An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Substaintí Contúirteacha Eile) Ar Aghaidh (CUID VI Riarachán)

10 1972

AN tACHT UM SHUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA, 1972

CUID V

Tionóiscí a Chur in Iúl agus a Imscrúdú

Tionóiscí a chur in iúl.

(cf. 1955, Uimh. 10 , a. 74)

(cf. 1965, Uimh. 7 , a. 102)

( 1955, Uimh. 10 , a. 75)

27. —(1) I gcás aon phléascadh nó tine, nó aon tionóisc a bhainfidh le substaint a choimeádtar faoi cheadúnas do tharlú in áitreabh ceadúnaithe nó ina chomharsanacht nó i ndáil leis agus gur thrúig bháis nó gur thrúig dhíobhála do dhuine nó do mhaoin é, cuirfidh an ceadúnaí láithreach chun an Aire fógra i scríbhinn i dtaobh na tionóisce agus i dtaobh an bháis nó na díobhála.

(2)  (a) Ní dhéanfaidh aon duine, ach amháin le toiliú cigire, an áit inar tharla aon tionóisc den sórt sin a shuaitheadh ná ní bhainfidh sé le haon rud san áit sin—

(i) sula mbeidh trí lá glan caite tar éis an tionóisc a chur in iúl de réir fho-alt (1), nó

(ii) go dtí go mbeidh cuairt tugtha ar an áit sin ag cigire,

cibé acu is túisce a tharlóidh.

(b) In aon imeachtaí a thionscnófar maidir le sárú ar an bhfo-alt seo arb é a bheidh ann aon ghníomh a dhéanamh, is cosaint é a chruthú go raibh sé riachtanach an gníomh sin a dhéanamh chun sábháilteacht na háite nó sábháilteacht daoine san áit a chinntiú.

(3) Ma tharlaíonn, in aon fheithicil nó soitheach a bhfuil aon substaint lena mbaineann an tAcht seo á luchtú nó á hiompar iontu nó á díluchtú astu, nó i gcomharsanacht na feithicle nó an tsoithigh sin nó i ndáil leis an gcéanna, aon tionóisc is trúig bháis nó is trúig dhíobhála do dhuine nó do mhaoin, cuirfidh úinéir na feithicle nó máistir an tsoithigh, más rud é go raibh baint ag substaint den sórt sin leis an tionóisc, fógra láithreach chun an Aire i dtaobh na tionóisce agus i dtaobh an bháis nó na díobhála. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le breosla nach mbeidh le húsáid ach ar an soitheach nó ar an bhfeithicil.

(4) Má mheasann an tAire gur fóirsteanach go dtabharfaí fógra faoin alt seo i dtaobh teagmhais d'aon aicme speisialta in áitreabh ceadúnaithe nó ina chomharsanacht nó i ndáil leis, féadfaidh sé, le rialacháin, gach teagmhas san aicme sin a thabhairt faoi réim forálacha an ailt seo, cibé acu a bheidh an teagmhas ina thrúig bháis nó ina thrúig dhíobhála do dhuine nó do mhaoin nó nach mbeidh.

Ionchoisne i gcás báis de thionóisc.

(cf. 1955, Uimh. 10 , a. 77)

28. —(1) I gcás go gcuirfidh cróinéir ionchoisne ar bun ar chorp aon duine a bhféadfadh gur de dheasca aon tionóisce nó aon teagmhais eile a gceanglaítear leis an gCuid seo fógra a thabhairt ina thaobh a tharla a bhás, beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo.

(2) Cuirfidh an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth mura rud é—

(a) go mbeidh cigire nó duine éigin eile a bheidh ag láithriú thar ceann an Aire i láthair le faire ar na himeachtaí, nó

(b) i gcás nach mbainfidh an t-ionchoisne ach le bás aon duine amháin agus gur chuir an cróinéir fógra chun an Aire i dtaobh an ama agus na háite a gcuirfear an t-ionchoisne ar bun sách luath le go sroichfeadh an fógra an tAire tráth nach déanaí ná ceithre huaire is fiche roimh thráth an ionchoisne a chur ar bun, gur dóigh le tromlach an ghiúiré nach gá an t-ionchoisne a chur ar atráth.

