|
|||||
|
| [EN] | ||
| ||
Uimhir 21 de 1975 | ||
| [EN] |
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (Uimh. 2), 1975 | |
[An tiontú oifigiúil] | ||
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1965 . [5 Lúnasa, 1975] | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Leasú ar alt 1 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965 . |
1. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “aersheirbhís”: |
| [EN] | “ciallaíonn ‘aersheirbhís’ eitilt nó eitiltí a dhéanfaidh aerárthach nó aerárthaí a bheidh ag iompar paisinéirí, lasta nó poist;”. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Uimh. 2), 1975 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Folóidh an comhlua, na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1975, an tAcht seo. |