An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL. Ábhair agus Foirm an Tuairisceáin Bhliantúil Ó Chuideachta ag a bhfuil Scairchaipiteal.) Ar Aghaidh (AN SEACHTÚ SCEIDEAL. Nithe atá le lua go sainráite i dTuarascáil na nIniúchóirí.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

AN SÉÚ SCEIDEAL

Cuntais.

Réamhráiteach.

Ailt. 62, 149, 152, 158, 395.

1. Baineann míreanna 2 go 11 leis an gclár comhardaithe agus baineann míreanna 12 go 14 leis an gcuntas sochair agus dochair agus tá siad faoi réir na n-eisceachtaí agus na modhnuithe dá bhforáiltear le Cuid II agus III den Sceideal seo; agus tá éifeacht ag an Sceideal seo i dteannta ailt 191 agus 192.

Cuid I.

Forálacha Ginearálta maidir leis an gClár Comhardaithe agus leis an gCuntas Sochair agus Dochair.

An Clár Comhardaithe.

2. Déanfar an scairchaipiteal údaraithe, an scairchaipiteal eisithe, na dliteanais agus na sócmhainní, a choimriú, leis na sonraí is gá chun nádúr ginearálta na sócmhainní agus na ndliteanas a nochtadh, agus sonrófar—

(a) aon chuid den chaipiteal eisithe arb é atá ann scaireanna tosaíochta infhuascailte, méid na préimhe (más ann) is iníoctha ar iad a fhuascailt, an dáta is luaithe agus an dáta is déanaí a bhfuil sé de chumhacht ag an gcuideachta na scaireanna sin a fhuascailt agus cé acu atá an fhuascailt de rogha ag an gcuideachta nó d'oibleagáid uirthi;

(b) aon chuid den chaipiteal eisithe arb é atá ann scaireanna tosaíochta atá infhuascailte de réir rúin arna rith faoi alt 65, méid na préimhe (más ann) is iníoctha ar iad a fhuascailt, an dáta is luaithe agus an dáta is déanaí a bhfuil sé de chumhacht ag an gcuideachta na scaireanna sin a fhuascailt agus cé acu atá an fhuascailt de rogha ag an gcuideachta nó d'oibleagáid uirthi;

(c) méid an chuntais scair-phréimhe;

(d) sonraí aon bhintiúr infhuascailte atá sé de chumhacht ag an gcuideachta a atheisiúint.

3. Luafar faoi cheannteidil ar leith, sa mhéid nach bhfuil siad díscríofa—

(a) na réamhchaiteachais;

(b) aon chaiteachais faoina ndeachthas i ndáil le haon eisiúint scairchaipitil nó bintiúr;

(c) aon suimeanna a íocadh mar choimisiún i leith aon scaireanna nó bintiúr;

(d) aon suimeanna a lamháladh mar lascaine i leith aon bhintiúr; agus

(e) méid na lascaine a lamháladh ar aon eisiúint scaireanna faoi lascaine.

4. (1) Faoi réir fomhíreanna (2) agus (3), déanfar na cúlchistí, na soláthairtí, na dliteanais agus na sócmhainní dochta agus reatha a aicmiú faoi cheannteidil is iomchuí do ghnó na cuideachta. Áireofar mar sholáthairtí suimeanna a cuireadh i leataobh faoi chomhair dliteanas cánach todhchaí nó chun cáin a chothromú, ach taispeánfar ar leithligh iad.

(2) Nuair nach d'aon tábhacht é méid aon chineáil, féadfar é a áireamh faoin gceannteideal céanna le cineál éigin eile.

(3) Nuair nach féidir aon sócmhainní de chineál áirithe a scaradh ó shócmhainní de chineál eile, féadfar na sócmhainní sin a áireamh faoin gceannteideal céanna.

(4) Déanfar freisin sócmhainní dochta a idirdhealú ó shócmhainní reatha.

(5) Luafar an modh nó na modhanna a úsáideadh chun teacht ar mhéad na sócmhainní dochta faoi gach ceannteideal ar leith.