(3) Má chuireann an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth—

(a) féadfaidh sé, roimh an atráthú, fianaise a ghlacadh chun an corp a chéannú agus féadfaidh sé a ordú go n-adhlacfar an corp,

(b) déanfaidh sé, ceithre lá ar a laghad sula gcuirfidh sé ar bun an t-ionchoisne a cuireadh ar atráth, fógra i scríbhinn a chur chun an Aire i dtaobh an ama agus na háite a gcuirfear ar bun an t-ionchoisne a cuireadh ar atráth.

(4) Ní bheidh duine ar bith cáilithe chun fónamh ar an ngiúiré más duine é a bhfuil leas pearsanta aige san áitreabh atá i gceist nó atá fostaithe san áitreabh sin nó i ndáil leis nó ina bhainistí.

(5) Beidh sé de dhualgas ar an duine a bheidh ag toghairm an ghiúiré gan aon duine atá dícháilithe faoi fho-alt (4) a thoghairm agus beidh sé de dhualgas ar an gcróinéir gan cead a thabhairt aon duine den sórt sin a chur faoi mhionn ná é do shuí ar an ngiúiré.

(6) Beidh na daoine seo a leanas i dteideal, faoi réir chumhacht an chróinéara aon cheist a dhícheadú arb é a thuairim nach ceist ábhartha í nó nach ceist chóir í ar chúis eile, aon fhinné a cheistiú i bpearsa nó trí abhcóide nó aturnae:

(a) cigire nó aon duine eile a bheidh ag láithriú thar ceann an Aire,

(b) aon ghaol nó aon chara don duine ar i leith a bháis a cuireadh an t-ionchoisne ar bun,

(c) ceadúnaí nó áititheoir an áitribh lena mbaineann,

(d) úinéir aon fheithicle nó máistir aon soithigh lena mbaineann,

(e) aon duine arna cheapadh i scríbhinn ag tromlach na ndaoine a fhostaítear san áitreabh,

(f) aon duine arna cheapadh i scríbhinn ag aon cheardchumann, carachumann nó comhlachas eile daoine lenar bhain an t-éagach tráth a bháis nó lena mbaineann aon duine a fhostaítear san áitreabh,

(g) aon duine arna cheapadh i scríbhinn ag aon chomhlachas fostóirí ar comhalta de an ceadúnaí nó an t-áititheoir.

(7) I gcás gan cigire nó duine thar ceann an Aire a bheith i láthair ag an ionchoisne agus go dtabharfar fianaise faoi aon mhainneachtain ba chúis nó ba chionchúis leis an tionóisc nó leis an teagmhas, nó faoi aon fhabht san áitreabh nó ina chomharsanacht a ndealraíonn sé don chróinéir nó don ghiúiré gur gá é a leigheas, cuirfidh an cróinéir fógra i scríbhinn chun an Aire mar gheall ar an mainneachtain nó ar an bhfabht sin.

Cumhacht chun imscrúdú foirmiúil a ordú i dtaobh tionóiscí.

( 1955, Uimh. 10 , a. 78)

29. —(1) Más dóigh leis an Aire é a bheith fóirsteanach, féadfaidh sé a ordú go ndéanfar imscrúdú foirmiúil ar aon tionóisc nó teagmhas eile a gceanglaítear leis an gCuid seo fógra a thabhairt ina thaobh agus ar chúiseanna agus imthosca na tionóisce nó an teagmhais.

(2) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo maidir leis an imscrúdú.

(3) Féadfaidh an tAire duine inniúil a cheapadh chun an t-imscrúdú a dhéanamh, agus féadfaidh sé aon duine ag a bhfuil eolas ar an dlí nó saineolas a cheapadh chun gníomhú mar mheasúnóir i ndéanamh an imscrúdaithe.

(4) Déanfaidh an duine nó na daoine a cheapfar amhlaidh (dá ngairfear an binse anseo ina dhiaidh seo) an t-imscrúdú i gcúirt oscailte ar an modh agus faoi na dálaí is éifeachtaí leis an mbinse chun cúiseanna agus imthosca an teagmhais a fhionnadh, agus chun go bhféadfaidh an binse a thuarascáil a thabhairt.

