An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IX. Seirbhís Altranais an Airm.) Ar Aghaidh (CUID XI. Leasú agus Oiriúnú ar Achtacháin Áirithe.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

CUID X.

Feidhm an Achta seo maidir leis na Fórsaí Cosanta a bunaíodh faoin Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923.

Léiriú Coda X.

293. —(1) Sa Chuid seo—

Acht 1945.

ciallaíonn an abairt “Acht 1945” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1945 (Uimh. 10 de 1945) ;

Acht 1946.

ciallaíonn an abairt “Acht 1946” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 7 de 1946) ;

Acht 1947.

ciallaíonn an abairt “Acht 1947” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947 (Uimh. 4 de 1947) ;

Acht 1949.

ciallaíonn an abairt “Acht 1949” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1949 (Uimh. 1 de 1949) ;

aicme den Chúltaca láithreach Fear.

ciallaíonn an focal “aicme”, maidir leis an gCúltaca láithreach Fear, an aicme a luaitear i gcolún (2) den Táible a ghabhas leis an alt seo ag uimhir thagartha 4, 5 nó 6;

aicme den Chúltaca láithreach Oifigeach.

ciallaíonn an focal “aicme”, maidir leis an gCúltaca láithreach Oifigeach, an aicme a luaitear i gcolún (2) den Táible a ghabhas leis an alt seo ag uimhir thagartha 1, 2 nó 3;

cúltacaire láithreach a liostáladh go díreach.

ciallaíonn an abairt “cúltacaire láithreach a liostáladh go díreach” duine a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, ina fhear den Chúltaca láithreach Fear agus a líostáladh ann faoi alt 25 d'Acht Uimh. 2 de 1940 ;

an tseirbhís láithreach altranais.

ciallaíonn an abairt “an tseirbhís láithreach altranais” an tseirbhís altranais a bunaíodh faoi Acht 1923;

an buan-fhórsa láithreach.

ciallaíonn an abairt “an buan-fhórsa láithreach” an fórsa a bunaíodh faoi Chuid I d'Acht 1923;

rialtach láithreach.

ciallaíonn an abairt “rialtach láithreach” duine a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, ina chomhalta (nach oifigeach do réir bhrí Achta 1923) den bhuan-fhórsa láithreach;

oifigeach rialta láithreach.

ciallaíonn an abairt “oifigeach rialta láithreach” duine a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, ina oifigeach den bhuan-fhórsa láithreach;

an fórsa láithreach cúltaca.

ciallaíonn an abairt “an fórsa láithreach cúltaca” an fórsa cúltaca a bunaíodh faoi Chuid III d'Acht 1923;

oifigeach láithreach cúltaca.

ciallaíonn an abairt “oifigeach láithreach cúltaca” duine a bheas, díreach roimh an dáta féidhme, ina oifigeach den Chúltaca láithreach Oifigeach;

an Cúltaca láithreach Fear.

ciallaíonn an abairt “an Cúltaca láithreach Fear” an chuid sin den fhórsa láithreach cúltaca ar a dtugtar an Cúltaca Fear;

an Cúltaca láithreach Oifigeach.

ciallaíonn an abairt “an Cúltaca láithreach Oifigeach” an chuid sin den fhórsa láithreach cúltaca ar a dtugtar an Cúltaca Oifigeach;

cúltacaire láithreach.

ciallaíonn an abairt “cúltacaire láithreach” duine—

(a) is cúltacaire láithreach a liostáladh go díreach, nó,

(b) is cúltacaire aistrithe láithreach;

cúltacaire aistrithe láithreach.

ciallaíonn an abairt “cúltacaire aistrithe láithreach” duine a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, ina fhear den Chúltaca láithreach Fear agus a haistríodh chuige faoi alt 157 d'Acht 1923;

cór láithreach rialtaigh láithrigh nó cúltacaire láithrigh faoi Acht 1923.

déanfar tagairtí do chór láithreach rialtaigh láithrigh nó cúltacaire láithrigh faoi Acht 1923 d'fhorléiriú mar thagairtí don chór faoi Acht 1923 ina mbeidh sé ag fónamh díreach roimh an dáta feidhme;

Acht Uimh. 2 de 1940 .

ciallaíonn an abairt “Acht Uimh. 2 de 1940 ” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 (Uimh. 11 de 1940) ;

an t-údarás míleata forordaithe.

tá leis an abairt “an t-údarás míleata forordaithe” an bhrí atá léi in alt 61;

cór faoi Acht 1923.

ciallaíonn an abairt “cór faoi Acht 1923” cór chun críocha Achta 1923.

