|
|||||
|
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Bunú, Cothabháil, Ceannas, Comhdhéanamh agus Eagraíocht Óglaigh na hÉireann, Oideachas Míleata agus Nithe Ilghnéitheacha a bhaineas le hÓglaigh na hÉireann. | |
[EN] |
Caibidil I. Bunú, Cothabháil agus Ceannas Óglaigh na hÉireann. | |
[EN] |
Údarás chun Óglaigh na hÉireann a bhunú agus a chothabháil. |
16. —Is dleathach don Rialtas fórsaí cosanta dá ngairmfear agus ar a dtabharfar Óglaigh na hÉireann nó (i mBéarla) the Defence Forces a bhunú, a thréineáil, a threalmhú, d'armáil, d'íoc agus a chothabháil. |
[EN] |
Ceannas míleata. |
17. —(1) Faoi threorú an Uachtaráin, agus faoi réir forál an Achta seo, beidh ceannas míleata Óglaigh na hÉireann agus gach cumhacht fheidhmiúcháin agus riaracháin maidir le hÓglaigh na hÉireann, lena n-áirítear an chumhacht chun ceannas agus údarás a tharmligean, infheidhmithe ag an Rialtas agus, faoi réir pé eisceacht agus tórann a chinnfeas an Rialtas ó am go ham, tríd an Aire agus ag an Aire. |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh an tAire ceannas agus údarás a tharmligean— | |
[EN] | (i) faoi réir pé eisceacht agus tórann a chinnfeas sé ó am go ham, | |
[EN] | (ii) maidir le haon límistéir, áit nó long Stáit nó aon chomhlucht míleata a heagrófar faoi alt 22 agus féadfaidh an tarmligean baint le comhpháirteanna éagsúla d'Óglaigh na hÉireann, | |
[EN] | (iii) le linn tréimhse éigeandála, maidir le hÓglaigh na hÉireann ar fad. | |
[EN] | (b) Chun críocha fo-mhíre (ii) de mhír (a) den fho-alt seo agus chun críocha riaracháin, féadfaidh an tAire an Stát a roinnt i pé límistéirí agus i pé méid límistéirí is oiriúnach leis. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh. a bhainfeas le hoifigigh, maidir leis na daoine dá dtabharfar, mar oifigigh, ceannas míleata ar Óglaigh na hÉireann nó ar aon chuid d'Óglaigh na hÉireann nó ar aon duine a bhaineas le hÓglaigh na hÉireann, agus maidir leis an modh ar a bhfeidhmeofar an ceannas sin. |