|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. Forála Ilghnéitheacha maidir le hÓglaigh na hÉireann.) | Ar Aghaidh (Caibidil II. Fir.) |
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Pearsanra Óglaigh na hÉireann. | |
[EN] |
Caibidil I. Oifigigh. | |
[EN] |
Daoine a bheas incheaptha ina n-oifigigh. |
41. —Beidh gach duine acu seo a leanas incheaptha ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca, is é sin le rá:— |
[EN] | (a) saoránaigh Éireannacha; | |
[EN] | (b) aon daoine eile a cheadós an tAire go speisialta. | |
[EN] |
Oifigigh a cheapadh, agus coimisiúin. |
42. —(1) Féadfaidh an tUachtarán aon duine incheaptha a cheapadh ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca in aon chéim choimisiúnta, agus féadfaidh aon cheapachán den tsórt sin bheith ina cheapachán gan tórainn ama nó ina cheapachán go ceann tréimhse sonraithe nó ina cheapachán sealadach. |
[EN] | (2) Nuair a ceapfar duine ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca, bhéarfar coimisiún dó agus beidh an coimisiún sin— | |
[EN] | (a) i gcás Uachtarán tofa a bheith in oifig agus ag oibriú agus ag comhlíonadh cumhacht agus feidhmeanna a oifige, sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin agus faoi shéala oifigiúil an Uachtaráin, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid IV den Sceideal sin agus faoi shéala oifigiúil an Uachtaráin. | |
[EN] | (3) Más go ceann tréimhse sonraithe nó go sealadach a ceapfar duine ina oifigeach, formhuineofar ar an gcoimisiún focail a chuirfeas tréimhse an cheapacháin in iúl nó an focal “sealadach” nó (sa Bhéarla) “temporary” (do réir mar oireas don chás). | |
[EN] | (4) Má tharlann earráid i gcoimisiún a bhéarfar faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfar, le treoir ón Uachtarán, an coimisiún a leasú tríd an earráid sin a cheartú. | |
[EN] |
An mionn a ghlacfas oifigigh. |
43. —(1) Gach duine a ceapfar ina oifigeach de na Buan-Óglaigh glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin. |
[EN] | (2) Gach duine a ceapfar ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin. | |
[EN] | (3) Glacfar nó déanfar an mionn nó an dearbhú a luaitear i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo laistigh den tréimhse fhorordaithe agus ar an modh forordaithe i láthair oifigigh fhorordaithe. | |
[EN] | (4) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn aon duine a ceapfar ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca an mionn a ghlacadh nó an dearbhú a dhéanamh a ceanglaítear air a ghlacadh nó a dhéanamh leis an alt seo laistigh den tréimhse agus ar an modh a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, measfar é do thairiscint éirí as a choimisiún agus measfar i ndeireadh na tréimhse sin gur glacadh le hé d'éirí as a choimisiún. | |
[EN] |
Oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca a shannadh chun aicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca. |
44. —(1) Nuair a ceapfar duine ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca, déanfaidh an tAire, ar an duine sin a cheapadh, é a shannadh chun aicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca. |
[EN] | (2) Aon oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca a bhainfeas de thuras na huaire le haicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca, féadfaidh an tAire, le haontú an oifigigh sin, é a shannadh chun aicme eile de na hÓglaigh Cúltaca. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn an abairt “aicme de na hÓglaigh Cúltaca” aon aicme acu seo a leanas de na hÓglaigh Cúltaca— | |