(2) Chun críocha na Coda seo—

(a) measfar an aicme de na hÓglaigh Cúltaca a luaitear i gcolún (3) den Táible a ghabhas leis an alt seo ag uimhir thagartha áirithe (arb í uimhir thagartha 1, 2 nó 3 í) a bheith ar comhréir leis an aicme den Chúltaca láithreach Oifigeach a luaitear i gcolún (2) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin;

(b) measfar an aicme de na hÓglaigh Cúltaca a luaitear i gcolún (3) den Táible sin ag aon uimhir thagartha (arb í uimhir thagartha 4, 5 nó 6 í) a bheith ar comhréir leis an aicme den Chúltaca láithreach Fear a luaitear i gcolún (2) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin.

AN TAIBLE A GHABHAS LE hALT 293.

Uimh. Thag.

An aicme den Chúltaca láithreach Oifigeach nó den Chúltaca láithreach Fear

An aicme chomhréire de na hÓglaigh Cúltaca

(1)

(2)

(3)

1

An Cúltaca Oifigeach—An Chéad Líne.

An Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne).

2

An Cúltaca Oifigeach (Fórsa Cosanta Áitiúil).

An Cúltaca Oifigeach (An Fórsa Cosanta Áitiúil).

3

An Cúltaca Oifigeach (An Sluagh Muirí).

An Cúltaca Oifigeach (An Slua Muirí).

4

An Cúltaca Fear—An Chéad Líne.

An Cúltaca Fear (An Chéad Líne).

5

An Cúltaca Fear (Fórsa Cosanta Áitiúil).

An Cúltaca Fear (An Fórsa Cosanta Áitiúil).

6

An Cúltaca Fear (An Sluagh Muirí).

An Cúltaca Fear (An Slua Muirí).

Measfar gur fórsaí a bunaíodh faoin Acht seo na fórsaí láithreacha.

294. —(1) Ar an dáta feidhme, déanfar na Buan-Óglaigh den bhuan-fhórsa láithreach agus den tseirbhís láithreach altranais agus is iad na Buan-Óglaigh iad feasta.

(2) Ar an dáta feidhme, déanfar na hÓglaigh Cúltaca den fhórsa láithreach cúltaca agus is iad na hÓglaigh Cúltaca iad feasta.

Measfar gur faoin Acht seo a coimisiúnaíodh oifigigh rialta láithreacha agus oifigigh láithreacha cúltaca.

295. —(1) (a) Ar an dáta feidhme, tiocfaidh gach oifigeach rialta láithreach chun bheith agus beidh sé, gan aon athcheapadh ná aon mhionn ná dearbhú nua a ghlacadh ná a dhéanamh ina oifigeach de na Buan-Óglaigh agus, faoi réir an Achta seo, beidh aige sna Buan-Óglaigh an chéim, an ceapachán, agus an tosaíocht chéanna a bhí aige sa bhuan-fhórsa láithreach díreach roimh an dáta feidhme.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ní fholaíonn an focal “ceapachán” aon oifig acu seo a leanas (is oifigí a luaitear in alt 4 den Acht Fórsaí Cosanta, 1937 ( Uimh. 41 de 1937 )), eadhon, oifig Cheann Foirne na bhFórsaí Cosanta, oifig Aidiútant Ginearálta na bhFórsaí Cosanta agus oifig Cheathrú-Mháistir Ginearálta na bhFórsaí Cosanta.

(2) Ar an dáta feidhme, tiocfaidh gach oifigeach láithreach cúltaca chun bheith agus beidh sé, gan aon athcheapadh ná aon mhionn ná dearbhú nua a ghlacadh ná a dhéanamh, ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca agus, faoi réir an Achta seo, beidh aige sna hÓglaigh Cúltaca an chéim, an ceapachán agus an tosaíocht chéanna a bhí aige sa Chúltaca láithreach Oifigeach díreach roimh an dáta feidhme agus measfar é a bheith arna shannadh faoi alt 44 don aicme de na hÓglaigh Cúltaca atá ar comhréir leis an aicme den Chúltaca láithreach Oifigeach lenar bhain sé díreach roimh an dáta feidhme.

Rialtaigh láithreacha.

296. —(1) Amhail ar an dáta feidhme agus dá éis, beidh éifeacht maidir le gach rialtach láithreach ag na forála seo a leanas—

(a) tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, ina fhear de na Buan-Óglaigh,

(b) beidh aige, faoi réir an Achta seo, sna Buan-Óglaigh—

(i) má bhí, díreach roimh an dáta feidhme, céim míleata neamhchoimisiúnta atá leagtha amach i gcolún (2) den Táible a ghabhas le halt 5 d'Acht 1947 aige sa bhuan-fhórsa láithreach, an chéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus atá ar comhainm leis an gcéim míleata neamhchoimisiúnta sin,

(ii) má bhí, díreach roimh an dáta feidhme, céim chabhlaigh neamhchoimisiúnta oifigigh bharántais aige sa bhuan-fhórsa láithreach, céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh oifigigh bharántais,

(iii) má bhí, díreach roimh an dáta feidhme, aon ghrád d'aicme chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (4) den Táible a ghabhas le halt 5 d'Acht 1947 aige sa bhuan-fhórsa láithreach, an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus atá ar comhainm leis an ngrád sin d'aicme chabhlaigh.

(c) Beidh feidhm maidir leis ag Caibidil II de Chuid IV den Acht seo amhail is dá mba faoi alt 53 a liostáladh é, agus chuige sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) measfar gur liostáladh é faoi alt 53 mar fhear de na Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse go ceann tréimhse is comhionann leis an tréimhse arb í, díreach roimh an dáta feidhme, téarma a liostála bunaidh í do réir bhrí Achta 1923, agus déanfar tagairtí sa Chaibidil sin II do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairtí don tréimhse a measfar amhlaidh é do liostáil lena haghaidh faoi alt 53,

(ii) maidir lena liostáil bhunaidh faoi Acht 1923, más amhlaidh, faoi fho-alt (1) d'alt 145 d'Acht 1923, gur liostáil i seirbhís airm í go ceann téarma iomláin a liostála bunaidh, do réir bhrí Achta 1923, ansin, measfar gur liostáil sna Buan-Óglaigh go ceann téarma iomláin a liostála bunaidh, do réir bhrí an Achta seo, a liostáil faoi alt 53,

(iii) maidir lena liostáil bhunaidh faoi Acht 1923, más amhlaidh faoi fho-alt (2) d'alt 145 d'Acht 1923, gur liostáil í i seirbhís airm go ceann coda (dá ngairmtear sa mhír seo a thréimhse sheirbhíse airm sa bhuan-fhórsa láithreach) de théarma a liostála bunaidh, do réir bhrí Achta 1923, agus sa bhfórsa láithreach cúltaca go ceann iarmhair an téarma sin, ansin, measfar gur liostáil sna Buan-Óglaigh go ceann coda (is comhfhaid lena thréimhse sheirbhíse airm sa bhuan-fhórsa láithreach) de théarma a liostála bunaidh, do réir bhrí an Achta seo, agus sna hÓglaigh Cúltaca go ceann iarmhair an téarma sin is déanaí a luaitear, a liostáil faoi alt 53,

(iv) i gcás a choinníollacha seirbhíse d'athrú faoi alt 146 d'Acht 1923, measfar a choinníollacha seirbhíse a bheith athraithe ar an gcuma chéanna faoi rialacháin faoi alt 63,

(v) measfar chun criocha an Achta seo gurbh é ba dháta fianuithe ina chás—

(I) murar athliostáil sé faoi alt 3 ná 4 d'Acht 1945, dáta a fhianuithe faoi Acht 1923,

(II) má d'athliostáil sé faoi alt 3 d'Acht 1945, an dáta arb é, de bhuaidh fo-mhíre (iv) de mhír (d) d'alt 4 d'Acht 1945, dáta a fhianuithe é chun críocha Caibidle V de Chuid II d'Acht 1923, agus

(III) má d'athliostáil sé faoi alt 4 d'Acht 1945, an dáta arb é, de bhuaidh fo-mhíre (iv) de mhír (d) d'alt 4 d'Acht 1945, dáta a fhianuithe é chun críocha Caibidle V de Chuid II d'Acht 1923,

(vi) i gcás é d'athfhruiliú go ceann tréimhse breise seirbhíse airm faoi alt 152 d'Acht 1923, measfar é d'athfhruiliú faoi alt 64 go ceann tréimhse breise seirbhíse sna Buan-Óglaigh amhail ar an dáta agus ón dáta a hathfhruilíodh amhlaidh é faoin alt sin 152,

(vii) i gcás ina ndearnadh, roimh an 22ú lá d'Fheabhra, 1949, é a choimeád i seirbhís sa bhuan-fhórsa láithreach faoi alt 153 d'Acht 1923, coimeádfar i seirbhís sna Buan-Óglaigh é amhail is dá mbeadh a théarma seirbhíse gan bheith caite fós, ach amháin go bhféadfaidh sé a éileamh go n-urscaoilfear é ar thréimhse trí mhí a bheith caite tar éis dó fógra a thabhairt dá oifigeach ceannais gur mian leis go n-urscaoilfí é,

(viii) i gcás ina ndearnadh, an 22ú lá d'Fheabhra, 1949, nó dá éis, é a choimeád i seirbhís sa bhuanfhórsa láithreach faoi alt 153 d'Acht 1923, arna leasú le halt 5 d'Acht 1949, measfar é a bheith arna choimeád i seirbhís sna Buan-Óglaigh faoi rialacháin faoi alt 65,

(ix) i gcás nár athliostáil sé faoi alt 3 ná 4 d'Acht 1945—

(I) áireofar, chun críocha an Achta seo, a sheirbhís sa bhuan-fhórsa láithreach mar sheirbhís sna Buan-Óglaigh, agus

(II) áireofar, chun críocha an Achta seo, a sheirbhís (más ann) sa bhfórsa láithreach cúltaca mar sheirbhís sna hÓglaigh Cúltaca,

(x) i gcás inar athliostáil sé faoi alt 3 d'Acht 1945, déanfar aon tréimhse sheirbhíse a bhí tugtha aige sa bhuan-fhórsa láithreach ar an dáta a liostáil sé faoi alt 24 d'Acht Uimh. 2 de 1940 , nó a thug sé ann dá éis sin, d'áireamh, chun críocha an Achta seo, mar thréimhse sheirbhíse sna Buan-Óglaigh,

(xi) i gcás inar athliostáil sé faoi alt 4 d'Acht 1945, déanfar an tréimhse sheirbhíse a bhí tugtha aige agus a luaitear i bhfo-mhír (i) de mhír (d) d'alt 4 d'Acht 1945, agus aon tréimhse sheirbhíse a thug sé tar éis dó athliostáil sa bhuan-fhórsa láithreach, d'áireamh, chun críocha an Achta seo mar thréimhsí seirbhíse sna Buan-Óglaigh.

(2) (a) Measfar gach rialtach láithreach a bheith arna cheapadh faoi fho-alt (2) d'alt 60 chun an chóir sheirbhíse atá ar comhréir lena chór láithreach faoi Acht 1923, ach ní bheidh feidhm maidir leis ag alt 61.

(b) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le rialtach láithreach a liostáladh faoi Acht 1923 le haghaidh seirbhíse ginearálta—

(i) i gcás inar giorra ná deich mbliana a sheirbhis mar fhear de na Buan-Óglaigh sa chór seirbhíse ina bhfuil sé ag fónamh de thuras na huaire, féadfar é d'aistriú, le hordú ón údarás míleata forordaithe, chun cóir sheirbhíse eile,

(ii) i gcás inar deich mbliana nó níos mó a sheirbhís mar fhear de na Buan-Óglaigh sa chór seirbhíse ina bhfuil sé ag fónamh de thuras na huaire, féadfar é d'aistriú, le hordú ón údarás mileata forordaithe, chun cóir sheirbhíse eile, i gcás (agus sa chás sin amháin)—

(I) é do thoiliú leis an aistriú sin, nó

(II) forógra a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buantseirbhís,

(iii) chun críocha na míre seo, déanfar a sheirbhís mar rialtach láithreach ina chór láithreach faoi Acht 1923 d'áireamh mar sheirbhís sa chór seirbhíse a measfar, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é a bheith arna cheapadh chuige.

