|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Pearsanra Óglaigh na hÉireann.) | Ar Aghaidh (Caibidil III. Seirbhís Chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.) |
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II. Fir. | |
Roinn I. Liostáil agus Urscaoileadah, Etc., Fear. | ||
Liostáil bhunaidh. | ||
[EN] |
Liostáil sna Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse go ceann tréimhse áirithe sna Buan-Óglaigh nó go páirteach sna Buan-Óglaigh agus go páirteach sna hÓglaigh Cúltaca. |
53. —(1) (a) Féadfar duine (lena n-áirítear mionaoiseach) a liostáil mar fhear de na Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse go ceann tréimhse dhá bhlian déag nó go ceann aon tréimhse is giorra ná sin a forordófar ó am go ham, ach ní féadfar é a liostáil amhlaidh go ceann tréimhse is sia ná sin, agus san Acht seo gairmtear téarma a liostála bunaidh den tréimhse dá liostálfar duine a liostálfas faoin alt seo. |
[EN] | (b) Féadfaidh an tAire, i gcásanna speisialta nó i gcineálacha speisialta cásanna, a threorú, má liostáltar buachaill faoin alt seo gan ocht mbliana déag d'aois a bheith slán aige, gur ón lá a shlánós sé aois a ocht mbliana déag a ríomhfar an tréimhse dhá bhliain déag a luaitear i mír (a) den fho-alt seo. | |
[EN] | (2) Is mar leanas a bheas liostáil duine faoin alt seo— | |
[EN] | (a) go ceann téarma iomláin a liostála bunaidh, sna Buan-Óglaigh, nó | |
[EN] | (b) go ceann pé cuid de théarma a liostála bunaidh a forordófar ó am go ham agus a bheas sonraithe ina pháipéar fianuithe, sna Buan-Óglaigh, agus go ceann iarmhair an téarma sin sna hÓglaigh Cúltaca. | |
[EN] |
Liostáil sna Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse le linn tréimhso éigeandála. |
54. —Féadfar duine (lena n-áirítear mionaoiseach) a liostáil le linn tréimhse éigeandála mar fhear de na Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse le linn na tréimhse éigeandála sin sna Buan-Óglaigh. |
[EN] |
Liostáil go díreach sna hÓglaigh Cúltaca le haghaidh seirbhise go ceann tréimhse áirithe. |
55. —(1) (a) Féadfar duine (lena n-áirítear mionaoiseach) a liostáil go díreach le haghaidh seirbhíse mar fhear de na hÓglaigh Cúltaca go ceann tréimhse dhá bhlian déag nó go ceann aon tréimhse is giorra ná sin a forordófar ó am go ham, ach ní féadfar é a liostáil amhlaidh go ceann tréimhse is sia ná sin, agus san Acht seo gairmtear téarma a liostála bunaidh den tréimhse dá liostálfar duine a liostálfas faoin alt seo. |
[EN] | (b) Féadfaidh an tAire, i gcásanna speisialta nó i gcineálacha speisialta cásanna, a threorú, má liostáltar buachaill faoin alt seo gan ocht mbliana déag d'aois a bheith slán aige, gur ón lá a shlánós sé aois a ocht mbliana déag a ríomhfar an tréimhse dhá bhlian déag a luaitear i mír (a) den fho-alt seo. | |
[EN] | (2) Is liostáil go ceann téarma iomláin a liostála bunaidh sna hÓglaigh Cúltaca liostáil duine faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Aon duine a liostálfar faoin alt seo liostálfar é le haghaidh seirbhíse in aicme áirithe chúltacairí. | |
An Nós Imeachta le haghaidh liostála. | ||
[EN] |
Rialacháin earcaíochta. |
56. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin (dá ngairmtear rialacháin earcaíochta san Acht seo) a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas, is é sin le rá:— |
[EN] | (a) ceapadh agus dualgais earcaitheoirí; | |
[EN] | (b) na daoine dá n-údarófar earcaigh a liostáil do na Buan-Óglaigh agus do na hÓglaigh Cúltaca; | |
[EN] | (c) an modh ar a liostálfar earcaigh; | |
[EN] | (d) na foirmeacha a húsáidfear chun críocha liostála; | |
[EN] | (e) na daoine a liostálfar; | |
[EN] | (f) liostáil earcach le haghaidh seirbhíse i gcór seirbhíse áirithe; | |
[EN] | (g) liostáil earcach sna hÓglaigh Cúltaca le haghaidh seirbhíse in aicme áirithe chúltacairí; | |
[EN] | (h) aon ní eile a bhaineas leis an nós imeachta le haghaidh liostála. | |
[EN] | (2) Forálfaidh rialacháin earcaíochta go gcomhlánóidh duine a bheas ag liostáil sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca páipéar fianuithe sa bhfoirm fhorordaithe agus go síneoidh an duine sin an páipéar fianuithe sin agus go bhfíorfar a shíniú. | |
[EN] |
Modh liostála earcach. |
57. —Gach duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca liostálfar é do réir rialachán earcaíochta. |
[EN] |
Mionn a ghlacadh ar liostáil. |
58. —(1) Gach duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh faoi alt 53 glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin. |
