An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Talamh agus Uiscí) Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach)

39 1976

AN tACHT UM FHIADHÚLRA, 1976

CUID V

Achtacháin a Leasú

Leasú ar alt 3 d'Acht na nArm Tine, 1925.

62. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht na nArm Tine, 1925—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur le fo-alt (1):

“ach sula ndeonóidh sé an deimhniú ceanglóidh an Ceannfort ar an duine a rá i scríbhinn cé acu atá nó nach bhfuil sé ar intinn aige, má dheonaítear an deimhniú, an t-arm tine lena mbaineann an t-iarratas a úsáid chun mamaigh fhiáine dhíolmhaithe de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976 (seachas giorriacha) a mharú agus má chuireann an duine in iúl go bhfuil ar intinn aige an t-arm tine a úsáid amhlaidh, ní dheonófar an deimhniú ach amháin nuair a thabharfaidh an t-iarratasóir ar aird ceadúnas reatha a dheonaigh an tAire Tailte dó de bhun alt 29 (1) den Acht sin.”; agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur le fo-alt (2):

“ach sula ndeonóidh sé an deimhniú ceanglóidh an tAire ar an duine a bheidh ag iarraidh an deimhnithe a rá i scríbhinn cé acu atá nó nach bhfuil sé ar intinn aige, má dheonaítear an deimhniú, an t-arm tine lena mbaineann an deimhniú a úsáid chun mamaigh fhiáine dhíolmhaithe de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976 , nó éin fhiáine chosanta de réir brí an Achta sin, lena mbaineann ordú faoi alt 24 den Acht sin de thuras na huaire, a mharú, agus má chuireann an duine in iúl go bhfuil sé ar intinn aige an t-arm tine sin a úsáid amhlaidh, ní dheonóidh an tAire an deimhniú ach amháin nuair a thabharfaidh an t-iarratasóir ar aird ceadúnas reatha a dheonaigh an tAire Tailte dó de bhun alt 29 (2) den Acht sin.”.

Leasú ar ailt 9, 21, 22, 23 agus 58 d'Acht 1946.

63. —(1) (a) Forléireofar alt 9 d'Acht 1946 mar ní a chumasaíonn don Aire—

(i) talamh a fháil faoin alt sin a bhfuil gá aige leis nó, de réir mar a bheidh, cearta thar an talamh a fháil a bhfuil gá aige leo, chun críocha an Achta seo, nó go páirteach chun na gcríocha sin agus go páirteach chun críocha a luaitear i bhfo-alt (1) (a) den alt sin,

(ii) aon fhoirgnimh nó oibreacha is gá i ndáil lena fheidhmeanna faoin Acht seo a cheannach nó a thógáil ar léas.

(b) Déanfar na cumhachtaí a thugtar don Aire le halt 9 d'Acht 1946 a fhorléiriú mar chumhachtaí a chumasaíonn don Aire talamh a bheidh faighte aige de bhua an ailt seo, nó go páirteach de bhua an ailt seo agus go páirteach faoin alt sin 9, a dhíol nó a ligean, nó aon talamh den sórt sin a mhalartú ar aon talamh eile agus (más gá é ar aon mhalartú den sórt sin) airgead a íoc nó a fháil i leith an chomhionannais mhalairte, nó cearta a dheonú ar, nó thar, aon talamh den sórt sin nó maidir le foirgnimh nó oibreacha ar teachtadh ag an Aire chun críocha an Achta seo nó chun críocha an Achta seo agus Acht 1946 araon.

