An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL. Foirm an Ráitis in Ionad Réamheolaire atá le seachadadh don Chláraitheoir ag Cuideachta Phríobháideach ar Chuideachta Phoiblí a dhéanamh di agus na Tuarascálacha atá le leagan amach ann.) Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL. Foirm an Ráitis in ionad Réamheolaire atá le seachadadh don Chláraitheoir ag Cuideachta nach neiseoidh Réamheolaire nó nach ndéanfaidh Leithroinnt tar éis Réamheolaire a eisiúint, agus na Tuarascálacha atá le leagan amach ann.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

AN TRÍÚ SCEIDEAL.

Nithe atá le sonrú i Réamheolaire agus na Tuarascálacha atá le leagan amach ann.

Ailt 35, 44, 45, 47, 53, 361, 362, 364, 395.

Cuid I.

Na nithe atá le sonrú.

1. (a) Scairchaipiteal ainmniúil na cuideachta;

(b) Má tá scairchaipiteal ainmniúil na cuideachta roinnte ina scaireanna de chineálacha éagsúla, méid gach cineáil;

(c) Má áirítear i scairchaipiteal ainmniúil na cuideachta scaireanna bunaitheoirí nó bainistíochta nó scaireanna iarchurtha, nádúr agus réim an leasa atá ag sealbhóirí na scaireanna sin i maoin agus i mbrabúis na cuideachta;

(d) Má áirítear i scairchaipiteal na cuideachta scaireanna tosaíochta infhuascailte nó scaireanna is infhuascailte de réir rúin arna rith faoi alt 65, méid na préimhe (más ann) is iníoctha ar iad a fhuascailt, na dátaí is luaithe agus is déanaí ar a mbeidh cumhacht ag an gcuideachta na scaireanna sin a fhuascailt agus cé acu atá an fhuascailt de rogha ag an gcuideachta nó d'oibleagáid uirthi;

(e) An líon scaireanna de gach cineál i scairchaipiteal na cuideachta atá eisithe agus an méid atá íoctha ar gach scair de gach cineál.

2. An líon scaireanna, más ann, a socraíodh leis na hairteagail mar cháilíocht stiúrthóra, agus aon fhoráil sna hairteagail maidir le luach saothair na stiúrthóirí.

3. Ainmneacha, seoltaí agus tuairiscí na stiúrthóirí nó na ndaoine atá le bheith ina stiúrthóirí.

4. Má thairgtear scaireanna don phobal lena suibscríobh, sonraí ina dtaobh seo—

(a) an méid íosta nach foláir, i dtuairim na stiúrthóirí, a chruinniú trí eisiúint na scaireanna sin chun na suimeanna nó, má tá aon chuid díobh le híoc ar aon dóigh eile, iarmhéid na suimeanna, a sholáthar is gá le haghaidh gach ní acu seo a leanas:—

(i) praghas ceannaigh aon mhaoine a ceannaíodh nó atá le ceannach agus atá le híoc go hiomlán nó go páirteach as fáltais na heisiúna;

(ii) aon réamhchaiteachais is iníoctha ag an gcuideachta, agus aon choimisiún is iníoctha amhlaidh le haon duine i gcomaoin é do chomhaontú ar shuibscríobh, nó é d'fháil suibscríbhinní nó do chomhaontú ar iad a fháil, le haghaidh ao scaireanna de chuid na cuideachta;

(iii) aisíoc aon airgid a fuair an chuideachta ar iasacht i leith aon ní acu sin roimhe seo;

(iv) caipiteal oibrithe; agus

(b) na meideanna atá le soláthar i leith na nithe a dúradh ar dhóigh seachas as fáltais na heisiúna agus na foinsí as a bhfuil na méideanna sin le soláthar.

5. Tráth oscailte na liostaí suibscríofa.

6. An méid is iníoctha tráth an iarratais agus na leithroinnte ar gach scair, agus, i gcás an dara tairiscint scaireanna nó aon tairiscint dá éis sin, an méid a tairgeadh le haghaidh a suibscríofa ar gach leithroinnt a rinneadh laistigh de na 5 bliana roimhe sin, an méid a leithroinneadh iarbhír agus an méid, más ann, a íocadh ar na scaireanna a leithroinneadh amhlaidh.

