An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Urinnlíochtaí agus Cleachtas Airtléire, Miscaeid agus Buamála.) Ar Aghaidh (CUID IX. Seirbhís Altranais an Airm.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

CUID VIII.

Fo-dhlithe maidir le tantmh a húsáidfear chun críocha cosanta.

Léiriú Coda VIII.

275. —(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” aon duine—

(a) is comhalta den Gharda Síochána, nó

(b) is comhalta d'Óglaigh na hÉireann a bheas údaraithe chuige sin le fo-dhlithe;

ciallaíonn an focal “fo-dhlithe” fo-dhlithe a déanfar faoin gCuid seo;

tá leis an abairt “údarás bóthar” an bhrí atá léi san Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946) ;

ciallaíonn an abairt “talamh Stáit” aon talamh is leis an Stát nó atá dílsithe san Aire.

(2) Folaíonn tagairtí sa Chuid seo do shárú fo-dhlí tagairtí do mhainneachtaint nó diúltú an fo-dhlí a chomhlíonadh.

Fo-dhlithe maidir le húsáid talún Stáit a bheas curtha in áirithe chun críocha cosanta agus chun an tslándáil phoiblí a chaomhaint.

276. —(1) Nuair a bheas aon talamh Stáit curtha in áirithe de thuras na huaire chun aon chríche cosanta, féadfaidh an tAire, faoi réir forál na Coda seo, fo-dhlithe a dhéanamh ag rialú úsáid na talún chun na críche chun ar cuireadh in áirithe é agus ag caomhaint an phobail ar chontúirt a thiocfadh as an úsáid sin, agus féadfaidh toirmeasc a chur ar gach tadhall sa talamh agus ar gach cosc le húsáid na talún.

(2) Ní údaróidh fo-dhlithe faoin alt seo don Aire aon cheart coimín a bhaint de dhuine ar bith ná aon dochar a dhéanamh d'aon cheart coimín.

(3) Má thugann aon fho-dhlithe faoin alt seo cead don phobal talamh d'úsáid chun aon chríche nuair nach mbeidh sé á úsáid chun na críche chun ar cuireadh in áirithe é, féadfaidh na fodhlithe sin foráil a dhéanamh freisin chun rialú a dhéanamh ar an talamh le linn é a bheith á úsáid amhlaidh ag an bpobal, agus chun ord agus dea-iompar a choimeád dá gcleachtadh air agus chun núiseanna, bacainní, campaí agus cúngais air a chosc, agus chun aon díobháil don talamh nó d'aon ní atá ag fás air nó atá curtha suas air a chosc, agus chun cosc a chur le haon ní a chuirfeadh isteach ar úsáid ordúil na talún ag an bpobal chun na críche a bheas ceadaithe leis na fo-dhlithe.

Leathnú na cumhachta chun fo-dhlithe a dhéanamh maidir le talamh, nach talamh Stáit, ar a mbeidh ceart úsáide chun críocha cosanta ag an Aire.

277. —Má bhíonn de thuras na huaire ag an Aire an ceart chun aon talamh (nach talamh Stáit) d'úsáid chun aon chríche cosanta, beidh réim ag an gcumhacht chun fo-dhlithe a dhéanamh a bheirtear le halt 276 maidir leis an talamh sin, amhail is dá mba thalamh Stáit é agus gur cuireadh in áirithe chun na críche sin é, ach sin faoi réir an tsriain seo, eadhon, nach ndéanfaidh aon fho-dhlí a déanfar de bhuaidh an ailt seo dochar do chearta príobháideacha duine ar bith thar mar bheas údaraithe ná ar shlí seachas mar bheas údaraithe le deonadh an chirt chun an talamh d'úsáid.

Leathnú na cumhachta chun fo-dhlithe a dhéanamh maidir le hurthrá, farraige agus uisce taoide tadhlach.

278. —(1) I gcás aon talamh, ar féidir a úsáid a rialú le fodhlithe faoi alt 276 nó 277, a bheith ag teagmháil le haon urthrá, farraige nó uisce taoide, féadfar fo-dhlithe a dhéanamh maidir le haon urthrá, farraige nó uisce taoide den tsórt sin, amhail is dá mba chuid den talamh iad.

