Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Codanna den Phríomh-Acht a Aisghairtear)

10 1967


Uimhir 10 de 1967


AN tACHT SRIANTA CÍOSA (LEASÚ), 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA SRIANTA CÍOSA, 1960 . [9 Bealtaine, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1960, Uimh. 42 .

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn an “Príomh-Acht” an tAcht Srianta Cíosa, 1960 .

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 3 (2) (a) agus alt 3 (4) den Phríomh-Acht trí “(mura teach ná árasán glanscartha ar leithligh an teaghais) nó daichead punt (más teach an teaghais) nó tríocha punt (más árasán glanscartha ar leithligh an teaghais)” a chur isteach i ndiaidh “seasca punt” agus trí “(mura teach ná árasán glanscartha ar leithligh an teaghais) nó tríocha punt (más teach an teaghais) nó fiche punt (más árasán glanscartha ar leithligh an teaghais)” a chur isteach i ndiaidh “daichead punt”.

(2) Leasaítear leis seo alt 3 (2) (f) den Phríomh-Acht trí “, ach amháin i gcás an tiarna talún a theacht i seilbh an 8ú lá de Mheitheamh, 1966, nó dá éis, a chur isteach i ndiaidh “agus”.

(3) Leasaítear leis seo alt 3 (2) (g) den Phríomh-Acht trí “nó is árasán glanscartha ar leithligh (nach árasán is cuid d'aon fhoirgnimh den sórt sin) a mbeidh an tiarna talún ina sheilbh an 8ú lá de Mheitheamh, 1966, nó a dtiocfaidh sé ina sheilbh ina dhiaidh sin” a chur isteach ag deireadh na míre.

(4) Leasaítear leis seo alt 3 (2) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur leis:

“(i) teaghais is teach ar mó ná deich bpunt a luacháil inrátaithe, is teach a mbeidh, tar éis an Achta Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , a rith, duine is fear neamhphósta nó bean neamhphósta agus atá os cionn 21 bliain d'aois agus faoi bhun 65 bliana d'aois, tar éis teacht chun bheith ina thionónta nó ina tionónta ann.”

(5) Leasaítear leis seo alt 3 (7) den Phríomh-Acht trí “agus i mír (g) den fho-alt sin” a chur isteach i ndiaidh “d'fho-alt (2)”.

(6) Ní eisiafar an Príomh-Acht a chur chun feidhme maidir le teach mar gheall amháin ar alt 3 (6) den Acht sin i gcás an teach a bheith, ar dháta an Achta seo i rith, ar áitiú chun cónaithe dó féin ag duine a theachtann é faoi léas ar faide ná bliain is fiche a théarma, ach má tharlaíonn aon trath roimh dheireadh an téarma sin nach mbeidh seisean ná aon duine eile ag a mbeidh leas an léasaí faoin léas ag áitiú an tí chun cónaithe dó féin, scoirfidh an Phríomh-Acht air sin d'fheidhm a bheith aige.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach roimh fho-alt (3):

“(IA) Baineann an t-alt seo le teaghais rialaithe a bhfuil fianaise ar an dá fhíoras seo a leanas ar fáil ina leith:

(a) go raibh sí, an 8ú lá de Mheitheamh, 1966 (dá ngairtear an dáta iomchuí san alt seo) ar teachtadh ag tionónta a bhí á háitiú faoi chonradh tionóntachta nárbh fhaide ná téarma cúig bliana nó faoi thionóntacht reachtúil, agus

(b) an cíos ar a raibh sí ar teachtadh amhlaidh.

(IB) Is é cíos bunúsach teaghaise rialaithe lena mbaineann an t-alt seo an glanchíos ar a raibh sí ar teachtadh ar an dáta iomchuí.”

(2) Leasaítear leis seo alt 7 (3) (a) den Phríomh-Acht trí “is iomchuí ag féachaint don bhliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1966” a chur isteach i ndiaidh “(cibé acu é)”.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach roimh fho-alt (2):

“(1A) (a) Más rud é, ar iarratas chun na Cúirte faoin bhfo-alt seo ó thiarna talún teaghaise rialaithe, gur deimhin leis an gCúirt gur teaghais lena mbaineann an fo-alt seo an teaghais agus gur lú cíos bunúsach na teaghaise ná an cíos (dá ngairtear an measchíos san fho-alt seo) a gcinnfeadh an Chúirt, dá mba theaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo an teaghais, gurb é cíos bunúsach na teaghaise é, cinnfidh an Chúirt an cíos bunúsach agus is é a bheidh ann méid is ionnan i dtuairim na Cúirte agus an measchíos, agus uaidh sin amach agus gan dochar d'fheidhm a bheith ag mír (a) d'alt 16 den Acht seo maidir léi roimhe sin, tiocfaidh an teaghais chun bheith ina teaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo ionann is dá mba faoin alt sin a rinneadh an cinneadh sin.

