An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DÓÚ SCEIDEAL DÉAG. Achtacháin a Aisghairtear.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

AN TRÍÚ SCEIDEAL DÉAG.

Cosaint d'Achtachán.

Alt 3.

Cumhacht chun comhpháirtíochtaí baincéireachta dheicniúir a fhoirmiú.

The Joint Stock Banking Companies Act, 1857, Cuid d'Alt 12.

D'ainneoin aon ní in aon Acht a ritheadh sa seisiún a tionóladh sa seachtú agus san ochtú bliain de réimeas na Banríona Victoria, caibidil céad agus a trí déag, agus dár teideal “An Act to regulate Joint Stock Banks in England”, nó in aon Acht eile, is dleathach d'aon líon daoine, nach mó ná deichniúr, gnó baincéireachta a sheoladh i gcomhpháirtíocht, ar an modh céanna agus ar na coinníollacha céanna go huile agus go hiomlán ar a bhféadfadh aon chuideachta nár mhó ná seisear a líon gnó den sórt sin a sheoladh sular ritheadh an Joint Stock Banking Companies Act, 1857.