(2) Má chruthaíonn aon duine, a bheas i dteideal cirt phríobháidigh in, nó ar, aon urthrá, farraige nó uisce taoide a ndéanfar fo-dhlí maidir leis de bhuaidh an ailt seo, go bhfuiltear, de dhroim an fho-dhlí sin, tar éis dochar a dhéanamh dhó nó cosc a chur leis maidir le feidhmiú an chirt sin, beidh sé i dteideal cúiteamh sa dochar nó sa chosc sin a ghnóthú ón Aire agus déanfar aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníoctha faoin bhfo-alt seo, nó i dtaobh méid aon chúitimh is iníoctha amhlaidh, a chinneadh, cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), ag eadránaí a ceapfar faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus faoi réim agus do réir an Achta sin.

(3) (a) Ní dhéanfaidh fo-dhlí a déanfar de bhuaidh an ailt seo dochar d'aon cheart poiblí, mura le toiliú an Aire Thionscail agus Tráchtála a déanfar an fo-dhlí.

(b) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir leis an Aire Tionscail agus Tráchtála do thabhairt a thoilithe le fo-dhlí a dhéanamh de bhuaidh an ailt seo ba dhochar, dá ndéanfaí é, d'aon cheart poiblí in, nó ar, aon urthrá, farraige nó uisce taoide—

(i) más deimhin leis an Aire sin, tar éis dó fo-mhír (ii) den mhír seo a chomhlíonadh, gur gá an ceart poiblí sin a shrianadh ar mhaithe le sábháltacht an phobail nó le riachtanais an chuspóra mhíleata ar cuireadh an talamh a theagmhaíos leis an urthrá, leis an bhfarraige nó leis an uisce taoide sin in áirithe lena aghaidh, féadfaidh sé toiliú le fo-dhlí a shrianfas an ceart poiblí sin an méid is dóigh leis is réasúnach i gcúrsaí uile an cháis,

(ii) sara dtoileoidh sé leis an bhfo-dhlí sin, cuirfidh an tAire sin faoi deara fógra i dtaobh an fho-dhlí bheartaithe sin a thabhairt sa chomharsanacht i pé slí is dóigh leis is fearr a bhéarfadh caoi do dhaoine leasmhara agóidí a dhéanamh in aghaidh an fho-dhlí bheartaithe sin, agus déanfaidh sé pé fiosrú is gá leis chun a chinntiú nach gcuirfidh an fo-dhlí isteach go neamhréasúnach ar aon cheart poiblí.

(c) Sa bhfo-alt seo folaíonn an abairt “ceart poiblí” aon cheart loingseoireachta, ancaireachta, ligin ar thalamh, iascaigh, snámha, siúil nó caithimh aimsire.

Fo-dhlithe maidir le bóithre.

279. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon chuid de bhóthar a ghabhas trasna nó in aice aon talún a bhféadfar a úsáid a rialú le fo-dhlí, fo-dhlithe a dhéanamh, le toiliú an údaráis bhóthair ar a mbeidh cúram cothabhála na coda sin, a dhéanfas foráil chun srian a chur i pé slí is cuí leis an Aire agus a shonrós sé sna fo-dhlithe, le húsáid na coda sin.

(2) Ach amháin mar foráltar leis an alt seo ní déanfar fodhlithe maidir le haon bhóthar.

Fógra go bhfuiltear chun fo-dhlithe a dhéanamh.

280. —(1) Má bheartaíonn an tAire aon fho-dhlithe a dhéanamh, ansin, sara ndéanfaidh sé na fo-dhlithe sin, taiscfidh sé cóipeanna de na fo-dhlithe beartaithe i ngach Oifig Chúirte Cuarda sa límistéir lena mbainfidh na fo-dhlithe beartaithe sin, agus foilseoidh i nuachtán nó i nuachtáin éigin a léitear sa límistéir sin fógra go bhfuil ar intinn aige fo-dhlithe a dhéanamh agus gur thaisc sé na cóipeanna sin.

(2) Féadfaidh duine ar bith aon fho-dhlithe beartaithe a taiscfear in Oifig Chúirte Cuarda faoin alt seo d'iniúchadh agus féadfaidh, laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fógra d'fhoilsiú do reir an ailt seo go raibh ar intinn ag an Aire na fo-dhlithe beartaithe sin a dhéanamh, agóidí a chur chun an Aire i gcoinne na fo-dhlithe beartaithe sin a dhéanamh.

(3) Sara ndéanfaidh an tAire aon fho-dhlithe, breithneoidh sé aon agóidí ina gcoinne a cuirfear chuige roimh dheireadh na n-ocht lá fichead dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo.

Tóranta límistéirí fo-dhlithe a mharcáil.