(b) Nuair a bheidh measchíos teaghaise á chinneadh de bhun mhír (a) den fho-alt seo, measfar an mhír seo a leanas a bheith curtha in ionad mhír (b) d'alt 9 (1A) den Acht seo:

(b) (i) is é a bheidh sa chíos sin cíos a mbeidh ann cibé méid a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach ag féachaint d'imthosca uile an cháis, ach, go háirithe, do é a bheith riachtanach go seachnófar cruálacht airgeadais do bhaint don tionónta agus don tiarna talún, agus faoi réir na sriantachta sáraithí nach mbeidh sé níos mó ná an difear idir an cíos comhiomlán agus an lamháltas i leith feabhsuithe mar a mhínítear faoi seach anseo ina dhiaidh seo.

(ii) Is é a bheidh sa chíos comhiomlán an cíos is dóigh leis an gCúirt a thabharfadh tionónta toilteanach nach bhfuil ar áitiú cheana féin agus a ghlacfadh tiarna talún toilteanach ar an teaghais, i ngach cás ar an bhforas go dtabharfar seilbh ghlan, agus in imthosca gur leor an soláthar teaghaisí dá samhail atá ann chun freastal don éileamh agus gur gnáth-choimhlint atá ann chucu agus aird a thabhairt ar théarmaí eile na tionóntachta agus do luachanna ligin teaghaisí dá samhail agus i gcomharsanacht na teaghaise, agus gan aird a thabhairt ar aon cháilmheas a ghabhann leis an teaghais.

(iii) Is é a bheidh sa lamháltas i leith feabhsuithe an chionúireacht sin den chíos comhiomlán is inchurtha, i dtuairim na Cúirte, i leith feabhsuithe a rinne an tionónta nó a réamhtheachtaithe i dteideal (roimh thosach feidhme an Achta seo nó an Achta Srianta Cíosa (Leasú), 1967 ), nó dá éis sin a chuireann, tráth an iarratais faoin bhfo-alt seo, le luach ligin agus a oiriúnaíonn do ghné na teaghaise.

(iv) San fhomhír sin roimhe seo—

ciallaíonn “feabhsuithe” aon bhreisithe nó athruithe ar na foirgnimh atá sa teaghais agus folaíonn siad aon déanmhais a rinneadh ar láithreán na teaghaise nó ar thalamh a bhfuil an teaghais ligthe ina theannta agus is déanmhais atá coimhdeach nó foghabhálach leis na foirgnimh sin agus folaíonn siad freisin seoladáin a chur isteach chun uisce, gás nó leictreachas a sholáthar, ach ní fholaíonn siad obair nach bhfuil inti ach deisiú, péinteáil agus maisiú nó aon cheann acu;

ciallaíonn agus folaíonn “réamhtheachtaithe i dteideal” na tionóntaí go léir a bhí roimhe sin sa teaghais faoin tionóntacht chéanna leis an tionónta nó faoi aon tionóntacht ar comhleanúntas nó athnuachan, nó a meastar gur comhleanúntas nó athnuachan, uirthi an tionóntacht sin.'

(c) Más rud é, i gcás teaghais lena mbaineann an fo-alt seo agus nach mbeidh iarratas déanta chun na Cúirte ina leith faoin bhfo-alt seo, go ndéan faidh an tiarna talún, agus é tar éis comhaontú leis an tionónta ar chíos a mbeidh sé arna chinneadh gurb é cíos bunúsach na teaghaise é, fógra i dtaobh an chíosa sin a sheirbheáil ar an tionónta, uaidh sin amach—

(i) beidh sé arna chinneadh gurb é an cíos sin cíos bunúsach na teaghaise agus tiocfaidh an teaghais, gan dochar do mhír (a) d'alt 16 den Acht seo a chur chun feidhme maidir léi roimhe sin, chun bheith ina teaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo ionann is dá mba faoin alt sin a rinneadh an cinneadh sin,

(ii) ní fhéadfar aon iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi mhír (a) den fho-alt seo, agus

(iii) in aon chás ina gcuirfear mír (b) d'alt 16 den Acht seo chun feidhme maidir leis an teaghais, cuirfear tagairt do dháta an fógra a sheirbheáil in ionad dáta imeachtaí a thionscnamh.