5. (1) Is é modh ar a dtiocfar ar mhéad aon sócmhainne doichte ná, faoi réir fhomhír (2), an difríocht a ghlacadh idir—

(a) a costas nó, má tá luacháil uirthi i leabhair na cuideachta, méid na luachála; agus

(b) an comhiomlán a soláthraíodh nó a díscríobhadh ón dáta a fuarthas nó a luacháladh í, cibé acu é, le haghaidh dímheasa nó laghdú luacha;

agus chun críocha na míre seo déanfar an méid glan a bheidh curtha síos d'aon sócmhainní i leabhair na cuideachta ar an dáta feidhme (tar éis na méideanna a soláthraíodh nó a díscríobhadh roimhe sin le haghaidh dímheasa nó laghdú luacha a bhaint de), mura féidir gan caiteachas nó moill a bheadh míréasúnta na figiúirí a fháil a bhaineann leis an tréimhse roimh an dáta feidhme, a áireamh ionann is dá mba é a bhí ann méid na luachála ar na sócmhainní sin a rinneadh ar an dáta feidhme agus, má dhíoltar aon sócmhainní díobh sin, déanfar an méid glan sin, lúide méid na ndíolachán, a áireamh ionann is dá mba é a bhí ann méid na luachála a rinneadh amhlaidh ar na sócmhainní a bhí fágtha.

(2) Ní bhainfidh fomhír (1)—

(a) le sócmhainní nach féidir gan caiteachas nó moill a bheadh míréasúnta na figiúirí a fháil dóibh a bhaineann leis an tréimhse dar tosach an dáta feidhme; ná

(b) le sócmhainní a ndéantar soláthar, go hiomlán nó go páirteach, chun iad a athchur ar fáil—

(i) trí sholáthar a dhéanamh le haghaidh athnuachaintí agus costas a n-athchurtha ar fáil a chur de mhuirear ar an soláthar a dhéantar amhlaidh; nó

(ii) trí chostas a n-athchurtha ar fáil a chur de mhuirear go díreach ar ioncam; ná

(c) le haon infheistíochtaí a ndéantar a margadh-luach (nó, i gcás infheistíochtaí gan mhargadh-luach, an luach a mheasfaidh na stiúrthóirí dóibh) a thaispeáint mar mhéid na n-infheistíochtaí nó i bhfoirm nóta; ná

(d) le cáilmheas, paitinní nó trádmharcanna.

(3) I gcás na sócmhainní faoi gach ceannteideal a dtagtar ar a méid de réir fhomhír (1), taispeánfar—

(a) comhiomláin na méideanna dá dtagraítear i gceannteideal (a) den fhomhír sin; agus

(b) comhiomlán na méideanna dá dtagraítear i gceannteideal (b) di.

(4) I gcás na sócmhainní faoi gach ceannteideal nach de réir fhomhír (1) a thagtar ar a méid, de bhrí go ndéantar soláthar chun iad a athchur ar fáil faoi mar a luaitear i bhfomhír (2) (b), luafar—

(a) an modh ar a ndéantar soláthar chun iad a athchur ar fáil; agus

(b) méid iomlán an tsoláthair (más ann) a rinneadh le haghaidh athsholáthairtí agus nár úsáideadh.

6. (1) Faoi réir fhomhír (2), luafar faoi cheannteidil ar leith méid iomlán na gcúlchistí caipitil, na gcúlchistí ioncaim agus na soláthairtí (seachas soláthairtí le haghaidh dímheasa, athnuachaintí nó laghdú luacha ar shócmhainní), faoi seach.

(2) Ní gá de réir fhomhír (1) ráiteas ar leith ar aon cheann nach bhfuil tábhacht ann de na 3 mhéid dá dtagraítear san fhomhír sin.

7. (1) Taispeánfar freisin (mura dtaispeántar é sa chuntas sochair agus dochair nó i ráiteas nó tuarascáil a bheidh i gceangal leis, nó mura méid gan tábhacht atá ann)—

(a) i gcás méid na gcúlchistí caipitil, na gcúlchistí ioncaim nó na soláthairtí (seachas soláthairtí le haghaidh dímheasa, athnuachchaintí nó laghdú luacha ar shócmhainní) a bheith tar éis dul i mbreis i gcomparáid lena méid i ndeireadh na bliana airgeadais díreach roimhe sin, an fhoinse ónar tháinig méid an bhreisithe; agus

(b) i gcás—

(i) méid na gcúlchistí caipitil nó na gcúlchistí ioncaim a bheith tar éis dul i laghad i gcomparáid lena méid i ndeireadh na bliana airgeadais díreach roimhe sin; nó

(ii) méid na soláthairtí (seachas soláthairtí le haghaidh dímheasa, athnuachaintí nó laghdú luacha ar shócmhainní) i ndeireadh na bliana airgeadais díreach roimhe sin a bheith níos mó ná comhiomlán na suimeanna a cuireadh chun feidhme ó shin agus na méideanna atá á gcoinneáil fós chun críocha na soláthairtí sin;

conas a cuireadh chun feidhme na méideanna a fhaightear as an difríocht.