[EN] | (2) Gach duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh faoi alt 54 glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Naoú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin. | |
[EN] | (3) Gach duine a liostálfas sna hÓglaigh Cúltaca faoi alt 55 glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Deichiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin. | |
[EN] | (4) Is i láthair oifigigh fhorordaithe a glacfar an mionn nó a déanfar an dearbhú a luaitear i bhfo-alt (1), (2) nó (3) den alt seo. | |
[EN] | (5) An mionn a ghlacfas duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca, nó an dearbhú a dhéanfas sé, de bhun an ailt seo, ceanglóidh sé ar an duine sin fónamh do réir a fhruilithe agus do réir bhrí an mhionna nó an dearbhuithe sin go dtí go n-urscaoilfear go dleathach é. | |
[EN] |
An éifeacht a bheas le síniú an dearbhuithe is gá do réir an pháipéir fhianuithe agus le comhlíonadh ailt 58. |
59. —Gach duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca measfar— |
[EN] | (a) ar é do shíniú dearbhuithe ar na sonraí maidir leis féin is gá do réir a pháipéir fhianuithe agus go bhfuil sé toilteanach na fruilíochtaí a sonraítear sa pháipéar fianuithe sin a comhlíonadh, agus | |
[EN] | (b) ar é do chomhlíonadh ailt 58, | |
[EN] | é a bheith liostáilte mar fhear de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é), agus, chun críocha an Achta seo, is é an dáta a síneoidh sé an dearbhú sin agus a gcomhlíonfaidh sé alt 58 dáta fianuithe an duine sin. | |
Ceapadh chun cóir sheirbhíse. | ||
[EN] |
Liostáil le haghaidh seirbhíse ginearálta agus ceapadh chun cóir sheirbhíse. |
60. —(1) Féadfar, de bhun rialachán a dhéanfas an tAire ó am go ham, earcaigh a liostáil le haghaidh seirbhíse i gcór seirbhíse áirithe, ach is le haghaidh seirbhíse ginearálta a liostálfar earcaigh, ach amháin mar foráltar sna rialacháin sin (más ann dóibh). |
[EN] | (2) Déanfaidh an t-údarás míleata forordaithe, a luaithe is féidir, earcach a cheapadh, más le haghaidh seirbhíse i gcór seirbhíse áirithe a liostáladh é, chun an chóir sheirbhíse sin agus, más le haghaidh seirbhíse gínearálta a liostáladh é, chun cóir sheirbhíse éigin. | |
[EN] |
Fir do na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53 d'aistriú ó chór seirbhíse go cór seirbhíse eile. |
61. —(1) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53. |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le fear de na Buan-Óglaigh a liostálfar le haghaidh seirbhíse ginearálta— | |
[EN] | (a) más giorra ná deich mbliana a sheirbhís mar fhear de na Buan-Óglaigh sa chór seirbhíse ina bhfuil sé ag fónamh de thuras na huaire, féadfar é d'aistriú go dtí cór seirbhíse eile le hordú ón údarás míleata forordaithe, | |
[EN] | (b) má bhíonn deich mbliana seirbhíse nó níos mó aige mar fhear de na Buan-Óglaigh sa chór seirbhíse ina bhfuil sé ag fónamh de thuras na huaire, féadfar é d'aistriú go dtí cór seirbhíse eile le hordú ón údarás míleata forordaithe, i gcás (agus sa chás sin amháin)— | |
[EN] | (i) é do thoiliú leis an aistriú sin, nó | |
[EN] | (ii) forógra a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buantseirbhís. | |
[EN] | (3) Más le haghaidh seirbhíse i gcór seirbhíse áirithe a liostáladh fear de na Buan-Óglaigh, féadfar é d'aistriú le hordú ón údarás míleata forordaithe go dtí cór seirbhíse eile, i gcás (agus sa chás sin amháin) é do thoiliú leis an aistriú sin. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag forála an ailt seo faoi réir fo-ailt (2) d'alt 296. | |
Cúltacairí a shannadh chun aicmí cúltacairí. | ||
[EN] |
Cúltacairí a shannadh chun aicme áirithe cúltacairí. |
62. —(1) Aon chúltacaire a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse in aicme áirithe chúltacairí sannfaidh an t-údarás míleata forordaithe chun na haicme cúltacairí sin é. |
[EN] | (2) Aon chúltacaire a bhainfeas de thuras na huaire le haicme áirithe chúltacairí, féadfaidh an tAire, le toiliú an chúltacaire féin, é a shannadh chun aicme eile cúltacairí. | |
Fruiliú fear d'athrú, fir d'athfhruiliú agus a choimeád i seirbhís. | ||
[EN] |
Coinníollacha seirbhíse fear a liostálfar faoi alt 53 d'athrú. |
63. —(1) (a) Baineann an fo-alt seo le fear de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53. |
[EN] | (b) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, coinníollacha seirbhíse fir lena mbaineann an fo-alt seo d'athrú ionas gur cead don fhear sin, le toiliú an Aire:— | |
[EN] | (i) dul isteach sna hÓglaigh Cúltaca tráth ar bith go ceann na tréimhse a bheas gan caitheamh de théarma a liostála bunaidh, nó | |