(5) Beidh ag an mbinse, chun críocha an imscrúdaithe, cumhachtaí uile Breithimh den Chúirt Dúiche le linn dó bheith ag éisteacht ionchúisimh i leith ciona faoin Acht seo, agus cumhachtaí uile cigire faoin Acht seo, agus ina theannta sin, cumhacht—

(a) chun dul isteach in aon áit nó foirgneamh agus iniúchadh a dhéanamh air, más dóigh leis an mbinse gur gá chun na gcríocha sin dul isteach ann nó é a iniúchadh;

(b) chun a cheangal, le toghairm faoi shíniú an bhinse, go bhfreastalódh gach duine ar cuí leis an mbinse é a ghairm os a chomhair agus a cheistiú chun na gcríocha sin, agus chun a cheangal go dtabharfar freagraí nó tuairisceáin ar cibé fiafraithe is oiriúnach leis a dhéanamh;

(c) chun a cheangal go dtabharfar ar aird gach leabhar, páipéar agus doiciméad a mheasfaidh an binse a bheith tábhachtach chun na gcríocha sin;

(d) chun daoine a chur faoi mhionn agus chun a cheangal ar aon duine a cheisteofar dearbhú a dhéanamh agus a shíniú i dtaobh fírinne na ráiteas a rinne sé le linn a cheistithe.

(6) Lamhálfar do dhaoine a dhéanfaidh freastal mar fhinnéithe os comhair an bhinse cibé caiteachais a lamhálfaí d'fhinnéithe a dhéanfadh freastal os comhair cúirte taifid, agus, i gcás díospóide i dtaobh an méid a bheidh le lamháil, tarchuirfidh an binse an díospóid chun máistír fómhais don Ard-Chúirt, agus déanfaidh seisean, ar iarratas a fháil faoi shíniú an bhinse, méid ceart na gcaiteachas a fhionnadh agus a dheimhniú.

(7) Bhéarfaidh an binse tuarascáil don Aire ina n-inseofar cúiseanna agus imthosca an teagmhais, agus cuirfidh an binse leis an tuarascáil aon tuairimí is cuí leis an mbinse a lua.

(8) Féadfaidh an binse a cheangal go mbeidh na caiteachais a bhain agus a ghabh le himscrúdú faoin alt seo (lena n-áirítear luach saothair aon daoine a ceapadh chun gníomhú mar mheasúnóirí) le n-íoc go hiomlán nó go páirteach ag aon duine a toghairmeadh os comhair an bhinse agus ar dóigh leis an mbinse, mar gheall ar aon ghníomh nó mainneachtain aige féin nó ag aon seirbhíseach nó gníomhaire dó, grád ar bith freagrachta a bheith air mar gheall ar an teagmhas, ach measfar gur cuid de chaiteachais an Aire ag riaradh an Achta seo aon chaiteachais den sórt sin nach gceanglófar iad a íoc amhlaidh.

(9) Duine ar bith a mhainneoidh gan leithscéal réasúnach (a mbeidh a chruthú air féin), tar éis na gcaiteachas (más ann) a mbeidh sé ina dteideal a thairiscint dó, aon toghairm nó ceanglas ón mbinse a chomhlíonadh nó a choiscfidh nó a bhacfaidh an binse i bhfeidhmiú a dhualgais, beidh sé ciontach i gcion.

(10) Féadfaidh an tAire a chur faoi deara go bhfoilseofar tuarascáil an bhinse cibé tráth agus ar cibé modh is oiriúnach leis.

Cumhacht an Aire chun a cheangal go dtabharfar tuarascáil speisialta ar thionóisc nó ar theagmhas eile.

(cf. 1965, Uimh. 7 , a. 103)

30. —Má tharlaíonn (trí phléascadh, tine nó ar shlí eile) aon tionóisc nó teagmhas eile a gceanglaítear faoin gCuid seo fógra a thabhairt ina thaobh in áitreabh ceadúnaithe nó ina chomharsanacht, nó ar dóigh leis an Aire gur i ndáil leis an áitreabh sin a tharla sé, féadfaidh an tAire, tráth ar bith, a ordú do chigire tuarascáil speisialta a thabhairt ar an tionóisc nó an teagmhas, agus féadfaidh an tAire a chur faoi deara go bhfoilseofar an tuarascáil sin cibé tráth agus ar cibé modh is oiriúnach leis.