[EN] | (a) an Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne), nó | |
[EN] | (b) an Cúltaca Oifigeach (An Fórsa Cosanta Áitiúil), nó | |
[EN] | (c) an Cúltaca Oifigeach (An Slua Muirí), nó | |
[EN] | (d) aon aicme a cuirfear ar bun faoi fho-alt (2) d'alt 21. | |
[EN] |
Oifigigh d'ardú. |
45. —(1) Féadfaidh an tAire, do réir rialachán a dhéanfas sé, aon oifigeach d'ardú go dtí céim shubstainteach níos airde. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, do réir rialachán a dhéanfas sé, aon oifigeach ag a bhfuil céim shubstainteach nó céim ghníomhach, d'ardú go dtí céim ghníomhach níos airde. | |
[EN] | (3) Aon oifigeach a hardófar go dtí céim ghníomhach níos airde, cuirfear siar é, aon uair ina dhiaidh sin a thabharfas an tAire treoir chuige sin, go dtí a chéim shubstainteach nó, más amhlaidh a treorófar, chun céime gníomhaí is airde ná a chéim shubstainteach. | |
[EN] |
Oifigeach a chur ar leath-pháigh. |
46. —Féadfaidh an tAire, do réir rialachán a dhéanfas sé, oifigeach a chur ar leath-pháigh go ceann tréimhse nach sia ná bliain. |
[EN] |
Oifigigh do na Buan-Óglaigh a scor. |
47. —(1) San alt seo ciallaíonn an focal “oifigeach” oifigeach de na Buan-Óglaigh. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tUachtarán, ar aon chúis fhorordaithe, oifigeach a scor. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tUachtarán oifigeach ar ceapachán sealadach a cheapachán mar oifigeach a scor uair ar bith. | |
[EN] | (4) (a) Scoirfidh oifigeach de chineál forordaithe (cineál a féadfar d'fhorordú trí thagairt do chéim nó do cheapachán nó dóibh araon nó do pé nithe eile is cuí leis an Aire) ar é do shlánú na haoise a bheas forordaithe chun oifigigh den chineál sin a scor. | |
[EN] | (b) Faoi réir pé coinníollacha a forordófar, féadfaidh an tAire, i gcás oifigigh a mbeidh ceangailte air le mír (a) den fho-alt seo scor ar dháta áirithe, cead a thabhairt dó leanúint, tar éis an dáta sin, de bheith ag fónamh mar oifigeach go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná céad agus dhá lá agus fiche) a shocrós an tAire ina leith, agus, sa chás sin, scoirfidh an t-oifigeach sin ar dheireadh a theacht leis an tréimhse bhreise a socraíodh amhlaidh ina leith. | |
[EN] | (5) Aon oifigeach ar ceapachán go ceann tréimhse sonraithe a cheapachán mar oifigeach scoirfidh sé ar dheireadh a theacht leis an tréimhse sin. | |
[EN] | (6) Aon oifigeach a bheadh, ar scor dó, i dteideal, de bhuaidh fad a sheirbhíse, páigh scoir nó aisce d'fháil faoi aon scéim faoin Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932) , féadfaidh sé scor, le cead an Aire. | |
[EN] | (7) Aon oifigeach a scoirfear nó a scoirfeas ní bheidh sé ina oifigeach níos sia. | |
[EN] |
Oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca do scarúint lena gcoimisiúin. |
48. —(1) San alt seo ciallaíonn an focal “oifigeach” oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tUachtarán, ar aon chúis fhorordaithe, a threorú d'oifigeach scarúint lena choimisiún agus in aon chás den tsórt sin scarfaidh an t-oifigeach sin lena choimisiún. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tUachtarán a threorú d'oifigeach ar ceapachán sealadach a cheapachán mar oifigeach scarúint lena choimisiún, agus in aon chás den tsórt sin scarfaidh an t-oifigeach sin lena choimisiún. | |