7. Líon, tuairisc agus méid aon scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta a bhfuil rogha ag aon duine, nó teideal aige chun go bhfaigheadh sé rogha, suibscríobh lena n-aghaidh, maraon leis na sonraí seo a leanas i dtaobh na rogha—

(a) an tréimhse ina mbeidh an rogha infheidhnithe;

(b) an praghas atá le híoc ar scaireanna nó bintiúir a shuibscríofar faoin rogha;

(c) an chomaoin, más ann, a tugadh nó a thabharfar as an rogha nó as an gceart chuici;

(d) ainmneacha agus seoltaí na ndaoine dár tugadh an rogha nó an ceart chuici, nó, má tugadh sin do scairshealbhóirí nó bintiúraigh láithreacha sa cháil sin dóibh, na scaireanna nó na bintiúir iomchuí.

8. Líon agus méid na scaireanna agus na mbintiúr a eisíodh nó ar comhaontaíodh iad a eisiúint lastigh de na 5 bliana roimhe sin, mar scaireanna nó bintiúir láníoctha nó páirtíoctha ar dhóigh seachas in airgead, agus sa chás deireanach sin cá mhéid a bhfuil siad íoctha amhlaidh, agus i gceachtar cás an chomaoin ar ar eisíodh na scaireanna nó na bintiúir sin nó ar a bhfuil sé beartaithe nó d'intinn iad a eisiúint.

9. (1) Maidir le haon mhaoin lena mbaineann an mhír seo—

(a) ainmneacha agus seoltaí na ndíoltóirí;

(b) an méid is iníoctha in airgead, i scaireanna nó i mbintiúir leis an díoltóir agus, má tá níos mó ná díoltóir amháin ar leithligh ann, nó más focheannaitheoir an chuideachta, an méid is iníoctha amhlaidh le gach díoltóir;

(c) gearrshonraí aon idirbhirt maidir leis an maoin a tugadh chun críche laistigh de na 5 bliana roimhe sin agus ina raibh aon leas go díreach nó go neamhdhíreach ag aon díoltóir a dhíol an mhaoin leis an gcuideachta nó ag aon duine atá, nó a bhí tráth an idirbhirt, ina thionscnóir nó ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó le bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta.

2. Is é maoin lena mbaineann an mhír seo maoin a cheannaigh nó a fuair an chuideachta nó atá beartaithe a cheannach nó a fháil amhlaidh, agus a bhfuiltear le híoc aisti go hiomlán nó go páirteach as fáltais na heisiúna a thairgtear lena suibscríobh tríd an réamheolaire nó nach bhfuil a ceannach nó a fáil tugtha chun críche ar dháta an réamheolaire a eisiúint, seachas maoin—

(a) a ndearnadh an conradh lena ceannach nó lena fáil i ngnáthchúrsa gnó na cuideachta, gan an conradh a bheith déanta ag brath ar an eisiúint, ná an eisiúint a bheith déanta de dhroim an chonartha; nó

(b) nach d'aon tábhacht méid an airgid cheannaigh ina leith.

10. An méid, más ann, a íocadh nó is iníoctha mar airgead ceannaigh in airgead, i scaireanna nó i mbintiúir ar aon mhaoin lena mbaineann mír 9, agus an méid, más ann, is iníoctha ar cháilmheas a shonrú.

11. An méid, más ann, a íocadh laistigh de na 5 bliana roimhe sin, nó is iníoctha, mar choimisiún (ach gan coimisiún do fhofhrithgheallaithe a áireamh) as suibscríobh nó comhaontú ar shuibscríobh, nó suibscribhíní a fháil nó comhaontú ar iad a fháil, le haghaidh aon scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta, agus ráta aon choimisiúin den sórt sin.

12. Méid, nó méid measta, na réamhchaiteachas, agus na daoine a d'íoc aon chaiteachais acu sin nó ag a bhfuil siad iníoctha, agus méid, nó méid measta, na gcaiteachas a bhain leis an eisiúint agus na daoine a d'íoc aon chaiteachais acu sin nó ag a bhfuil siad iníoctha.