(2) Má bhíonn an ceannteideal a thaispeánann aon cheann de na cúlchistí nó de na soláthairtí a dúradh roinnte ina fho-cheannteidil, bainfidh an mhír seo le gach ceann de na méideanna ar leithligh a thaispeántar sna fo-cheannteidil in ionad baint a bheith aici maidir lena gcomhiomlán.

8. Taispeánfar faoi cheannteidil ar leithligh—

(a) comhiomláin infheistíochtaí luaite agus infheistíochtaí neamhluaite, faoi seach, na cuideachta;

(b) méid an cháilmheasa, chomh fada agus is féidir é a fháil amach ó leabhair na cuideachta nó ó aon chonarthaí nó doiciméid a bhaineann le ceannach nó díol maoine agus chomh fada agus nach bhfuil sé díscríofa;

(c) méid na bpaitinní agus na dtrádmharcanna, chomh fhada agus is féidir é a fhail amach agus chomh fada is nach bhfuil sé díscríofa;

(d) comhiomlán aon iasachtaí neamhíoctha a cheadaítear le halt 60 (seachas iasachtaí dá dtagraíonn mír (a) d'fho-alt (13)), agus cuirfear in iúl ar leithligh iasachtaí a cheadaítear le míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (13);

(e) comhiomlán iasachtaí bainc agus rótharraingtí bainc;

(f) an comhiomlán glan (tar éis cáin ioncaim a bhaint de) a mholtar a dháileadh mar dhíbhinn.

9. I gcás aon dliteanas de chuid na cuideachta a bheith urraithe, ar dhóigh seachas le hoibriú dlí, ar aon sócmhainní de chuid na cuideachta, inseofar go bhfuil an dliteanas sin urraithe amhlaidh ach ní gá na sócmhainní a bhfuil an dliteanas urraithe orthu a shonrú.

10. I gcás aon bhintiúir de chuid na cuideachta a bheith ar seilbh ag ainmnitheach nó iontaobhaí don chuideachta, luafar méid ainmniúil na mbintiúr agus an méid a d'íoc an chuideachta ar na bintiúir sin.

11. (1) Déanfar na nithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (2) go (10) a lua i bhfoirm nóta, nó i ráiteas nó tuarascáil a chuirfear i gceangal leis an gclár comhardaithe, mura dtaispeántar ar dhóigh eile iad.

(2) Méid aon riaráistí i gcás díbhinní carnacha dochta ar scaireanna na cuideachta agus an tréimhse a bhfuil na díbhinní nó, má tá níos mó ná cineál amháin ann, gach cineál díobh, i riaráiste ina haghaidh, agus an méid a lua roimh cháin ioncaim a bhaint as, ach amháin, i gcás díbhinní saor ó cháin, go dtaispeánfar a méid saor ó cháin agus go luafar freisin go dtaispeántar é amhlaidh.

(3) Sonraí aon mhuirir ar shócmhainní na cuideachta chun dliteanas aon duine eile a urrú, lena n-áirítear, nuair is caothúil sin, an méid a urraíodh.

(4) Nádúr ginearálta aon dliteanas teagmhasach eile nach bhfuil soláthar déanta dóibh agus, nuair is caothúil sin, comhiomlán, nó comhiomlán measta, na ndliteanas sin, más d'aon tábhacht é.

(5) Comhiomlán, nó comhiomlán measta, más d'aon tábhacht é, conarthaí le haghaidh caiteachais chaipitiúil, sa mhéid nach bhfuil sóláthar déanta dó.

(6) Más é tuairim na stiúrthóirí nach bhfuil ar aon chuid de na sócmhainní reatha, ar iad a réadú i ngnáthchúrsa ghnó na cuideachta, luach atá ar a laghad comhionann leis an méid atá curtha síos dóibh, luafar go bhfuil na stiúrthóirí ar an tuairim sin.

(7) Comhiomlán mhargadh-luach infheistíochtaí luaite na cuideachta nuair nach ionann é agus an méid atá curtha síos do na hinfheistíochtaí, agus an luach stocmhargaidh ar aon infheistíochtaí a dtaispeántar a margadh-luach (cibé acu ar leithligh é nó nach ea) agus go nglactar leis mar luach is airde ná a luach stocmhargaidh.

