An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil XII. Gabháil daoine a mbeifear in amhras orthu gur Tréigtheoirí nó Neamhláithrithe iad.) Ar Aghaidh (CUID VII. Urinnlíochtaí agus Cleachtas Airtléire, Miscaeid agus Buamála.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

CUID VI.

Cionta maidir le hÓglaigh na hÉireann agus le Maoin Mhíleata.

Earcaigh a bheith inphionóis mar gheall ar fhreagraí bréagacha.

252. —Má thugann aon duine, go feasach, freagra bréagach ar aon cheist, i bpáipéar fianuithe, a bheas curtha air ag an oifigeach, nó faoi threoir an oifigigh, a mbeidh sé os a chomhair lena fhianú do réir rialachán earcaíochta, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Pionós ar dhuine a ligfeas air féin gur tréigtheoir nó neamhláithrí é.

253. —Aon duine a chuirfeas i gcéill go bréagach d'aon údarás míleata nó sibhialta gur tréigtheoir nó neamhláithrí é, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sin ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Eadairise, etc., a ghríosadh.

254. —(1) Aon duine a ghríosfas aon duine faoin dlí míleata, nó a dhéanfas iarracht é a ghríosadh, i slí ar bith—

(a) chun frithcheilge, nó

(b) chun a dhiúltú orduithe dleathacha a chomhlíonadh a bhéarfas oifigeach uachtarach dó, nó

(c) chun a dhiúltú, a fhaillí nó a loiceadh aon cheann dá dhualgais a chomhlíonadh, nó

(d) chun aon ghníomh eile a dhéanamh contrártha dá dhualgas,

beidh sé ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air.

(2) Aon duine a mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh, gan leathscéal dleathach, aon doiciméad de chineál gur chion faoi fho-alt (1) den alt seo é a leathadh i measc comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann, beidh sé ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air.

Pionós mar gheall ar chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a mhealladh, etc. chun tréigean.

255. —Aon duine a dhéanfas i slí ar bith aon ní acu seo a leanas—

(a) a bhéarfas nó a áiteos, nó a dhéanfas iarracht a thabhairt nó a áiteamh, ar aon duine faoin dlí míleata tréigean a dhéanamh nó fanacht as láthair gan cead, nó

(b) a bhéarfas nó a áiteos, nó a dhéanfas iarracht a thabhairt nó a áiteamh, ar aon chúltacaire tréigean a dhéanamh nó fanacht as láthair gan cead do réir bhrí ailt 243, nó

(c) a bhéarfas cabhair nó cúnamh, agus a fhios aige go bhfuil sé ar tí tréigean nó fanacht as láthair gan cead, do dhuine faoin dlí míleata tréigean a dhéanamh nó fanacht as láthair gan cead, nó

(d) a bhéarfas cabhair nó cúnamh, agus a fhios aige go bhfuil sé ar tí tréigean nó fanacht as láthair gan cead, do réir bhrí ailt 243, do chúltacaire tréigean a dhéanamh nó fanacht as láthair gan cead amhlaidh, nó

(e) a dhéanfas, agus a fhios aige é a bheith ina thréigtheoir nó ina neamhláithrí, aon duine faoin dlí míleata a cheilt nó cabhair nó cúnamh a thabhairt lena cheilt nó cabhair nó cúnamh a thabhairt lena theasargain, nó

(f) a dhéanfas, agus a fhios aige é a bheith ina thréigtheoir nó ina neamhláithrí gan cead do réir bhrí ailt 243, aon cúltacaire a cheilt nó cabhair nó cúnamh a thabhairt lena cheilt nó cabhair nó cúnamh a thabhairt lena theasargain,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Pionós mar gheall ar earcaiocht neamhdhleathach nó cur isteach ar earcaíocht.

256. —(1) Duine ar bith gan údarás cuí (agus is ar an duine sin a bheas an t-údarás sin a chruthú)—

(a) a ghníomhós nó a airbheartós gníomhú mar earcaitheoir nó mar dhuine atá údaraithe chun earcaigh a liostáil, nó

(b) a fhoilscos, nó a chuirfeas dá bhfoilsiú, fógraí nó fógráin chun carcaigh d'fháil d'Óglaigh na hÉireann, nó a bhainfeas le hearcaigh d'Óglaigh na hÉireann, nó

(c) a ghlacfas aon duine faoi aon fhógrán den tsórt sin,

beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(2) Má dhéanann duine ar bith—

(a) aon ní a chraobhscaoileadh, a chlóbhualadh nó d'fhoilsiú go toiliúil chun cosc nó bac a chur le hearcaíocht d'Óglaigh na hÉireann, nó

(b) bac a chur go díreach nó go neamhdhíreach le seirbhís earcaíochta Óglaigh na hÉireann,

beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(3) Gach duine a bheas ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Pionós mar gheall ar chur isteach ar dhualgais mhíleata, etc.

