27 1973


Uimhir 27 de 1973


AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1971. [18 Nollaig, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1923, Uimh. 26 .

1927, Uimh. 12 .

1932, Uimh. 24 .

1937, Uimh. 15 .

1941, Uimh. 2 .

1943, Uimh. 14 .

1946, Uimh. 3 .

1953, Uimh. 23 .

1960, Uimh. 39 .

1968, Uimh. 12 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1971;

ciallaíonn “Acht 1923” an tAcht Arm-Phinsean, 1923 ;

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Arm-Phinsean, 1927 ;

ciallaíonn “Acht 1932” an tAcht Arm-Phinsean, 1932 ;

ciallaíonn “Acht 1937” an tAcht Arm-Phinsean, 1937 ;

ciallaíonn “Acht 1941” an tAcht Arm-Phinsean, 1941 ;

ciallaíonn “Acht 1943” an tAcht Arm-Phinsean, 1943 ;

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Arm-Phinsean, 1946 ;

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Arm-Phinsean, 1953 ;

ciallaíonn “Acht Uimh. 2 de 1960 ” an tAcht Arm-Phinsean (Uimh. 2), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht Arm-Phinsean, 1968 ;

ciallaíonn “íosmhéid iomchuí”—

(i) i gcás pinsean is iníoctha i leith míthreoir de dheasca créachta nó is iníoctha faoi mhíreanna (c) (i), (c) (ii), nó (c) (iv) d'alt 28 (1), nó faoi mhíreanna (d) (i), (d) (ii) nó (d) (iv) d'alt 29 (1) d'Acht 1937, fiche faoin gcéad, nó

(ii) in aon chás eile, ochtó faoin gcéad.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna mar aon ní amháin.

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Athbhreithniú ar phinsin deiridh faoi Acht 1923, faoi Acht 1927 agus faoi Acht 1932.

2. —(1) I gcás duine—

(a) a bhfuil deonú deiridh pinsin tugtha dó faoi Acht 1923, faoi Acht 1927 nó faoi Acht 1932, agus

(b) a bhfuil an tréimhse deich mbliana atá forordaithe in alt 19 nó 24 d'Acht 1932 caite ina leith,

féadfaidh an duine sin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, tráth ar bith sa chéad ásc, agus tráth nach luaithe ná dhá bhliain tar éis an chéad iarratais nó an iarratais is deireanaí uaidh (cibé acu é) in aon ásc eile, a iarraidh ar an Aire méid a phinsin a chur á athbhreithniú, ar choinníoll go dtabharfaidh an duine sin dóthain fianaise liachta don Aire chun a thaispeáint, maidir lena ghrád míthreorach—

(i) i gcás an pinsean a bheith á fháil iarbhír ag an duine an tráth sin, gur mó é de dheich faoin gcéad nó thairis sin ná a ghrád míthreorach roimhe sin, nó

(ii) i gcás an pinsean a bheith an tráth sin ar fionraí faoin alt seo, nach lú é ná an t-íosmhéid iomchuí.

(2) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis go bhfuil imthosca speisialta ann, a cheadú do dhuine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo iarratas a dhéanamh, sula mbeidh dhá bhliain caite tar éis an chéad iarratais nó an iarratais is deireanaí (cibé acu é) ar mhéid a phinsin a athbhreithniú, go ndéanfaí an t-athbhreithiú sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas faoin alt seo, féadfaidh an tAire a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin a athscrúdú agus a ghrád míthreorach a athmheas agus, ar an athmheas sin a bheith déanta, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás an pinsean a bheith á fháil iarbhír ag an duine sin an tráth sin, ansin—

(i) má chinntear, ar an athmheas sin a dhéanamh, gur mó a ghrád míthreorach ná a ghrád míthreorach roimhe sin nó gur lú é ná a grád míthreorach roimhe sin ach nach lú é ná an t-íosmhéid iomchuí, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, méid an phinsin a mhéadú nó a laghdú go dtí méid is iomchuí don ghrád míthreorach arna athmheas amhlaidh, nó

(ii) má chinntear, ar an athmheas sin a dhéanamh, gur lú ná an t-íosmhéid iomchuí a ghrád míthreorach, fionróidh an tAire an pinsean, gan dochar, áfach, do cheart an duine iarratas eile a dhéanamh faoin alt seo, nó

(b) i gcás an pinsean a bheith an tráth sin ar fionraí faoin alt seo, ansin—

(i) má chinntear, ar an athmheas sin a dhéanamh, nach lú ná an t-íosmhéid iomchuí a ghrád míthreorach, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an fionraí a dhíchur agus an pinsean a dheonú de réir méid is iomchuí don ghrád míthreorach arna athmheas amhlaidh, nó

(ii) má chinntear, ar an athmheas sin a dhéanamh, gur lú ná an t-íosmhéid iomchuí a ghrád míthreorach, leanfaidh an pinsean ar fionraí, gan dochar, áfach, do cheart an duine iarratas eile a dhéanamh faoin alt seo.