281. —(1) Aon uair a dhéanfas an tAire aon fho-dhlithe, cuirfidh sé faoi deara tóranta na límistéire lena mbaineann na fo-dhlithe a mharcáil i pé slí is gá leis chun na tóranta a chur i bhfios do na daoine uile sa chomharsanacht.

(2) Má déantar aon fho-dhlithe faoi alt 278 maidir le haon límistéir ina mbeidh aon urthrá, farraige nó uisce taoide agus nach féidir, i dtuairim an Aire, tóranta na límistéire sin a mharcáil go caothúil le buanmharcanna, bhéarfar tuairisc ar na tóranta sin sna fo-dhlithe, agus measfar gur leor de mharcáil orthu, do réir bhrí fo-ailt (1) den alt seo, pé bearta a dhéanamh is leor chun rabhadh a thabhairt don phobal, le linn don límistéir sin a bheith á húsáid chun críocha míleata, gan dul isteach sa límistéir sin.

Fo-dhlithe d'fhoilsiú.

282. —Má dhéanann an tAire aon fho-dhlithe, cuirfidh sé faoi deara na fo-dhlithe d'fhoilsiú i pé slí is gá leis chun iad a chur i bhfios do na daoine uile sa chomharsanacht lena mbainid, agus déanfaidh socrú chun go ndíolfar cóipeanna de na fo-dhlithe sin ar scilling an chóip le haon duine ar mian leis cóip d'fháil.

Pionóis mar gheall ar fhodhlithe a shárú.

283. —(1) Má sháraíonn aon duine ar bith aon fho-dhlí, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air, agus féadfaidh an chúirt a ordú go bhforghéillfear aon ainmhí, feithicil, árthach, nó ní eile is leis an duine sin agus a bhí, tráth an tsáruithe sin, sa límistéir lena mbaineann an fo-dhlí.

(2) Má forghéilltear aon ainmhí, feithicil, árthach, nó ní eile faoin alt seo, díolfar é do réir treoracha an Aire agus íocfar fáltais an díola isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad i pé slí a threorós an tAire Airgeadais.

Ciontóirí a chur chun bealaigh agus a ghabháil.

284. —(1) Má tharlaíonn, in aon límistéir lena mbaineann fo-dhlí go sáróidh duine ar bith an fo-dhlí—

(a) féadfaidh oifigeach údaraithe a ordú don duine sin an límistéir d'fhágaint,

(b) más rud é, ar an ordú sin d'fháil, go ndiúltoidh nó go mainneoidh an duine sin an límistéir d'fhágaint—

(i) beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo, agus

(ii) féadfaidh an t-oifigeach údaraithe é a thabhairt amach le forneart as an límistéir nó é a ghabháil gan barántas.

(2) Má bhíonn duine ar bith ar chuid áirithe de bhóthar, a mbeidh srian curtha lena húsáid le fo-dhlí faoi alt 279, contrártha don fho-dhlí—

(a) féadfaidh oifigeach údaraithe a ordú don duine sin an chuid sin d'fhágaint,

(b) más rud é, ar an ordú sin d'fháil, go ndiúltóidh nó go mainneoidh an duine sin an chuid sin d'fhágaint—

(i) beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo, agus

(ii) féadfaidh an t-oifigeach údaraithe é a thabhairt amach le forneart as an gcuid sin nó é a ghabháil gan barántas.

(3) Gach duine a bheas ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

(4) Má ghabhann oifigeach údaraithe (nach comhalta den Gharda Síochána) duine faoin alt seo, seachadfaidh sé an duine sin, a luaithe is féidir, faoi choimeád comhalta den Gharda Síochána chun go ndéanfar leis do réir an dlí.

Ainmhithe, etc., a chur chun bealaigh.

285. —Féadfaidh oifigeach údaraithe aon fheithicil, ainmhí, árthach nó ní eile a gheofar in aon límistéir lena mbaineann fo-dhlí, contrártha don fho-dhlí sin, a thabhairt chun bealaigh nó a chur faoi deara é a thabhairt chun bealaigh.

Oifigigh údaraithe a chosc nó d'ionsaí.

286. —Duine ar bith—

(a) a chuirfeas cosc nó bac ar oifigeach údaraithe agus a chumhachta agus a dhualgais mar oifigeach údaraithe faoin gCuid seo á bhfeidhmiú aige go dleathach, nó

(b) a ionsós oifigeach údaraithe agus na cumhachta agus na dualgais sin á bhfeidhmiú aige go dleathach,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.

Gan feidhm a bheith ag Cuid VIII maidir le Currach Chill Dara.

287. —Ní bhaineann an Chuid seo le Currach Chill Dara.