(c) I gcás inar liostáladh rialtach láithreach faoi Acht 1923 le haghaidh seirbhíse i gcór áirithe faoi Acht 1923, féadfar é d'aistriú, le hordú ón údarás míleata forodaithe, ón gcór seirbhíse a measfar de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo é a bheith arna cheapadh chuige, nó ó aon chór seirbhíse a mbeidh sé aistrithe chuige faoin mír seo, chun cóir sheirbhíse eile, i gcás (agus sa chás sin amháin) é do thoiliú leis an aistriú sin.

(3) Beidh éifeacht ag alt 70, chomh fada is bhaineas sé le rialtach láithreach—

(a) amhail is dá gcuirtí an mhír seo a leanas in ionad míre (b) d'fho-alt (3)—

“(b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh fear de na Buan-Óglaigh i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) leanfaidh sé d'fhónamh mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná dhá mhí dhéag) a threorós an t-údarás míleata forordaithe,

(ii) ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite—

(I) i gcás téarma a liostála bunaidh a bheith caite agus gan é d'athfhruiliú faoi alt 64, urscaoilfear as na Buan-Óglaigh é a luaithe is caothúil, agus

(II) in aon chás eile, aistreofar é ar an modh forordaithe go dtí na hÓglaigh Cúltaca.”, agus

(b) amhail is dá gcuirtí an mhír seo a leanas in ionad míre (b) d'fho-alt (4)—

“(b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh fear de na Buan-Óglaigh i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'arscaoileadh, leanfaidh sé d'fhónamh mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná dhá mhí dhéag) a threorós an t-údarás míleata forordaithe, agus ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite urscaoilfear as an Buan-Óglaigh é a luaithe is caothúil.”

Cúltacairí láithreacha.

297. —(1) Amhail ar an dáta feidhme agus dá éis. beidh éifeacht maidir le gach cúltacaire láithreach ag na forála seo a leanas—

(a) tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, ina fhear de na hÓglaigh Cúltaca,

(b) beidh aige, faoi réir an Achta seo, sna hÓglaigh Cúltaca—

(i) má bhí díreach roimh an dáta feidhme, céim míleata neamhchoimisiúnta atá leagtha amach i gcolún (2) den Táible a ghabhas le halt 5 d'Acht 1947 aige sa bhfórsa láithreach cúltaca, an chéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus atá ar comhainm leis an gcéim mílcata neamhchoimisiúnta sin,

(ii) má bhí, díreach roimh an dáta feidhme, céim chabhlaigh neamhchoimisiúnta oifigigh bharántais aige sa bhfórsa láithreach cúltaca, céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh oifigigh bharántais,

(iii) má bhí, díreach roimh an dáta feidhme, aon ghrád d'aicme chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (4) den Táible a ghabhas le halt 5 d'Acht 1947, aige sa bhfórsa láithreach cúltaca, an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus atá ar comhainm leis an ngrád sin d'aieme chabhlaigh,

(c) i gcás é d'athfhruiliú go ceann tréimhse breise seirbhíse cúltaca faoi alt 12 d'Acht 1946, measfar, chun críocha Caibidle II de Chuid IV den Acht seo, é d'athfhruiliú le haghaidh seirbhíse faoi alt 67, amhail ar an dáta agus on dáta a hathfhruilíodh é le haghaidh seirbhíse faoin alt sin 12,

(d) bainfidh sé leis an aicme de na hÓglaigh Cúltaca atá ar comhréir leis an aicme den Chúltaca láithreach Fear lenar bhain sé díreach roimh an dáta feidhme,

(e) más cúltacaire aistrithe láithreach é, beidh feidhm ag Caibidil II de Chuid IV den Acht seo maidir leis amhail is dá mba faoi alt 53 a liostáladh é, agus chuige sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) measfar gur liostáladh é faoi alt 53 mar fhear de na Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse go ceann tréimhse is comhionann leis an tréimhse arb í, díreach roimh an dáta feidhme, téarma a liostála bunaidh í do réir bhrí Achta 1923, agus déanfar tagairtí sa Chaibidil sin II do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairtí don tréimhse a measfar amhlaidh é do liostáil lena haghaidh faoi alt 53,

