An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Athchur Cúisí)

12 1967

AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL, 1967

CUID II

Réamhscrúdú Cionta Indíotáilte sa Chúirt Dúiche

Nós imeachta.

5. —(1) I gcás ina mbeidh duine cúisithe os comhair na Cúirte Dúiche agus é faoi chúiseamh i gcion indíotáilte, ansin, mura go hachomair a bheidh an cás á thriail, nó mura bpléadálfaidh an cúisí ciontach, déanfaidh an breitheamh réamhscrúdú ar an gcúiseamh de réir forálacha na Coda seo.

(2) Déanfar tagairtí in aon achtachán do réamhscrúdú ciona indíoltáilte a fhorléiriú mar thagairtí don nós imeachta atá leagtha amach sa Chuid seo.

Doiciméid a bheidh le seirbheáil ar an gcúisí.

6. —(1) Cuirfidh an t-ionchúisitheoir faoi deara go seirbheálfar na doiciméid seo a leanas ar an gcúisí—

(a) ráiteas ar na cúisimh ina choinne,

(b) cóip d'aon fhaisnéis mhionnaithe i scríbhinn ar ar tionscnaíodh na himeachtaí,

(c) liosta de na finnéithe a bheartaítear a ghlaoch ag an triail,

(d) ráiteas ar an bhfianaise a thabharfaidh gach finné díobh, agus

(e) liosta d'fhoilseáin (más ann).

(2) Tabharfar cóipeanna de na doiciméid don Chúirt freisin.

(3) Beidh de cheart ag an gcúisí gach foilseán a iniúchadh.

(4) Féadfaidh an t-ionchúisitheoir a chur faoi deara go seirbheálfar ar an gcúisí, agus go dtabharfar don Chúirt, ráiteas breise ar an bhfianaise a thabharfaidh finné ar soláthraíodh cheana féin ráiteas ar a fhianaise.

Réamhscrúdú.

7. —(1) Breithneoidh an breitheamh na doiciméid agus na foilseáin, aon teistíocht nó ráiteas a tógadh de réir an ailt seo agus aon aighneachtaí a dhéanfaidh an t-ionchúisitheoir nó an cúisí nó a dhéanfar thar ceann an ionchúisitheora nó an chúisí.

(2) Beidh an t-ionchúisitheoir agus an cúisí araon i dteideal fianaise a thabhairt trí theistíocht faoi mhionn agus fós a éileamh go ndéanfaidh aon duine, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sé ar an liosta finnéithe a soláthraíodh, freastal os comhair an bhreithimh, agus an duine sin a scrúdú i modh teistíochta faoi mhionn.

(3) Féadfar finné faoi fho-alt (2) a chroscheistiú agus a athcheistiú ar a fhianaise. Scríobhfar síos a theistíocht, léifear amach dó í agus síneoidh sé féin agus an breitheamh í.

(4) (a) Fiafróidh an breitheamh den chúisí an bhfuil aon ní le rá aige mar fhreagra ar an gcúiseamh. Tabharfaidh an breitheamh rabhadh don chúisí nach gá dó aon ní a rá mura mian leis é agus aon ní a déarfaidh sé go scríobhfar síos é agus, má chuirtear ar aghaidh é chun trialach, go bhféadfar é a thabhairt i bhfianaise ag a thriail.

(b) Aon ní a déarfaidh an cúisí mar fhreagra ar cheist agus rabhadh an bhreithimh, scríobhfar síos é agus léifear amach dó é agus síneoidh an breitheamh é.

(c) Féadfar ráiteas an chúisí, agus é sínithe amhlaidh de dhealramh, a thabhairt i bhfianaise ag a thriail gan tuilleadh cruthúnais mura rud é go gcruthófar nár síníodh é ag an mbreitheamh a n-airbheartóidh sé a bheith sínithe aige.

(d) Ní choiscfidh aon ní san fho-alt seo ar an ionchúisitheoir aon admháil, nó aon ráiteas eile a rinne an cúisí aon tráth, má tá sin inghlactha de réir dlí mar fhianaise in aghaidh an chúisí, a thabhairt i bhfianaise.

