|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Ceart Coimeádta a chur i bhFeidhm) |
AN tACHT UM CHAOMHNÓIREACHT NAÍON, 1964
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Caomhnoireacht | |
[EN] |
Dlínse in ábhair a bhaineann le caomhnóireacht. 1886, c. 27. |
5. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt nó, faoi réir alt 22 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , an Chúirt Chuarda, an dlínse a thugtar do chúirt faoin gCuid seo a fheidhmiú. |
[EN] | (2) Dá réir sin, déanfar tagairt don Chuid seo a chur ag uimhir thagartha 45 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin in ionad na tagartha don Guardianship of Infants Act, 1886 (a aisghairtear leis an Acht seo). | |
[EN] | (3) An dlínse a thugtar leis an gCuid seo is dlínse í i dteannta aon dlínse eile chun caomhnóirí a cheapadh nó a chur as oifig nó maidir le coimircíocht naíon nó cúram eastát naíon. | |
[EN] |
Ceart tuismitheoirí chun bheith ina gcaomhnóirí. |
6. —(1) Beidh athair agus máthair naín ina gcaomhnóirí i gcomhpháirt ar an naíon. |
[EN] | (2) Ar athair naín d'fháil bháis beidh an mháthair, má mhaireann sí, ina caomhnóir ar an naíon, ina haonar nó i gcomhpháirt le haon chaomhnóir a cheap an t-athair nó an chúirt. | |
[EN] | (3) Ar mháthair naín d'fháil bháis, beidh an t-athair, má mhaireann sé, ina chaomhnóir ar an naíon ina aonar nó i gcomhpháirt le haon chaomhnóir a cheap an mháthair nó an chúirt. | |
[EN] | (4) I gcás naín neamhdhlisteanaigh is í máthair an naín a bheidh ina caomhnóir ar an naíon. | |
[EN] |
Cumhacht athar agus máthar chun caomhnóirí tiomnacha a cheapadh. 1837, c. 26. |
7. —(1) Féadfaidh athair naín trí ghníomhas nó uacht, duine nó daoine a cheapadh chun bheith ina chaomhnóir nó ina gcaomhnóirí ar an naíon tar éis a bháis. |
[EN] | (2) Féadfaidh máthair naín, trí ghníomhas nó uacht, duine nó daoine a cheapadh chun bheith ina chaomhnóir nó ina gcaomhnóirí ar an naíon tar éis a báis. | |
[EN] | (3) Gníomhóidh caomhnóir tiomnach i gcomhpháirt le tuismitheoir marthanach an naín an fad is beo an tuismitheoir marthanach mura gcuirfidh an tuismitheoir marthanach in aghaidh an chaomhnóra gníomhú amhlaidh. | |
[EN] | (4) Má chuireann an tuismitheoir marthanach in aghaidh caomhnóra tiomnaigh amhlaidh nó má mheasann caomhnóir tiomnach go bhfuil an tuismitheoir marthanach neamhoiriúnach chun an naíon a bheith faoina choimeád, féadfaidh an caomhnóir tiomnach iarratas ar ordú faoin alt seo a dhéanamh chun na cúirte. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an chúirt— | |
[EN] | (a) diúltú ordú a dhéanamh (agus sa chás sin is é an tuismitheoir marthanach an t-aon chaomhnóir amháin a bheidh ann), nó | |
[EN] | (b) ordú a dhéanamh go ngníomhóidh an caomhnóir tiomnach i gcomhpháirt leis an tuismitheoir marthanach, nó | |
[EN] | (c) ordú a dhéanamh go ngníomhóidh sé mar chaomhnóir ar an naíon agus go n-eisiafar, a mhéid is cuí leis an gcúirt, an tuismitheoir marthanach. | |
[EN] | (6) Sa chás a luaitear i mír (c) d'fho-alt (5) féadfaidh an chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh maidir le coimeád an naín agus leis an gceart rochtana ar an naíon a bheidh ag an tuismitheoir marthanach, agus féadfaidh an chúirt a ordú freisin go n-íocfaidh an tuismitheoir marthanach leis an gcaomhnóir nó na caomhnóirí nó le haon duine acu cibé suim sheachtainiúil nó suim thréimhsiúil eile i leith chothabháil an naín a mheasfaidh an chúirt a bheith réasúnach ag féachaint d'acmhainn an tuismitheora mharthanaigh. | |
[EN] | (7) Beidh duine faoi bhun bliain is fiche d'aois i dteideal caomhnóirí a cheapadh le huacht d'ainneoin alt 7 den Wills Act, 1837. | |
[EN] | (8) Féadfar ceapadh caomhnóra le gníomhas a chúlghairm le gníomhas eile ina dhiaidh sin nó le huacht. | |
[EN] |
Caomhnóirí a cheapadh agus a chur as oifig ag cúirt. |
8. —(1) Mura mbeidh aon chaomhnóir ag naíon, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine nó daoine, an t-iarratasóir nó na hiarratasóirí, nó aon duine acu, a cheapadh chun bheith ina chaomhnóir nó ina gcaomhnóirí ar an naíon. |
[EN] | (2) Nuair nach mbeidh aon chaomhnóir ceaptha ag tuismitheoir éagtha nó má éagann caomhnóir a ceapadh amhlaidh nó ná dhiúltaíonn sé gníomhú, féadfaidh an chúirt caomhnóir nó caomhnóirí a cheapadh chun gníomhú i gcomhpháirt leis an tuismitheoir marthanach. | |