[EN] | (ii) a sheirbhís sna Buan-Óglaigh d'fhaidiú go ceann iomlán na tréimhse, nó aon choda den tréimhse, a bheas gan caitheamh de théarma a liostála bunaidh. | |
[EN] | (c) Féadfaidh fear lena mbaineann an fo-alt seo, le toiliú an Aire, téarma a liostála bunaidh, más giorra ná dhá bhliain déag é, d'fhaidiú, do réir rialachán a dhéanfas an tAire, go dtí tréimhse dhá bhlian déag nó aon tréimhse is giorra ná sin. | |
[EN] | (d) I gcás fir lena mbaineann an fo-alt seo d'fhaidiú téarma a liostála bunaidh faoin bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt ina dhiaidh seo san Acht seo do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairt do théarma a liostála bunaidh arna fhaidiú amhlaidh. | |
[EN] | (2) (a) Baineann an fo-alt seo le cúltacaire a liostáladh sna Buan-Óglaigh faoi alt 53 agus a haistríodh go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70. | |
[EN] | (b) Féadfaidh cúltacaire lena mbaineann an fo-alt seo, le toiliú an Aire, téarma a liostála bunaidh, más giorra ná dhá bhliain déag é, d'fhaidiú, do réir rialachán a dhéanfas an tAire, go dtí tréimhse dhá bhlian déag nó aon tréimhse is giorra ná sin. | |
[EN] | (c) I gcás cúltacaire lena mbaineann an fo-alt seo d'fhaidiú téarma a liostála bunaidh faoin bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt ina dhiaidh seo (lena n-áirítear an tagairt i bhfo-alt (3) den alt seo) san Acht seo do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairt do théarma a liostála bunaidh arna fhaidiú amhlaidh. | |
[EN] | (3) (a) Baineann an fo-alt seo le cúltacaire a liostáladh sna Buan-Óglaigh faoi alt 53 agus a haistríodh go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, coinníollacha seirbhíse cúltacaire lena mbaineann an fo-alt seo d'athrú ionas gur cead dó, le toiliú an údaráis mhíleata fhorordaithe, dul isteach athuair sna Buan-Óglaigh go ceann iomláin na tréimhse, nó aon choda den tréimhse, a bheas gan caitheamh de théarma a liostála bunaidh. | |
[EN] | (4) Féadfar a shainrá i rialacháin faoi mhír (b) d'fho-alt (1) nó faoi fho-alt (3) den alt seo na rialacháin sin a bheith infheidhme go ginearálta nó gan iad a bheith infheidhme ach i gcásanna sonraithe. | |
[EN] |
Fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53 d'athfhruiliú. |
64. —Faoi réir aon rialachán a dhéanfas an tAire ó am go ham, féadfar, tar éis deireadh naoi mbliana a ríomhfar, i gcás fir dar tugadh treoir faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 53, ón lá a shlánaigh sé aois a ocht mbliana déag nó, in aon chás eile, ó dháta a fhianuithe, fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 53 d'athfhruiliú, ar mholadh a oifigigh cheannais agus le ceadú an údaráis mhíleata fhorordaithe, go ceann pé tréimhse breise seirbhíse sna Buan-Óglaigh a dhéanfas san iomlán tréimhse leanúnach bhliana agus fiche de sheirbhís arna ríomh mar adúradh agus aon tréimhse sheirbhíse a thug sé roimhe sin sna hÓglaigh Cúltaca dá cur san áireamh. |
[EN] |
Fir de na Buan-Óglaigh a choimeád i seirbhís tar éis 21 bliain seirbhíse. |
65. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le fir de na Buan-Óglaigh a chríochnaigh san iomlán tréimhse leanúnach bhliana agus fiche nó (de bhuaidh iad a choimeád i seirbhís faoin bhfo-alt seo) níos mó ná sin de sheirbhís in Óglaigh na hÉireann agus ar mian leo leanúint ag fónamh sna Buan-Óglaigh, a fhoráil le rialacháin go gcoimeádfar iad i seirbhís sna Buan-Óglaigh. |
[EN] | (2) Má coimeádtar fear de na Buan-Óglaigh i seirbhís go ceann tréimhse áirithe faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfar é a choimeád mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann na tréimhse sin amhail is dá mbeadh a théarma seirbhíse gan bheith caite go fóill. | |
[EN] |
Téarma liostála bunaidh cúltacairí a liostálfar faoi alt 55 d'fhaidiú. |
66. —(1) Baineann an t-alt seo le cúltacaire a liostálfar faoi alt 55. |
[EN] | (2) Féadfaidh cúltacaire lena mbaineann an t-alt seo, le toiliú an Aire, téarma a liostála bunaidh, más giorra ná dhá bhliain déag é, d'fhaidiú, do réir rialachán a dhéanfas an tAire, go dtí tréimhse dhá bhlian déag nó aon tréimhse is giorra ná sin. | |
[EN] | (3) I gcás cúltacaire lena mbaineann an t-alt seo d'fhaidiú téarma a liostála bunaidh faoin alt seo, déanfar aon tagairt ina dhiaidh seo san Acht seo do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairt do théarma a liostála bunaidh arna fhaidiú amhlaidh. | |
[EN] |
Cúltacairí d'athfhruiliú. |
