An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Comhdhéanamh Óglaigh na hÉireann agus a nEagraíocht Ghinearálta.) Ar Aghaidh (Caibidil IV. Forála Ilghnéitheacha maidir le hÓglaigh na hÉireann.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil III.

Oideachas Míleata.

Forais oideachais a bhunú.

27. —(1) Féadfaidh an tAire Coláiste Míleata a bhunú agus an oiread foras eile agus is riachtanach leis chun tréineáil agus teagasc a thabhairt do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní aon ní acu seo a leanas—

(a) foireann foras a bunófar faoin alt seo,

(b) na daoine a ligfear isteach sna forais sin,

(c) na cúrsaí léinn sna forais sin,

(d) ré agus cineál na gcúrsaí teagaisc agus tréineála sna forais sin,

(e) na scrúduithe a déanfar sna forais sin,

(f) bainistí, rialú agus dea-riaradh na bhforas sin.

Socruithe eile oideachais.

28. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh chun teagasc a thabhairt do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann—

(a) lasmuigh den Stát, nó

(b) i bhforais seachas na forais a bunófar faoi alt 27.

(2) Bhéarfar do gach comhalta d'Óglaigh na hÉireann teagasc ar na horduithe agus na treora is gá le haghaidh gnáth-dhualgas a chéime agus a cheapacháin a thabhairt agus a ghlacadh i nGaeilge.

Daltais.

29. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le daltais.