An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Pléascaigh) Ar Aghaidh (CUID IV Substaintí Contúirteacha Eile)

10 1972

AN tACHT UM SHUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA, 1972

CUID III

Peitriliam

Biotáille pheitriliam.

20. —(1) Sa Chuid seo, ciallaíonn “biotáille pheitriliam” peitriliam as a dtagann, faoi ghnáthbhrú atmasféarach, gal inlasta ar theocht is lú ná 73°F.

(2) Féadfaidh an tAire an modh agus an gaireas a úsáidfear do thástáil pheitriliam a fhorordú agus féadfaidh sé foráil a dhéanamh chun an gaireas sin a fhíorú agus chun na táillí a bheidh le híoc ar an bhfíorú sin a fhorordú.

Biotáille pheitriliam a stóráil.

21. —(1) Ní bheidh biotáille pheitriliam ina sheilbh ná faoina urláimh ag duine ar bith ach amháin i stóras arna cheadúnú chun na críche sin ag an údarás áitiúil cuí nó ag an údarás cuain cuí (nó, más le húdarás den sórt sin an stóras, arna cheadúnú ag an Aire).

(2) Ní bhaineann fo-alt (1)—

(a) le cainníocht nach mó ná trí ghalún a choimeádtar i gcoimeádáin oiriúnacha sceithdhíonacha a bhfuil stopallán daingean iontu agus nach mbeidh níos mó ná galún amháin i ngach ceann acu, ná

(b) le cainníocht nach mó ná seasca galún a choimeádtar de réir rialacháin an Aire, lena húsáid in innill lena mbaineann na rialacháin, ná

(c) le biotáille pheitriliam in umar breosla innill lena húsáid san inneall, ná

(d) le hiompróir nó duine eile a mbeidh biotáille pheitriliam aige chun í a iompar de réir an Achta seo nó i bhfeidhmiú feidhmeanna a thugtar leis an Acht seo nó faoi.

Coimeádáin a mharcáil.

22. —(1) Beidh na focail “Petroleum-Spirit” agus “Highly Inflammable” marcáilte go soiléir sofheicthe ar gach coimeádán biotáille pheitriliam (seachas umar breosla innill).

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh chun coimeádáin a mharcáil.

(3) Gach duine a mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aon choimeádán nach mbeidh marcáilte de réir an ailt seo nó de réir na rialachán sin, beidh sé ciontach i gcion.

Rialacháin sábháilteachta.

23. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh chun daoine a chosaint ar phriacal díobhála ó pheitriliam.

(2) Féadfar dualgais a chur, le rialacháin, ar fhostóirí, ar dhaoine fostaithe, ar áititheoirí áitribh agus ar dhaoine eile.

(3) Sula ndéanfaidh an tAire aon rialacháin foilseoidh sé ar cibé modh is cuí leis fógra go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh agus tabharfaidh sé do dhaoine ar mian leo uiríolla a dhéanamh maidir leis na rialacháin bheartaithe deis chun sin a dhéanamh.