67. —Faoi réir aon rialachán a dhéanfas an tAire ó am go ham, féadfar, tar éis deireadh naoi mbliana, a ríomhfar, i gcás fir dar tugadh treoir faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 53 nó faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 55, ón lá a shlánaigh sé aois a ocht mbliana déag nó, in aon chás eile, ó dháta a fhianuithe, cúltacaire d'athfhruiliú, ar mholadh a oifigigh ceannais agus le ceadú an údaráis mhíleata fhorordaithe, go ceann pé tréimhse breise seirbhíse sna hÓglaigh Cúltaca a dhéanfas san iomlán tréimhse leanúnach bhliana agus fiche de sheirbhís arna ríomh mar adúradh, agus, más faoi alt 53 a liostáil sé, aon tréimhse sheirbhíse a thug sé roimhe sin sna Buan-Óglaigh dá cur san áireamh. |
[EN] |
Cúltacairí a choimeád i seirbhís tar éis 21 bliain seirbhíse. |
68. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le cúltacairí a chríochnaigh san iomlán tréimhse leanúnach bhliana agus fiche nó (de bhuaidh iad a choimeád i seirbhís faoin bhfo-alt seo) níos mó ná sin de sheirbhís in Óglaigh na hÉireann agus ar mian leo leanúint ag fónamh sna hÓglaigh Cúltaca, a fhoráil le rialacháin go gcoimeádfar iad i seirbhís sna hÓglaigh Cúltaca. |
[EN] | (2) Má coimeádtar cúltacaire i seirbhís go ceann tréimhse áirithe faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfar é a choimeád mar chúltacaire go ceann na tréimhse sin amhail is dá mbeadh a théarma seirbhíse gan bheith caite go fóill. | |
Aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca agus urscaoileadh. | ||
[EN] |
Gan tréimhse thréigin ná neamhláithreachta gan cead d'áireamh nuair a bheas seirbhís fir de na Buan-Óglaigh á ríomh. |
69. —Má dhéanann fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 53 tréigean nó má fhanann sé as láthair gan cead, pé acu uair amháin é nó níos minice, ansin, ach amháin mar forordófar a mhalairt, nuair a bheas a sheirbhís sna Buan-Óglaigh á ríomh chun críocha an Achta seo ní háireofar aon tréimhse dar tosach an dáta a rinne sé tréigean nó d'fhan sé as láthair gan cead agus dár críoch an chéad dáta ina dhiaidh sin a thug sé é féin suas nó d'fhill sé le haghaidh dualgais nó a gabhadh é (pé acu é). |
[EN] |
Fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53 d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó iad d'urscaoileadh. |
70. —(1) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53. |
[EN] | (2) Nuair a bheas seirbhís fir de na Buan-Óglaigh á ríomh chun críocha a aistrithe go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó chun críocha a urscaoilte as na Buan-Óglaigh, déanfar, faoi réir ailt 69, a sheirbhís a ríomh, más fear é ar tugadh treoir ina thaobh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 53, ón dáta a shlánaigh sé ocht mbliana déag d'aois nó, in aon chás eile, ó dháta a fhianuithe. | |
[EN] | (3) (a) Faoi réir forál an fho-ailt seo, déanfar gach fear de na Buan-Óglaigh d'aistriú ar an modh forordaithe go dtí na hÓglaigh Cúltaca ar é do chríochnú a thréimhse seirbhíse sna Buan-Óglaigh, más giorra ná téarma a liostála bunaidh an tréimhse sin. | |
[EN] | (b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh fear de na Buan-Óglaigh i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (i) leanfaidh sé d'fhónamh mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná an tréimhse a bheas an forógra i bhfeidhm) a chinnfeas an t-údarás míleata forordaithe, | |
[EN] | (ii) ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite— | |
[EN] | (I) i gcás téarma a liostála bunaidh a bheidh caite agus gan é d'athfhruiliú faoi alt 64 ná é a choimeád i seirbhís faoi alt 65, urscaoilfear as na Buan-Óglaigh é a luaithe is caothúil, | |
[EN] | (II) in aon chás eile, aistreofar é ar an modh forordaithe go dtí na hÓglaigh Cúltaca. | |
[EN] | (c) I gcás ina gceanglaítear leis an bhfo-alt seo fear de na Buan-Óglaigh d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca— | |
[EN] | (i) beidh sé, go dtí go n-aistreofar amhlaidh é, faoi réir an Achta seo mar fhear de na Buan-Óglaigh, | |
[EN] | (ii) ar é d'aistriú amhlaidh, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, faoi réir fo-mhíre (iii) den mhír seo, ina fhear de na hÓglaigh Cúltaca go ceann na tréimhse a bheas gan caitheamh de théarma a liostála bunaidh, | |
[EN] | (iii) más rud é, i rith na tréimhse sin, go raghaidh sé isteach athuair sna Buan-Óglaigh, faoi fho-alt (3) d'alt 63, ansin, ó dháta a dhulta isteach athuair amhlaidh, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé arís ina fhear de na Buan-Óglaigh amhail is nár haistríodh amhlaidh é go dtí na hÓglaigh Cúltaca. | |