(d) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi mhír (c) den fho-alt seo—

(i) féadfaidh ceachtar páirtí sa chomhaontú, laistigh de thrí mhí tar éis dáta an fógra a sheirbheáil, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú d'athrú an chíosa a shonraítear san fhógra ar an bhforas gur chuir sé eolas, ón dáta sin, ar ábhair a shuíonn go raibh cúrsaí airgeadais an pháirtí eile tráth an chomhaontaithe níos fearr, go substaintiúil, ná iad siúd ar faoina dtreoir a rinneadh an comhaontú,

(ii) má ghéilleann an Chúirt don iarratas, ansin, d'ainneoin fomhír (i) de mhír (c) den fho-alt seo, beidh sé arna chinneadh uaidh sin amach gurb é an cíos athraithe arna chinneadh le hordú na Cúirte cíos bunúsach na teaghaise agus measfar gur teaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo an teaghais ionann agus dá mba faoin alt sin a rinneadh an cinneadh sin.

(e) San fho-alt seo ciallaíonn “teaghais lena mbaineann an fo-alt seo” teaghais rialaithe (is teach nó árasán glanscartha ar leithligh)—

(i) lena mbaineann alt 7 den Acht seo, agus

(ii) i gcás inarbh é an tiarna talún tráth an iarratais faoi mhír (a) den fho-alt seo nó tráth an fógra a sheirbheáil faoi mhír (c) de an tiarna talún an 8ú lá de Mheitheamh, 1966, agus gurb é an tiarna talún go leanúnach é ón lá sin,

ach amháin go bhforléireófar an abairt mar abairt nach bhfolaíonn teaghais rialaithe den sórt sin a dúradh, mura suífidh an tiarna talún—

(I) nárbh thiarna talún é, an 8ú lá de Mheitheamh, 1966, ar aon teaghais rialaithe eile (is teach nó árasán glanscartha ar leithligh) lena mbaineann alt 7 den Acht seo, nó

(II) nach mó ná sé líon iomlán na dteaghaisí rialaithe (is tithe nó árasáin ghlanscartha ar leithligh, nó tithe nó teach agus árasáin den sórt sin nó árasán den sórt sin) lena mbaineann alt 7 den Acht seo arbh é ba thiarna talún orthu an 8ú lá de Mheitheamh, 1966, agus nach mó (i gcás ceann amháin ar a laghad díobh a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire) ná seasca punt nó (in aon chás eile) daichead punt iomlán a luachálacha inrátaithe.

(f) Féadfaidh an Chúirt, más cuí leí, déileáil go príobháideach leis an iomlán nó le haon chuid d'iarratas faoin bhfo-alt seo.

(g) D'ainneoin alt 50 den Acht seo, is chun na Cúirte Dúiche a dhéanfar gach iarratas faoin bhfo-alt seo agus, i gcás iarratas faoi mhír (a), beidh an tiarna talún faoi dhliteanas i leith costas an tionónta sa Chúirt sin mura measfaidh an Chúirt sin, sna himthosca uile agus ag féachaint, go háirithe, d'acmhainn an tiarna talún agus d'acmhainn an tionónta, gur cuí a mhalairt a ordú.

(h) Gach fógra a sheirbheálfar faoin bhfo-alt seo is san fhoirm fhorordaithe, nó i bhfoirm go substainteach dá comhéifeacht, a bheidh sé agus beidh na sonraí iomchuí ann a iarrtar leis an bhfoirm.

(i) Má bhíonn i bhfógra a sheirbheálfar faoin bhfo-alt seo aon ráiteas nó uiríoll a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh an duine a rinne an ráiteas nó an t-uiríoll sin nó a chuir faoi deara é a dhéanamh ciontach i gcion agus, ar é a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air mura gcruthóidh sé gur go neamhurchóideach agus gan intinn mheabhlaireachta a rinneadh an ráiteas nó an t-uiríoll.”

(2) Leasaítear leis seo alt 8 (2) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) Nuair a bheidh measchíos teaghaise á chinneadh de bhun mhír (a) den fho-alt seo ag an gCúirt tabharfaidh sí aird ar aon mhéid a caitheadh ar fheabhsú, athrú déanmhais nó deisiú a rinneadh ar an teaghais ar méid é a bhfuarthas breis dleathach de réir bhrí Acht 1946 faoina threoir nó a bhfuarthas breis dleathach de réir bhrí an Achta seo faoina threoir roimh dháta an Achta Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , a rith.”

(3) Ní dhéanfar aon iarratas faoi alt 8 den Phríomh-Acht tar éis dhá bhliain a bheith caite ó dháta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

5. —Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) Cinnfidh an Chúirt cíos bunúsach teaghaise rialaithe lena mbaineann an t-alt seo.