257. —Duine ar bith—

(a) a chuirfeas cosc nó bac, nó a chuirfeas isteach ar shlí eile, go toiliúil, ar aon oifigeach nó fear agus é ag comhlíonadh a dhualgas, nó

(b) a thabharfas aon ghalar nó éiglíocht ar aon duine, nó a bhallbhascfas nó a dhíobhálfas aon duine, go toiliúil, arb eol dó gur fear é, d'fhonn a chur ar chumas an fhir sin seirbhís mhíleata a sheachaint, nó

(c) a dhéanfas, le hintinn a chur ar chumas fir é féin a dhéanamh, nó a thabhairt go gcreidfí go bhfuil sé, neamhinniúil ar sheirbhís, go buan nó go sealadach, aon druga, ullmhóid nó fearas a sholáthar don fhear sin, nó lena aghaidh, a mbeidh ceaptha dhó, nó ar dóigh dhó, an fear sin a dhéanamh, nó a thabhairt go gcreidfí go bhfuil sé, neamhinniúil ar sheirbhís, go buan nó go sealadach,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sin ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Pionós mar gheall ar phearsanú.

258. —(1) Duine ar bith—

(a) a phearsanós go bréagach agus go meabhlach aon duine le hintinn aon pháigh, luaíocht, pinsean, liúntas, deontas nó aisce mhíleata, nó aon tsuim is iníoctha i leith seirbhíse míleata, nó aon mhaoin nó airgead i seilbh na n-údarás míleata, d'fháil go calaoiseach, nó

(b) a chuirfeas i gcéill go bréagach d'aon údarás míleata nó d'aon údarás sibhialta go mbaineann sé le hÓglaigh na hÉireann nó gur comhalta áirithe d'Óglaigh na hÉireann atá, nó a bhí, ann,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

(2) Má dhéanann cúltacaire cion faoin alt seo i láthair oifigigh, féadfaidh an t-oifigeach sin an fear sin a ghabháil gan barántas agus, sa chás sin, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, é a sheachadadh faoi choimeád comhalta den Gharda Síochána chun go ndéanfar leis do réir an dlí.

Dearbhú reachtúil maidir le páigh, etc.

259. —Má fhorálann rialacháin a dhéanfas an tAire faoi alt 97 go mbeidh céannacht an duine a gheobhas aon íocaíocht faoi na rialacháin le cruthú trí dhearbhú reachtúil, féadfaidh aon duine a sonrófar chuige sin sna rialacháin an dearbhú sin a thógaint agus a ghlacadh.

Pionós mar gheall ar mhaoin mhíleata áirithe a cheannach.

260. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “maoin mhíleata” aon mhaoin arb é atá inti—

(a) aon airm, lón lámhaigh (lena n-áirítear buamaí, gránáidí nó diúracáin dá samhail), trealamh, uirlisí nó baill éadaigh a heisíodh chun a n-úsáidte ag comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann, nó

(b) aon oirneas míleata le comhalta d'Óglaigh na hÉireann, nó

(c) aon troscán, leapachas, pluideanna, braitlíní, áraistí nó stóir faoi chúram míleata, nó

(d) aon lón beatha nó foráiste a heisíodh chun a úsáidte ag comhalta d'Óglaigh na hÉireann nó ag a chapall, nó

(e) aon chapall nó feithicil a húsáidtear i seirbhís Óglaigh na hÉireann.

