An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Bord Gáis Éireann Teoranta) Ar Aghaidh (CUID VI Leasuithe)

30 1976

AN tACHT GÁIS, 1976

CUID V

Ilghnéitheach

An tAire Tionscail agus Tráchtála do dhul i gcomhairle leis an Aire maidir le hiarratais áirithe chuige faoi cheadúnais agus léasanna áirithe.

36. —I gcás a dtarlóidh—

(a) de bhun téarmaí agus coinníollacha ar a ndeonóidh an tAire Tionscail agus Tráchtála ceadúnas taiscealaíochta, nó

(b) de bhun coinníollacha nó comhaontú foghabhálach i léas peitriliam,

go n-iarrfar ar an Aire Tionscail agus Tráchtála pleananna a cheadú le foslach gáis nádúrtha a fhorbairt nó a shaothrú, rachaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, sula gcinnfidh sé an t-iarratas, i gcomhairle leis an Aire.

Tairgfear gás áirithe a dhíol leis an mBord.

1954, Uimh. 26 .

37. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, tairgfear an gás nádúrtha go léir a thabharfaidh ceadúnaí faoi cheadúnas taiscealaíochta nó léasaí léasa peitriliam i dtír sa Stát nó a gheobhaidh ceadúnaí nó léasaí den sórt sin laistigh de dhlínse an Stáit le tomhailt sa Stát a thairiscint a dhíol leis an mBord ar théarmaí réasúnacha agus déanfaidh an Bord aon ghás a thairgfear de bhun an ailt seo agus a cheannóidh an Bord a dhiúscairt lena thomhailt sa Stát mura dtabharfaidh an tAire toiliú faoi alt 8 (7) den Acht seo.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le gás nádúrtha a ndéanfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála—

(a) de bhun téarmaí agus coinníollacha ar a mbeidh ceadúnas taiscealaíochta deonaithe aige, nó

(b) de bhun coinníollacha nó fochomhaontú a bheidh i léas peitriliam,

a chur de cheangal, agus é ag ceadú plean le foslach gáis nádúrtha a fhorbairt nó a shaothrú, a thairiscint a dhíol le duine, seachas an Bord, chun críche tionscail a bheidh sonraithe sa cheanglas.

(3) Má bhíonn aon díospóid ann faoi réasúnacht téarmaí ar a dtairgfear gás nádúrtha a dhíol leis an mBord, de bhun ceanglais fho-alt (1) den alt seo, cinnfear an díospóid sin trí eadráin de bhun an Achta Eadrána, 1954 , agus le linn díospóid den sórt sin a bheith á cinneadh ag an eadránaí ní chuirfidh sé i gcuntas costais seachas na costais gheolaíochta, geoifisiceacha nó druileála, nó costais taiscealaíochta eile is cuí a chur i leith fionnadh, dreachadh nó forbairt an fhoslaigh as a bhfaighfear an gás nádúrtha iomchuí.

Rialacháin sábháilteachta.

38. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul dó i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus leis an mBord, cibé rialacháin is oiriúnach leis a dhéanamh lena áirithiú go mbeidh an pobal agus talamh nó maoin eile cosanta, a mhéid is féidir é, ar dhíobháil, tine, pléascadh nó contúirt eile ó ghás nádúrtha nó gás eile a tharchur ag an mBord nó ó úsáid aon gháis eile den sórt sin a riar an Bord.

(2) Aon duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, rialacháin faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £200 a chur air.

Ceart slí poiblí a mhúchadh.

39. —(1) Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, ceart slí poiblí a mhúchadh le hordú, ach déanfar ordú faoin alt seo a fhoilsiú mar a shonrófar i rialacháin a dhéanfaidh an tAire agus ní cheadóidh an tAire an t-ordú—

(a) mura mbeidh curtha faoi deara aige éisteacht ó bhéal a sheoladh agus tar éis breithniú a dhéanamh ar aon agóidí a rinneadh go cuí in aghaidh an ordaithe laistigh den tréimhse a bheidh forordaithe chun críocha an fho-ailt seo agus nár tarraingíodh siar agus ar thuarascáil an duine a sheol an éisteacht, agus

(b) mura deimhin leis gur gá an múchadh chun píoblíne nó críochfort píoblíne a dhéanamh, a chothabháil, a dheisiú nó a choimeád sábháilte nó chun píoblíne nó críochfort píoblíne a shuíomh in ionad an chéanna.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le ceart slí poiblí thar thalamh a gheobhaidh an Bord go héigeantach.

Srian le daoine seachas an Bord do dhéanamh agus d'oibriú píoblínte.

40. —(1) Ní dhéanfaidh ná ní oibreoidh duine, seachas an Bord, gan fógra réasúnach a thabhairt roimh ré don Aire, píoblíne ar thalamh, thar thalamh ná faoi dhromchla talún.

(2) I gcás a bhfaighidh an tAire fógra de bhun fho-alt (1) den alt seo, ceanglóidh an tAire an phíoblíne iomchuí a dhéanamh nó a oibriú, de réir mar is iomchuí, de réir cibé coinníollacha den sórt a luaitear in alt 8 (8) den Acht seo nó de réir coinníollacha ar aonchineál le gach ceanglas nó le haon cheanglas atá in alt 8 (9) den Acht seo, mar a mheasfaidh sé is iomchuí.

(3) I gcás a ndéanfaidh an tAire ceanglas faoi fho-alt (2) den alt seo, comhlíonfaidh an duine a dhéanfaidh nó a oibreoidh, de réir mar is iomchuí, an phíoblíne iomchuí an ceanglas.

Cosaint.

41. —(1) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a chumasaíonn don Bhord baint in aon slí, gan toiliú an Aire Tionscail agus Tráchtála, le mianraí Stáit de réir brí an Achta Forbairte Minearál, 1940 , seachas gaineamh, gairbhéal nó cré.

(2) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann difear d'oibriú Acht 1960 nó an Achta um an Scairbh Ilchríochach, 1968 , nó a údaraíonn don Bhord gan aird a thabhairt ar aon achtachán eile nó ar aon riail dlí.