(2) Más rud é, le linn iarratas a dhéanamh faoi alt 21 (1) d'Acht 1946, lena n-áirítear aon iarratas faoin alt sin arna dhéanamh de bhua alt 60 den Acht seo, go n-iarrfaidh an tAire go mbeadh sé sainráite sa cheart slí riachtanach, má bhunaítear é, go n-áirítear ann agus go n-oibríonn sé sa dóigh go dtugtar don Aire an chumhacht chun a cheadú don phobal i gcoitinne nó d'aon chuid áirithe den phobal, a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire maidir leis an gceart slí, gabháil agus athghabháil gach tráth, nó cibé tráthanna a cheadóidh an tAire, agus i dteannta nó d'éagmais feithiclí nó ainmhithe, de réir mar a shonróidh sé amhlaidh, thar an talamh a mbeidh an ceart slí infheidhmithe thairis, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) déanfaidh an tAire tagairt don iarraidh in aon fhógra a sheirbheálfar faoi mhír (a) den alt sin 21 (1), agus

(b) má chinneann na Coimisinéirí Tuata, nuair a bheidh an t-iarratas á bhreithniú acu, an t-iarraidh a cheadú go hiomlán nó go páirteach, déarfar sin san ordú a dhéanfar de thoradh an iarratais agus oibreoidh an t-ordú dá réir sin, agus chun críocha an ailt seo forléireofar mír (b) d'fho-alt (2) den alt sin 21 agus beidh éifeacht aici amhail is dá gcuirfí an méid seo a leanas leis an mír “mar aon leis an gcumhacht chun a cheadú don phobal i gcoitinne nó d'aon chuid den phobal a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire maidir leis an gceart slí, gabháil agus athghabháil, gach tráth nó cibé tráthanna a cheadóidh an tAire, agus i dteannta nó d'éagmais feithiclí nó ainmhithe, de réir mar a shonróidh sé, thar an talamh a mbeidh an ceart slí infheidhmithe thairis”.

(3) Bainfidh alt 22 d'Acht 1946 le talamh a measfaidh an tAire gurb inmhianaithe é a fháil chun críocha an Achta seo nó go páirteach chun na gcríocha sin agus go páirteach chun críocha Acht 1946 agus bainfidh alt 23 den Acht sin le talamh ar mian leis an Aire é a fháil chun críche ar bith de na críocha réamhráite faoi mar a bhaineann sé le talamh ar mian leis an Aire é a fháil chun críocha Acht 1946.

(4) Chun amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo go mbeidh feidhm ag fo-ailt (2) go (16) d'alt 23 agus ag ailt 24 go 34 d'Acht 1946, arna leasú le halt 6 d'Acht 1956, maille le hailt 4 agus 5 d'Acht 1956, maidir le talamh a fháil faoi fho-alt (1) den alt sin 23 de bhua an ailt seo.

(5) Déantar leis seo alt 58 d'Acht 1946 a leasú mar a leanas:

(a) beidh éifeacht ag fo-alt (1) amhail is dá ndéanfaí gach uile thagairt do choiníní a scriosadh as an bhfo-alt sin, agus

(b) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (3):

“(3) Is loitmhíol gach ceann acu seo a leanas chun críocha an ailt seo—

(a) aon éan fiáin nach éan fiáin cosanta de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976 ,

(b) aon ainmhí fiáin (seachas éan) nach ainmhí fiáin cosanta de réir brí an Achta sin.”

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Maoine Stáit, 1954 . 1954, Uimh. 25 .

64. —Déantar leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Maoine Stáit, 1954 , a leasú trí “faoin Acht Foraoiseachta, 1946 , nó faoin Acht um Fhiadhúlra, 1976 ” a chur i mír 1 in ionad “faoin Acht Foraoiseachta, 1946 (Uimh. 13 de 1946) ” agus tá an mhír sin 1, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas:

AN TáBLA

1. Aon talamh a dílsíodh don Aire Tailte de bhua an Orduithe Foraoiseachta (Seirbhisí Poiblí d'Athroinnt), 1933 (R. & O.R., Uimh. 158 de 1933), nó a fuarthas faoi na hAchtanna Foraoiseachta, 1919 agus 1928, nó faoin Acht Foraoiseachta, 1946 , nó faoin Acht um Fhiadhúlra, 1976 .