(2) (a) Aon duine—

(i) a cheannós, a mhalairteos, a thógfas ar geallearbadh, a gheobhas nó a ghlacfas aon mhaoin mhíleata ó dhuine ar bith ar dhúmas ar bith, nó

(ii) a shirfeas ar aon duine aon mhaoin mhíleata a dhíol, a mhalairtiú, a gheall-earbadh nó a thabhairt uaidh, nó a mheallfas é chun sin a dhéanamh, nó

(iii) a bhéarfas cabhair nó a ghníomhós d'aon duine chun aon mhaoin mhíleata a dhíol, a mhalairtiú, a gheall-earbadh, nó a chur i gceal,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air maraon le trí oiread luach aon mhaoine míleata a tháinig ina sheilbh tríd an gcion nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(b) I gcás duine a chúiseamh i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith a chruthú—

(i) nárbh eol dó, an tráth a rinne sé an gníomh a bheas líomhnaithe sa chúiseamh, gur mhaoin mhíleata iarbhír an mhaoin a ndearnadh an cúiseamh ina leith, nó

(ii) gur le hordú nó le toiliú an Aire nó údaráis mhíleata inniúil éigin a díoladh an mhaoin sin, nó

(iii) gur mhaoin phearsanta le duine a scoir de bheith ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann, nó le hionadaithe pearsanta dlíthiúla comhalta mhairbh d'Óglaigh na hÉireann, an mhaoin sin.

(3) Má gheibhtear aon mhaoin mhíleata i seilbh nó i gcoimeád aon duine, féadfar an duine sin a thabhairt nó a thoghairm os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche, agus má bhíonn cúis réasúnach ag an mBreitheamh sin a chreidiúint gur goideadh, nó gur ceannaíodh, gur malairtíodh, gur tógadh ar geall-earbadh, go bhfuarthas nó gur glacadh, contrártha don alt seo, an mhaoin mhíleata a fuarthas amhlaidh, ansin, mura gcruthaí an duine sin chun sástachta an Bhreithimh sin gur go dleathach agus gan aon tsárú a dhéanamh ar an Acht seo a tharla an mhaoin mhíleata aige a fuarthas amhlaidh, dlífear ar a chiontú go hachomair na pionóis a chur air a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo i leith sáruithe ar an bhfo-alt sin.

(4) Féadfar aon duine a gheofar ag déanamh ciona faoin alt seo a ghabháil gan barántas agus é a thabhairt, maraon leis an maoin mhíleata is ábhar don chion, os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche, agus féadfaidh aon duine a dtairgfear aon mhaoin den tsórt sin a dhíol leis, a gheall-earbadh chuige nó a sheachadadh dhó, agus a mbeidh cúis réasúnach aige chun a cheapadh go bhfuil sí á tairiscint contrártha don alt seo, an duine a thairgfeas an mhaoin mhíleata sin a ghabháil gan barántas agus é a sheachadadh, maraon leis an maoin mhíleata sin, faoi choimeád comhalta den Gharda Síochána chun go ndéanfar leis do réir an dlí.

(5) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, má cruthaítear chun a shástachta faoi mhionn go bhfuil cúis réasúnach ann chun bheith in amhras go bhfuil ag aon duine, ina sheilbh nó ina áitreabh, aon mhaoin mhíleata a ndearnadh ina leith aon chion dá luaitear san alt seo, barántas a dheonadh chun an mhaoin mhíleata sin a chuardach amhail mar d'fhéadfadh i gcás earraí goidte, agus déanfaidh an duine a mbeidh de chúram air an barántas sin d'fhorghníomhú aon mhaoin mhíleata a gheofar sa chuardach sin d'urghabháil, agus bhéarfaidh sé an duine ar ina sheilbh a gheofar í os comhair Breithimh éigin den Chúirt Dúiche chun go ndéanfar leis do réir an dlí.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar maoin mhíleata a bheith i seilbh nó i gcoimeád duine má bhíonn sí aige, go feasach, i seilbh nó i gcoimeád iarbhír aon duine eile, nó in aon teach, foirgneamh, lóistín, seomra, páirc nó áit, oscailte nó iata, pé acu bheas sin á áitiú aige féin nó nach mbeidh agus pé acu chun a úsáide nó a thairbhe féin nó chun úsáide nó tairbhe dhuine eile a bheas an mhaoin mhíleata sin aige amhlaidh.

Seilbh neamhdhleathach ar dheimhnithe urscaoilte, etc.

261. —Má bhíonn ina sheilbh ag aon duine, gan údarás ná leathscéal dleathach (a mbeidh a chruthú sin ar an gcúisí), aon deimhniú urscaoilte le haon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann nó aon doiciméad oifigiúil eile a heisíodh maidir le slógadh nó díshlógadh aon choda d'Óglaigh na hÉireann nó aon chomhalta dhíobh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Brionnú deimhnithe urscaoilte agus pearsanú.

