An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL, 1967) Ar Aghaidh (CUID II Réamhscrúdú Cionta Indíotáilte sa Chúirt Dúiche)

12 1967

AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL, 1967

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh alt 3 agus Cuid II agus III i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú.

Aisghairm.

3. —Déantar leis seo gach achtachán dá luaitear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

Ionchúisitheoir.

4. —San Acht seo ciallaíonn “an t-ionchúisitheoir”, maidir le cion, an duine atá ag ionchúiseamh an chiona, arb é an tArd-Aighne é, duine ag ionchúiseamh ar agra an Ard-Aighne nó duine atá údaraithe le dlí ionchúiseamh a dhéanamh.