[EN] | (4) (a) Faoi réir an fho-ailt seo, déanfar gach fear de na Buan-Óglaigh d'urscaoileadh as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil ar é do chríochnú téarma a liostála bunaidh nó tréimhse a athfhruilithe faoi alt 64 nó tréimhse a choimeádta i seirbhís faoi alt 65. | |
[EN] | (b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh fear de na Buan-Óglaigh i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'urscaoileadh, leanfaidh sé d'fhónamh mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná an tréimhse a bheas an forógra i bhfeidhm) a threorós an t-údarás míleata forordaithe, agus ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite urscaoilfear as na Buan-Óglaigh é a luaithe is caothúil. | |
[EN] | (5) Beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (4) den alt seo faoi réir fo-ailt (3) d'alt 296. | |
[EN] | (6) Nuair a haistreofar fear de na Buan-Óglaigh go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó nuair a hurscaoilfear é faoin alt seo, beidh sé i dteideal é a thabhairt, saor in aisce, ó áit a aistrithe nó a urscaoilte amhlaidh go dtí an áit a bheas curtha síos ina pháipéar fianuithe mar áit chónaithe dhó tráth a fhianuithe nó go háit ar bith a gcinnfidh sé tráth a aistrithe nó a urscaoilte dul ina chónaí ann más áit é a bhféadfar é a thabhairt chuige gan costas níos airde. | |
[EN] |
Fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 54 d'urscaoileadh. |
71. —(1) Déanfar gach fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 54 chun fónamh ar feadh tréimhse éigeandála d'urscaoileadh as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil ar an tréimhse éigeandála sin a bheith caite. |
[EN] | (2) Nuair a hurscaoilfear faoin alt seo fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 54, beidh sé i dteideal é a thabhairt, saor in aisce, ó áit a urscaoilte go dtí an áit a bheas curtha síos ina pháipéar fianuithe mar áit chónaithe dhó tráth a fhianuithe nó go háit ar bith a gcinnfidh sé tráth a urscaoilte dul ina chónaí ann más áit é a bhféadfar é a thabhairt chuige gan costas níos airde. | |
[EN] |
Cúltacairi d'urscaoileadh. |
72. —(1) Nuair a bheas seirbhís chúltacaire á ríomh chun críocha a urscaoilte as na hÓglaigh Cúltaca, déanfar, faoi réir ailt 69 má haistríodh é go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70, a sheirbhís a ríomh, más fear é ar tugadh treoir ina thaobh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 53 nó faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 55, ón dáta a shlánaigh sé ocht mbliana déag d'aois nó, in aon chás eile, ó dháta a fhianuithe. |
[EN] | (2) (a) Faoi réir an fho-ailt seo, déanfar gach cúltacaire d'urscaoileadh as na hÓglaigh Cúltaca a luaithe is caothúil ar é do chríochnú téarma a liostála bunaidh nó tréimhse a athfhruilithe faoi alt 67 nó tréimhse a choimeádta i seirbhís faoi alt 68. | |
[EN] | (b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh cúltacaire i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'urscaoileadh, leanfaidh sé d'fhónamh mar chúltacaire go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná an tréimhse a bheas an forógra i bhfeidhm) a threorós an t-údarás míleata forordaithe agus ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite urscaoilfear as na hÓglaigh Cúltaca é a luaithe is caothúil. | |
[EN] | (c) Beidh éifeacht ag míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo faoi réir fo-ailt (2) d'alt 297. | |
[EN] | (3) Má hurscaoiltear cúltacaire faoin alt seo agus go raibh sé, díreach roimh é d'urscaoileadh, arna ghairm amach ar buantseirbhís, beidh sé i dteideal é a thabhairt, saor in aisce, ó áit a urscaoilte go dtí an áit chónaithe chláraithe a bhí aige nuair a gairmeadh amach ar buan-tseirbhís é nó go háit ar bith eile a gcinnfidh sé tráth a urscaoilte dul ina chónaí ann más áit é a bhféadfar é a thabhairt chuige gan costas níos airde. | |
Urscaoileadh seachas urscaoileadh ar chríochnú seirbhíse. | ||
[EN] |
Fir d'urscaoileadh do réir treorach ón Aire nó ó oifigeach údaraithe. |
73. —Féadfaidh an tAire, nó aon oifigeach a bheas údaraithe ag an Aire chuige sin, a threorú, ar chúiseanna forordaithe, fear d'urscaoileadh as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é). |
[EN] |
Cúltacairí a bheas ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas d'urscaoileadh. |
74. —I gcás cúltacaire a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, beidh sé, air sin, arna urscaoileadh de bhuaidh an ailt seo as na hÓglaigh Cúltaca. |