[EN] | (4) Scarfaidh oifigeach de chineál forordaithe (cineál a féadfar d'fhorordú trí thagairt do chéim nó do cheapachán nó dóibh araon nó do pé nithe eile is cuí leis an Aire) lena choimisiún ar é do shlánú na haoise a bheas forordaithe chun oifigigh den chineál sin do scarúint lena gcoimisiúin. | |
[EN] | (5) Aon oifigeach ar ceapachán go ceann tréimhse sonraithe a cheapachán mar oifigeach scarfaidh sé lena choimisiún ar dheireadh a theacht leis an tréimhse sin. | |
[EN] | (6) Aon oifigeach a thiocfas chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, scarfaidh sé air sin lena choimisiún. | |
[EN] | (7) Aon oifigeach a scarfas lena choimisiún ní bheidh sé ina oifigeach níos sia. | |
[EN] |
Oifigigh d'éirí as a gcoimisiúin. |
49. —(1) Féadfaidh oifigeach a thairiscint don Uachtarán, ar an modh forordaithe, éirí as a choimisiún. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tUachtarán glacadh le tairiscint oifigigh éirí as a choimisiún nó féadfaidh sé diúltú d'í a ghlacadh. | |
[EN] | (3) Aon oifigeach a bheas tar éis tairiscint éirí as a choimisiún ní cuirfear óna dhualgas míleata é toise é dá thairiscint sin agus dá thoisc sin amháin. | |
[EN] | (4) Má glactar le hoifigeach d'éirí as a choimisiún, ní bheidh an t-oifigeach sin ina oifigeach níos sia. | |
[EN] |
Dífhostú oifigeach. |
50. —(1) Féadfaidh an tUachtarán aon oifigeach a dhífhostú. |
[EN] | (2) Ach amháin i gcás oifigigh ar a dtabharfaidh cúirt shibhialta pianbhreith bháis nó phian-tseirbhíse nó phríosúntachta go ceann téarma is sia ná sé mhí nó a bheas as láthair gan cead ar feadh tréimhse is sia ná trí mhí, ní dífhostófar oifigeach faoin alt seo mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar na cúiseanna ar a bhfuil beartaithe é a dhífhostú a chur in iúl dó agus caoi réasúnach a thabhairt dó pé uiríoll is cuí leis a dhéanamh maidir leis an dífhostú sin atá beartaithe. | |
[EN] | (3) Aon oifigeach a dífhostófar ní bheidh sé ina oifigeach níos sia. | |
[EN] |
Dátaí éifeachta ceapachán, etc:, oifigeach. |
51. —(1) Beidh éifeacht, i ngach cás, ag na nithe seo a leanas ó pé dáta a shocrós an tUachtarán— |
[EN] | (a) ceapadh duine ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca, | |
[EN] | (b) scor oifigigh de na Buan-Óglaigh faoi fho-alt (2) nó (3) d'alt 47, | |
[EN] | (c) scarúint oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca lena choimisiún faoi fho-alt (2) nó (3) d'alt 48, | |
[EN] | (d) éirí oifigigh as a choimisiún, | |
[EN] | (e) dífhostú oifigigh faoi alt 50. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ó pé dáta a shocrós an tAire ag scor oifigigh de na Buan-Óglaigh faoi fho-alt (6) d'alt 47. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag na nithe seo a leanas amhail ó pé dáta a shocrós an tAire— | |
[EN] | (a) ardú oifigigh go dtí céim choimisiúnta níos airde, substainteach nó gníomhach, | |
[EN] | (b) cur siar oifigigh ag a bhfuil céim choimisiúnta ghníomhach go dtí a chéim choimisiúnta shubstainteach nó go dtí céim choimisiúnta ghníomhach is airde ná a chéim choimisiúnta shubstainteach. | |
[EN] |
Ceapacháin, etc., d'fhógairt san Iris Oifigiúil. |
52. —Foilseofar san Iris Oifigiúil fógra i dtaobh ceapadh duine ina oifigeach, dífhostú (lena n-áirítear dífhostú trí phianbhreith arm-chúirte) nó scor oifigigh nó scarúint oifigigh lena choimisiún nó éirí oifigigh as a choimisiún, agus i dtaobh an dáta a mbeidh éifeacht ag an gceapadh, an dífhostú, an scor, an scarúint, nó an t-éirí-as sin (pé acu é). |