|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Forála a bhaineas le hAirgeadas Áitiúil.) | Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Comhairlí Áitiúla Formheasta i gContae-Bhuirgí. | |
[EN] |
Comhairlí áitiúla formheasta i gcontae bhuirgí. |
51. —(1) Más rud é, roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, go mbeidh áititheoirí áite i gcontae-bhuirg tar éis comhairle, coiste nó comhlucht eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, a bhunú ar mhaithe le leas comhdhaonnach agus eacnamúil na n-áititheoirí sin i gcoitinne, féadfaidh bardas na contae-bhuirge, ar an gcomhlucht sin dá iarraidh sin, a dhearbhú le rún gur comhairle áitiúil fhormheasta chun críocha na Coda seo den Acht seo an comhlucht sin. |
[EN] | (2) Is feidhm fhorcoimeádta dearbhú a dhéanamh faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “comhairle áitiúil fhormheasta” comhlucht a mbeidh dearbhú déanta ina leith faoin alt seo agus forléireofar gach tagairt do bhardas, a déanfar maidir le comhairle áitiúil fhormheasta, mar thagairt don bhardas áirithe contae-bhuirge a rinne an dearbhú faoin alt seo maidir leis an gcomhairle áitiúil fhormheasta sin. | |
[EN] |
Foirgnimh, etc., a chur ar fúil do chomhairlí áitiúla formheasta. |
52. —(1) Féadfaidh an bardas foirgneamh a chur ar fáil lena úsáid ag comhairle áitiúil fhormheasta le haghaidh cruinnithe, poiblí agus eile, agus le haghaidh léachtaí, taispeántas, caitheamh aimsire i gcoitinne nó cuspóirí comhdhaonnacha eile dá samhail sin, agus féadfaidh cúram agus bainistí an fhoirgnimh a thabhairt don chomhairle, go buan nó go sealadach. |
[EN] | (2) Féadfaidh an bardas, trí chomhaontú, talamh a thógaint ar a mbeidh foirgneamh, nó talamh a thógaint le haghaidh foirgnimh, a bheas le cur ar fáil faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an bardas cabhrú le comhairle áitiúil fhormheasta trí throscán, trealamh oifige agus scríobh-ábhar a sholáthar dóibh agus, i gcás foirgneamh a bheith curtha ar fáil faoin alt seo lena úsáid ag comhairle áitiúil fhormheasta, trína pháigh iomlán, nó cuid dá pháigh, d'íoc le duine atá ag gníomhú mar airíoch ar an bhfoirgneamh agus ag déanamh glanacháin agus dualgais dá shamhail maidir leis an bhfoirgneamh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an bardas— | |
[EN] | (a) deontas a thabhairt do chomhairle áitiúil fhormheasta a chabhródh leis an gcomhairle chun foirgneamh a chur ar fáil le haghaidh cruinnithe, poiblí nó eile, agus le haghaidh léachtaí, taispeántas, caitheamh aimsire i gcoitinne nó cuspóirí comhdhaonnacha eile dá shamhail sin, agus | |
[EN] | (b) mar choinníoll a bhainfeas leis an deontas a thabhairt, a cheangal ar an gcomhairle pé comhaontuithe a dhéanamh leis an mbardas (lena n-áirítear comhaontuithe i dtaobh úsáid agus diúscairt an fhoirgnimh) is cuí leis an mbardas. | |
[EN] | (5) Féadfaidh comhaontú faoi mhír (b) d'fho-alt (4) den alt seo a fhoráil go n-aisíocfaidh an chomhairle áitiúil fhormheasta iomlán an deontais nó cuid den deontas (lena n-áirítear pé muirir (más ann) a ghearrfas an bardas i leith an deontais) pé trátha agus i pé slí is cuí leis an mbardas. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an bardas, chun críocha an ailt seo, airgead d'fháil ar iasacht sa tslí chéanna ina bhféadfaid é d'fháil ar iasacht chun caiteachais d'íoc faoi na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952. | |
[EN] | (7) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht de bhun an ailt seo a thabhairt ar iasacht don bhardas trí eisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba é a bhí san iasacht sin iasacht áitiúil do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1953, agus gur húdaraíodh í le hAcht ón Oireachtas. | |
[EN] | (8) Is feidhmeanna forcoimeádta feidhmeanna an bhardais faoi fho-alt (1), (2), (3) nó (4) den alt seo. |