[EN] |
Urscaoileadh trí cheannach. |
75. —(1) Ach amháin le linn tréimhse éigeandála, beidh fear i dteideal a urscaoilte as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca trí cheannach do réir mar forordófar. |
[EN] | (2) Más rud é— | |
[EN] | (a) go n-íocfaidh fear leis an Aire, aon tráth laistigh de thrí mhí tar éis dáta a fhianuithe, pé suim (nach mó ná cúig puint fhichead) a cheapfas an tAire, agus go n-iarrfaidh sé a urscaoileadh, agus | |
[EN] | (b) nach le linn tréimhse éigeandála a déanfar an íocaíocht ná an t-iarratas sin, | |
[EN] | urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é) a luaithe is caothúil. | |
[EN] | (3) Más rud é— | |
[EN] | (a) gur liostáil duine, agus | |
[EN] | (b) go dtosnóidh tréimhse éigeandála laistigh de thrí mhí tar éis dáta a fhianuithe, agus | |
[EN] | (c) laistigh de thrí mhí tar éis críochnú na tréimhse éigeandála, go n-íocfaidh an duine sin leis an Aire pé suim (nach mó ná cúig puint fhichead) a cheapfas an tAire agus go n-iarrfaidh sé a urscaoileadh, | |
[EN] | urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é) a luaithe is caothúil. | |
[EN] |
Daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'urscaoileadh. |
76. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) gur liostáladh duine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois gan toiliú scríofa a thuismitheora, agus | |
[EN] | (b) go ndéanfaidh tuismitheoir an duine sin, laistigh de thrí mhí tar éis dáta fianuithe an duine sin, iarratas chun an oifigigh ceannais nó chun an Aire á iarraidh an duine sin d'urscaoileadh, | |
[EN] | urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é) a luaithe is caothúil. | |
[EN] | (2) San alt seo déanfar an focal “tuismitheoir”, maidir le duine (dá ngairmtear an t-earcach sa bhfo-alt seo) a bhí faoi bhun ocht mbliana déag d'aois ar dháta a fhianuithe, d'fhorléiriú do réir na bhforál seo a leanas— | |
[EN] | (a) faoi réir míre (b) den fho-alt seo, ciallaíonn an focal an duine (dá ngairmtear an caomhnóir dlíthiúil sa bhfo-alt seo) ag a raibh coimeád dlíthiúil an earcaigh ar an dáta sin; | |
[EN] | (b) (i) mura raibh aon chaomhnóir dlíthiúil ann ar an dáta sin, nó | |
[EN] | (ii) mura raibh an t-earcach, toisc an caomhnóir dlíthiúil a bheith lasmuigh den Stát nó ar chúis ar bith eile, ina chónaí leis an gcaomhnóir dlíthiúil ná faoina choimeád iarbhír ar an dáta sin, | |
[EN] | ansin, ciallaíonn an focal an duine a raibh an t-earcach ina chónaí leis nó faoina choimeád iarbhír ar an dáta sin. | |
[EN] |
Príntisigh d'urscaoileadht |
77. —Más rud é— |
[EN] | (a) gur liostáladh duine faoi bhun bliain agus fiche d'aois, agus | |
[EN] | (b) go raibh an duine sin, ar dháta a fhianuithe, ceangailte go ceann tréimhse nach giorra ná dhá bhliain faoi dhintiúir príntíseachta, agus | |
[EN] | (c) laistigh de mhí tar éis dáta a fhianuithe, go n-íocfaidh máistir an duine sin leis an Aire pé suim (nach mó ná cúig puint) a cheapfas an tAire, go dtabharfaidh sé an díntiúir sin ar aird d'oifigeach ceannais an duine sin agus go n-iarrfaidh sé ar an oifigeach ceannais sin an duine sin d'urscaoileadh, | |
[EN] | urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é) a luaithe is caothúil. | |
Stádas duine neamhliostáilte atá ag fáil páighe mar fhear agus stádas daoine a liostálfar go neamhfhoirmiúil. | ||
[EN] |
Stádas duine neamhliostáilte atá ag fáil páighe mar fhear. |
78. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) gur ghlac duine páigh mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus | |
[EN] | (b) nár fianaíodh ná nár hathfhruilíodh é mar fhear de na Buan-Óglaigh, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (i) féadfaidh an duine sin a éileamh tráth ar bith é d'urscaoileadh agus ar an éileamh sin a dhéanamh urscaoilfear é as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil, agus | |
[EN] | (ii) go dtí go ndéanfar an t-éileamh sin agus go n-urscaoilfear an duine sin iarbhír ar an modh a bheas forordaithe le rialacháin faoi alt 81, beidh sé faoi réir an Achta seo mar fhear de na Buan-Óglaigh a liostáladh agus a fianaíodh nó a hathfhruilíodh go cuí. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le duine a ghlac páigh, deontas, nó íocaíocht eile mar chúltacaire agus nár fianaíodh ná nár hathfhruilíodh mar chúltacaire, faoi réir an mhodhnuithe go ndéanfar tagairtí do na Buan-Óglaigh d'fhorléiriú mar thagairtí do na hÓglaigh Cúltaca. | |
[EN] |
Stádas daoine a liostálfar nó a hathfhruileofar i gcás earráid nó neamhdhleathacht do bhaint leis an liostáil nó leis an athfhruiliú. |
