10 1977


Uimhir 10 de 1977


AN tACHT UM DHÍFHOSTÚ ÉAGÓRACH, 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH SÁSAMH D'FHOSTAITHE A DÍFHOSTAÍODH GO hEAGÓRACH AS A bhFOSTAÍOCHT, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ÉILIMH AR AN SÁSAMH SIN A CHINNEADH AG COIMISINÉIRÍ CIRT AGUS AG AN mBINSE A BUNAÍODH, LEIS AN ACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1967 , CHUN ACHOMHAIRC ÁIRITHE A CHINNEADH, A FHORÁIL GURB É AN BINSE ACHOMHAIRC FOSTAÍOCHTA A GHAIRFEAR DEN BHINSE SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS DO LEASÚ AN ACHTA UM FHÓGRA ÍOSTA AGUS TÉARMAÍ FOSTAÍOCHTA, 1973 . [6Aibreán, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “conradh fostaíochta” conradh seirbhíse nó printíseachta, cibé acu is conradh sainráite nó intuigthe é agus (más conradh sainráite é) cibé acu is conradh ó bhéal nó i scríbhinn é;

ciallaíonn “dáta dífhostaithe”—

(a) i gcás a dtabharfar fógra roimh ré go bhfuil an conradh fostaíochta á fhoirceannadh agus go bhfuil an fógra sin de réir forálacha an chonartha sin agus an Achta um Fhógra Iosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 , an dáta a rachaidh an fógra sin in éag,

(b) i gcás nach dtabharfar fógra roimh ré faoin bhfoirceannadh sin nó nach bhfuil an fógra a tugadh de réir forálacha an chonartha fostaíochta nó an Achta um Fhógra Iosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 , an dáta a rachadh an fógra sin in éag dá mba ar dháta an fhoirceanta sin a tugadh é agus go mbeadh sé sainráite ann go rachadh sé in éag ar an dáta is déanaí díobh seo a leanas—

(i) an dáta is luaithe a bheadh de réir forálacha an chonartha fostaíochta,

(ii) an dáta is luaithe a bheadh de réir forálacha an Achta um Fhógra Iosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 .

(c) i gcás conradh fostaíochta go ceann téarma shocraithe do dhul in éag gan é a athnuachan faon gconradh céanna, nó, i gcás conradh chun críche sonraithe (is críoch de chineál go raibh teorainn le ré an chonartha ach nárbh fhéidir, tráth an chonartha a dhéanamh, a ré a chinntiú), go bhfuil scortha den chríoch, dáta an éaga nó an scoir;

ciallaíonn “dífhostú” i ndáil le fostaí—

(a) fostóir an fhostaí d'fhoirceannadh conradh fostaíochta an fhostaí leis an bhfostóir cibé acu a tugadh nó nár tugadh fógra roimh ré don fhostaí faoin bhfoirceannadh,

(b) an fostaí d'fhoirceannadh a chonartha fostaíochta leis an bhfostóir, cibé acu a tugadh nó nár tugadh fógra roimh ré don fhostóir faoin bhfoirceannadh, in imthosca a d'fhágfadh go raibh nó go mbeadh, mar gheall ar iompar an fhostóra, teideal ag an bhfostaí, nó go raibh nó go mbeadh sé réasúnach ag an bhfostaí, an conradh fostaíochta a fhoirceannadh gan fógra roimh ré a thabhairt don fhostóir faoin bhfoirceannadh, nó

(c) conradh fostaíochta go ceann téarma shocraithe do dhul in éag gan é a athnuachan faoin gconradh céanna nó, i gcás conradh chun críche sonraithe (is críoch de chineál go raibh teorainn le ré an chonartha, ach nárbh fhéidir, tráth an chonartha a dhéanamh, a ré a chinntiú), scor na críche;

ciallaíonn “fostaí” pearsa aonair a rinne conradh fostaíochta nó a oibríonn (nó, i gcás deireadh a bheith leis an bhfostaíocht, a d'oibrigh) faoi chonradh fostaíochta agus, i ndáil le sásamh mar gheall ar dhífhostú faoin Acht seo, folaíonn sé, i gcás an fostaí áirithe d'fháil bháis aon tráth tar éis an dífhostaithe, a ionadaí pearsanta;

ciallaíonn “fostóir”, i ndáil le fostaí, an duine ag a bhfuil (nó, i gcás deireadh a bheith leis an bhfostaíocht, ag a raibh) an fostaí fostaithe faoi chonradh fostaíochta agus measfar pearsa aonair i seirbhís údaráis áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , a beith fostaithe ag an údarás áitiúil;