Leasú ar Acht na nArm Tine, 1964 .

65. —(1) Déantar leis seo Acht na nArm Tine, 1964 , a leasú—

(a) trí “ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976 ,” a chur in ionad “géim” in alt 3 (1), agus in alt 12 (1),

(b) trí “, ach ní dhéanfaidh ordú faoin bhfo-alt seo tréimhse a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a fhadú thar mhí”, a chur le halt 3 (2), agus

(c) trí “ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta den sórt sin” a chur in ionad “géim” i bhfo-alt (3) agus i bhfo-alt 4 (a) d'alt 3.

(2) Tá ailt 3 (1), 3 (2), 3 (3), 3 (4) (a) agus 12 (1) d'Acht na nArm Tine, 1964 , arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, leagtha amach i míreanna 1, 2, 3, 4, agus 5, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TáBLA

1.—(1) Féadfaidh an tAire, ar uiríolla ón Aire Tailte gur gá sin a dhéanamh chun ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976 , a chaomhnú, ordú a dhéanamh a thoirmisceoidh arm tine, nó arm tine de cibé saghas nó saghsanna a shonrófar san ordú, a úsáid nó a iompar in áit phoiblí nó ar aon tailte ar fud an Stáit nó i cibé limistéar nó limistéir a shonrófar san ordú i gcaitheamh cibé tréimhse, nach faide ná mí, a shonrófar san ordú.

2.—(2) Féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tailte, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm, ach ní dhéanfaidh ordú faoin bhfo-alt seo tréimhse a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a fhadú thar mhí.

3.—(3) Ní bheidh feidhm ag ordú faoin alt seo maidir le húsáid nó iompar arm tine ag comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann nó den Gharda Síochána ná le húsáid nó iompar arm tine ag duine dár thug Ceannfort aon cheantair cead a bheidh i bhfeidhm chun arm tine a úsáid agus a iompar chun críche (seachas ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta den sórt sin a chaitheamh), a bheidh sonraithe sa chead sa cheantar sin, i gcaitheamh tréimhse a bheidh sonraithe sa chead, má iompraítear agus má úsáidtear an t-arm tine agus é de réir an cheada sin.

4.—(4)  (a) Aon uair a bheidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm i ndáil le haon cheantar, féadfaidh Ceannfort an cheantair sin, dá rogha féin, cead a thabhairt d'aon duine chun arm tine a mbainfidh an t-ordú lena úsáid nó lena iompar a úsáid agus a iompar sa cheantar sin chun críche (seachas ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta den sórt sin a chaitheamh) a bheidh sonraithe sa chead i gcaitheamh tréimhse a bheidh sonraithe sa chead.

5.—(1) In aon chás inar gunna gráin an t-arm tine a thuairiscítear i ndeimhniú airm tine féadfaidh an deimhniú a rá go n-údaraíonn sé, agus sa chás sin oibreoidh sé chun a údarú don duine dá dtugtar an deimhniú an gunna a úsáid chun, agus amháin chun, ainmhithe nó éin seachas ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976 , a mharú (de réir mar a déarfar sa deimhniú)—

(a) ar thalamh atá á áitiú aige féin, nó

(b) ar thalamh atá á áitiú ag duine eile.

Leasú ar alt 69 den Acht um Chlárú Teidil, 1964 .

66. —Leasaítear leis seo alt 69 den Acht um Chlárú Teidil, 1964 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (r):

“(rr) comhaontú faoi alt 18 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 , a fhorálann go mbeidh sé inchurtha i bhfeidhm i gcoinne daoine a dhíorthaíonn teideal chun na talún iomchuí faoi pháirtí sa chomhaontú;”.

Srian le Cuid V den Acht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965 .

1965, Uimh. 10 .

67. —Measfar Cuid V den Acht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965 , a bheith gan feidhm maidir le héin fhiáine chosanta nó le hainmhithe fiáine cosanta.