Cinneadh ar réamhscrúdú.

1951, Uimh. 2 .

8. —(1) Más é tuairim an bhreithimh go bhfuil leorchás ann chun an cúisí a chur ar a thriail mar gheall ar an gcion inar cúisíodh é, cuirfidh sé ar aghaidh é chun trialach.

(2) Más é tuairim an bhreithimh go bhfuil leorchás ann chun an cúisí a chur ar a thriail mar gheall ar chion indíotáilte éigin seachas an cion inar cúisíodh é, cuirfidh sé faoi deara é a chúiseamh sa chion sin, rachaidh sé ar aghaidh de réir alt 7 (4), a mbeidh éifeacht aige leis na focail “má chuirtear ar aghaidh é chun trialach” fágtha ar lár as mír (a), agus, mura rud é go bhfuil feidhm ag alt 13, cuirfidh sé ar aghaidh é chun trialach.

(3) Tá fo-ailt (1) agus (2) faoi réir forálacha alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 , a bhaineann le mionchionta.

(4) Más é tuairim an bhreithimh nár nochtadh ach cion achomair, agus go dtoileoidh an tArd-Aighne leis sin, cuirfidh sé faoi deara an cúisí a chúiseamh sa chion acomhair agus déileálfaidh sé leis an gcás dá réir sin.

(5) Mura mbeidh feidhm ag aon cheann de na forálacha sin roimhe seo, ordóidh an breitheamh an cúisí a scaoileadh maidir leis an gcion a bheidh faoi scrúdú.

(6) Is i scríbhinn arna síniú ag an mbreitheamh a bheidh ordú ó bhreitheamh ag cur duine cúisithe ar aghaidh chun trialach.

Ordú finné.

9. —(1) Déanfaidh an breitheamh, má chinneann sé an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach, ordú (dá ngairtear ordú finné san alt seo) i leith gach duine ar soláthraíodh ráiteas ar a fhianaise nó ar tógadh a theistíocht faoin gCuid seo á cheangal air freastal agus fianaise a thabhairt os comhair na cúirte a ag mbeidh an cúisí le triail agus aon doiciméad nó rud a shonrófar san ordú a thabhairt ar aird.

(2) Aon duine nach ndéanfaidh, gan leithscéal cóir, de réir ordú finné á cheangal air freastal os comhair aon chúirte, beidh sé ciontach i ndíspeagadh na cúirte sin.

(3) Más rud é, ar iarratas ón Ard-Aighne nó ó dhuine cúisithe, gur deimhin leis an mbreitheamh, ó fhianaise faoi mhionn, nach dócha do dhuine áirithe déanamh de réir ordú finné, féadfaidh an breitheamh ceangal cúirtbhanna a chur air láithriú ag an triail, agus má dhiúltaíonn sé dul faoin gceangal sin féadfaidh an breitheamh, le barántas, é a chimiú faoi choimeád go dtí an triail nó go dtí go rachaidh sé sa chúirtbhanna; agus beidh ag an mbreitheamh na cumhachtaí céanna chun iallach a chur ar an duine sin freastal os a chomhair chun críocha an fho-ailt seo atá ag an gCúirt Dúiche maidir le finnéithe in imeachtaí coiriúla.

Toghairm fhinné.

10. —(1) Féadfar toghairm (dá ngairtear toghairm fhinné san alt seo) a eisiúint, ar iarratas ón Ard-Aighne nó ó dhuine cúisithe, as an gcúirt a mbeidh an cúisí curtha ar aghaidh chuici chun trialach á cheangal ar an duine chun a ndíreofar í freastal os comhair chúirt na trialach agus fianaise a thabhairt ag an triail agus aon doiciméad nó rud a thabhairt ar aird a shonrófar sa toghairm, mura rud é gur deimhin leis an gcúirt nach féidir leis an duine sin aon fhianaise ábhartha a thabhairt nó, de réir mar a bheidh, aon doiciméad nó rud a thabhairt ar aird ar dócha dó a bheith ina fhianaise ábhartha.