13. Aon mhéid nó sochar a íocadh nó a tugadh laistigh de na 5 bliana roimhe sin nó atáthar ar intinn a íoc le haon tionscnóir nó a thabhairt dó agus an chomaoin as an íocaíocht nó as an sochar sin.

14. Dátaí, páirtithe agus nádúr ginearálta gach conartha ábhartha, seachas conradh a rinneadh i ngnáthchúrsa an ghnó atá á sheoladh nó a bhfuiltear ar intinn é a bheith á sheoladh ag an gcuideachta nó conradh a rinneadh breis is 5 bliana roimh dháta an réamheolaire a eisiúint.

15. Ainmneacha agus seoltaí iniúchóirí na cuideachta.

16. Sonraí iomlána ar nádúr agus réim leas gach stiúrthóra, más aon leas é, i dtionscnamh na cuideachta nó sa mhaoin a fuair an chuideachta nó a bhfuil beartaithe aici í a fháil nó, i gcás inarb é leas atá ag an stiúrthóir sin gur comhpháirtí i ngnólacht é, nádúr agus réim leas an ghnólachta, maraon le ráiteas i dtaobh na suimeanna go léir a ndearnadh nó ar comhaontaíodh iad a íoc leis féin nó leis an ngnólacht in airgead nó ina scaireanna nó ar dhóigh eile ó aon duine d'fhonn é a aslú, nó é a cháiliú, chun bheith ina stiúrthóir, nó ar dhóigh eile, as seirbhísí a thug sé féin nó an gnólacht i ndáil le tionscnamh nó foirmiú na cuideachta.

17. Má thugann an réamheolaire cuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh scaireanna sa chuideachta agus go bhfuil scairchaipiteal na cuideachta roinnte i gcineálacha éagsúla scaireanna, an ceart vótála ag cruinnithe den chuideachta a thugtar, agus na cearta i leith capitil agus díbhinní a ghabhann, leis na cineálacha éagsúla scaireanna faoi seach.

18. I gcás cuideachta a bhfuil gnó á sheoladh aici, nó i gcás gnó atá á sheoladh le tréimhse is 1ú ná 3 bliana, an fad aimsire atá gnó na cuideachta nó an gnó a bhfuiltear chun é a fháil, cibé acu é, á sheoladh.

Cuid II.

Tuarascálacha atá le leagan amach.

19. (1) Tuarascáil ó iniúchóirí na cuideachta—

(a) ar bhrabúis agus caillteanais agus ar shócmhainní agus dliteanais, de réir fhomhír (2) nó (3), faoi mar is gá sa chás; agus

(b) ar rátaí na ndíbhinní, má b'ann, a d'íoc an chuideachta i leith gach cineál scaireanna sa cuideachta do gach bliain de na 5 bliana airgeadais díreach roimh eisiúint an réamheolaire, ag tabhairt sonraí gach cineál scaireanna acu ar ar íocadh na díbhinní sin agus sonraí na gcásanna nár íocadh aon díbhinní i leith aon chineál scaireanna in aghaidh aon bhliana acu sin;

agus, mura ndearnadh amach aon chuntais d'aon chuid den tréimhse 5 bliana a chríochnaigh ar dháta 3 mhí roimh eisiúint an réamheolaire, ráiteas inti á rá sin.

(2) Mura bhfuil aon fhochuideachtaí ag an gcuideachta, déileálfar sa tuarascáil—

(a) chomh fada is a bhaineann le brabúis agus caillteanais, le brabúis nó caillteanais na cuideachta in aghaidh gach ceann de na 5 bliana airgeadais díreach roimh an réamheolaire a eisiúint; agus

(b) chomh fada is a bhaineann le sócmhainní agus dliteanais, le sócmhainní agus dliteanais na cuideachta ar an dáta deiridh ar anuas go dtí é a rinneadh amach cuntais na cuideachta.

