An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID X. Feidhm an Achta seo maidir leis na Fórsaí Cosanta a bunaíodh faoin Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923.) Ar Aghaidh (CUID XII. Forála Ilghnéitheacha.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

CUID XI.

Leasú agus Oiriúnú ar Achtacháin Áirithe.

Leasú ar an Acht Timpeall Toghchán, 1923.

302. —Déanfar an tagairt i bhfo-alt (6) d'alt 1 agus i bhfo-alt (1) d'alt 21 den Acht Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , do bhall d'fhórsa cosanta Shaorstáit Éireann ar lántuarastal, agus an tagairt i bhfo-alt (7) den alt sin 1 do bhall d'Fhórsa Cosanta Shaorstáit Éireann, d'fhorléiriú mar thagairtí do dhuine—

(a) is comhalta de na Buan-Óglaigh, nó

(b) is oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca atá ar fostú go leanúnach ar dualgas nó seirbhís mhíleata i gcaitheamh tréimhse ina bhfuil forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís nó i gcaitheamh tréimhse ina bhfuil cúltacairí gairmthe amach ar buan-tseirbhís faoi alt 88, nó

(c) is cúltacaire atá gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

Feidhm na nAcht Arm-Phinsean, 1923 go 1949, maidir leis na hÓglaigh Cúltaca.

303. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “na hAchta” na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1949.

(2) Ach amháin mar foráltar le fo-alt (3) den alt seo, déanfar an abairt “na fórsaí”, mar a bhfuil sí sna hAchta, d'fhorléiriú mar abairt nach bhfolaíonn na hÓglaigh Cúltaca.

(3) Sna hAchta (ach amháin in ailt 10 agus 14 den Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927)

(a) forléireofar an abairt “na fórsaí” mar abairt a fholaíos an Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne) agus an Cúltaca Fear (An Chéad Líne),

(b) forléireofar an focal “saighdiúir” mar fhocal a fholaíos fear den Chúltaca Fear (An Chéad Líne).

Leasú ar an Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 .

304. —(1) Chun críocha fo-ailt (4) d'alt 15 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 ( Uimh. 16 de 1924 ), arna leasú le fo-alt (2) d'alt 7 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 ( Uimh. 24 de 1925 ), measfar, maidir le haon ordú nó ionstraim eile a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, nó dá bhuaidh, gur oifigeach don Roinn Cosanta oifigeach atá ag fónamh in aon cheann de phríomhbhrainsí míleata na Roinne Cosanta.

(2) Chun críocha míre (c) d'alt 17 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 , measfar gur oifigeach do réir bhrí na míre sin (c) oifigeach atá ag fónamh in aon cheann de phríomh-bhrainsí míleata na Roinne Cosanta.

Leasú ar Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1949.

305. —I bhfo-ailt (1) agus (3) d'alt 4, agus sa Dara Sceideal, d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Uimh. 48 de 1924) , agus in alt 16 d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 ( Uimh. 43 de 1934 )—

(a) forléireofar na tagairtí d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann mar thagairtí a fholaíos tagairtí do na Buan-Óglaigh;

(b) maidir leis an mbriathar “scor”—

(i) folóidh sé i gcás oifigigh de na Buan-Óglaigh scor agus éirí as, agus

(ii) ciallóidh sé, i gcás fir de na Buan-Óglaigh a haistreofar go dtí na hÓglaigh Cúltaca, aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca.

Leasú ar an Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin). 1932.

306. —(1) Folóidh an abairt “na Fórsaí” mar a bhfuil sí san Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932) , i dteannta na brí a bheirtear di le halt 1 den Acht sin, na Buan-Óglaigh, agus forléireofar dá réir sin an tAcht sin agus aon scéim faoin Acht sin a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(2) I dteannta na seirbhíse altranais a bunaíodh faoi Acht 1923 a chiallú, ciallóidh an abairt “Seirbhís Bhanaltrais an Airm,” mar a bhfuil sí san Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 , nó in aon scéim faoin Acht sin, Seirbhís Altranais an Airm a bunaítear leis an Acht seo.