(8) An bonn ar dá réir a sóinseáladh airgead reatha coigríche in airgead reatha Éireannach más d'aon tábhacht é méid na sócmhainní nó na dliteanas atá i gceist.

(9) An bonn ar dá réir a ríomhadh an méid, más ann, a cuireadh i leataobh le haghaidh cánachais ar bhrabúis.

(10) Ach amháin i gcás an chéad chlár comhardaithe a leagfar faoi bhráid na cuideachta tar éis an dáta feidhme, na méideanna comhréire i ndeireadh na bliana airgeadais díreach roimhe sin do gach mír a thaispeántar ar an gclár comhardaithe.

An Cuntas Sochair agus Dochair.

12. Taispeánfar—

(a) an méid a cuireadh de mhuirear ar ioncam mar sholáthar le haghaidh dímheasa, athnuachaintí nó laghdú luacha ar shócmhainní dochta;

(b) méid an úis ar bhintiúir agus iasachtaí dochta eile na cuideachta;

(c) méid an mhuirir le haghaidh cánach ioncaim agus cánachais eile ar bhrabúis, lena n-áirítear cáin ioncaim agus cánachas eile is iníoctha lasmuigh den Stát ar bhrábuis, agus idirdhealú a dhéanamh, nuair is caothúil sin, idir cáin ioncaim agus cánachas eile;

(d) na méideanna faoi seach a soláthraíodh chun scairchaipiteal a fhuascailt agus chun iasachtaí a fhuascailt;

(e) an méid a cuireadh i leataobh, nó atá beartaithe a chur i leataobh, i gcúlchistí, nó a tharraingt astu, lasmuigh de mhéideanna nach mbeadh, de réir dea-chleachtais chuntasaíochta, ag gabháil de ghnáth tríd an gcuntas sochair agus dochair;

(f) an méid a cuireadh i leataobh i soláthairtí, seachas soláthairtí le haghaidh dímheasa, athnuachaintí nó laghdú luacha ar shócmhainní, nó, de réir mar a bheidh, an méid, más d'aon tábhacht é, a tarraingíodh as na soláthairtí sin agus nár cuireadh chun feidhme chun críocha na soláthairtí sin, lasmuigh de mhéideanna nach mbeadh, de réir dea-chleachtais chuntasaíochta, ag gabháil de ghnáth tríd an gcuntas sochair agus dochair;

(g) méid an ioncaim as infheistíochtaí;

(h) comhiomlán na ndíbhinní a íocadh;

(i) comhiomlán na ndíbhinní atá beartaithe.

13. Taispeánfar faoi cheannteideal ar leithligh méid an luach saothair do na hiniúchóirí, agus chun críocha na míre seo measfar aon suimeanna a d'íoc an chuideachta le haghaidh caiteachais na n-iniúchóirí a bheith ar áireamh san abairt “luach saothair”.

14. (1) Déanfar na nithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (2) go (7) a lua i bhfoirm nóta, mura dtaispéantar iad ar dhóigh eile.

(2) Má dhéantar soláthar le haghaidh dímheas sócmhainní dochta, nó le haghaidh a n-athchurtha ar fáil, ar mhodh éigean seachas trí mhuirear dímheasa, nó soláthar le haghaidh athnuachaintí, nó mura ndéantar soláthar lena aghaidh sin, an modh ar a ndéantar soláthar lena aghaidh nó ráiteas nach ndearnadh soláthar lena aghaidh, cibé acu é, ach ní bhainfidh an fhomhír seo le talamh ruílse.

(3) An bonn ar dá réir a ríomhtar an muirear le haghaidh cánach ioncaim agus cánachais eile ar bhrabúis (cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát atá sin iníoctha).

(4) Cé acu le haghaidh díbhinní atá faoi réir asbhaint cánach ioncaim nó nach ea an méid atá curtha síos do dhíbhinní a íocadh.

(5) Cé acu le haghaidh díbhinní atá faoi réir asbhaint cánach ioncaim nó nach ea an méid atá curtha síos do dhíbhínní atá beartaithe.

(6) Ach amháin i gcás an chéad chuntas sochair agus dochair a leagfar faoi bhráid na cuideachta tar éis an dáta feidhme, na méideanna comhréire don bhliain airgeadais díreach roimhe sin do gach mír a thaispéantar sa chuntas sochair agus dochair.