(2) Aon duine nach ndéanfaidh, gan leithscéal cóir, de réir toghairm fhinné, beidh sé ciontach i ndíspeagadh na cúirte as ar eisíodh an toghairm.

(3) Ní rachaidh an t-alt seo ar dochar d'aon chumhachtaí eile chun iallach a chur ar fhinnéithe freastal ag an triail.

Doiciméid bhreise.

11. —(1) I gcás ina mbeidh an cúisí curtha ar aghaidh chun trialach, cuirfidh an tArd-Aighne faoi deara go seirbheálfar air liosta d'aon fhinnéithe breise a bheartaíonn sé a ghlaoch ag an triail, mar aon le ráiteas ar an bhfianaise a thabharfaidh gach duine díobh, liosta d'aon fhoilseáin bhreise, ráiteas ar aon fhianaise bhreise a thabharfaidh aon fhinné a bhfuil a ainm ar an liosta finnéithe a soláthraíodh cheana féin, agus cóipeanna d'aon ráiteas a taifeadadh faoi alt 7 agus d'aon teistíocht a tógadh faoin alt sin nó faoi alt 14.

(2) Tabharfar cóipeanna de na doiciméid do chúirt na trialach freisin.

Réamhscrúdú a tharscaoileadh ag an gcúisí.

12. —(1) Féadfaidh an cúisí an réamhscrúdú a tharscaoileadh agus glacadh de rogha é a chur ar aghaidh chun trialach le pléadáil neamhchiontach, mura rud é go n-éileoidh an t-ionchúisitheoir go ndéanfaidh finné freastal faoi alt 7 (2).

(2) I gcás tarscaoileadh a dhéanamh amhlaidh ag an gcúisí, cuirfidh an breitheamh ar aghaidh é chun trialach agus cuirfidh an tArd-Aighne faoi deara go seirbheálfar air aon doiciméid is gá a sholáthar don chúisí agus nár seirbheáladh iad cheana féin.

(3) Tabharfar cóipeanna de na doiciméid do chúirt na trialach freisin.

(4) Ní cheadófar do leanbh ná do dhuine óg (de réir bhrí Achta na Leanaí, 1908 go 1957) tarscaoileadh a dhéanamh faoin alt seo ach amháin le toiliú an tuismitheora nó an chaomhnóra ag a bhfuil seilbh agus urláimh iarbhír air.

An nós imeachta má phléadálann cúisí ciontach sa Chúirt Dúiche i gcion indíotáilte.

1939, Uimh. 10 .

1962, Uimh. 11 .

[1951, ailt 3, 4].

1926, Uimh. 45 .

1951, Uimh. 2 .

13. —(1) Baineann an t-alt seo le gach cion indíotáilte ach amháin iad seo a leanas—cion faoin Acht Tréasa, 1939 , dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg um dhúnmharú, píoráideacht nó sárú tromchúiseach den sórt dá dtagraítear in alt 3 (1) (i) den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962 , lena n-áirítear cion ag cúlpháirtí roimh an ngníomh nó i ndiaidh an ghnímh.

(2) Má chinntíonn an Chúirt Dúiche aon uair gur mian le duine atá faoi chúiseamh i gcion lena mbaineann an t-alt seo pléadáil ciontach agus más deimhin leis an gCúirt go dtuigeann sé brí an chiona agus na fíorais a líomhnaítear, féadfaidh an Chúirt—

(a) le toiliú an Ard-Aighne, an cion a thriail go hachomair, agus sa chás sin beidh an cúisí inchurtha faoi na pionóis dá bhforáiltear le fo-alt (3), nó

(b) má shíníonn an cúisí pléadáil ciontach, é a chur ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe leis an bpléadáil sin chun cúirte a bhféadfaí go dleathach é a chur ar aghaidh chuici chun trialach, dá mba phléadáil neamhchiontach a bhí déanta aige.

(3) (a) Ar a chiontú ag an gCúirt Dúiche i gcion a triaileadh go hachomair faoi fho-alt (2) (a), dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcúisí nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(b) I gcás cion faoi alt 11 den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , áfach, ní ghearrfaidh an Chúirt fíneáil is mó ná £10 ná téarma príosúnachta is faide ná mí.