(b) Is é a bheidh sa chíos sin cíos a mbeidh ann cibé méid a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach agus aird a thabhairt, a mhéid is féidir é, ar chíosanna teaghaisí is inchomórtas léi maidir le suíomh, cóiríocht, taitneamhachtaí, deisriocht agus luacháil inrátaithe.

(c) Sa mhír sin roimhe seo tagraíonn ‘cíosanna’, maidir le teaghaisí rialaithe, do chíosanna bunúsacha.”

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

6. —(1) Déanfar gach tagairt don dáta feidhme atá in alt 10 (1) den Phríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairt don 8ú lá de Mheitheamh, 1966.

(2) Leasaítear leis seo alt 10 (2) den Phríomh-Acht trí na míreanna seo a leanas a chur leis:

“(f) i gcás ina mbeidh an tiarna talún—

(i) i rith na tréimhse trí bliana dar críoch an 8ú lá de Mheitheamh, 1966, tar éis suim is mó ná tríú cuid an chíosa bhunúsaigh, nó

(ii) i rith na tréimhse sé bliana dar críoch an dáta sin, tar éis suim is mó ná dhá thrian an chíosa sin,

a chaitheamh ar an teaghais a chothabháil (lena n-áirítear péinteáil agus na suiteála chun uisce, gás agus leictreachas a sholáthar agus le haghaidh sláintíochta a choimeád i ndeisriocht agus in ord ceart oibre), suim (faoi réir dhá scilling agus sé phingin ar a laghad sa tseachtain nó a chóimhéid) comhionann le cúig déag faoin gcéad den chíos bunúsach;

(g) i gcás ina gcaithfidh an tiarna talún, i rith na bliana 1966 nó aon bhliana ina dhiaidh sin, méid is mó ná cúigiú cuid an chíosa bhunúsaigh ag cur na teaghaise i ndeisriocht réasúnach nó á cothabháil (lena n-áirítear péinteáil agus na suiteála chun uisce, gás agus leictreachas a sholáthar agus le haghaidh sláintíochta a choimeád i ndeisriocht agus in ord ceart oibre), suim is comhionann le deich faoin gcéad den bhreis.”

(3) Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Más rud é—

(a) gurb é atá i dteach dhá theaghais rialaithe nó níos mó agus go gcaithfidh tiarna talún na dteaghaisí méid níos mó ná cúigiú cuid chomhshuim cíosanna bunúsacha na dteaghaisí ag cur an tí i ndeisriocht réasúnach nó á chothabháil (lena n-áirítear péinteáil agus na suiteála chun uisce, gás agus leictreachas a sholáthar agus le haghaidh sláintíochta a choimeád i ndeisriocht agus in ord ceart oibre), agus

(b) go dtairbhíonn na teaghaisí rialaithe go léir go díreach nó go neamhdhíreach de na deisithe nó den chothabháil,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha fho-alt (2) den alt seo:

(i) ríomhfar de réir forálacha mhír (g) den fho-alt sin an tsuim ba bhreis dleathach dá mba é a bheadh sa teach teaghais faoi chíos bunúsach comhionann le comhshuim cíosanna bunúsacha na dteaghaisí,

(ii) cionroinnfear an tsuim sin idir na teaghaisí i gcomhréir lena luachálacha inrátaithe faoi seach,

(iii) measfar foráil a bheith sa mhír sin (g) á fhoráil, maidir le gach teaghais, gur breis dleathach le cíos bunúsach na teaghaise an tsuim a chionroinnfear uirthi sa chionroinnt (agus nach ea aon suim eile).

(4B) Más rud é—

(a) nach mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, feidhm ag mír (f) d'fho-alt (2) den alt seo maidir le teaghais rialaithe nach í an aon-teaghais rialaithe í arb é a tiarna talún is tiarna talún uirthi, agus

(b) maidir leis na teaghaisí rialaithe uile arb é is tiarna talún orthu—

(i) gur mó ná céad a líon, agus

(ii) go mbeidh sé—

(I) i rith na tréimhse trí bliana dar críoch an 8ú lá de Mheitheamh, 1966, tar éis suim is mó ná trian comhshuim na gcíosanna bunúsacha a chaitheamh, nó

(II) i rith na tréimhse sé bliana dar críoch an dáta sin, tar éis suim is mó ná dhá thrian na comhshuime sin a chaitheamh, ar chothabháil den sórt dá dtagraítear sa mhír ar na teaghaisí uile nó ar aon cheann díobh,

beidh feidhm ag an mír maidir leis an teaghais rialaithe mura teaghais í nach bhfuil a deisiú de dhlitheanas air.”

