An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Glacadóirí.) Ar Aghaidh (CUID IX. Údarás ag Cuideachtaí nár Foirmíodh faoin Acht seo Clárú faoin Acht seo.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

CUID VIII.

Feidhm an achta maidir le Cuideachtaí a Foirmíodh nó a Cláraíodh faoi Achtanna roimhe seo.

Feidhm an Achta maidir le cuideachtaí a foirmíodh agus a cláraíodh faoi Achtanna Cuideachtaí roimhe seo.

1862, c. 89.

1908, c. 69.

324. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás feidhm an Achta seo maidir le cuideachtaí láithreacha, beidh feidhm aige—

(a) i gcás cuideachta teoranta seachas cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, ionann is dá mbeadh an chuideachta arna foirmiú agus arna clárú faoin Acht seo mar chuideachta faoi theorainn scaireanna;

(b) i gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, ionann is dá mbeadh an chuideachta arna foirmiú agus arna clárú faoin Acht seo mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta; agus

(c) i gcás cuideachta seachas cuideachta theoranta, ionann is dá mbeadh an chuideachta arna foirmiú agus arna clárú faoin Acht seo mar chuideachta neamhtheoranta.

(2) Déanfar tagairt, sainráite nó intuigthe, do dháta an chláraithe a fhorléiriú mar thagairt don dáta a cláraíodh an chuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic, faoin Companies Act, 1862, nó faoin Companies (Consolidation) Act, 1908, cibé acu é.

Feidhm an Achta maidir le cuideachtaí a cláraíodh ach nár foirmíodh faoi Achtanna Cuideachtaí roimhe seo.

1862, c. 89.

1908, c. 69.

325. —(1) Faoi réir fho-alt (2), bainfidh an t-Acht seo le gach cuideachta a cláraíodh (i gclár a choimeádtar sa Stát) ach nár foirmíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic, faoin Companies Act, 1862, nó faoin Companies (Consolidation) Act, 1908, ar an dóigh chéanna ina ndearbhaítear i gCuid IX go mbaineann sé le cuideachtaí a cláraíodh ach nár foirmíodh faoin Acht seo.

(2) Déanfar tagairt, sainráite nó intuigthe, do dháta an chláraithe a fhorléiriú mar thagairt don dáta a cláraíodh an chuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic, faoin Companies Act, 1862, nó faoin Companies (Consolidation) Act, 1908, cibé acu é.

Feidhm an Achta maidir le cuideachtaí neamhtheoranta a athchláraíodh mar chuideachtaí teoranta faoi Achtanna Cuideachtaí roimhe seo.

1879, c. 76.

1908, c. 69.

326. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh feidhm ag an alt seo maidir le gach cuideachta neamhtheoranta a cláraíodh (i gclár a choimeádtar sa Stát) mar chuideachta theoranta de bhun an Companies Act, 1879, nó alt 57 den Companies (Consolidation) Act, 1908, amhail mar atá feidhm aige maidir le cuideachta neamhtheoranta a cláraíodh de bhun an Achta seo mar cuideachta theoranta.

(2) Déanfar tagairt, sainráite nó intuigthe, do dháta an chláraithe a fhorléiriú mar thagairt don dáta a cláraíodh an chuideachta mar chuideachta theoranta faoi Acht sin 1879 nó faoin alt sin 57, cibé acu é.

Forálacha maidir le cuideachtaí a cláraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic.

327. —(1) Féadfaidh cuideachta a cláraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic a chur faoi deara go n-aistreofar a scaireanna ar an dóigh a chleachtaí go dtí seo, nó ar cibé dóigh eile a ordóidh an chuideachta.

(2) An chumhacht a thugtar faoi alt 15 chun airteagail a athrú, beidh réim aici, i gcás cuideachta neamhtheoranta a foirmíodh agus a cláraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic, maidir le hathrú a dhéanamh ar aon rialacháin a bhaineann le méid an chaipitil nó lena dháileadh ina scaireanna, d'ainneoin na rialacháin sin a bheith sa mheabhrán.