(4) (a) Má chuirtear duine ar aghaidh faoin alt seo i gcomhair pianbhreithe, féadfaidh sé a phléadáil i scríbhinn a tharraingt siar agus pléadáil neamhchiontach sa chúiseamh.

(b) Sa chás sin, taifeadfaidh an chúirt pléadáil neamhchiontach, arb ionann oibriú agus éifeacht di, go huile agus go hiomlán, agus d'ordú ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche ag cur an chúisí ar aghaidh chun trialach chun na cúirte sin sa chúiseamh sin, agus cuirfidh an tArd-Aighne faoi deara go seirbheálfar air aon doiciméid is gá a sholáthar don chúisí agus nár seirbheáladh iad cheana féin.

(5) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear do dhlínse na Cúirte faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 .

Cumhacht bhreise chun teistíochtaí a thógáil.

14. —(1) Más rud é, ar iarratas ón ionchúisitheoir nó ó dhuine cúisithe, gurb é tuairim bhreitheamh den Chúirt Dúiche go mb'fhéidir go dtarlódh d'fhinné ionchais nach bhféadfaidh sé freastal nó go mbeidh cosc air freastal chun fianaise a thabhairt ag triail an chúisí agus gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, a chuid fianaise a thógáil i modh teistíochta faoi mhionn, féadfaidh sé ordú a thabhairt dá réir sin.

(2) Tógfar an teistíocht i láthair breitheamh den Chúirt Dúiche agus an chúisí. Scríobhfar síos í, léifear amach don teisteoir í agus síneoidh sé féin agus an breitheamh í.

(3) Sula dtógfar an teistíocht, cuirfidh an breitheamh in iúl don chúisí na himthosca ina bhféadfar í a léamh mar fhianaise ag a thriail.

(4) Féadfar an teisteoir a chroscheistiú agus a athcheistiú ar a fhianaise.

(5) Beidh ag an mbreitheamh na cumhachtaí céanna chun iallach a chur ar fhinné ionchais déanamh de réir an ailt seo, agus chun a áirithiú go bhfreastalóidh an cúisí, atá ag an gCúirt Dúiche maidir le finnéithe in imeachtaí coiriúla.

(6) I gcás ina mbeidh an cúisí curtha ar aghaidh chun trialach is ag an Ard-Aighne amháin is infheidhmithe an ceart iarratais a thugtar don ionchúisitheoir le fo-alt (1).

Teistíocht mar fhianaise.

[1951, a. 9].

15. —(1) Féadfar, faoi réir fho-alt (2), teistíocht a tógadh faoi alt 7 nó 14 a léamh mar fhianaise ag triail an chúisí, má chruthaítear—

(a) go bhfuil an teisteoir marbh nó nach bhféadfaidh sé freastal nó go bhfuil cosc air freastal chun fianaise a thabhairt ag an triail, agus

(b) gur tógadh an teistíocht i láthair an chúisí, agus

(c) gur tugadh caoi chun an teisteoir a chroscheistiú agus a athcheistiú.

(2) Ach amháin i gcás bás an teisteora—

(a) ní léifear teistíocht a tógadh faoi alt 7 ar iarratas ón ionchúisitheoir mura dtoileoidh an cúisí leis sin;

(b) ní léifear teistíocht a tógadh faoi alt 14 má mheasann breitheamh na trialach nach mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas é a léamh.

Cumhacht chun an pobal a eisiamh.

[1951, a. 20 (1) (a)].

1951, Uimh. 2 .

16. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus aon achtacháin eile, is i gcúirt oscailte a dhéanfar réamhscrúdú.

(2) I gcás inar deimhin leis an gCúirt, mar gheall ar nádúr nó imthosca an cháis, nó ar dhóigh eile ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe é, féadfaidh an chúirt an pobal nó aon chuid áirithe den phobal nó aon duine nó daoine áirithe ach amháin ionadaithe bona fide an Phreas a eisiamh as an gcúirt le linn na héisteachta.

(3) Ní rachaidh fo-alt (2) chun dochair do cheart tuismitheora, gaoil nó carad de chuid an chúisí nó de chuid páirtí dhíobháilte fanacht sa chúirt in aon chás lena mbaineann alt 20 (4) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 .