(ii) measfar gur liostáil sna Buan-Óglaigh go ceann coda (is comhionann leis an gcuid de théarma a liostála bunaidh, do réir bhrí Achta 1923, a bhí faoi fho-alt (2) d'alt 145 d'Acht 1923, le bheith i seirbhís airm) de théarma a liostála bunaidh, do réir bhrí an Achta seo, agus sna hÓglaigh Cúltaca go ceann iarmhair an téarma sin is déanaí a luaitear, a liostáil faoi alt 53,

(iii) i gcás a choinníollacha seirbhíse d'athrú faoi alt 146 d'Acht 1923, measfar a choinníollacha seirbhíse a bheith athraithe ar an gcuma chéanna faoi alt 63,

(iv) measfar chun críocha an Achta seo gurbh é ba dháta fianuithe ina chás—

(I) Murar athliostáil sé faoi alt 3 ná 4 d'Acht 1945, dáta a fhianuithe faoi Acht 1923,

(II) má d'athliostáil sé faoi alt 3 d'Acht 1945, an dáta arb é, de bhuaidh fo-mhíre (iv) de mhír (d) d'alt 3 d'Acht 1945, dáta a fhianuithe é chun críocha Caibidle V de Chuid II d'Acht 1923,

(III) má d'athliostáil sé faoi alt 4 d'Acht 1945, an dáta arb é, de bhuaidh fo-mhíre (iv) de mhír (d) d'alt 4 d'Acht 1945, dáta a fhianuithe é chun críocha Caibidle V de Chuid II d'Acht 1923,

(v) measfar é a bheith arna aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70 amhail ar an dáta agus ón dáta a haistríodh é go dtí án fórsa láithreach cúltaca faoi alt 157 d'Acht 1923,

(vi) déanfar, chun críocha an Achta seo, a sheirbhís sa bhuan-fhórsa láithreach d'áireamh mar sheirbhís sna Buan-Óglaigh,

(vii) déanfar, chun críocha an Achta seo, a sheirbhís sa bhfórsa láithreach cúltaca d'áireamh mar sheirbhís sna hÓglaigh Cúltaca,

(f) más cúltacaire láithreach a liostáladh go díreach é, beidh feidhm ag Caibidil II de Chuid IV den Acht seo maidir leis amhail is dá mba faoi alt 55 a liostáil sé, agus chuige sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) measfar gur liostáladh é faoi alt 55 chun fónamh mar fhear de na hÓglaigh Cúltaca go ceann tréimhse is comhionann leis an tréimhse arb í, díreach roimh an dáta feidhme, téarma a liostála bunaidh í do réir bhrí Caibidle II de Chuid IV d'Acht Uimh. 2 de 1940 , agus déanfar tagairtí i gCaibidil II de Chuid IV den Acht seo do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairtí don tréimhse a measfar amhlaidh é do liostáil lena haghaidh faoi alt 55,

(ii) má rinneadh téarma a liostála bunaidh, do réir bhrí Caibidle II de Chuid IV d'Acht Uimh. 2 de 1940 , d'fhaidiú faoi alt 26 den Acht sin, measfar an faidiú sin a bheith arna dhéanamh faoi alt 66,

(iii) measfar chun críocha an Achta seo gurbh é ba dháta fianuithe ina chás dáta a fhianuithe chun críocha Caibidle II de Chuid IV d'Acht Uimh. 2. de 1940,

(iv) déanfar, chun críocha an Achta seo, a sheirbhís sa bhfórsa láithreach cúltaca d'áireamh mar sheirbhís sna hÓglaigh Cúltaca,

(g) measfar é a bheith arna cheapadh, faoi fho-alt (2) d'alt 60 chun an chóir sheirbhíse atá ar comhréir lena chór láithreach faoi Acht 1923.

(2) Beidh éifeacht ag alt 72, chomh fada is bhaineas sé le cúltacaire láithreach, amhail is dá gcuirtí an mhír seo a leanas in ionad míre (b) d'fho-alt (2)—

“(b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh cúltacaire i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'urscaoileadh, leanfaidh sé d'fhónamh mar chúltacaire go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná dhá mhí dhéag) a threorós an t-údarás míleata forordaithe, agus ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite urscaoilfear as na hÓglaigh Cúltaca é a luaithe is caothúil.”