(3) Má tá fochuideachtaí ag an gcuideachta, déanfar sa tuarascáil—

(a) chomh fada is a bhaineann le brabúis agus caillteanais, déileáil ar leithligh le brabúis nó caillteanais na cuideachta mar a fhoráiltear le fomhír (2), agus ina theannta sin—

(i) déileáil ina n-iomláine le comhbhrabúis nó comhchaillteanais a fochuideachtaí, a mhéid a bhaineann siad le comhaltaí na cuideachta; nó

(ii) déileáil ar leithligh le brabúis nó caillteanais gach fochuideachta, a mhéid a bhaineann siad le comhaltaí na cuideachta;

nó, in ionad déileáil ar leithligh le brabúis nó caillteanais na cuideachta, déileáil ina n-iomláine le brabúis nó caillteanais na cuideachta agus, a mhéid a bhaineann siad le comhaltaí na cuideachta, le comhbhrabúis nó comhchaillteanais a fochuideachtaí; agus

(b) chomh fada is a bhaineann le sócmhainní agus dliteanais, déileáil ar leithligh le sócmhainní agus dliteanais na cuideachta mar a fhoráiltear le fomhír (2), agus ina theannta sin—

(i) déileáil ina n-iomláine le comhshócmhainní agus comhdhliteanais a fochuideachtaí, i dteannta nó d'éagmais sócmhainní agus dliteanais na cuideachta; nó

(ii) déileáil ar leithligh le sócmhainní agus dliteanais gach fochuideachta;

agus léireofar inti, maidir le sócmhainní agus dliteanais na bhfochuideachtaí, cad é an lamháltas a bheadh le déanamh le haghaidh daoine seachas comhaltaí na cuideachta.

20. Má tá na fáltais, nó aon chuid de na fáltais, as eisiúint na scaireanna nó na mbintiúr le cur chun feidhme go díreach nó go neamhdhíreach chun aon ghnó a cheannach, tuarascáil ó chuntasóirí (a ainmneofar sa réamheolaire) ar na nithe seo—

(a) brabúis nó caillteanais an ghnó in aghaidh gach ceann de na 5 bliana airgeadais díreach roimh eisiúint an réamheolaire; agus

(b) sócmhainní agus dliteanais an ghnó ar an dáta deiridh ar anuas go dtí é a rinneadh amach cuntais an ghnó.

21. (1) Más rud é—

(a) go bhfuil na fáltais, nó aon chuid de na fáltais, as eisiúint na scaireanna nó na mbintiúr le cur chun feidhme go díreach nó go neamhdhíreach ar aon dóigh a thabharfadh go bhfaigheadh an chuideachta scaireanna in aon chomhlacht corpraithe eile; agus

(b) mar gheall ar na scaireanna sin a fháil, nó aon ní atá le déanamh dá dhroim sin nó i ndáil leis sin, go dtiocfaidh an comhlacht corpraithe sin chun bheith ina fhochuideachta don chuideachta;

tuarascáil ó chuntasóirí (a ainmneofar sa réamheolaire) ar na nithe seo—

(i) brabúis nó caillteanais an chomhlachta chorpraithe eile in aghaidh gach ceann de na 5 bliana airgeadais díreach roimh eisiúint an réamheolaire; agus

(ii) sócmhainní agus dliteanais an chomhlachta chorpraithe eile ar an dáta deiridh ar anuas go dtí é a rinneadh amach cuntais an chomhlachta chorpraithe.

(2) Sa tuarascáil sin—

(a) léireofar conas a bhainfeadh brabúis nó caillteanais an chomhlachta chorpraithe eile lena ndéileáilfear sa tuarascáil, ó thaobh na scaireanna a bheadh le fáil, le comhaltaí na cuideachta, agus cad é an lamháltas ba ghá a dhéanamh, maidir leis na sócmhainní agus na dliteanais a ndéileálfar leo amhlaidh, le haghaidh sealbhóirí scaireanna eile, dá mba rud é go raibh na scaireanna a bheadh le fáil ar seilbh ag an gcuideachta gach tráth ábhartha; agus

(b) má tá fochuideachtaí ag an gcomhlacht corpraithe eile, déileálfar le brabúis nó caillteanais agus le sócmhainní agus dliteanais an chomhlachta chorpraithe agus a fhochuideachtaí mar a fhoráiltear le fomhír (3) de mhír 19 maidir leis an gcuideachta agus a fochuideachtaí.