Toirmeasc le himeachtaí a fhoilsiú.

[cf. 1951, a. 20].

17. —(1) Ní fhoilseoidh aon duine, ná ní chuirfidh faoi deara go bhfoilseofar, aon eolas maidir le haon réamhscrúdú áirithe seachas ráiteas á rá go ndearnadh an scrúdú sin maidir le duine ainmnithe ar chúiseamh sonraithe agus ag insint cad é an cinneadh a tugadh ina leith.

(2) Arna léiriú do bhreitheamh den Chúirt Dúiche, ar iarratas ón Ard-Aighne, go ndearna duine ar bith sárú ar fho-alt (1), féadfaidh sé é sin a dheimhniú faoina láimh don Ard-Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt, air sin, fiosrú a dhéanamh faoin gcion a líomnaíodh agus, tar éis aon fhinnéithe a éisteacht a thabharfar ar aird in aghaidh nó ar thaobh an duine sin, agus tar éis aon ráiteas a éisteacht a thairgfear mar chosaint, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh lena phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh na Cúirte.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) le foilsiú cibé eolas a gceadóidh an breitheamh a rinne an réamhscrúdú é a fhoilsiú ar iarratas ón gcúisí.

Scóir eile a chur i ndíotáil.

18. —I gcás ina mbeifear tar éis duine a chur ar aghaidh chun trialach faoin gCuid seo, féadfar, in ionad nó i dteannta na scór ar ar cúisíodh an cion ar ina leith a cuireadh ar aghaidh é, aon scóir a chur sa díotáil ina choinne ar scóir iad a bheidh bunaithe ar aon cheann de na doiciméid (lena n-áirítear aon teistíochtaí agus aon ráiteas a tógadh faoi alt 7) agus de na foilseáin a bhreithnigh an breitheamh ag an réamhscrúdú, más scóir iad is féidir a uamadh go dleathach sa díotáil chéanna.

Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 , agus ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962 .

1951, Uimh. 2 .

1962, Uimh. 12 .

19. —(1) Déantar leis seo alt 2 (2) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 , a leasú tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Ní thriailfear duine go hachomair i gcion a shonraítear sa Chéad Sceideal ag uimhreacha tagartha 1, 2, 3 nó 9 ná i gcion a shonraítear ann ag uimhir thagartha 8 nó 15 i leith maoin ar mó ná dhá chéad punt a luach i dtuairim na Cúirte, ná in iarracht ar aon cheann de na cionta réamhráite a dhéanamh mura mbeidh an tArd-Aighne tar éis toiliú lena thriail amhlaidh.”

(2) Déantar leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 (a shonraíonn na cionta indíotáilte a fhéadfar a thriail go hachomair le toiliú an chúisí) a leasú—

(a) tríd an ábhar atá leagtha amach ag uimhreacha tagartha 8, 14 agus 15 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur isteach—

“8. Cion faoin Larceny Act, 1861.

14. Cion faoi alt 25, 26, 27 nó 28 den Larceny Act, 1916.

15. Cion faoi aon fhoráil (seachas ailt 25, 26, 27 agus 28) den Larceny Act, 1916.”,

(b) tríd an ábhar atá leagtha amach ag uimhir thagartha 18 a scriosadh;

(c) trí na tagairtí breise seo a leanas a chur isteach:

“22. Cion faoi alt 13 den Debtors (Ireland) Act, 1872.

23. Cion faoi ailt 20, 21, 22, 23 nó 51 den Malicious Damage Act, 1861.”

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962 , maidir le himeachtaí faoin gCuid seo mura rud é gur i ndúnmharú a cúisíodh an cúisí.

Toiliú an Ard-Aighne.

20. —Féadfar toiliú an Ard-Aighne faoi aon fhoráil den Chuid seo a chur in iúl i scríbhinn faoi láimh an Ard-Aighne nó de bhriathra béil ag aon duine a bheidh ag ionchúiseamh thar ceann an Ard-Aighne nó ag láithriú thar a cheann.