79. —(1) Má bhí earráid (nach earráid ábhartha) ag baint le duine a liostáil, d'fhianú, d'athfhruiliú nó a choimeád i seirbhís mar fhear de na Buan-Óglaigh, ní thiocfaidh den earráid sin gur neamhbhailí dá liostáil, dá fhianú, dá athfhruiliú ná dá choimeád i seirbhís, agus féadfar í a cheartú le treoir ón Aire. |
[EN] | (2) Más rud é— | |
[EN] | (a) gur fianaíodh nó gur hathfhruilíodh duine nó gur coimeádadh i seirbhís é mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus | |
[EN] | (b) go raibh aon earráid ábhartha nó aon neamhdhleathacht ag baint lena liostáil, lena fhianú, lena athfhruiliú nó lena choimeád i seirbhís (pé acu é), agus | |
[EN] | (c) gur ghlac an duine sin, tar éis dáta a fhianuithe, a athfhruilithe nó a choimeádta i seirbhís (pé acu é), páigh mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus | |
[EN] | (d) go n-éileoidh an duine sin, laistigh de thrí mhí tar éis dó páigh a ghlacadh amhlaidh den chéad uair, é d'urscaoileadh ar fhoras na hearráide nó na neamhdhleathachta sin, | |
[EN] | ansin, beidh feidhm ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (i) urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil; | |
[EN] | (ii) ar feadh na tréimhse dar tosach dáta a fhianuithe, a athfhruilithe nó a choimeádta i seirbhís agus dar críoch dáta a urscaoilte ar an modh a bheas forordaithe le rialacháin faoi alt 81, measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith ina fhear de na Buan-Óglaigh. | |
[EN] | (3) Más rud é— | |
[EN] | (a) gur fianaíodh nó gur hathfhruilíodh duine nó gur coimeádadh i seirbhís é mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus | |
[EN] | (b) go raibh aon earráid ábhartha nó aon neamhdhleathacht ag baint lena liostáil, lena fhianú, lena athfhruiliú nó lena choimeád i seirbhís (pé acu é), agus | |
[EN] | (c) gur ghlac an duine sin, tar éis dáta a fhianuithe, a athfhruilithe nó a choimeádta i seirbhís (pé acu é), páigh mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus | |
[EN] | (d) nach n-éileoidh an duine sin, laistigh de thrí mhí tar éis dó páigh a ghlacadh amhlaidh den chéad uair, é d'urscaoileadh ar fhoras na hearráide nó na neamhdhleathachta sin, | |
[EN] | ansin, measfar, d'ainneoin na hearráide nó na neamhdhleathachta sin, an duine sin a bheith, chun críocha an Achta seo, fianaithe agus liostáilte nó athfhruilithe nó coimeádta i seirbhís go cuí mar fhear de na Buan-Óglaigh. | |
[EN] | (4) Más rud é— | |
[EN] | (a) gur fianaíodh nó gur hathfhruilíodh duine nó gur coimeádadh i seirbhís é mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus | |
[EN] | (b) go raibh aon earráid ábhartha nó aon neamhdhleathacht ag baint lena liostáil, lena fhianú, lena athfhruiliú nó lena choimeád i seirbhís (pé acu é), agus | |
[EN] | (c) nár ghlac an duine sin, tar éis dáta a fhianuithe, a athfhruilithe nó a choimeádta i seirbhís (pé acu é), páigh mar fhear de na Buan-Óglaigh, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (i) féadfaidh an duine sin a éileamh tráth ar bith é d'urscaoileadh agus ar an éileamh sin a dhéanamh urscaoilfear é as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil, agus | |
[EN] | (ii) go dtí go ndéanfar an t-éileamh sin agus go n-urscaoilfear iarbhír an duine sin ar an modh a bheas forordaithe le rialacháin faoi alt 81, measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith ina fhear de na Buan-Óglaigh. | |
[EN] | (5) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo maidir le duine a fianaíodh, a hathfhruilíodh nó a coimeádadh i seirbhís mar chúltacaire, ach sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin le rá:— | |
[EN] | (a) déanfar tagairtí do na Buan-Óglaigh d'fhorléiriú mar thagairtí do na hÓglaigh Cúltaca, agus | |
[EN] | (b) déanfar tagairtí do pháigh d'fhorléiriú mar thagairtí do pháigh, deontas nó íocaíocht eile. | |
Forála ginearálta maidir le hurscaoileadh. | ||
[EN] |
Ordú chun fir d'urscaoileadh. |
80. —I gcás ina gceanglaítear le halt 70, 71, 72, 75, 76, 77, 78 nó 79 fear d'urscaoileadh, ordóidh an t-údarás míleata forordaithe an fear sin d'urscaoileadh as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é). |
[EN] |
Forála i dtaobh urscaoilte. |
81. —(1) Ní hurscaoilfear fear as na Buan-Óglaigh ná as na hÓglaigh Cúltaca ach amháin— |
[EN] | (a) de bhun treora faoi alt 73, nó | |
[EN] | (b) de bhun orduithe ón údarás míleata forordaithe faoi alt 80, nó | |