(7) Aon slí ábhartha ina ndéantar difear d'aon mhíreanna dá dtaispeántar sa chuntas sochair agus dochair—

(a) trí idirbhearta de shaghas nach gnáth leis an gcuideachta iad a ghabháil de láimh, nó ar aon dóigh eile trí imthosca de shaghas atá eisceachtúil nó neamhfhillteach; nó

(b) trí aon athrú ar an mbonn cuntasaíochta.

Cuid II.

Forálacha Speisialta nuair is Cuideachta Shealbhaíochta nó Fochuideachta an Chuideachta.

Modhnuithe agus Breisithe ar na Ceanglais maidir le Cuntais na Cuideachta féin.

15. (1) Beidh feidhm ag an mír seo nuair is cuideachta shealbhaíochta an chuideachta, cibé acu is fochuideachta do chomhlacht corpraithe eile an chuideachta féin nó nach ea, ach ní bheidh feidhm ag fomhíreanna (4), (5) agus (6) maidir le cuideachta phríobhaídeach a bhainfidh tairbhe as fo-alt (1) d'alt 154 ná maidir le cuideachta atá, i ndeireadh a bliana airgeadais, ina fochuideachta atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile a corpraíodh sa Stát.

(2) Déanfar comhiomlán na sócmhainní arb éard iad scaireanna i bhfochuideachtaí na cuideachta nó méideanna atá dlite (cibé acu mar gheall ar iasacht nó eile é) ó na fochuideachtaí sin, agus scaireanna á n-idirdhealú ó fhéichiúnas, a leagan amach sa chlár comhardaithe ar leithligh ó na sócmhainní eile go léir atá ag an gcuideachta, agus déanfar comhiomlán a féichiúnais (cibé acu mar gheall ar iasacht nó eile é) i leith fochuideachtaí na cuideachta a leagan amach amhlaidh ar leithligh óna dliteanais eile go léir, agus—

(a) ní fholóidh na tagairtí atá i gCuid I d'infheistíochtaí na cuideachta infheistiochtaí ina fochuideochtaí ar gá de réir na míre seo iad a leagan amach ar leithligh; agus

(b) ní bheidh feidhm ag mír 5, ag fomhír (a) de mhír 12, ná ag fomhír (2) de mhír 14, maidir le sócmhainní dochta arb éard iad leasanna i bhfochuideachtaí na cuideachta.

(3) Taispeánfar i bhfoirm nóta ar an gclár comhardaithe, nó i ráiteas nó tuarascáil a bheidh i gceangal leis, líon, tuairisc agus méid na scaireanna agus na mbintiúr de chuid na cuideachta atá ar seilbh ag a fochuideachtaí nó ag ainmnithigh dóibh, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon scaireanna ná bintiúir acu sin a bhfuil cúram ar an bhfochuideachta ina leith mar ionadaí pearsanta nó a bhfuil cúram uirthi ina leith mar iontaobhaí agus nach bhfuil leas tairbhiúil iontu faoin iontaobhas ag an gcuideachta ná ag aon fhochuideachta di, ach amháin mar urrús chun críocha idirbhirt a rinne sí i ngnáthchúrsa gnó ar cuid de airgead a thabhairt ar iasacht.

(4) Mura gcuirtear grúpchuntais ar fáil, déanfar, faoi réir fhomhír (5), ráiteas a chur i gceangal leis an gclár comhardaithe a thaispeánfaidh—

(a) na fáthanna nach ndéileáiltear le fochuideachtaí i ngrúpchuntais;

(b) comhiomlán glan (a mhéid a bhaineann sin le comhaltaí na cuideachta sealbhaíochta) bhrabúis na bhfochuideachtaí tar éis caillteanais na bhfochuideachtaí a asbhaint, nó vice versa, do bhlianta airgeadais faoi seach na bhfochuideachtaí a chríochnaigh i dteannta, nó i rith, bhliain airgeadais na cuideachta—

(i) sa mhéid go ndéileáiltear leo i gcuntais na cuideachta don bhliain sin; agus

(ii) sa mhéid nach ndéileáiltear leo amhlaidh;

(c) comhiomlán glan, a mhéid a bhaineann sin le comhaltaí na cuideachta sealbhaíochta, bhrabúis na bhfochuideachtaí tar éis caillteanais na bhfochuideachtaí a asbhaint, nó vice versa, dá mblianta airgeadais roimhe sin ón uair a tháinig siad faoi seach chun bheith ina bhfochuideachtaí don chuideachta shealbhaíochta—

