|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Cionta maidir le hÓglaigh na hÉireann agus le Maoin Mhíleata.) | Ar Aghaidh (CUID VIII. Fo-dhlithe maidir le tantmh a húsáidfear chun críocha cosanta.) |
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Urinnlíochtaí agus Cleachtas Airtléire, Miscaeid agus Buamála. | |
[EN] |
Cumhacht chun urinnlíochtaí mileata d'údarú. |
269. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú (dá ngairmtear ordú údaruithe urinnlíocht san Acht seo), a údarú urinnlíochtaí míleata a dhéanamh laistigh de límistéir shonraithe, agus i rith tréimhse sonraithe a thosnós tráth nach luaithe ná mí tar éis dáta an orduithe sin. |
[EN] | (2) Aon uair a dhéanfas an tAire ordú údaruithe urinnlíocht, foilseoidh sé an t-ordú sin a luaithe is féidir san Iris Oifigiúil agus i dhá nuachtán ar a laghad a léitear sa límistéir lena mbaineann an t-ordú. | |
[EN] |
Cumhachta is infheidhmithe chun críocha urinnlíocht. |
270. —(1) Má bhíonn ordú údaruithe urinnlíocht déanta maidir le haon límistéir, féadfaidh pé daoine a bheas, faoi údarás an Aire, ag gabháil d'urinnlíochtaí, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, faoi threoir an Aire, laistigh den límistéir sin agus i rith na tréimhse a bheas sonraithe san ordú sin, is é sin le rá:— |
[EN] | (a) dul thrí thalamh ar bith agus campáil air, oibreacha míleata neamhbhuana a dhéanamh air, agus urinnlíochtaí míleata a dhéanamh air; | |
[EN] | (b) uisce a sholáthar dóibh féin as aon fhoinsí uisce agus chuige sin aon uisce reatha a dhambáil. | |
[EN] | (2) Ní údaróidh aon ní san alt seo— | |
[EN] | (a) dul isteach in aon áit acu seo a leanas ná cur isteach air (ach amháin sa mhéid go n-úsáidfear aon bhóthar), eadhon, aon teach cónaithe, áit adhartha Dé, ospidéal, scoil, monarcha, ceardlann a húsáidtear chun aon cheird nó gnó nó monaraíocht a sheoladh, clós feirme, gairdín, úllord, faiche áineasa, garraí altran, reilig, talamh atá ag gabháil le haon áit adhartha Dé nó le haon scoil, nó aon áitreabh a bheas laistigh de chúirtealáiste aon tí chónaithe nó ag gabháil le haon tigh cónaithe; | |
[EN] | (b) dambáil uisce i dtreo go gcuirfidh sin isteach ar aon cheird nó tionscal; | |
[EN] | (c) tógáil uisce as aon fhoinse soláthair le húnaer príobháideach ná le húdarás poiblí, gan toiliú an únaera nó an údaráis sin; | |
[EN] | (d) cur isteach ar aon séadchomharthaí náisiúnta do réir bhrí an Achta Shéadchomharthaí Náisiúnta, 1930 ( Uimh. 2 de 1930 ), ná ar aon chrainn chaomhchruthacha nó luachmhara ná ar ghnéithe náisiúnta eile lena mbaineann tréithe intsuime nó áilleacht ar leith. | |
[EN] | (3) Bhéarfaidh an t-oifigeach i gceannas na coda d'Óglaigh na hÉireann a bheas ag gabháil d'aon urinnlíochtaí míleata go ndéanfar aon talamh a húsáideadh faoin gcumhacht a bheirtear leis an alt seo a chur ar ais, a luaithe is féidir agus a mhéid is féidir, sa chruth ina raibh sé roimhe sin. | |
[EN] | (4) San alt seo folaíonn an focal “ospidéal” sanatorium, teach máithreachais, teach altranais, teach eadarshláinte, teaghlach contae, urchosclann, ionad athinmheachain, saotharlann, clinic, slánlann, stáisiún céad-chabhrach, íclann nó foras dá samhail sin. | |
[EN] |
Cúiteamh i ndamáiste a tharlós de dheasca urinnlíocht mílcata. |
