An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil XI. Cruthú ar nithe áirithe mar Fhianaise in Imeachta os comhair Cúirteanna Sibhialta agus Armchúirteanna.) Ar Aghaidh (CUID VI. Cionta maidir le hÓglaigh na hÉireann agus le Maoin Mhíleata.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil XII.

Gabháil daoine a mbeifear in amhras orthu gur Tréigtheoirí nó Neamhláithrithe iad.

Gabháil daoine a mbeifear in amhras orthu gur tréigtheoirí nó neamhláithrithe iad.

251. —(1) Má bhíonn cúiseanna réasúnacha amhrais ag oifigeach nó ag fear nó ag comhalta den Gharda Síochána gur tréigtheoir nó neamhláithrí aon duine áirithe, féadfaidh sé, gan barántas, an duine sin a ghabháil agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) féadfaidh an duine sin (dá ngairmtear an duine faoi ghabháil sa bhfo-alt seo) a éileamh go ndéanfar, faoin gcéad mhír ina dhiaidh seo, fiosrú maidir lena ghabháil, agus cuirfidh an duine a rinne an ghabháil a cheart faoin mír seo in iúl don duine faoi ghabháil;

(b) má éilíonn an duine faoi ghabháil an fiosrú sin—

(i) bhéarfar an duine faoi ghabháil os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche nó Feadhmannaigh Shíochána, agus féadfar idir dhá linn é a choinneáil in aon stáisiún Gharda Shíochána;

(ii) déanfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúiche nó an Feadhmannach Síochána a dtabharfar an duine faoi ghabháil os a chomhair fiosrú maidir leis an ngabháil, agus

(I) más deimhin leis gur tréigtheoir nó neamhláithrí an duine faoi ghabháil, bhéarfaidh go ndéanfar láithreach an duine faoi ghabháil a sheachadadh i gcoimeád seirbhíse nó, go dtí go bhféadfar é a sheachadadh amhlaidh, a chur dá chimiú chun príosúin éigin nó chun stáisiúin éigin Gharda Shíochána go ceann pé tréimhse is dóigh leis is gá go réasúnach chun bearta a dhéanamh leis an duine faoi ghabháil a ghlacadh i gcoimeád seirbhíse,

(II) mura deimhin leis sin, ordóidh sé an duine faoi ghabháil a scaoileadh;

(iii) féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúiche nó an Feadhmannach Síochána a dtabharfar an duine faoi ghabháil os a chomhair an fiosrú a chur ar atráth ó am go ham agus, má dhéanann sé amhlaidh, ordóidh sé an duine faoi ghabháil a choinneáil, le linn an fiosrú a bheith ar atráth amhlaidh, i bpríosún nó i stáisiún Gharda Shíochána;

(c) mura n-éileoidh an duine faoi ghabháil an fiosrú sin, féadfaidh an duine a rinne an ghabháil é a sheachadadh i gcoimeád seirbhíse agus, go dtí go seachadfaidh amhlaidh é féadfar, ar an duine a rinne an ghabháil dá fhoréileamh sin i scríbhinn, an duine faoi ghabháil a choinneáil in aon phríosún nó stáisiún Gharda Shíochána.

(2) Má thugann duine é féin suas d'oifigeach nó d'fhear nó do chomhalta den Gharda Síochána agus go líomhnóidh sé gur tréigtheoir nó neamhláithrí é, féadfaidh an t-oifigeach nó an fear sin, nó an comhalta sin den Gharda Síochána, an duine sin a sheachadadh i gcoimeád seirbhíse agus, go dtí go seachadfaidh é, féadfar, ar an oifigeach nó an fear sin, nó an comhalta sin den Gharda Síochána, dá fhoréileamh sin i scríbhinn, an duine sin a choinneáil in aon phríosún nó in aon stáisiún Gharda Shíochána.