ciallaíonn “gníomh tionscail” gníomh dleathach ag aon líon nó comhlacht fostaithe ag gníomhú dóibh i gcomhar nó ar chomhthuiscint, de dhroim aighnis, chun tabhairt ar a bhfostóirí, nó ar aon fhostaí nó comhlacht fostaithe, nó chun cabhrú le fostaithe eile tabhairt ar a bhfostóir nó ar aon fhostaí nó comhlacht fostaithe, glacadh nó gan glacadh le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó le téarmaí nó coinníollacha a dhéanfadh difear d'fhostaíocht;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “iomarcaíocht” aon ábhar dá dtagraítear i míreanna (a) go (e) d'alt 7 (2) den Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , arna leasú leis an Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1971 ;

ciallaíonn “printíseacht reachtúil” printíseacht i ngníomhaíocht tionscail ainmnithe de réir brí an Achta Oiliúna Tionscail, 1967 , agus folaíonn sé aon phrintíseacht i gceird lena mbaineann ordú, riail nó fógra dá dtagraítear i mír (a) nó (b) d'alt 49 (1) den Acht sin;

ciallaíonn “stailc” scor d'obair ag aon líon nó comhlacht fostaithe ag gníomhú dóibh i gcomhar, nó diúltú comhbheartaithe nó diúltú ar chomthuiscint ag aon líon fostaithe leanúint de bheith ag obair d'fhostóir, de dhroim aighnis, arna dhéanamh chun tabhairt ar a bhfostóir nó ar aon fhostaí nó comhlacht fostaithe, nó chun cabhrú le fostaithe eile tabhairt ar a bhfostóir nó ar aon fhostaí nó comhlacht fostaithe, glacadh nó gan glacadh le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó le téarmaí nó coinníollacha a dhéanfadh difear d'fhostaíocht;

ciallaíonn “ceardchumann” ceardcumann a shealbhaíonn ceadúnas margántaíochta faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1941 agus 1971;

ciallaíonn “an Binse” an Binse Achomhairc Fostaíochta a bunaíodh leis an Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 .

Eisiamh.

2. —(1) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo i ndáil le haon duine díobh seo a leanas:

(a) fostaí (seachas duine dá dtagraítear in alt 4 den Acht seo) a dífhostaíodh, ar ghiorra ná bliain an tréimhse a bhí, ar dháta a dhífhostaithe, curtha isteach aige i seirbhís leanúnach leis an bhfostóir a dhífhostaigh é agus nach nithe dá dtagraítear in alt 6 (2) (f) den Acht seo ba chúis go hiomlán nó go formhór lena dhífhostú,

(b) fostaí a dífhostaíodh agus a raibh, ar dháta a dhífhostaithe nó roimh an dáta sin, an ghnáth-aois scoir d'fhostaithe an fhostóra chéanna i bhfostaíocht den tsamhail chéanna slánaithe aige nó ar dhuine é, ar an dáta sin, nár bhain na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1973, leis mar gheall ar a aois,

(c) duine ar fostú ag céile, athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar nó deirfiúr leasghaolmhar dá chuid, ar duine é de líon tí a fhostóra agus arb é a áit fostaíochta teach cónaí príobháideach nó feirm ina gcónaíonn an fostaí agus an fostóir,

(d) duine i bhfostaíocht mar chomhalta d'Oglaigh na hÉireann, an tArdabhcóide Breithiúnais, cathaoirleach Bhord Pinsean an Airm nó an gnáthchomhalta den Bhord sin nach oifigeach i gCór Liachta Oglaigh na hÉireann,

(e) comhalta den Gharda Síochána,

(f) duine (seachas duine ar fostú faoi chonradh fostaíochta) atá ag fáil liúntais oiliúna nó ag fáil teagaisc ón gComhairle Oiliúna nó atá ag fáil liúntais oiliúna agus ag fáil teagaisc ón gcomhlacht sin,

(g) duine ar fostú ag an gComhairle Oiliúna faoi chonradh printíseachta,

(h) duine ar fostú ag an Stát nó faoin Stát seachas daoine atá ainmnithe de thuras na huaire faoi alt 17 den Acht Caidrimh Thionscail, 1969 ,

(i) oifigigh d'údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ,

(j) oifigigh do bhord sláinte, do choiste gairmoideachais a bunaíodh leis an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , nó do choiste talmhaíochta a bunaíodh leis an Acht Talmhaíochta, 1931 .