(i) sa mhéid go ndéileáiltear leo i gcuntais na cuideachta don bhliain dá dtagraítear i gceannteideal (b) (i); agus

(ii) sa mhéid nach ndéileáiltear leo i gcuntais na cuideachta don bhliain sin nó do bhlianta roimhe sin;

(d) aon cháiliú a bheidh i dtuarascáil iniúchóirí na bhfochuideachtaí maidir lena gcuntais dá mblianta airgeadais faoi seach a chríochnaigh mar a dúradh, agus aon nóta nó agús a bheidh sna cuntais sin chun aird a tharraingt ar ní ar chuí, amach ón nóta nó ón agús, tagairt dó i gcáiliú den sórt sin, sa mhéid nach bhfuil an ní is ábhar don cháiliú nó don nóta faoi thrácht i gcunatis na cuideachta féin agus go bhfuil tábhacht ann ó thaobh a comhaltaí;

nó, sa mhéid nach bhfuil fáil ar an eolas is gá de réir na fomhíre seo, ráiteas nach bhfuil fáil air.

(5) Ní bheidh feidhm ag ceannteidil (b) agus (c) d'fhomhír (4) ach amháin maidir leis na brabúis agus na caillteanais de chuid fochuideachta a bhféadfaí go cuí iad a áireamh i gcuntais na cuideachta sealbhaíochta mar bhrabúis nó caillteanais ioncaim.

(6) Mura gcuirtear grúpchuntais ar fáil, cuirfear i gceangal leis an gclár comhardaithe ráiteas a thaispeánfaidh, maidir leis na fochuideachtaí, más ann, nár chríochnaigh a mblianta airgeadais i dteannta bhliain airgeadais na cuideachta—

(a) na fáthanna ar dóigh le stiúrthóirí na cuideachta nach ceart go gcríochnódh blianta airgeadais na bhfochuideachtaí i dteannta bhliain airgeadais na cuideachta; agus

(b) na dátaí a chríochnaigh gach ceann de bhlianta airgeadais na bhfochuideachtaí ba dhéanaí a chríochnaigh roimh bhliain airgeadais na cuideachta nó na dátaí ba luaithe agus ba dhéanaí díobh sin.

16. (1) Taispeánfaidh clár comhardaithe cuideachta is fochuideachta do chomhlacht corpraithe eile, cibé acu is cuideachta shealbhaíochta í féin nó nach ea, comhiomlán a féichiúnais i leith gach comhlachta corpraithe ar fochuideachta nó comh-fhochuideachta dó é, agus comhiomlán féichiúnais gach comhlachta corpraithe den sórt sin i leith na cuideachta sin í féin, agus déanfar idirdhealú ann i ngach cás idir féichiúnas maidir le bintiúir agus féichiúnas eile.

(2) Chun críocha na míre seo measfar cuideachta a bheith ina comh-fhochuideachta do chomhlacht corpraithe eile más fochuideachtaí don chomhlacht corpraithe céanna iad araon ach nach fochuideachta dá chéile iad.

Cuntais Chomhdhlúite Chuideachta Sealbhaíochta agus a Fohcuideachtaí.

17. Faoi réir míreanna 18 go 22, cuirfear le chéile sa chlár comhardaithe comhdhlúite agus sa chuntas comhdhlúite sochair agus dochair an t-eolas a bheidh i gcláir chomhardaithe agus i gcuntais sochair agus dochair ar leithligh na cuideachta sealbhaíochta agus na bhfochuideachtaí a ndéileálfaidh na cuntais chomhdhlúite leo, ach sin le cibé coigeartuithe, más ann, is dóigh le stiúrthóirí na cuideachta sealbhaíochta is gá.

18. Faoi réir a bhfuil ráite agus faoi réir Chuid III, nuair a bheifear ag tabhairt an eolais sin sna cuntais chomhdhlúite, déanfar, chomh fada agus is caothúil sin, ceanglais an Achta seo a chomhlíonadh ionann is dá mba chuntais dhearbhchuideachta iad.

19. Ní bheidh feidhm, de bhua míreanna 17 agus 18, ag ailt 191 agus 192 chun críche na gcuntas comhdhlúite.

20. Ní bheidh feidhm ag mír 7 chun críche aon chuntais chomhdhlúite a leagfar faoi bhráid cuideachta leis an gcéad chlár comhardaithe a leagfar faoina bráid amhlaidh tar éis an dáta feidhme.