(4) Glacfaidh gach méadú nó díchur fionraí pinsin faoin alt seo éifeacht ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) is oiriúnach leis an Aire agus glacfaidh gach laghdú nó fionraí pinsin faoin alt seo éifeacht ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an athmheasa dar tháinig an laghdú nó an fionraí sin) is oiriúnach leis an Aire.

(5) Déanfar tagairtí san alt seo do ghrád míthreorach roimhe sin de chuid duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo a fhorléiriú mar thagairtí don ghrád míthreorach ar faoina threoir a cinneadh méid deonaithe dheiridh an phinsin don duine nó, má rinneadh grád míthreorach an duine a athmheas faoin alt seo, mar thagairtí don ghrád míthreorach mar a athmheasadh amhlaidh é den uair dheiridh sula ndearnadh an t-iarratas.

(6) I gcás—

(a) duine a bheith ag fáil deonú deiridh pinsin i leith míthreorach de bharr galair ar bhonn grád míthreorach nach lú ná ochtó faoin gcéad,

(b) go n-iarrfaidh an duine sin ar an Aire faoin alt seo a phinsean a chur á athbhreithniú,

(c) go dtarchuirfidh an tAire an t-iarratas chuig Bord na nArm-Phinsean le haghaidh athmheasa, agus

(d) go n-athmheasfaidh Bord na nArm-Phinsean gur lú ná ochtó faoin gcéad ach nach lú ná caoga faoin gcéad grád míthreorach an duine sin, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, pinsean deiridh a dheonú don duine sin faoi alt 26 d'Acht 1937, faoi alt 6 d'Acht 1941, faoi alt 6 d'Acht 1943 nó faoi alt 5 d'Acht Uimh. 2 de 1960 , cibé acu é, a thosóidh ar cibé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfidh an tAire.

Athbhreithniú ar phinsin deiridh faoi Acht 1937, faoi Acht 1941, faoi Acht 1943 agus faoi Acht Uimh. 2 de 1960

3. —(1) I gcás duine ar deonaíodh pinsean deiridh dó—

(a) faoi alt 26 d'Acht 1937,

(b) faoi alt 6 d'Acht 1941,

(c) faoi alt 6 d'Acht 1943, nó

(d) faoi alt 5 d'Acht Uimh. 2 de 1960 ,

féadfaidh an duine sin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, tráth ar bith sa chéad ásc, agus tráth nach luaithe ná dhá bhliain tar éis an chéad iarratais nó an iarratais is deireanaí uaidh (cibé acu é) in aon ásc eile, a iarraidh ar an Aire méid a phinsin a chur á athbhreithniú, ar choinníoll go dtabharfaidh an duine sin dóthain fianaise liachta don Aire chun a thaispeáint nach lú ná ochtó faoin gcéad a ghrád míthreorach.

(2) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis go bhfuil imthosca speisialta ann, a cheadú do dhuine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo iarratas a dhéanamh, sula mbeidh dhá bhliain caite tar éis an chéad iarratais nó an iarratais is deireanaí (cibé acu é) ar mhéid a phinsin a athbhreithniú, go ndéanfaí an t-athbhreithniú sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas faoin alt seo, féadfaidh an tAire a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin a athscrúdú agus a ghrád míthreorach a athmheas agus, ar an athmheas sin a bheith déanta, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás an pinsean a bheith á fháil iarbhír ag an duine sin an tráth sin, ansin—

(i) má chinntear, ar an athmheas sin a dhéanamh, nach lú ná ochtó faoin gcéad a ghrád míthreorach, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, pinsean a dheonú de méid is iomchuí don ghrád míthreorach arna athmheas amhlaidh, nó