(4) I gcás ina mbeifear tar éis dul sa bhliain 1966 nó 1967 faoi chaiteachas den sórt dá dtagraítear in alt 10 (2) (g) den Phríomh-Acht, ní chuirfear breis dleathach leis an gcíos bunúsach faoi threoir na méide a caitheadh má bhítear tar éis breis faoi threoir na méide sin a fháil de bhua alt 10 (2) (e) den Phríomh-Acht.

(5) Leasaítear leis seo alt 21 (1) (e) (ii) trí “nó ar chothabháil” a chur isteach i ndiaidh “deisiú”.

Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht.

1966, Uimh. 21 .

7. —Leasaítear leis seo alt 13 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) I gcás inarb éard fógra faoi mhír (b) d'fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) den alt seo atá tar éis éag fógra ag méadú cíosa aon teaghaise rialaithe de mhéid is aon suim, nó ar cuid de aon suim, i leith na n-ábhar a luaitear i mír (c), (d) nó (g) d'fho-alt (2) d'alt 10 den Acht seo—

(a) féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón tionónta tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis don fhógra éag, más deimhin léi—

(i) nár tabhaíodh nó nár ghá go hiomlán nó go páirteach an caiteachas (a mhéid is inchurtha chun feidhme é maidir le haon cheann de na hábhair sin) ar seirbheáladh an fógra ina leith,

(ii) nach bhfuil na feabhsuithe, na hathruithe déanmhais, na deisithe nó an chothabháil déanta go sásúil,

(iii) i gcás ina n-éilíonn an tionónta nár ghá go hiomlán nó go páirteach an caiteachas (a mhéid is inchurtha chun feidhme é maidir le haon cheann de na hábhair sin) ar seirbheáladh an fógra ina leith gur leithcheal ar an tionónta á shuíomh sin aige gan é a bheith curtha in iúl dó i dtráth cad é an sórt oibreacha a bhí beartaithe,

(iv) nach bhfuil an teaghais, tráth an t-iarratas a dhéanamh, i ndeisriocht intionóntaithe, nó

(v) i gcás inar roimh an lú lá d'Eanáir, 1970, a fuair an tiarna talún an teaghais, gurb éard é an méid, nó gur cuid den mhéid, aon suim a caitheadh sa bhliain 1970 nó aon bhliain ina dhiaidh sin i leith deisithe ba ghá de dhroim sárú oibleagáide a bhí forchurtha ar an tiarna talún le conradh nó reacht agus nach ndearna an tiarna talún i rith na dtrí bliana díreach roimh bhliain an chaiteachas sin suim réasúnach a chaitheamh ar an teaghais a chothabháil,

an méadú a dhícheadú nó a laghdú dá réir sin amhail ó cibé dáta (roimh dháta an iarratais nó eile) is oiriúnach leis an gCúirt, agus

(b) féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón tionónta tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an fógra éag, más deimhin léi nár iarr an tiarna talún deontas faoi Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1962, ná faoi Acht na dTithe, 1966 , i leith na bhfeabhsuithe, na n-athruithe déanmhais nó na ndeisithe ach gur réasúnach a thoimhdean go ngéillfí d'iarratas air, an méadú a laghdú de mhéid nach mó na fiche a cúig faoin gcéad den chíos bunúsach, amhail ó cibé dáta (roimh dháta an iarratais nó eile) is oiriúnach leis an gCúirt.”

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 15 (2) den Phríomh-Acht trí “tríocha a trí agus trian faoin gcéad” a chur in ionad “fiche faoin gcéad”.

(2) Leasaítear leis seo alt 15 (4) (b) den Phríomh-Acht trí “seasca a sé agus dhá thrian faoin gcéad” a chur in ionad “ochtú faoin gcéad”.

Leasú ar alt 29 (1) (j) den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo alt 29 (1) (j) den Phríomh-Acht trí “chun a chumasú don tionónta, gan cruálacht a thabhú, cóiríocht oiriúnach eile a fháil,” a chur isteach i ndiaidh “leis an tionónta”.

Srian le sannadh.

1931, Uimh. 55 .

10. —(1) Baineann an t-alt seo le teaghais rialaithe seachas teaghais a úsáidtear go dleathach go páirteach chun críocha aon ghnó, ceirde nó gairme.

(2) (a) Ní dhéanfaidh tionónta teaghaise rialaithe lena mbaineann an t-alt seo an tionóntacht a shannadh gan toiliú i scríbhinn ón tiarna talún mura i scríbhinn don chonradh tionóntachta agus go bhfuil foráil ann ag údarú an tsannta gan toiliú an tiarna talún.

(b) Ní fhéadfar toiliú chun críocha an fho-ailt seo a choimeád siar ach amháin más sannadh é ar shlí seachas do dhuine de theaghlach an tionónta a chónaíonn bona fide leis tráth an tsannta.

(3) Beidh sannadh contrártha d'fho-alt (2) den alt seo ar neamhní.

(4) Beidh feidhm ag míreanna (a) go (d) d'alt 31 (5) den Phríomh-Acht le linn an focal “teaghlach” a fhorléiriú chun críocha fho-alt (2) den alt seo.

(5) Ní bhainfidh alt 56 den Acht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 , le léas ar theaghais rialaithe lena mbaineann an t-alt seo.

(6) Ní bhainfidh alt 32 (4) (b) den Phríomh-Acht le tionóntacht reachtúil teaghaise rialaithe lena mbaineann alt 32 (4) (b) den Phríomh-Acht.

Dliteanas i leith deisithe (ligean seachtainiúil nó míosúil).

1966, Uimh. 21 .

1860, c. 154.

11. —(1) Baineann an t-alt seo le ligean seachtainiúil nó míosúil ar theaghais rialaithe, is teaghais ar cuireadh breis dleathach chun feidhme ina chás faoi threoir alt 10 (2) (b) den Phríomh-Acht, seachas ligean den sórt sin sa chonradh a bhfuil sé, de réir alt 114 d'Acht na dTithe, 1966 , le bheith intuigthe an coinníoll agus an gealltanas dá dtagraítear san alt sin a bheith ann dó.

(2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, beidh sé intuigthe, i gcás ligean lena mbaineann an t-alt seo, an tiarna talún a bheith faoi chúnant—

(a) an déanmhas (lena n-áirítear urláir) na teaghaise a choimeád i ndeisriocht, agus

(b) an taobh amuigh (lena n-áirítear dréineanna, gáitéirí agus píopaí seachtracha, frámaí fuinneog agus doirse seachtracha) na teaghaise a choimeád i ndeisriocht (lena n-áirítear iad a choimeád péinteáilte), agus

(c) na suiteála sa teaghais chun uisce agus gás, agus le haghaidh sláintíochta (lena n-áiritear báisíni, doirtil, folcadáin agus leithris sláinteachais ach gan áireamh a dhéanamh, seachas mar a dúradh, ar dhaingneáin, feistis agus fearais chun soláthar uisce nó gáis a úsáid) a choimeád i ndeisriocht agus in ord ceart oibre, agus

(d) i gcás inar seomra nó árasán an teaghais, an tsíleáil a choiméad i ndeisriocht.

(3) Má bhíonn cúnant i scríbhinn faoina bhfuil d'oibleagáid ar an tionónta aon chuid nó an t-iomlán de na deisithe a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a dhéanamh, ní bheidh an tiarna talún faoi dhliteanas i leith na ndeisithe sin.

(4) Ní dhéanfar an cúnant is intuigthe ón alt seo (dá ngairtear cúnant deisithe an tiarna talún anseo feasta) a fhorléiriú mar chúnant a cheanglaíonn ar an tiarna talún—

(a) aon oibreacha nó deisithe a dhéanamh a bhfuil an tionónta faoi dhliteanas ina leith de bhua a dhualgais an teaghais a úsáid mar a dhéanfadh tionónta nó a mbeadh sé faoi dhliteanas amhlaidh ina leith ar leith ó aon chúnant sainráite ar a thaobh sin,

(b) an teaghais a athfhoirgniú nó a athshuíomh má dhíthítear nó má dhamáistítear í le tine, anfa, tuile, nó tionóisc dosheachanta eile, nó

(c) aon ní a choimeád i ndeisriocht nó a chothabháil atá an tionónta i dteideal a aistriú ón bhfoirgneamh.

(5) Nuair a bheifear ag cinneadh an chaighdeán deisithe a cheanglaíonn cúnant deisithe an tiarna talún, tabharfar aird ar aois, bail, gné, suíomh agus ré ionchasach na teaghaise.

(6) Aon ligean ar intuigthe cúnant deisithe an tiarna talún a bheith ann, is intuigthe freisin cúnant a bheith ann ón tionónta go bhféadfaidh an tiarna talún, nó aon duine a údaróidh sé i scríbhinn, dul, tráthanna réasúnacha sa lá, ar fhógra ceithre huaire fichead a chloig i scríbhinn a thabhairt don áititheoir, isteach sa teaghais d'fhéachaint cad é an bhail agus an deisriocht atá uirthi agus go dtabharfaidh an tionónta gach saoráid réasúnach dó chun aon deisithe a dhéanamh atá an tiarna talún i dteideal a dhéanamh.

