|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Rialú ar Dhíol Peataí Ainmhithe) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Obráidí Eiscthe) |
AN tACHT UM CHOSAINT AINMHITHE (LEASÚ), 1965
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VI Ilghnéitheach | |
| [EN] |
Dícháiliú a chur ar ceal. |
27. —(1) Aon duine a ndéanfar ordú ina leith faoi fho-alt (1) d'alt 18 nó fo-alt (2) d'alt 26 den Acht seo, féadfaidh sé, aon uair tar éis trí mhí a bheith caite ó dháta an ordaithe agus ó am go ham, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte a rinne an t-ordú á iarraidh an dícháiliú a forchuireadh leis an ordú a chur ar ceal, agus ar aon iarratas den sórt sin féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, ag féachaint do charachtar an duine a dícháilíodh, dá iompar tar éis an t-ordú a dhéanamh, don chineál ciona a bhí ann agus d'iomthoscaí eile an cháis, an dícháiliú a chur ar ceal, le hordú, amhail ó cibé dáta a shonrófar san ordú. |
| [EN] | (2) Má dhiúltaítear d'iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, ní ghéillfear d'iarratas eile faoi má dhéantar é laistigh de thrí mhí ó dháta an diúltaithe. | |
| [EN] |
Marú Muc. |
28. —Chun críocha an Achta um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935 , forléireofar “uirlis” mar ní a fholaíonn córas gásála. |