(ii) má chinntear, ar an athmheas sin a dhéanamh, gur lú ná caoga faoin gcéad a ghrád míthreorach, fionróidh an tAire an pinsean, gan dochar, áfach, do cheart an duine iarratas eile a dhéanamh faoin alt seo, nó

(b) i gcás an pinsean a bheith an tráth sin ar fionraí faoin alt seo, ansin—

(i) má chinntear, ar an athmheas sin a dhéanamh, gur lú ná ochtó faoin gcéad ach nach lú ná caoga faoin gcéad a ghrád míthreorach, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an fionraí a dhíchur agus pinsean deiridh a dheonú faoi alt 26 d'Acht 1937, faoi alt 6 d'Acht 1941, faoi alt 6 d'Acht 1943 nó faoi alt 5 d'Acht Uimh. 2 de 1960 , de réir mar a bheidh, nó

(ii) má chinntear, ar an athmheas sin a dhéanamh, gur lú ná caoga faoin gcéad a ghrád míthreorach, leanfaidh an pinsean ar fionraí, gan dochar, áfach, do cheart an duine iarratas eile a dhéanamh faoin alt seo.

(4) Gach pinsean a dheonófar do dhuine faoin alt seo ar bhonn grád míthreorach nach lú ná ochtó faoin gcéad nó gach díchur fionraí pinsin faoin alt seo tosóidh sé ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) is oiriúnach leis an Aire agus glacfaidh gach fionraí pinsin faoin alt seo éifeacht ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an athmheasa dar tháinig an fionraí sin) is oiriúnach leis an Aire.

(5) I gcás deonú deiridh pinsin lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a bheith tugtha do dhuine agus go ndéanfar, ar a ghrád míthreorach a athmheas faoin alt seo, pinsean a dheonú don duine sin de bhua fho-alt (3) den alt seo, ansin, amhail ar dháta an phinsin a dheonú de bhua fho-alt (3) den alt seo agus ón dáta sin amach, beidh an deonú deiridh pinsin sin arna chúlghairm.

(6) Pinsean a dheonófar de thoradh athmheasa faoin alt seo i leith míthreorach de dheasca galair ar pinsean é ar bhonn grád míthreorach nach lú ná ochtó faoin gcéad measfar gur deonú deiridh pinsin é faoi Acht 1927 nó faoi Acht 1932, de réir mar a bheidh.

Athbhreithniú ar phinsin deiridh faoi Acht 1937, faoi Acht 1946 agus faoi Acht Uimh. 2 de 1960 .

4. —(1) I gcás duine ar deonaíodh pinsean deiridh dó—

(a) faoi alt 28 nó 29 d'Acht 1937,

(b) faoi alt 12 d'Acht 1946, nó

(c) faoi alt 7 d'Acht Uimh. 2 de 1960 ,

féadfaidh an duine sin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, tráth ar bith sa chéad ásc, agus tráth nach luaithe ná dhá bhliain tar éis an chéad iarratais nó an iarratais is deireanaí uaidh (cibé acu é) in aon ásc eile, a iarraidh ar an Aire méid a phinsin a chur á athbhreithniú, ar choinníoll go dtabharfaidh an duine sin dóthain fianaise liachta don Aire chun a thaispeáint maidir lena ghrád míthreorach—

(i) i gcás an pinsean a bheith á fháil iarbhír ag an duine an tráth sin, gur mó é de dheich faoin gcéad nó thairis sin ná a ghrád míthreorach roimhe sin, nó

(ii) i gcás an pinsean a bheith an tráth sin ar fionraí faoin alt seo, nach lú é ná an t-íosmhéid iomchuí.

(2) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis go bhfuil imthosca speisialta ann, a cheadú do dhuine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo iarratas a dhéanamh, sula mbeidh dhá bhliain caite tar éis an chéad iarratais nó an iarratais is deireanaí (cibé acu é) ar mhéid a phinsin a athbhreithniú, go ndéanfaí an t-athbhreithniú sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas faoin alt seo, féadfaidh an tAire a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin a athscrúdú agus a ghrád míthreorach a athmheas agus, ar an athmheas sin ag a bheith déanta, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás an pinsean a bheith á fháil iarbhír ag an duine an tráth sin—

