An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN NAOÚ SCEIDEAL. Forálacha den Acht seo a bhfuil feidhm acu maidir le Cuideachtaí Neamhchláraithe.) Ar Aghaidh (AN tAONÚ SCEIDEAL DÉAG. Leasuithe ar Achtanna eile.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

AN DEICHIÚ SCEIDEAL.

Na Forálacha dá dtagraítear in Alt 380.

Alt 380.

An tAlt nó an fhoráil i Sceideal

An tÁbhar

19

Deimhniú corpraithe ina fhianaise dhochloíte.

35

Ráiteas in ionad réamheolaire a bheith le seachadadh don chláraitheoir ag cuideachta ar í a scor de bheith ina cuideachta phríobháideach.

44

Nithe a bheidh le lua agus tuarascálacha a bheidh le tabhairt i réamheolaire.

54

Toirmeasc ar leithroinnt i gcásanna áirithe murar seachadadh ráiteas in ionad réamheolaire don chláraitheoir.

58

Tuairisceán maidir le leithroinnt.

99

Clárú muirear a bhunóidh cuideachtaí.

100(1)

Dualgas ar chuideachta muirir a bhunóidh cuideachta a chlárú.

101

Dualgas ar chuideachta muirir atá ar marthain ar mhaoin a fuarthas a chlárú.

102

Clárú morgáistí breithiúnais.

107

Fógra don chláraitheoir i dtaobh glacadóir a cheapadh agus i dtaobh glacadóir a scor de ghníomhú.

115

Srianta le gnó a thosú.

126

Sonraí i dtuairisceán bliantúil cuideachta gan scairchaipiteal.

129

Deimhnithe a bheidh le cur ag cuideachta phriobháideach leis an tuairisceán bliantúil.

130

Cruinniú reachtúil agus tuarascáil reachtúil.

163(1), (3)

Tuarascáil na n-iniúchóirí agus a gceart chun eolas agus mínithe a fháil.

179

Srianta le stiúrthóir a cheapadh no a fhógairt.

278

Fógra ón leachtaitheoir i dtaobh a cheaptha.

319(2)

Achomaireacht an ghlacadóra.

321

Cuntais ghlacadóirí a sheachadadh don chláraitheoir.

352

Doiciméid a bheidh le seachadadh don chláraitheoir ag cuideachtaí áirithe a corpraíodh lasmuigh den Stát.

353

Tuairisceán a bheidh le seachadadh don chláraitheoir má athraítear doiciméid.

354

Na cuntais ó chuideachta lena mbaineann Cuid XI a bheidh le seachadadh don chláraitheoir.

355

Oibleagáid chun ainm cuideachta lena mbaineann Cuid XI a lua, agus a rá an cuideachta theoranta í agus cad é an tír inar corpraíodh í.

Sc. V, Cuid I, mír 1, 2, 4, 6.

Sonraí i dtuairisceán bliantúil cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal.