|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Peitriliam) | Ar Aghaidh (CUID V Tionóiscí a Chur in Iúl agus a Imscrúdú) |
AN tACHT UM SHUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA, 1972
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV Substaintí Contúirteacha Eile | |
[EN] |
Substaint chontúirteach. (Nua) |
24. —(1) Is é is substaint chontúirteach ann chun críocha na Coda seo substaint a ndearbhaíonn an tAire le hordú gur substaint chontúirteach í ar an bhforas gurb é a thuairim go bhféadfadh an tsubstaint bheith ina hábhar contúirte do dhuine nó do mhaoin. |
[EN] | (2) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) aon fhoráil den Acht seo a chur i mbaint leis an tsubstaint lena mbaineann an t-ordú. | |
[EN] | (3) Sula ndéanfaidh an tAire ordú foilseoidh sé ar cibé modh is cuí leis fógra go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh agus tabharfaidh sé do dhaoine ar mian leo uiríolla a dhéanamh maidir leis an ordú beartaithe deis chun sin a dhéanamh. | |
[EN] |
Réamhchúram sábháilteachta. |
25. —Duine a bheidh ag gabháil d'aon substaint chontúirteach a stóráil, a lipéadú, a phacáil nó a iompar, déanfaidh sé gach beart is féidir chun priacal díobhála do dhuine nó do mhaoin a chosc. |
[EN] |
Rialacháin sábháilteachta. (cf. 1955, Uimh. 10 , a. 49) |
26. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, foráil a dhéanamh le rialacháin chun daoine a chosaint ar phriacal díobhála ó aon substaint chontúirteach. |
[EN] | (2) Féadfar dualgais a chur, le rialacháin, ar fhostóirí, ar dhaoine fostaithe, ar áititheoirí áitribh agus ar dhaoine eile. | |
[EN] | (3) Sula ndéanfaidh an tAire aon rialacháin foilseoidh sé ar cibé modh is cuí leis fógra go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh agus tabharfaidh sé do dhaoine ar mian leo uiríolla a dhéanamh maidir leis na rialacháin bheartaitbe deis chun sin a dhéanamh. |