(i) má chinntear, ar an athmheas sin a dhéanamh, gur mó a ghrád míthreorach ná a ghrád míthreorach roimhe sin nó gur 1ú é ná a ghrád míthreorach roimhe sin ach nach 1ú é ná an t-íosmhéid iomchuí, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, méid an phinsin a mhéadú nó a laghdú go dtí méid is iomchuí don ghrád míthreorach arna athmheas amhlaidh, nó

(ii) má chinntear, ar an athmheas sin a dhéanamh, gur lú ná an t-íosmhéid iomchuí a ghrád míthreorach, fionróidh an tAire an pinsean, gan dochar, áfach, do cheart an duine iarratas eile a dhéanamh faoin alt seo, nó

(b) i gcás pinsean an duine a bheith ar fionraí an tráth sin faoin alt seo, ansin—

(i) má chinntear, ar an athmheas sin a dhéanamh, nach lú ná an t-íosmhéid iomchuí a ghrád míthreorach, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an fionraí a dhíchur agus an pinsean a shocrú ar mhéid is iomchuí don ghrád míthreorach arna athmheas amhlaidh, nó

(ii) má chinntear, ar an athmheas sin a dhéanamh, gur lú ná an t-íosmhéid iomchuí a ghrád míthreorach, leanfaidh an pinsean ar fionraí, gan dochar, áfach, do cheart an duine iarratas eile a dhéanamh faoin alt seo.

(4) Glacfaidh gach méadú pinsin nó gach díchur fionraí pinsin faoin alt seo éifeacht ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) is oiriúnach leis an Aire, agus glacfaidh gach laghdú pinsin nó gach fionraí pinsin faoin alt seo éifeacht ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an athmheasa dar tháinig an laghdú nó an fionraí sin) is oiriúnach leis an Aire.

(5) Déanfar tagairtí san alt seo don ghrád míthreorach roimhe sin de chuid duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo a fhorléiriú mar thagairtí don ghrád míthreorach ar faoina threoir a cinneadh méid deonaithe dheiridh an phinsin nó, má rinneadh grád míthreor ach an duine a athmheas faoin alt seo, mar thagairtí don ghrád míthreorach mar a athmheasadh amhlaidh é den uair dheiridh sula ndearnadh an t-iarratas.

Dámhadh aiscí faoi Acht 1923 agus faoi Acht 1927 a athbhreithniú.

5. —(1) I gcás—

(a) duine dar dámhadh, roimh Acht 1937 a rith, aisce faoi Acht 1923 nó faoi Acht 1927 i leith míthreorach de dheasca créachta, agus

(b) an tréimhse dhá mhí dhéag a fhorordaítear in alt 10 (2) d'Acht 1937 a bheith caite ina leith,

féadfaidh an duine sin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, iarratas deiridh amháin a dhéanamh chun an Aire á iarraidh méid na dámhachtana sin a chur á athbhreithniú.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas faoin alt seo, féadfaidh an tAire a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin a athscrúdú agus a ghrád míthreorach a athmheas agus, ar an athmheas sin a bheith déanta, má chinntear nach lú ná fiche faoin gcéad a ghrád míthreorach, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, pinsean de mhéid is iomchuí don ghrád míthreorach arna athmeas amhlaidh a dhámhadh.

(3) Gach pinsean a dheonófar de bhua an ailt seo tosóidh sé ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfidh an tAire.

(4) Pinsean a dheonófar do dhuine ar bith de thoradh athmheasa faoin alt seo measfar gur deonú deiridh pinsin é faoi Acht 1923 nó faoi Acht 1927, de réir mar bheidh.

Dámhadh aiscí faoi Acht 1932 a athbhreithniú.

6. —(1) I gcás—

(a) duine a ndearnadh aisce i leith míthreorach de dheasca créachta a dhámhadh dó faoi Acht 1932, agus

(b) an tréimhse cúig bliana a fhorordaítear in alt 18 (2) d'Acht 1932 a bheith caite ina leith,

féadfaidh an duine sin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, iarratas deiridh amháin a dhéanamh chun an Aire á iarraidh méid na dámhachtana sin a chur á athbhreithniú.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas faoin alt seo, féadfaidh an tAire a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin a athscrúdú agus a ghrád míthreorach a athmheas agus, ar an athmheas sin a bheith déanta, má chinntear nach lú ná fiche faoin gcéad a ghrád míthreorach, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, pinsean de mhéid is iomchuí don ghrád míthreorach arna athmheas amhlaidh a dhámhadh.

(3) Gach pinsean a dheonófar de bhua an ailt seo tosóidh sé ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfidh an tAire.

(4) Pinsean a dheonófar do dhuine ar bith de thoradh athmheasa faoin alt seo measfar gur deonú deiridh pinsin é faoi Acht 1932.

Dámhadh aiscí faoi Acht 1927 a athbhreithniú.

7. —(1) I gcás—

(a) go ndearnadh aisce faoi alt 12 d'Acht 1927 a dhámhadh, roimh Acht 1953 a rith, do dhuine i leith míthreorach de dheasca créacht a bhain dó an 3 Meán Fómhair, 1939, nó dá éis, agus an tréimhse dhá mhí dhéag a fhorordaítear in alt 49 (3) d'Acht 1953 a bheith caite, nó

(b) go ndearnadh nó go ndéanfar aisce faoi alt 12 d'Acht 1927 a dhámhadh, ar dháta Acht 1953 a rith nó dá éis, do dhuine i leith míthreorach de dheasca créachta agus an tréimhse cúig bliana a fhorordaítear in alt 49 (2) d'Acht 1953 a bheith caite,

féadfaidh an duine sin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, iarratas deiridh amháin a dhéanamh chun an Aire á iarraidh méid na dámachtana sin a chur á athbhreithniú.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas faoin alt seo, féadfaidh an tAire a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin a athscrúdú agus a ghrád míthreorach a athmheas agus, ar an athmheas sin a bheith déanta, má chinntear nach lú ná fiche faoin gcéad an grád míthreorach, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, pinsean de mhéid is iomchuí don ghrád míthreorach arna athmheas amhlaidh a dheonú don duine sin.

(3) Gach pinsean a dheonófar do dhuine faoin alt seo tosóidh sé ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfidh an tAire.

(4) Pinsean a dheonófar do dhuine ar bith de thoradh athmheasa faoin alt seo measfar gur pinsean deiridh é faoi Acht 1927.

Ceart athbhreithnithe nuair is lú ná caoga faoin gcéad míchumas de dheasca galair.

8. —(1) I gcás duine ar diúltaíodh nó a ndiúltófar pinsean a dheonú dó—

(a) faoi alt 26 d'Acht 1937,

(b) faoi alt 6 d'Acht 1941,

(c) faoi alt 6 d'Acht 1943, nó

(d) faoi alt 5 d'Acht Uimh. 2 de 1960 ,

ar an aon chúis gur lú ná caoga faoin gcéad a ghrád míthreorach, féadfaidh an duine sin, tráth ar bith sa chéad ásc, agus tráth nach luaithe ná dhá bhliain tar éis an chéad iarratais nó an iarratais is deireanaí uaidh (cibé acu é) in aon ásc eile, a iarraidh ar an Aire a iarratas ar phinsean a chur á athbhreithniú, ar choinníoll go dtabharfaidh an duine sin dóthain fianaise liachta don Aire chun a thaispeáint nach lú ná caoga faoin gcéad a ghrád míthreorach.

(2) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis go bhfuil imthosca speisialta ann, a cheadú do dhuine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo iarratas a dhéanamh, sula mbeidh dhá bhliain caite tar éis an chéad iarratais nó an iarratais is deireanaí (cibé acu é) ar a iarratas ar phinsean a athbhreithniú, go ndéanfaí an t-athbhreithniú sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas faoin alt seo, féadfaidh an tAire a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin a athscrúdú agus a ghrád míthreorach a athmheas.

(4) Má chinntear, ar athmheas a dhéanamh faoin alt seo, nach lú ná ochto faoin gcéad grád míthreorach an duine sin, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, pinsean de mhéid is iomchuí don ghrád míthreorach arna athmheas amhlaidh a dheonú.

(5) Pinsean a dheonófar do dhuine ar bith de thoradh athmheasa faoin alt seo i leith míthreorach de dheasca galair agus ar bhonn grád míthreorach nach lú ná ochtó faoin gcéad measfar gur deonú deiridh pinsin é faoi Acht 1927 nó faoi Acht 1932, de réir mar a bheidh.

(6) Má chinntear, ar athmheas a dhéanamh faoin alt seo, gur lú ná ochtó faoin gcéad ach nach lú ná caoga faoin gcéad, grád

míthreorach an iarratasóra, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, pinsean deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937, faoi alt 6 d'Acht 1941, faoi alt 6 d'Acht 1943 nó faoi alt 5 d'Acht Uimh. 2 de 1960 , de réir mar a bheidh, a dheonú don duine sin.