(7) Ní dhéanfar difear d'aon chúnant i scríbhinn faoina bhfuil ceangal ar an tiarna talún nó ar an tionónta deisithe a dhéanamh seachas iad sin a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(8) An méid sin d'alt 42 den Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860, a thugann go mbeidh sé le tuiscint comhaontuithe a bheith ann maidir le dea-bhail agus deisriocht substainteach a bheith ar áitribh, ní bheidh feidhm aige maidir le ligean lena mbaineann an t-alt seo.

(9) Ní bheidh feidhm ag mír (a) ná ag mír (c) d'alt 32 (4) den Phríomh-Acht i gcás inar ligean lena mbaineann an t-alt seo an ligean.

Forálacha a bhaineann le horduithe sealadacha faoi Chuid III den Phríomh-Acht.

12. —(1) I gcás ina raibh ordú faoi alt 21 den Phríomh-Acht i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith, beidh éifeacht aige amhail ó dháta an rite sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) cuirfear in ionad an mhéid a shonraítear ann mar chíos bunúsach na teaghaise lena mbaineann méid is comhionann leis an gcíos dleathach a shonraítear amhlaidh lúide aon mhéid a shonraítear amhlaidh i leith rátaí, agus

(b) in ionad an mhéid a shonraítear amhlaidh i leith breisithe dleathacha cuirfear méid is comhionann le haon mhéid a shonraítear amhlaidh i leith rátaí.

(2) Má dhéanann tiarna talún iarratas faoi alt 8 (1A) den Phríomh-Acht maidir le teaghais a mbeidh iarratas a rinneadh roimhe sin i ndáil léi faoi alt 20 den Phríomh-Acht gan chinneadh, measfar deireadh a bheith leis an iarratas sin is déanaí a luaitear.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, i rith na míosa dá dtagraítear in alt 23 (1) den Phríomh-Acht, iarratas faoi alt 8 (1A) den Acht sin maidir leis an teaghais—

(a) oibreoidh ordú a dhéanfar ar an iarratas chun an t-ordú faoi alt 21 den Phríomh-Acht a chúlghairm, agus

(b) air sin an fhoráil maidir leis an gcíos a bheidh le híoc atá in alt 22 (2) den Phríomh-Acht ní bhainfidh sí leis an teaghais.

(4) Féadfar na hiarratais faoi alt 8 (1A) den Phríomh-Acht a luaitear i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo a dhéanamh d'ainneoin fo-alt (3) d'alt 22 den Acht sin.

An tAcht um Thiarnaí Tighe agus Tíonóntaithe, 1931 , do bhaint le teaghaisí áirithe.

1931, Uimh. 55 .

13. —(1) Baineann an t-alt seo le teaghais is teach nó árasán glanscartha ar leithligh, is teach nó árasán—

(a) arbh éard é díreach roimh dháta an Achta seo a rith teaghais rialaithe faoi réir ligin—

(i) nár ligean a rinneadh agus a bhí sainráite go ndearnadh é mar áis sealadach don tiarna talún nó don tionónta agus (más tar éis an 22ú lá de Nollaig, 1931, a rinneadh é) ag insint cad é sórt áise sealadaí í, ná

(ii) ligean a rinneadh an fad a leanfadh, nó a bhí ag braith ar go leanfadh, an tionónta in aon oifig, fostaíocht nó ceapachán, agus

(b) ar mó a luacháil inrátaithe—

(i) más i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire di, ná daichead punt (más teach í) nó tríocha punt (más árasán glanscartha ar leithligh í);

(ii) in aon chás eile, ná tríocha punt (más teach í) agus fiche punt (más árasán glanscartha ar leithligh í).

(2) Baineann an t-alt seo freisin le teaghais is teach ar mó ná deich bpunt a luacháil inrátaithe, ar teach é a bhfuil duine, fear nó bean neamhphósta os cionn 21 bliain agus faoi bhun 65 bliana d'aois, tar éis teacht chun bheith ina thionónta uirthi tar éis dáta an Achta seo a rith.