Orduithe láithreacha, etc., a choimeád i bhfeidhm.

298. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “ionstraim reachtúil láithreach” aon ordú, rialachán, riail nó fo-dhlí a rinneadh faoi Acht 1923, agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme agus is indéanta faoin Acht seo.

(2) Measfar gur faoin Acht seo a rinneadh gach ionstraim reachtúil láithreach, agus féadfar í a chúlghairm nó a leasú dá réir sin agus leanfaidh sí i bhfeidhm go dtí go gcúlghairmfear amhlaidh í agus faoi réir aon leasuithe den tsórt sin.

(3) I ngach ionstraim reachtúil láithreach—

(a) déanfar tagairtí don bhuan-fhórsa láithreach agus don fhórsa láithreach cúltaca d'fhorléiriú mar thagairtí do na Buan-Óglaigh agus do na hÓglaigh Cúltaca faoi seach,

(b) déanfar tagairtí d'aicme áirithe den Chúltaca láithreach Oifigeach nó don Chúltaca láithreach Fear d'fhorléiriú mar thagairtí don aicme chomhréire de na hÓglaigh Cúltaca,

(c) déanfar tagairtí d'oifigeach d'aicme áirithe den Chúltaca láithreach Oifigeach d'fhorléiriú mar thagairtí d'oifigeach den aicme chomhréire de na hÓglaigh Cúltaca,

(d) déanfar tagairtí do chomhalta (seachas oifigeach) d'aicme áirithe den Chúltaca láithreach Fear d'fhorléiriú mar thagairtí do chomhalta (seachas oifigeach) den aicme chomhréire de na hÓglaigh Cúltaca,

(e) déanfar tagairtí don tseirbhís láithreach altranais, d'fhorléiriú mar thagairtí do Sheirbhís Altranais an Airm.

Údaráis agus treoracha láithreacha a choimeád i bhfeidhm.

299. —Gach údarás agus treoir a tugadh faoi Acht 1923 agus nach mbeidh tarraingthe siar roimh an dáta feidhme agus is intugtha faoin Acht seo, leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, ar an dáta feidhme agus dá éis, amhail is dá mba faoin Acht seo a tugadh é.

Cionta agus ciontuithe faoi Acht 1923.

300. —(1) Má bhíonn, roimh an dáta feidhme, armchúirt comórtha faoi Acht 1923 chun cúisí a thriail, féadfar dul ar aghaidh leis an triail sin agus féadfar pianbhreith agus pionós a chur ar an gcúisí ar an modh céanna i ngach slí amhail is nár tháinig an tAcht seo i ngníomh agus gur bhuan-Acht Acht 1923.

(2) Faoi réir fo-ailt (1) den alt seo, féadfar gach cion a rinneadh roimh an dáta feidhme i gcoinne Achta 1923 a thriail agus pionós a ghearradh ina leith amhail is dá mba faoin Acht seo a rinneadh é, ach sin, ámh, ar shlí nach mbeidh aon phionós inghearrtha ar dhuine i leith an chiona sin is mó ná mar bheadh inghearrtha air díreach roimh an dáta feidhme.

(3) Bainfidh an tAcht seo le ciontú duine a triaileadh faoi Acht 1923 amhail is dá mba faoin Acht seo a ciontaíodh é, agus féadfar gach pianbhreith a tugadh agus gach pionós a gearradh faoi Acht 1923 a chur in éifeacht, ar an dáta feidhme agus dá éis, ar an modh céanna i ngach slí amhail is dá mba faoin Acht seo a tugadh an phianbhreith nó a gearradh an pionós.

(4) Gach duine a bheas, faoi Acht 1923, i gcoimeád míleata díreach roimh an dáta feidhme, measfar é a bheith arna thógaint i gcoimeád seirbhíse faoin Acht seo.

Príosúin mhíleata agus beairicí coinnéala láithreacha.

301. —Aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, curtha in áirithe mar phríosún míleata nó beairic coinneála agus a mbeidh dearbhaithe gur príosún míleata nó beairic coinneála é, faoi alt 137 d'Acht 1923, measfar gur príosún míleata nó beairic coinneála é a cuireadh in áirithe, agus ar dearbhaíodh sin ina thaobh, faoi alt 232.