(7) Gach pinsean a dheonófar do dhuine faoin alt seo tosóidh sé ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfidh an tAire.

Ceart athbhreithnithe nuair is lú ná an t-íosmhéid iomchuí míchumas atá forthromaithe etc. ag seirbhís.

9. —(1) I gcás duine ar diúltaíodh nó a ndiúltófar pinsean a dheonú dó—

(a) faoi alt 28 nó 29 d'Acht 1937,

(b) faoi alt 12 d'Acht 1946, nó

(c) faoi alt 7 d'Acht Uimh. 2 de 1960 ,

ar an aon chúis gur lú ná an t-íosmhéid iomchuí a ghrád míthreorach, féadfaidh an duine sin, tráth ar bith, sa chéad ásc, agus tráth nach luaithe ná dhá bhliain tar éis an chéad iarratais nó an iarratais is deireanaí uaidh (cibé acu é) in aon ásc eile, a iarraidh ar an Aire a iarratas ar phinsean a chur á athbhreithniú, ar choinníoll go dtarbharfaidh an duine sin dóthain fianaise liachta don Aire chun a thaispeáint nach lú ná an t-íosmhéid iomchuí a ghrád míthreorach.

(2) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis go bhfuil imthosca speisialta ann, a cheadú do dhuine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo iarratas a dhéanamh, sula mbeidh dhá bhliain caite tar éis an chéad iarratais nó an iarratais is deireanaí (cibé acu é) ar a iarratas ar phinsean a athbhreithniú, go ndéanfaí an t-athbhreithniú sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas faoin alt seo, féadfaidh an tAire a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin a athscrúdú agus a ghrád míthreorach a athmheas.

(4) Má chinntear, ar athmheas a dhéanamh faoin alt seo, nach lú ná an t-íosmhéid iomchuí grád míthreorach an duine sin, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, pinsean de mhéid is iomchuí don ghrád míthreorach arna athmheas amhlaidh a dheonú.

(5) Gach pinsean a dheonófar do dhuine de bhua an ailt seo tosóidh sé ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfidh an tAire.

Leasú ar ailt 14 agus 15 d'Acht 1927 agus ar alt 11 d'Acht 1968.

1954, Uimh. 18 .

10. —(1) Déantar leis seo ailt 14 (6) agus 15 (4) d'Acht 1927 a leasú trí “ráta pá pósta de réir Rialacháin Óglaigh na hÉireann” a chur in ionad “liúntais fhir phósta mar shaighdiúir phósta” agus alt 11 (1) d'Acht 1968 a leasú trí “ráta pá pósta de réir Rialacháin Óglaigh na hÉireann” a chur in ionad “liúntas pósta mar shaighdiúir pósta”.

(2) San alt seo ciallaíonn “Rialacháin Óglaigh na hÉireann” rialacháin a rinne an tAire faoi alt 97 den Acht Cosanta, 1954 .

(3) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Mheitheamh, 1969.

Leathnú ar an Acht Arm-Phinsean, 1971.

1924, Uimh. 48 .

1971, Uimh. 26 .

11. —(1) Measfar maidir le baintreach duine—

(a) dar deonaíodh deimhniú seirbhíse míleata faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924 , ach a bhí dícháilithe chun pinsean a dhámhadh dó faoin Acht sin mar gheall ar é a bheith ag fónamh mar chomhalta de na fórsaí,

(b) a fuair bás le linn dó a bheith ag fónamh sna fórsaí, agus

(c) a bheadh i dteideal pinsean a dhámhadh dó faoin Acht sin, dá mba rud é nach bhfuair sé bás amhlaidh ach gur urscaoileadh as na fórsaí é,

gur baintreach í lena mbaineann alt 1 (1) den Acht Arm-Phinsean, 1971 .

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1971.

Alt 7 (2) den Acht Arm-Phinsean, 1949 , agus alt 10 d'Acht 1968 a aisghairm.

1949, Uimh. 19 .

12. —(1) Aisghairtear leis seo alt 7 (2) den Acht Arm-Phinsean, 1949 , agus alt 10 d'Acht 1968.

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 29ú lá de Lúnasa, 1970.

Gearrtheideal agus comhlua.

13. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1973, a ghairm de na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1971, agus den Acht seo le chéile.