Cuid III.

Forálacha a bhaineann le Cuid I agus II.

22. Ní bheidh feidhm ag mír 12 (sa mhéid go mbaineann sé le réamhchaiteachais) ná ag mír 16 i gcás réamheolaire a eiseofar breis is 2 bliain tar éis an dáta a bheidh an chuideachta i dteideal tosú ar ghnó.

23. Chun críocha an Sceidil seo, measfar gur díoltóir gach duine a rinne aon chonradh, iomlán nó coinníollach, chun aon mhaoin a bheadh le fáil ag an gcuideachta a dhíol nó a cheannach nó chun aon rogha a fháil ar a ceannach, in aon chás—

(a) nach mbeidh an t-airgead ceannaigh íoctha go hiomlán ar dháta an réamheolaire a eisiúint;

(b) ina mbeidh an t-airgead ceannaigh le híoc nó le sásamh go hiomlán nó go páirteach as fáltais na heisiúna a thairgfear lena suibscríobh tríd an réamheolaire;

(c) ina mbeidh an conradh ag brath ar thoradh na heisiúna sin le haghaidh a bhailíochta nó a chomhlíonta.

24. I gcás aon mhaoin a bheidh le fáil ag an gcuideachta a bheith le tógáil ar léas, beidh éifeacht ag an Sceideal seo ionann is dá bhfolódh “díoltóir” an léasóir agus go bhfolódh “airgead ceannaigh” an chomaoin ar an léas, agus go bhfolódh “focheannaitheoir” foléasaí.

25. Folóidh tagairtí i mír 7 do shuibscríobh le haghaidh scaireanna nó bintiúr iad a fháil ó dhuine a ndearnadh, nó ar comhaontaíodh, iad a leithroinnt air d'fhonn go dtairgfeadh sé iad lena ndíol.

26. Chun críocha mhír 9, más gnólacht na díoltóirí nó aon duine acu, ní áireofar comhaltaí an ghnólachta mar dhíoltóirí ar leithligh.

27. Más rud é, i gcás cuideachta nó comhlacht corpraithe eile atá ag seoladh gnó, nó i gcás gnó atá á sheoladh, le tréimhse is lú ná 5 bliana, nach bhfuil cuntais na cuideachta, an chomhlachta chorpraithe nó an ghnó déanta amach ach in aghaidh 4 bliana, 3 bliana, 2 bhliain nó bliain amháin, beidh éifeacht ag Cuid II ionann is dá gcuirfí tagairtí do 4 bliana, 3 bliana, 2 bhliain nó bliain amháin, cibé acu é, in ionad na dtagairtí do 5 bliana.

28. I gCuid II, ciallaíonn “bliain airgeadais” an bhliain a mbeidh cuntais na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe nó an ghnó, cibé acu é, déanta amach ina haghaidh, agus más rud é, mar gheall ar aon athrú ar an dáta is críoch do bhliain airgeadais na cuideachta, an chomhlachta chorpraithe nó an ghnó, go mbeidh cuntais na cuideachta, an chomhlachta chorpraithe nó an ghnó déanta amach do thréimhse is faide nó is giorra ná bliain, measfar, chun críocha na Coda sin, gur bliain airgeadais an tréimhse fhadaithe nó an tréimhse ghiorraithe sin.

29. In aon tuarascáil is gá de réir Chuid II, cuirfear in iúl i bhfoirm nóta aon choigeartuithe maidir le figiúirí aon bhrabús nó caillteanas nó aon sócmhainní agus dliteanas lena ndéileáiltear sa tuarascáil agus a bhfeictear do na daoine atá ag tabhairt na tuarascála go bhfuil riachtanas leo, nó déanfar na coigeartuithe sin inti agus cuirfear in iúl go ndearnadh iad.

30. Aon tuarascáil ó chuntasóirí is gá a thabhairt de réir Chuid II, is ag cuntasóirí a bheidh cáilithe faoin Acht seo lena gceapadh mar iniúchóirí na cuideachta a bheidh sí le tabhairt.