Leasú ar an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934.

307. —Leasaítear leis seo mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 5 den Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934) , trí na focail “de na Buan-Óglaigh, nó de na hÓglaigh Cúltaca mar mínítear sin leis an Acht Cosanta, 1954 ” a chur in ionad na bhfocal “d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, agus ball den Chúltaca a bunaíodh faoi Chuid III den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , d'áireamh”, agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Leasú ar alt 11 den Acht Arm-Phinsean, 1949 .

308. —In alt 11 den Acht Arm-Phinsean, 1949 ( Uimh. 19 de 1949 ), agus in aon scéim faoin alt sin, forléireofar an tagairt don Chúltaca—an Dara Líne mar thagairt don Chúltaca Oifigeach (An Fórsa Cosanta Áitiúil), don Chúltaca Fear (An Fórsa Cosanta Áitiúil), don Chúltaca Oifigeach (An Slua Muirí) agus don Chúltaca Fear (An Slua Muirí).

Oiriúnú ar thagairtí do na Fórsaí Cosanta, etc., in achtacháin áirithe.

309. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1947” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947 (Uimh. 4 de 1947) ;

ciallaíonn an abairt “achtachán lena mbaineann an t-alt seo” aon achtachán arb é atá ann—

(a) aon reacht de chuid Shaorstáit Éireann nó aon ionstraim a rinneadh faoi aon reacht den tsórt sin, nó

(b) aon Acht ón Oireachtas a ritheadh roimh an dáta feidhme nó aon ionstraim a rinneadh faoi aon Acht den tsórt sin, nó

(c) aon scéim arna déanamh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) faoin Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932) .

(2) In aon achtachán lena mbaineann an t-alt seo—

(a) forléireofar tagairtí do na Fórsaí Cosanta mar thagairtí d'Óglaigh na hÉireann, a bunófar agus a cothabhálfar faoin Acht seo,

(b) forléireofar tagairtí do na fórsaí a bunaíodh faoi Chuid I d'Acht 1923 mar thagairtí do na Buan-Óglaigh,

(c) forléireofar tagairtí don fhórsa cúltaca a bunaíodh faoi Chuid III d'Acht 1923 mar thagairtí do na hÓglaigh Cúltaca,

(d) déanfar tagairtí do chéim míleata choimisiúnta atá leagtha amach sa Táible a ghabhas le hAlt 3 d'Acht 1947 d'fhorléiriú mar thagairtí dá samhail de chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó don chéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin agus atá ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta airm sin,

(e) déanfar tagairtí do chéim míleata neamhchoimisiúnta atá leagtha amach sa Táible a ghabhas le halt 5 d'Acht 1947 ag aon uimhir thagartha d'fhorléiriú mar thagairtí dá samhail de chéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó don chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal sin agus atá ar comhréir leis an gcéim neamhchoimisiúnta airm sin,

(f) forléireofar tagairtí do chéim choimisiúnta mhaoir, a bhí ann, mar thagairtí do chéim choimisiúnta lefteanant-chornail.

(3) Ní dochar na hoiriúnuithe ginearálta a déantar leis an alt seo d'aon oiriúnú sonrach dá ndéantar le haon alt eile den Acht seo, agus i gcás aon neamhréireacht a bheith idir na hoiriúnuithe ginearálta sin agus aon oiriúnú sonrach den tsórt sin, is ag an oiriúnú sonrach sin a bheas an forlámhas.

Seirbhís mar mhaor d'áireamh ina seirbhís mar lefteanantchornal.

310. —Chun críocha an Achta seo agus aon rialachán faoin Acht seo agus chun críocha aon scéime faoin Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932) , áireofar mar sheirbhís mar lefteanant-chornal seirbhís i gcéim choimisiúnta mhaoir, a bhí ann.