271. —(1) I gcás ordú údaruithe urinnlíocht a dhéanamh, bhéarfaidh an tAire cúiteamh in aon damáiste do phearsa dhuine nó do mhaoin, nó in aon chur isteach ar chearta nó pribhléidí, a tharla de dhroim na cumhachta a bheirtear leis an gCuid seo d'fheidhmiú, pé acu gníomhartha ag na fórsaí míleata a bhí ag gabháil do na hurinnlíochtaí faoi deara iad nó nach ea, agus áireofar ann gach caiteachas a ndeachthas faoi go réasúnach ag cosaint pearsan daoine, maoine, ceart agus pribhléidí, agus aon damáiste a rinneadh d'aon bhóthar de dheasca an iomarca meáchain nó tráchta neamhghnáthaigh. |
[EN] | (2) Cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), cinnfidh eadránaí a ceapfar faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, méid aon chúitimh faoin alt seo, agus is faoi réim agus do réir an Achta sin a chinnfeas sé é. | |
[EN] |
Cionta maidir le hurinnliochtai. |
272. —(1) Más rud é, laistigh den límistéir agus i rith na tréimhse a bheas sonraithe in ordú údaruithe urinnlíocht a údarós urinnlíochtaí míleata— |
[EN] | (a) go gcuirfidh duine ar bith cosc nó go gcuirfidh isteach, go toiliúil agus go neamhdhleathach, ar dhéanamh na n-urinnlíocht, nó | |
[EN] | (b) go raghaidh duine ar bith isteach nó go bhfanfaidh, gan údarás cuí, in aon champa nó coinmhe nó in aon áit ina mbeidh aon ghunnaí, feithiclí, lón lámhaigh, soláthairtí nó abhar eile stóráilte a bheas á n-úsáid chun críocha na n-urinnlíocht, | |
[EN] | beidh se ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná ceathracha scilling a chur air. | |
[EN] | (2) Más rud é, laistigh den límistéir agus i rith na tréimhse a bheas sonraithe in ordú údaruithe urinnlíocht— | |
[EN] | (a) go gcorróidh duine ar bith, gan údarás cuí, aon tsolas, bratach, marc nó ní eile a bheas á úsáid maidir le críocha na n-urinnlíocht nó a bhainfeas leo, nó | |
[EN] | (b) go ngearrfaidh nó go ndamáisteoidh duine ar bith, go mailíseach, aon tsreang telegrafa nó telefóin nó aon phíopa soláthair uisce nó petroil a bheas curtha síos ag na fórsaí, nó chun úsáide na bhfórsaí, a bheas ag gabháil do na hurinnlíochtaí, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air. | |
[EN] | (3) Más rud é, laistigh den límistéir agus i rith na tréimhse a bheas sonraithe in ordú údaruithe urinnlíocht, go ndéanfaidh duine ar bith aon chion faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, nó féadfar ar ordú ó aon oifigeach d'Óglaigh na hÉireann, an duine sin a thabhairt amach as an límistéir sin. | |
[EN] |
Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a bheas ag déanamh urinnlíocht a dhíolmhadh ó alt 164 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 . |
273. —Nuair a bheas ordú údaruithe urinnlíocht déanta, ní bheidh feidhm, i rith na tréimhse a bheas sonraithe san ordú, ag alt 164 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ), maidir le feithicil a bheas á tiomáint nó faoina chúram ag comhalta d'Óglaigh na hÉireann a bheas de thuras na huaire ag gabháil do na hurinnlíochtaí míleata a bheas údaraithe leis an ordú. |
[EN] |
Trácht a stopadh go sealadach le linn urinnlíochta nó cleachtais airtléire, etc. |
274. —In aon límistéir a bheas sonraithe in ordú údaruithe urinnlíocht, nó i gcomharsanacht aon áite a bheas á úsáid le haghaidh cleachtas airtléire, muscaeid nó buamála, nó le haghaidh cleachtas eile airm, cabhlaigh nó aeir, féadfaidh an t-oifigeach a bheas i gceannas na coda sin d'Óglaigh na hÉireann a bheas ag gabháil do na hurinnlíochtaí, nó do na cleachtais sin, stop a chur go sealadach leis an trácht uile ar thalamh nó ar uisce sa límistéir sin nó i gcomharsanacht na háite sin, a mhéid is dóigh leis gur gá sin chun beo daoine a chaomhnadh agus chun na hurinnlíochtaí nó na cleachtais sin a stiúradh go cuí. |