(3) Beidh feidhm ag an Acht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 , maidir le gach teaghais lena mbaineann an t-alt seo agus chun na críche sin—

(i) folóidh “tionóntachán” san Acht sin gach teaghais den sórt sin,

(ii) beidh éifeacht ag alt 19 (1) den Acht sin (arna leasú le halt 54 den Phríomh-Acht) ionann is dá gcuirfí an focal agus an mhír seo a leanas leis:

“nó

(f) gur teaghais dá dtagraítear in alt 13 (1) nó 13 (2) den Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , an tionóntachán sin.”,

(iii) má chuirtear alt 24 (2) (a) den Acht sin chun feidhme maidir le haon teaghais den sórt sin, forléireofar an tagairt ann do mhí mar thagairt do shé mhí,

(iv) i gcás aon teaghais den sórt sin, is teaghais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, a bheith, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, ar teachtadh faoi thionóntacht reachtúil, measfar an tionónta faoin tionóntacht sin do theachtadh na teaghaise, amhail ó dháta an rite sin, ón tiarna talún faoi thionóntacht ar aon-téarmaí agus ar aon-choinníollacha leis an tionóntacht reachtúil ach amháin go bhféadfaidh an tiarna talún, trí fhógra trí mhí ar a laghad (a éagfaidh aon lá a shonrófar chuige sin san fhógra) a sheirbheálfar ar an tionónta, an tionóntacht a fhoirceannadh,

(v) i gcás aon teaghais den sórt sin, is teaghais dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, a bheith, díreach roimh an tráth a tháinig an duine dá dtagraítear san fho-alt sin chun bheith ina thionónta ar an teaghais sin ar teachtadh faoi thionóntacht reachtúil, measfar an duine sin do theachtadh na teaghaise, amhail ón dáta sin, ón tiarna talún faoi thionóntacht ar aon-téarmaí agus ar aon-choinníollacha leis an tionóntacht reachtúil ach amháin go bhféadfaidh an tiarna talún, trí fhógra trí mhí ar a laghad (a éagfaidh aon lá a shonrófar chuige sin san fhógra) a sheirbheálfar ar an tionónta, an tionóntacht a fhoirceannadh,

(vi) measfar chun críocha alt 24 (2) (a) den Acht sin gur fógra fágála aon fhógra faoi cheachtar de na míreanna sin roimhe seo,

(vii) má chuirtear alt 23 den Acht sin chun feidhme maidir le haon teaghais den sórt sin, beidh éifeacht ag an alt sin trí “cibé acu seo a leanas is mó, is é sin le rá, cibé suim, chun a chumasú don tionónta, gan cruálacht a thabhú, malairt cóiríochta iomchuí a fháil, is cuí leis an gCúirt, nach lú ná cíos trí bliana (lena n-áirítear rátaí, cibé iníoctha nó nach iníoctha ag an tionónta iad) nó” a chur isteach i ndiaidh “tomhas an chúitimh sin ná”,

(viii) má chuirtear alt 29 den Acht sin chun feidhme maidir le haon teaghais den sórt sin—

(I) i gcás inarb í an ócaid sin an chéad ócáid a shocrófar téarmaí na tionóntachta nua don teaghais faoin alt sin agus gur deimhin leis an gCúirt gur chúis chruálachta don tionónta íoc an chíosa a shocrófaí ar leithligh ón alt seo, socróidh an Chúirt an cíos is iníoctha ag an tionónta faoin tionóntacht nua ar shuim (nach lú ná an cíos láithreach) is deimhin léi, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, lena n-áirítear aon chrúalacht ar an tiarna talún, is ceart a cheangal ar an tionónta a íoc agus beidh éifeacht ag mír (c) den alt sin ionann is dá gcuirfí “níos faide ná téarma deich mbliana” in ionad “giorra ná téarma bliain is fiche gan cead an tionónta ná níos sia ná téarma naoi mbliain nóchad i gcás ar bith”,

(II) in aon chás eile, beidh éifeacht ag mír (g) den alt sin ionann is dá gcuirfí “(roimh an Acht seo nó an tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , a rith nó dá éis sin) agus, tráth an t-iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, a chuireann le luach ligin na teaghaise agus atá oiriúnach do ghné an tionóntacháin” a chur in ionad “agus go mbeadh an tionónta i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall air dá mba ná bainfeadh Cuid III den Acht so leis an tionóntachán san nó dá mba ná cruthnófaí an tionóntacht nua san (pe’ ca aca é)”.

(4) (a) An fheidhm a thugtar de bhua fho-alt (3) den alt seo don Acht um Thiarnaí Tí agus Tionóntaithe, 1931, maidir le teaghais scoirfidh sí ar an tiarna talún a theacht i seilbh na teaghaise.

(b) Sa mhír sin roimhe seo ciallaíonn “seilbh” seilbh iarbhír, agus ní mheasfar tiarna talún a theacht i seilbh de bhíthin amháin athrú tionóntachta a rinneadh lena thoiliú.

Aisghairm.

14. —Aisghairtear leis seo na codanna den Phríomh-Acht a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

15. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.