An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1967) Ar Aghaidh (CUID II Íocaíocht Iomarcaíochta)

21 1967

AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1967

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

1952, Uimh. 11 .

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

folaíonn “gnó” trádáil, tionscal, gairm nó gnóthas nó aon ghníomhaíocht a sheoltar ag duine nó ag comhlacht daoine, corpraithe nó neamhchorpraithe, nó ag údarás poiblí nó ag údarás áitiúil nó ag Roinn Stáit, agus comhlíonadh a fheidhmeanna ag údarás poiblí nó ag údarás áitiúil nó ag Roinn Stáit;

ciallaíonn “dáta an bhriste”, maidir le fostaí,—

(a) i gcás ina bhfoirceannfar a chonradh fostaíochta le fógra óna fhostóir, dáta a éagfaidh an fógra sin,

(b) i gcás ina bhfoirceannfar a chonradh fostaíochta gan fógra, ag an bhfostóir nó ag an bhfostaí, an dáta a bheidh éifeacht ag an bhfoirceannadh sin, agus

(c) i gcás ina bhfuil sé ar fostú faoi chonradh go ceann téarma shocraithe, agus go n-éagfaidh an téarma sin gan an conradh sin a athnuachan, an dáta a éagfaidh an téarma sin,

agus forléireofar dá réir sin abairtí gaolmhara;

ciallaíonn “fostaí” duine atá, nó a oibríonn (nó, i gcás conradh atá foirceannta, a d'oibrigh), faoi chonradh le fostóir, cibé acu conradh é le haghaidh obair láimhe, obair chléireachais nó eile, nó conradh sainráite nó conradh intuigthe é nó conradh ó bhéal nó conradh i scríbhinn é nó conradh seirbhíse nó conradh printíseachta nó eile é, agus forléireofar “fostóir” agus tagairt d'fhostaíocht dá réir sin;

tá le “ranníoc iomarcaíochta fostaí” agus le “ranníoc iomarcaíochta fostóra” na bríonna a shanntar dóibh le halt 27;

ciallaíonn “an tSeirbhís Fostaíochta” an tseirbhís fostaíochta a oibrítear faoi rialú an Aire agus ar a dtugtar an teideal sin;

tá leis an mbriathar “asleagan” an bhrí a shanntar dó le halt 11 (1);

tá le “cnapshuim” an bhrí a shanntar dó le halt 19;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo;

tá le “lacáiste” an bhrí a shanntar dó le halt 29;

tá le “íocaíocht iomarcaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 7;

tá le “gearr-am” an bhrí a shanntar dó le halt 11 (2);

folaíonn “tinneas” nó “breoiteacht” a bheith éagumasach chun oibre de réir bhrí Acht 1952;

tá le “scéim iomarcaíochta speisialta” an bhrí a shanntar dó le halt 47;

tá le “an Binse” an bhrí a shanntar dó le halt 39 (1);

ciallaíonn “seachtain”, maidir le fostaí a ríomhtar a luach saothair go seachtainiúil de réir seachtaine dar críoch lá seachas an Satharn, seachtain dar críoch an lá eile sin agus, maidir le haon fhostaí eile, ciallaíonn sé seachtain dar críoch an Satharn, agus forléireofar “seachtainiúil” dá réir;

tá le “íocaíocht sheachtainiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 30.

(2) Aon tagairt san Acht seo do Chuid, alt nó sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt atá san Acht seo nó do sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír nó do roinnteán eile is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don roinnteán eile den fhoráil (lena n-áirítear sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil eile atá beartaithe.

(4) Chun críocha oibriú an Achta seo maidir le fostaí a bhfuil a luach saothair iníoctha leis ag duine seachas a fhostóir, forléireofar tagairt san Acht seo d'fhostóir mar thagairt don duine ag arb iníoctha an luach saothair.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Na haicmí daoine lena mbaineann an tAcht seo.

4. (1)—Faoi réir an ailt seo agus alt 47, bainfidh an tAcht seo le fostaithe ar fostú i bhfostaíocht is inárachaithe le haghaidh na sochar go léir faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1966, agus le fostaithe a bhí ar fostú amhlaidh sa tréimhse dhá bhliain dar críoch dáta fostaíocht a fhoirceannadh.

(2) Ní bhainfidh an tAcht seo le duine a oibríonn, nó a mbítear ag súil go n-oibreoidh sé, leis an bhfostóir céanna ar feadh cuid is lú ná 21 uair a chloig sa tseachtain.

(3) (a) Chun an tAcht seo a chur chun feidhme maidir le fostaí ar fostú i dteaghlach príobháideach beidh feidhm ag an Acht seo (seachas alt 20) ionann is dá mba ghnó an teaghlach agus dá mba sheoladh an ghnó sin ag an bhfostóir cothabháil an teaghlaigh.

(b) Ní bhainfidh an tAcht seo le haon duine i leith fostaíochta más é an fostóir athair nó máthair nó leasathair nó leasmháthair an fhostaí nó más seanathair, seanmháthair, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leas-iníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leas-ghaolmhar nó deirfiúr leas-ghaolmhar don fhostaí an fostóir, i gcás inar duine de theaghlach an fhostóra an fostaí agus go mbaineann an fhostaíocht le teach cónaithe príobháideach nó feirm ina gcónaíonn nó ar a gcónaíonn an fostóir agus an fostaí.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú nach mbainfidh an tAcht seo le haicme nó aicmí daoine a shonraítear san ordú agus ó thosach feidhme an ordaithe ní bhainfidh an tAcht seo leis an aicme nó na haicmí sin.

(5) D'ainneoin fo-alt (2), féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go mbainfidh an tAcht seo le haicme shonraithe oibrí agus ó thosach feidhme an ordaithe bainfidh an tAcht seo leis an aicme sin.

(6) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Rialacháin agus dréacht-orduithe áirithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

5. —(1) Aon uair a bheartófar ordú a dhéanamh faoi alt 4 (4), 4 (5), 4 (6), 19 (3), 28 (3), 30 (3) nó 47, leagfar dréacht den ordú beartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.