An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Sláinte.) Ar Aghaidh (CUID IV. Leas.)

3 1958

AN tACHT UM ÁITRIBH OIFIGE, 1958

CUID III.

Sábháltacht.

Déanamh urlár, pasáistí agus staighrí, agus a gcothabháil.

17. —(1) Beidh déanamh fónta ar gach urlár, céim, staighre, ardaitheoir, pasáiste agus coisbhealach agus cothabhálfar i gceart iad.

(2) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar lámh-ráille taithiceach ar gach staighre atá i bhfoirgneamh nó a bheir slí amach as foirgneamh, agus má tá taobh oscailte ar an staighre is ar an taobh sin a bheas sé agus, i gcás staighre a bhfuil an dá thaobh oscailte air, nó staighre lena ngabhann baol speisialta tionóisce mar gheall ar an déanamh atá air nó an staid ina bhfuil uachtar na gcéimeanna nó imthosca speisialta eile, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar lámh-ráille den tsórt sin ar an dá thaobh. Ina theannta sin, déanfar ráille íochtair nó cóir éifeachtúil eile a chur mar chosaint ar aon taobh oscailte de staighre agus a chothabháil.

Slí éaluithe i gcás tóiteáin.

18. —(1) Le linn d'aon duine a bheith istigh in oifig le haghaidh fostaíochta nó béilí, ní déanfar doirse na hoifige, ná doirse aon tseomra inti ina mbeidh an duine sin, ná aon doirse a bheir slí amach do dhaoine a fostaítear san oifig as aon fhoirgneamh nó as aon iadhlann ina bhfuil an oifig, a ghlasáil ná a cheangal ar chuma nach féidir iad d'oscailt láithreach go héasca ón taobh istigh.

(2) Déanfar na nithe a bheas in aon tseomra ina bhfostaítear daoine a shocrú nó d'eagrú ar chuma go mbeidh bealach réidh chun slí éaluithe i gcás tóiteáin ag daoine a fostaítear sa tseomra.

(3) Marcálfar go sainiúil feiceálach le fógra i litreacha dearga leormhóra gach fuinneog, doras nó bealach amach eile a bheir slí éaluithe i gcás tóiteáin, nó a bheir rochtain ar an gcéanna, seachas an bealach nó na bealaigh amach a bhíos i ngnáth-úsáid.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'oifigí, nó d'aon chineál nó sórt oifige, á cheangal socrú a dhéanamh chun pé rabhadh a thabhairt a bheas forordaithe i gcás tóiteáin.

(5) Déanfar bearta éifeachtúla chun a chinntiú go mbeidh na daoine go léir a fostaítear taithíoch ar na slite éaluithe i gcás tóiteáin agus ar a n-úsáid agus ar an rud is ceart a dhéanamh i gcás tóiteáin.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'oifigí nó do gach cineál nó sórt oifige á cheangal go ndéanfar socrú le haghaidh saoráidí coiscthe tóiteáin.