21. Maidir le haon fhochuideachtaí don chuideachta shealbhaíochta nach ndéileálfaidh na cuntais chomhdhlúite leo—

(a) beidh feidhm ag fomhíreanna (2) agus (3) de mhír 15 chun críche na gcuntas sin ionann is dá mba é a bhí sna cuntais sin cuntais dhearbhchuideachta arbh fhochuideachtaí di iad; agus

(b) cuirfear i gceangal leo ráiteas de shamhail an ráitis is gá de réir fhomhír (4) den mhír sin nuair nach bhfuil aon ghrúpchuntais ann, ach ionann is dá mba thagairtí do na cuntais chomhdhlúite na tagairtí atá san fhomhír sin do chuntais na cuideachta sealbhaíochta.

22. Maidir le haon fhochuideachtaí (cibé acu a dhéileálfaidh na cuntais chomhdhlúite leo nó nach ndéileálfaidh), nár chríochnaigh a mblianta airgeadais i dteannta bhliain airgeadais na cuideachta, cuirfear i gceangal leis na cuntais chomhdhlúite ráiteas de shamhail an ráitis is gá de réir fhomhír (6) de mhír 15 nuair nach bhfuil aon ghrúpchuntais ann.

Cuid III.

Eisceachtaí do Chineálacha Speisialia Cuideachtaí

23. (1) Ní bheidh cuideachta bhaincéireachta nó lascaine faoi réir cheanglais Chuid I ach amháin—

(a) maidir lena clár comhardaithe, ceanglais mhír 2 agus 3, mhír 4 (a mhéid a bhaineann sí le sócmhainní dochta agus reatha), mhír 8 (ach amháin fomhír (e)), mhír 9 agus 10 agus mhír 11 (ach amháin fomhír (7)); agus

(b) maidir lena cuntas sochair agus dochair, ceanglais fomhíreanna (h) agus (i) de mhír 12, mhír 13 agus fomhíreanna (1), (4), (5) agus (6) de mhír 14;

ach mura luaitear ar leithligh ina clár comhardaithe cúlchistí caipitil, cúlchistí ioncaim nó soláthairtí (seachas soláthairtí le haghaidh dímheasa, athnuachaintí nó laghdú luacha ar shócmhainní), ansin, aon cheannteideal ina luaitear méid ar ar thángthas tar éis cúlchiste nó soláthar den sórt sin a chur san áireamh cumfar nó marcálfar é ar dhóigh go gcuirfear é sin in iúl, agus cuirfear in iúl ar a cuntas sochair agus dochair i bhfocail oiriúnacha an dóigh ar ar thángthas ar an méid a cuireadh síos do bhrabús nó caillteanas na cuideachta.

(2) Ní mheasfar nach dtugann cuntais chuideachta bhaincéireachta nó lascaine an léargas fíorcheart is gá de réir an Achta seo de bhíthin amháin nach gcomhlíonann siad aon cheanglais de Chuid I a ndíolmhaítear an chuideachta uathu de bhua na míre seo.

(3) Sa mhír seo, ciallaíonn “cuideachta bhaincéireachta nó lascaine” aon chuideachta a shásóidh an tAire gur chóir í a áireamh chun críocha an Sceidil seo mar chuideachta bhaincéireachta nó mar chuideachta lascaine.

24. Maidir le cuideachta árachais, de réir bhrí na nAchtanna Árachais, 1909 go 1961, atá faoi réir na gceanglas, agus a chomhlíonfaidh na ceanglais, sna hAchtanna sin a bhaineann le clár comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair a ullmhú agus a thaisceadh leis an Aire, beidh feidhm ag mír 23 faoi mar atá feidhm aige maidir le cuideachta bhaincéireachta nó le cuideachta lascaine, agus fairis sin ní bheidh cuideachta árachais den sórt sin faoi réir cheanglais fhomhír (a) de mhír 8 ná fomhíreanna (3), (4), (6) agus (9) de mhír 11.

