|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VIII. Pianbhreitheanna a chur i bhfeidhm.) | Ar Aghaidh (Caibidil X. Cionta Ilghnéitheacha ag Comhaltaí de na hÓglaigh Cúltaca.) |
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IX. Rialacha Nós Imeachta. | |
[EN] |
Rialacha nós imeachta. |
240. —(1) Féadfaidh an tAire rialacha (dá ngairmtear rialacha nós imeachta san Acht seo) a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas, is é sin le rá:— |
[EN] | (a) tionól agus nós imeachta cúirteanna fiosrúcháin agus bord; | |
[EN] | (b) na bearta a déanfar chun duine a thabhairt chun a thriala ag armchúirt; | |
[EN] | (c) comóradh agus comhdhéanamh armchúirteanna; | |
[EN] | (d) armchúirteanna a chur ar atráth agus a lán-scor, agus suíonna armchúirteanna; | |
[EN] | (e) an nós imeachta a leanfar i dtriala ag armchúirteanna; | |
[EN] | (f) cinnte agus pianbhreitheanna armchúirteanna a dhaingniú agus d'athbhreithniú; | |
[EN] | (g) pianbhreitheanna armchúirteanna a chur i bhfeidhm; | |
[EN] | (h) tíolacadh achainíocha ó dhaoine nó thar ceann daoine ar ar thug armchúirteanna pianbhreith; | |
[EN] | (i) foirm na n-orduithe a déanfar faoi na forála den Chuid seo a bhaineas le harmchúirteanna, pian-tseirbhís, príosúntacht nó coinneáil; | |
[EN] | (j) aon ní nó rud dá dtagartar sa Chuid seo (seachas Caibidil IV agus X) mar ní nó rud forordaithe; | |
[EN] | (k) aon ní nó rud eile atá foirstineach nó riachtanach chun an tAcht seo a chur in éifeacht, a mhéid a bhaineas le himscrúdú, triail agus pionósú cionta is intriala nó is inphionóis do réir an dlí mhíleata. | |
[EN] | (2) Ní bheidh aon ní contrártha don Chuid seo ná ar neamhréir léi i rialacha nós imeachta. | |
[EN] | (3) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar rialacha nós imeachta. | |
[EN] | (4) Féadfaidh rialacha nós imeachta a fhoráil go dtógfar faoi mhionn coimriú scríofa ar fhianaise, agus féadfaidh a chumhachtú d'oifigeach ceannais, nó d'aon oifigeach eile a dtreoróidh seisean an coimriú sin a thógaint os a chomhair, daoine a chur faoi mhionn chuige sin. | |
[EN] | (5) Féadfaidh rialacha nós imeachta maidir le cúirteanna fiosrúcháin a fhoráil go dtógfar fianaise faoi mhionn agus féadfaid a chumhachtú do chúirteanna fiosrúcháin daoine a chur faoi mhionn chuige sin. | |
[EN] | (6) Gach riail a déanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an riail sin a leagadh faoina bhráid amhlaidh, rún a rith ag neamhniú na rialach sin, beidh an riail sin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin riail sin. |