(i) ní bheidh sé ina phionós nach bhféadfadh armchúirt a ghearradh ar an gcúisí maidir leis an gcinneadh atá fágtha,

(ii) ní bheidh sé níos airde sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 nó le fo-alt (1) d'alt 210 (pé fo-alt acu sin is iomchuí) ná an pionós bunaidh,

(iii) má bhí pian-tseirbhís sa phianbhreith a thug an armchúirt, ní ghabhfaidh leis an bpionós ionaid, más pian-tseirbhís é, tréimhse phian-tseirbhíse is sia ná an tréimhse a bhí sa phianbhreith,

(iv) má bhí príosúntacht sa phianbhreith a thug an armchúirt sin, ní ghabhfaidh leis an bpionós ionaid, más príosúntacht nó coinneáil é, tréimhse phríosúntachta nó choinneála is sia ná an tréimhse a bhí sa phianbhreith,

(v) má bhí coinneáil sa phianbhreith a thug an armchúirt sin, ní ghabhfaidh leis an bpionós ionaid, más coinneáil é, tréimhse choinneála is sia ná an tréimhse a bhí sa phianbhreith,

(vi) más coinneáil an pionós ionaid agus príosúntacht an pionós bunaidh, ní mó in aon chás téarma na coinneála ó dháta an phionóis ionaid a cheapadh ná an téarma príosúntachta atá fós le cur isteach.

Maoin ghoidte a thabhairt ar ais.

225. —(1) Chun críocha an ailt seo, measfar maoin a bheith faighte go neamhdhleathach más trí chion a dhéanamh in aghaidh an dlí mhíleata a fuarthas í.

(2) Má ciontaíodh duine ag armchúirt in aon mhaoin d'fháil go neamhdhleathach agus go bhfaighfear an mhaoin nó aon chuid di i seilbh an chiontóra, féadfaidh an t-údarás a bheas ag daingniú cinneadh agus pianbhreith na harmchúirte sin, nó féadfaidh an tAire, a ordú an mhaoin a fuarthas amhlaidh a thabhairt ar ais don duine ar cosúil gurb é únaer dleathach na maoine sin é.

(3) Féadfar ordú den tsamhail chéanna a dhéanamh maidir le haon mhaoin a gheofar i seilbh an chiontóra sin agus ar dóigh leis an údarás daingniúcháin nó leis an Aire go bhfuarthas í trí aon mhaoin a fuarthas go neamhdhleathach a chomhshó nó a mhalairtiú.

(4) Ina cheann sin más dóigh leis an údarás daingniúcháin nó leis an Aire, ón bhfianaise a tugadh os comhair na harmchúirte, go ndearnadh aon chuid den mhaoin a fuarthas go neamhdhleathach a dhíol nó a gheall-earbadh le haon duine gan aon fhios ciontach a bheith ag an duine a cheannaigh an mhaoin nó a ghlac an mhaoin ar geall-earbadh, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin nó an tAire, ar iarratas an duine sin agus ar an maoin sin a thabhairt ar ais dá húnaer, a ordú go n-íocfar as an airgead (más aon airgead é) a fuarthas i seilbh an chiontóra suim (nach mó ná méid an fháltais as an díol nó as an ngeall-earbadh sin) leis an duine sin a cheannaigh an mhaoin nó a ghlac an mhaoin ar geall-earbadh.

(5) Ní chuirfidh ordú faoin alt seo urchosc ar cheart aon duine, ach amháin an ciontóir nó aon duine a bheas ag déanamh éilimh tríd an gciontóir, chun aon mhaoin nó airgead a seachadadh nó a híocadh de bhun orduithe faoin alt seo d'aisghabháil ón duine dar seachadadh an mhaoin sin nó lenar híocadh an t-airgead sin amhlaidh.

Ceart chun cóip d'imeachta armchúirte d'fháil.

226. —(1) Beidh duine ar bith a triaileadh ag armchúirt i dteideal, ar é dá iarraidh sin, cóip d'imeachta na harmchúirte sin nó d'aon chuid sonrach díobh d'fháil, ón oifigeach nó ón duine a mbeidh imeachta na harmchúirte sin faoina choimeád, aon tráth laistigh de sheacht mbliana, i gcás armchúirte ginearálta, agus laistigh de trí bliana, i gcás armchúirte tóranta, tar éis cinneadh agus pianbhreith na harmchúirte a dhaingniú nó tar éis é d'éigiontú, ar é d'íoc aisti do réir an ráta fhorordaithe, nach mó ná ceithre pingne ar gach fóile sheachtód focal nó, in imthoscaí a forordófar, saor in aisce.

(2) Má gheibheann duine a triaileadh ag armchúirt bás laistigh de sheacht mbliana, i gcás armchúirte ginearálta, nó laistigh de thrí bliana, i gcás armchúirte tóranta, tar éis cinneadh agus pianbhreith na harmchúirte a dhaingniú nó tar éis é d'éigiontú, beidh neas-ghaol dó i dteideal, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis a bháis, cóip d'imeachta na harmchúirte nó d'aon chuid sonrach díobh d'fháil, ar é dá hiarraidh, ón oifigeach nó ón duine a mbeidh na himeachta sin faoina choimeád, ar é d'íoc aisti do réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(3) Déanfar imeachta armchúirte a bhuanchoimeád sa tslí fhorordaithe.

(4) Chun críocha an ailt seo, áirítear ar imeachta armchúirte na himeachta maidir le hathbhreithniú agus le daingniú agus le foilseáin.