262. —Duine ar bith—

(a) a bhrionnós deimhniú urscaoilte nó aon deimhniú a airbheartós bheith ina dheimhniú urscaoilte, nó

(b) a rithfeas aon deimhniú den tsórt sin agus a fhios aige é a bheith brionnaithe, nó

(c) a gheobhas fostaíocht nó a dhéanfas iarracht í d'fháil trí bhíthin aon deimhnithe urscaoilte a brionnaíodh nó a góchumadh, nó

(d) a phearsanós sealbhóir deimhnithe urscaoilte,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná mí a chur air nó, de rogha na cúirte, fineáil nach mó ná fiche punt agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí a chur air.

Feidhm Achta na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 .

263. —Measfar, chun críocha Achta na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 ( Uimh. 1 de 1932 ), gur doiciméad lena mbaineann an tAcht sin aon deimhniú céannachta, deimhniú saoil nó deimhniú eile, nó aon doiciméad oifigiúil, is fianaise ar cheart aon duine, nó a heisíodh i ndáil le ceart aon duine, chun pinsin mhíleata nó chun páighe, nó chun aon deolchaire, liúntais, aisce, fóirthine, sochair nó buntáiste a deontar i ndáil le seirbhís mhíleata, agus forléireofar an tAcht sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Eide a chaitheamh go neamhdhleathach.

264. —(1) Má chaitheann aon duine (nach comhalta d'Óglaigh na hÉireann), gan cead a bheith tugtha dhó ag an Aire nó thar a cheann, aon éide le hÓglaigh na hÉireann nó aon aithris dhealraitheach uirthi, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon éide le hÓglaigh na hÉireann, ná aon aithris dhealraitheach uirthi, a chaitheamh i ndráma stáitse, nó in aon taispeántas nó taibhiú drámúil eile.

(3) San alt seo folaíonn an focal “éide” aon chuid shuaithnidh d'éide.

Drochmheas a tharraingt ar éide.

265. —(1) Má chaitheann duine ar bith aon éide le hÓglaigh na hÉireann, nó aon chulaith ar a mbeidh cosúlacht, nó ar a mbeidh aon chuid de mharcanna risiminte nó de mharcanna suaithnidh eile, aon éide den tsórt sin, i slí nó in imthosca gur dóigh go dtarraingeofaí drochmheas ar an éide sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(2) Má fhostaíonn duine ar bith aon duine eile chun aon éide le hÓglaigh na hÉireann a chaitheamh, nó aon chulaith ar a mbeidh cosúlacht, nó ar a mbeidh aon chuid de mharcanna risiminte nó de mharcanna suaithnidh eile, aon éide den tsórt sin, i slí nó in imthosca gur dóigh go dtarraingeofaí drochmheas ar an éide sin, beidh an duine a céadluaitear díobh sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(3) Aon duine a bheas ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo dlífear ar a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.

Dathú agus claochló éide, etc.

266. —(1) Má dhéanann duine ar bith, ach amháin faoi réim agus do réir ceada a bheas eisithe ag an Aire nó thar a cheann,

(a) aon earra theicstíleach sheirbhíse nó aon earra a bhfuil cúiseanna réasúnacha aige a chreidiúint gur earra theicstíleach sheirbhíse í, nó gur earra theicstíleach sheirbhíse a claochlaíodh í, a dhathú nó a ghlacadh lena dathú, nó

(b) aon earra theicstíleach sheirbhíse a chlaochló chun go mba earra eile í nó a ghlacadh lena claochló chun go mba earra eile í,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(2) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “earra theicstíleach sheirbhíse” aon earra de ghné theicstíleach a heisítear chun, nó chun úsáide, comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann;

ciallaíonn an abairt “earra theicstíleach sheirbhíse a claochlaíodh” aon earra theicstíleach sheirbhíse a claochlaíodh chun go mba earra eile í.

Usáid neamhúdaraithe, etc., oirneasa, etc.