[EN] | (c) de bhun breith urscaoilte faoi aithis as Óglaigh na hÉireann, nó breith urscaoilte as Óglaigh na hÉireann, a bhéarfas armchúirt. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis an modh ar a n-urscaoilfear fir agus leis na daoine a urscaoilfeas iad. | |
[EN] | (3) Go dtí go ndéanfar duine, ar fear de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca é, d'urscaoileadh do réir rialachán faoi fho-alt (2) den alt seo, fanfaidh an duine sin ina fhear de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é). | |
[EN] | (4) Ní bhainfidh fo-ailt (1), (2) ná (3) den alt seo le cúltacaire a hurscaoilfear de bhuaidh ailt 74. | |
[EN] |
Deimhniú urscaoilte. |
82. —Nuair a hurscaoilfear fear as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca, bhéarfar dó, nó cuirfear chuige go dtí a áit chónaithe chláraithe dheiridh nó go dtí an seoladh a thug sé ar é d'urscaoileadh, deimhniú urscaoilte i pé foirm a forordófar agus ina mbeidh pé sonraí ina leith a forordófar. |
[EN] |
Bailiú airgid a híocfar i leith fir d'urscaoileadh agus é a chur chun feidhme. |
83. —(1) An t-airgead uile is iníoctha i leith fir d'urscaoileadh baileofar agus tógfar é ar pé modh a threorós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é do réir treoracha an Aire Airgeadais. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879 maidir le haon airgead is iníoctha i leith fir d'urscaoileadh. | |
Roinn II. Fir d'Ardu go Céim Neamhchoimidiúnta Níos Airde agus Oifigigh Neamhchoimisiúnta d'Isliú i gCéim. | ||
[EN] |
Fir d'ardú go céim neamhchoimisiúnta níos airde agus oifigigh neamhchoimisiúnta d'ísliú i gcéim. |
84. —(1) Féadfaidh an tAire nó aon oifigeach a bheas údaraithe aige chuige sin— |
[EN] | (a) aon fhear ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta airm d'ardú go céim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm atá níos airde, | |
[EN] | (b) aon fhear ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh d'ardú go céim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh atá níos airde. | |
[EN] | (2) Ar chúis fhorordaithe, féadfaidh an tAire nó aon oifigeach a bheas údaraithe aige chuige sin— | |
[EN] | (a) oifigeach neamhchoimisiúnta ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm d'ísliú go céim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm atá níos ísle, | |
[EN] | (b) oifigeach neamhchoimisiúnta ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh d'ísliú go céim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh atá níos ísle. | |
[EN] | (3) (a) Ní hísleofar oifigeach neamhchoimisiúnta i gcéim faoi fho-alt (2) den alt seo mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar cúis an íslithe atá beartaithe a chur in iúl dó agus caoi reasúnach a thabhairt dó pé uiríoll is cuí leis a dhéanamh maidir leis an ísliú atá beartaithe. | |
[EN] | (b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo le linn tréimhse éigeandála ná maidir le hoifigeach neamhchoimisiúnta atá ar fianas, | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire nó aon oifigeach a bheas údaraithe aige chuige sin— | |
[EN] | (a) aon fhear ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm nó céim neamhchoimisiúnta ghníomhach airm d'ardú go céim neamhchoimisiúnta ghníomhach airm atá níos airde, | |
[EN] | (b) aon fhear ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh nó céim neamhchoimisiúnta ghníomhach chabhlaigh d'ardú go céim neamhchoimisiúnta ghníomhach chabhlaigh atá níos airde. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire nó aon oifigeach a bheas údaraithe aige chuige sin a threorú— | |
[EN] | (a) maidir le hoifigeach neamhchoimisiúnta ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta ghníomhach airm go gcuirfear siar é go dtí a chéim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm nó go céim neamhchoimisiúnta ghníomhach airm is airde ná a chéim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm, | |
[EN] | (b) maidir le hoifigeach neamhchoimisiúnta ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta ghníomhach chabhlaigh, go gcuirfear siar é go dtí a chéim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh nó go céim neamhchoimisiúnta ghníomhach chabhlaigh is airde ná a chéim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh. | |
[EN] | (6) Beidh éifeacht acu seo a leanas— | |
[EN] | (a) aon ardú faoi fho-alt (1) nó (4) den alt seo, | |
[EN] | (b) aon ísliú faoi fho-alt (2) den alt seo, | |
[EN] | (c) aon chur siar faoi fho-alt (5) den alt seo, | |
[EN] | amhail ó pé dáta a shocrós an t-údarás a dhéanfas an t-ardú nó an t-ísliú, nó a threorós an cur siar. |