25. (1) Ní bheidh cuideachta lena mbaineann an mhír seo faoi réir na gceanglas seo a leanas den Sceideal seo:

(a) maidir lena clár comhardaithe, ceanglais mhír 4 (ach amháin a mhéid a bhaineann an mhír sin le sócmhainní dochta agus reatha) agus mhír 5, 6 agus 7; agus

(b) maidir lena cuntas sochair agus dochair, ceanglais fhomhíreanna (a), (e) agus (f) de mhír 12;

ach aon chuideachta a bhainfidh tairbhe as an mír seo, beidh sí, in ionad í a bheith faoi réir na gceanglas sin, faoi réir aon choinníollacha a bheidh forordaithe maidir le nithe atá le lua ina cuntais nó i bhfoirm nóta orthu agus maidir le heolas atá le tabhairt don Aire nó do dhuine a mbeidh údarás aige ón Aire é a éileamh.

(2) Ní mheasfar nach dtugann cuntais chuideachta an léargas fíorcheart is gá de réir an Achta seo de bhíthin amháin nach gcomhlíonann siad aon cheanglais de Chuid I a ndíolmhaítear an chuideachta uathu de bhua na míre seo.

(3) Faoi réir fhomhír (4), baineann an mír seo le cuideachtaí d'aon chineál a fhorordófar chun críocha na fomhíre sin, agus féadfar cineál cuideachtaí a fhorordú amhlaidh má fheictear don Aire go bhfuil sin inmhianaithe ar mhaithe le leas an phobail.

(4) Más é tuairim an Aire nár comhlíonadh i gcás aon chuideachta aon choinníoll dá mbeidh forordaithe chun críocha na míre seo, féadfaidh an tAire a ordú nach mbainfidh an mhír seo leis an gcuideachta fad a bheidh an t-ordú sin i bhfeidhm.

26. Nuair is cuideachta shealbhaíochta cuideachta atá i dteideal tairbhe aon fhorála dá bhfuil sa Chuid seo, déanfar, maidir le cuntais chomhdhlúite na cuideachta sin, na tagairtí i gCuid II do chuntais chomhdhlúite a chomhlíonfaidh ceanglais an Achta seo a fhorléiriú mar thagairtí do na ceanglais sin sa mhéid sin amháin go mbaineann siad le cuntais ar leithligh na cuideachta sin.

Cuid IV.

Léiriú an Sceidil.

27. (1) Chun críocha an Sceidil seo—

(a) ciallóidh “soláthar”, faoi réir fhomhír (2), aon mhéid a díscríobhadh nó a coinníodh chun soláthar a dhéanamh le haghaidh dímheasa, athnuachaintí nó laghdú luacha ar shócmhainní nó a coinníodh chun soláthar a dhéanamh le haghaidh aon dliteanais is eol a bheith ann ach nach féidir a mhéid a chinneadh le cruinneas substaintiúil;

(b) faoi réir a bhfuil ráite, ní fholóidh “cúlchiste” aon mhéid a díscríobhadh nó a coinníodh chun soláthar a dhéanamh le haghaidh dímheasa, athnuachaintí nó laghdú luacha ar shócmhainní nó a coinníodh chun soláthar a dhéanamh le haghaidh aon dliteanais is eol a bheith ann;

(c) ní fholóidh “cúlchiste caipitil” aon mhéid a áirítear a bheith saor lena dháileadh tríd an gcuntas sochair agus dochair, agus ciallóidh “cúlchiste ioncaim” aon chúlchiste seachas cúlchiste caipitil;

agus sa mhír seo folóidh “dliteanas” gach dliteanas i leith caiteachais ar conraíodh lena aghaidh agus gach dliteanas díospóidithe nó teagmhasach.

(2) I gcás—

(a) aon mhéid a díscríobhadh nó a coinníodh chun soláthar a dhéanamh le haghaidh dímheasa, athnuachaintí nó laghdú luacha ar shócmhainní, nach méid a díscríobhadh maidir le sócmhainní dochta roimh an dáta feidhme; nó

(b) aon mhéid a coinníodh chun soláthar a dhéanamh le haghaidh aon dliteanais is eol a bheith ann;

a bheith níos mó ná an méid is dóigh leis na stiúrthóirí a bheith riachtanach de réir réasúin chun na críche sin, is mar chúlchiste agus ní mar sholáthar a áireofar an bhreis chun críocha an Sceidil seo.

28. Chun na gcríocha a dúradh, ciallaíonn “infheistíocht luaite” infheistíocht ar deonaíodh ina leith lua ar a luach nó cead déileála inti ar stocmhargadh aitheanta sa Stát nó ar aon stocmhargadh creidiúnach lasmuigh den Stát, agus déanfar “infheistíocht neamhluaite” a fhorléiriú dá réir sin.