267. —(1) Más rud é—

(a) go n-úsáidfidh nó go gcaithfidh aon duine neamhúdaraithe (dá ngairmtear an ciontóir sa bhfo-alt seo) aon earra lena mbaineann an t-alt seo nó aon aithris dhealraitheach uirthi, nó

(b) go gcuirfidh aon duine (dá ngairmtear an ciontóir sa bhfo-alt seo) i gcéill go bréagach gur duine é atá, nó a bhí, i dteideal aon earra lena mbaineann an t-alt seo a chaitheamh, nó

(c) go ndéanfaidh aon duine (dá ngairmtear an ciontóir sa bhfo-alt seo), gan údarás ná leathscéal dleathach (a mbeidh a chruthú ar an duine sin féin), aon earra lena mbaineann an t-alt seo a sholáthar, nó go dtairgfidh sé í a sholáthar do dhuine nach bhfuil údarás aige í d'úsáid ná a chaitheamh,

beidh an ciontóir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

(2) Ní forléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a bheir go mbeidh sé neamhdhleathach gnáth-shuaitheantas risiminte, nó aon bhráidealg nó ornáid i samhail na suaitheantas sin, d'úsáid, a chaitheamh nó a sholáthar.

(3) Baineann an t-alt seo le haon earra, a bhaineas nó a ghabhas le seirbhís in Óglaigh na hÉireann, a bheas soláthraithe nó údaraithe ag an Aire agus arb é a bheas inti—

(a) oirneas, nó

(b) ribín boinn, nó

(c) suaitheantas, nó

(d) síog chréachta nó sheirbhíse, nó

(e) inchomharthaí céime, nó

(f) feathal.

Pionós mar gheall ar léaráid, etc., a dhéanamh de dhaingne, etc. agus mar gheall ar fhoghail orthu.

268. —(1) Má dhéanann duine ar bith aon léaráid, líníocht, grianghraf, pictiúir, péinteáil, miondealbh, nó nóta, nó má thugann sé iarracht sin a dhéanamh, gan údarás dleathach, d'aon dún, bataire, obair mhachaire nó daingean, nó d'obair chosanta, aeradróm, beairic, post, armthaisce, monarcha mhuinisin nó iosta stóras míleata ar bith, nó d'aon mhaoin eile Rialtais a bheas á háitiú, nó á háitiú go páirteach, ag Óglaigh na hÉireann, nó in aon chuid de, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag, agus forghéillfear gach léaráid, líníocht, grianghraf, pictiúir, péinteáil, miondealbh, agus nóta, agus gach uirlis agus ábhar nó goireas chun léaráid, líníocht, grianghraf, péinteáil nó miondealbh a dhéanamh a gheofar ina sheilbh, agus féadfar iad a dhíthiú, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile mar threorós Aire Stáit.

(2) Má théann aon duine isteach in aon dún, obair mhachaire nó daingean, nó in obair chosanta, aeradróm, beairic, post, armthaisce, monarcha mhuinisin nó iosta stóras míleata ar bith, nó in aon mhaoin eile Rialtais a bheas á háitiú, nó á háitiú go páirteach, ag Óglaigh na hÉireann, nó in aon chuid de, nó má théann sé ina aice, gan údarás dleathach, agus ábhair nó goireas chun léaráid, líníocht, grianghraf, péinteáil nó miondealbh a dhéanamh ina sheilbh, le hintinn cion a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí, agus forghéillfear gach uirlis agus ábhar nó goireas chun léaráid, líníocht, grianghraf, péinteáil nó miondealbh a dhéanamh a gheofar ina sheilbh, agus féadfar iad a dhíthiú, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile mar threorós Aire Stáit.

(3) Má dhéanann duine ar bith foghail ar aon dún, bataire, obair mhachaire nó daingean, nó ar obair chosanta, aeradróm, beairic, post, armthaisce, monarcha mhuinisin, iosta stóras nó árthach míleata ar bith, nó ar aon mhaoin eile Rialtais a bheas á háitiú, nó á háitiú go páirteach, ag Óglaigh na hÉireann, nó ar aon chuid de, nó ar aon talamh bheas forcoimeádta lena aghaidh nó a bheas ina chuid de, pé acu bheas nó nach mbeidh aon ní tógtha, nó aon dún, daingean nó obair d'aon chineál déanta, ar an talamh sin, nó foghail ar aon fhoirgneamh nó talamh a bheas forcoimeádta nó curtha de leithligh nó á úsáid i ndáil le riaradh, cóiríocht nó tréineáil aon choda d'Óglaigh na hÉireann, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

(4) Féadfaidh aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann nó den Gharda Síochána aon duine a ghabháil gan barántas a mbeidh cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil sé tar éis cion faoin alt seo a dhéanamh, agus féadfaidh sé é a thabhairt os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche chun go ndéanfar leis do réir an dlí.

(5) Aon airgead a thiocfas de thoradh díola nó diúscartha aon earraí a forghéillfear faoin alt seo, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí a threorós an tAire Airgeadais.