[EN] | (3) Aon chaomhnóir a cheapfaidh an chúirt chun gníomhú i gcomhpháirt le tuismitheoir marthanach leanfaidh sé air ag gníomhú mar chaomhnóir tar éis an tuismitheoir marthanach d'fháil bháis. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an chúirt aon chaomhnóir a ceapadh le huacht nó gníomhas nó le hordú cúirte, a chur as oifig. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an chúirt caomhnóir eile a cheapadh in ionad caomhnóir a cuireadh as oifig amhlaidh nó in ionad caomhnóir a ceapadh le haon ordú den sórt sin agus atá tar éis bháis. | |
[EN] |
Forálacha i gcás ina gceapfar dhá chaomhnóir nó níos mó. |
9. —(1) I gcás ina gceapfar dhá dhuine nó níos mó chun bheith ina gcaomhnóirí gníomhóidh siad i gcomhpháirt agus i gcás duine acu d'fháil bháis, leanfaidh an marthanóir air, nó na marthanóirí orthu, ag gníomhú. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfaidh an dá thuismitheoir caomhnóirí a cheapadh gníomhóidh na caomhnóirí a cheapfar amhlaidh i gcomhpháirt tar éis an tuismitheoir marthanach d'fháil bháis. | |
[EN] |
Cumhachtaí agus dualgais caomhnóirí. |
10. —(1) Beidh gach caomhnóir faoin Acht seo ina chaomhnóir ar phearsa agus ar eastát an naín mura bhforálfar a mhalairt i dtéarmaí a cheapacháin, i gcás caomhnóir a ceapadh le gníomhas nó uacht nó le hordú na cúirte. |
[EN] | (2) Faoi réir téarmaí aon ghníomhais, uachta nó ordaithe den sórt sin, beidh caomhnóir faoin Acht seo i dteideal— | |
[EN] | (a) mar chaomhnóir ar an bpearsa amhail in aghaidh gach duine nach bhfuil, i gcomhpháirt leis, ina chaomhnóir ar an bpearsa, coimeád an naín a bheith aige, agus beidh sé i dteideal imeachtaí a thionscnamh chun coimeád an naín a fháil ar ais in aghaidh aon duine a thabharfaidh an naíon chun bealaigh nó a choinneoidh an naíon, go héagórach, agus chun damáistí a ghnóthú ar mhaithe leis an naíon mar gheall ar aon díobháil do phearsa an naín nó aon fhoghail air; | |
[EN] | (b) mar chaomhnóir ar an eastát, maoin uile an naín, réadach agus pearsanta, a bheith ina sheilbh agus faoina urláimh, agus déanfaidh sé an mhaoin go léir den sórt sin a bhainistí agus na cíosanna agus na brabúis a ghlacadh thar ceann an naín agus ar mhaithe leis go dtí go slánóidh an naíon bliain is fiche d'aois nó i gcaitheamh aon tréimhse is giorra ná sin dá mbeidh sé ceaptha mar chaomhnóir agus féadfaidh sé aon imeachtaí a thionscnamh maidir leis an gcéanna is féidir le haon duine is caomhnóir ar eastát naín a thionscnamh de réir dlí. | |
[EN] | (3) Ní dhéanann forálacha an ailt seo dochar d'fhorálacha aon achtacháin eile ná d'aon chumhachtaí a thugtar nó dualgais a fhorchuirtear, le dlí, ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí naíon nó ar iontaobhaithe maoin naíon. | |
[EN] |
Iarratais chun na cúirte. |
11. —(1) Féadfaidh aon duine is caomhnóir ar naíon iarratas a dhéanamh chun na cúirte ag iarraidh treorach uirthi maidir le haon cheist a bhainfidh le leas an naín agus féadfaidh an chúirt cibé ordú a dhéanamh is cuí léi. |
[EN] | (2) Féadfaidh an chúirt le hordú faoin alt seo— | |
[EN] | (a) cibé treoracha is cuí léi a thabhairt maidir le coimeád an naín agus leis an gceart rochtana ar an naíon a bheidh ag an athair nó an mháthair; | |
[EN] | (b) a ordú don athair nó don mháthair cibé suim sheachtainiúil nó suim thréimhsiúil eile a íoc i leith chothabháil an naín a mheasfaidh an chúirt a bheith réasúnach, ag féachaint d'acmhainn an athar nó na máthar. | |
[EN] | (3) Féadfar ordú faoin alt seo a dhéanamh ar iarratas ó cheachtar tuismitheoir d'ainneoin na tuismitheoirí a bheith in aontíos an uair sin ach ní fhéadfar ordú a dhéanfar faoi fho-alt (2) a chur i bhfeidhm agus ní fhaibhreoidh aon dliteanas dá thairbhe fad a bheidh siad in aontíos, agus scoirfidh an t-ordú d'éifeacht a bheith aige má leanann siad orthu in aontíos ar feadh trí mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh. | |
[EN] | (4) I gcás naín neamhdhlisteanaigh beidh ag athair nádúrtha an naín an ceart chun iarratas a dhéanamh faoin alt seo maidir le coimeád an naín maraon leis an gceart rochtana ar an naíon atá ag a athair nó a mháthair air agus chun na críche seo déanfar tagairtí san alt seo d'athair nó do thuismitheoir naín a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn eisean; ach ní dhéanfar, ar iarratas den sórt sin, aon ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (2). | |
[EN] |
Orduithe cúirte a athrú agus a urscaoileadh. |
12. —Féadfaidh an chúirt aon ordú a athrú nó a urscaoileadh a rinne an chúirt roimhe sin faoin gCuid seo. |