(2) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo i ndáil le—

(a) dífhostú i gcás ar fostaíocht faoi chonradh fostaíochta go ceann téarma shocraithe a rinneadh roimh an 16ú lá de Mheán Fómhair, 1976, an fhostaíocht agus gur mar gheall ar an téarma do dhul in éag gan é a athnuachan faoin gconradh céanna an dífhostú, nó

(b) dífhostú i gcás ar fostaíocht faoi chonradh fostaíochta go ceann téarma shocraithe nó chun críche sonraithe (is críoch de chineál go raibh teorainn le ré an chonartha ach nárbh fhéidir, tráth an chonartha a dhéanamh, a ré a chinntiú) an fhostaíocht agus gurbh é amháin ba chúis leis an dífhostú an téarma do dhul in éag gan é a athnuachan faoin gconradh sin nó scor na críche agus an conradh a bheith i scríbhinn, é a bheith sínithe ag an bhfostóir nó thar a cheann agus ag an bhfostaí agus foráil ann nach mbainfidh an tAcht seo le dífhostú arb é amháin a bheidh ann an t-éag nó an scor réamhráite.

(3) (a) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo i ndáil le dífhostú fostaí ar lasmuigh den Stát a d'oibrigh sé de ghnáth faoin gconradh fostaíochta iomchuí mura rud é—

(i) gur sa Stát a bhí gnáthchónaí air in imeacht téarma an chonartha, nó

(ii) gur sa Stát a bhí sainchónaí air in imeacht téarma an chonartha, agus gurb amhlaidh don fhostóir—

(I) i gcás ar phearsa aonair an fostóir, gur sa Stát a bhí gnáthchónaí air in imeacht téarma an chonartha, nó

(II) i gcás ar chomhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine an fostóir, gur sa Stát a bhí a phríomh-áit ghnó aige in imeacht téarma an chonartha.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “téarma an chonartha” an tréimhse go léir ón tráth a tosaíodh ar obair faoin gconradh go dtí tráth an dífhostaithe iomchuí.

(4) Beidh ag an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhógra Iosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 , arna leasú le halt 20 den Acht seo, feidhm chun a fhionnadh, chun críocha an Achta seo, cad é tréimhse seirbhíse fostaí agus ar sheirbhís leanúnach an tseirbhís sin.

Dífhostú le linn promhaidh nó oiliúna.

3. —(1) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo i ndáil le dífhostú fostaí i rith tréimhse dar tús tosach na fostaíochta agus é ar promhadh nó ag fáil oiliúna—

(a) más i scríbhinn dá chonradh fostaíochta, gur bliain nó faoina bhun ré an phromhaidh nó na hoiliúna agus go bhfuil an ré sin sonraithe sa chonradh, nó

(b) más roimh thosach feidhme an Achta seo a rinneadh a chonradh fostaíochta agus nárbh i scríbhinn don chonradh sin agus gur bliain nó faoina bhun ré an phromhaidh nó na hoiliúna.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo i ndáil le dífhostú fostaí i rith tréimhse dar tús tosach na fostaíochta agus é ag fáil oiliúna chun go gcáileodh sé nó go gclárófaí é, cibé acu é, mar altra, poitigéir, cigire sláinte, teicneoir saotharlainne liachta, teiripí ceirde, fisiteiripí, teiripí urlabhra, raideagrafaí nó oibrí sóisialach.

Dífhostú le linn printíseachta.

4. —Ní bheidh feidhm ag an Acht seo i ndáil le dífhostú duine atá nó a bhí fostaithe faoi phrintíseacht reachtúil má tharlaíonn an dífhostú laistigh de 6 mhí tar éis tosach na printíseachta nó laistigh de mhí tar éis deireadh a bheith leis an bprintíseacht.

Dífhostú i modh frithdhúnaidh nó mar gheall ar pháirt a ghlacadh i stailc.

5. —(1) Measfar, chun críocha an Achta seo, nach dífhostú éagórach é fostaí a dhífhostú i modh frithdhúnaidh má thairgtear don fhostaí é a athfhostú nó a athfhruiliú ón dáta a atosófar ar obair.

(2) Measfar, chun críocha an Achta seo, gur dífhostú éagórach fostaí a dhífhostú mar gheall ar pháirt a ghlacadh i stailc nó i ngníomh tionscail eile, más rud é—

(a) nach ndearnadh fostaí nó fostaithe eile de chuid an fhostóra chéanna a ghlac páirt sa stailc nó sa ghníomh tionscail eile a dhífhostú mar gheall ar pháirt a ghlacadh amhlaidh, nó

(b) gur tairgeadh d'fhostaí nó d'fhostaithe eile díobh sin a dífhostaíodh mar gheall ar pháirt a ghlacadh amhlaidh go ndéanfaí iad a athfhostú nó a athfhruiliú ach nár tairgeadh é sin don fhostaí.

(3) Na tagairtí i míreanna (a), (b) agus (c) d'alt 7 (1) den Acht seo do dhífhostú, folaíonn siad, i gcás fostaithe a dífhostaíodh i modh frithdhúnaidh nó mar gheall ar pháirt a ghlacadh i stailc nó i ngníomh tionscail eile, tagairtí do mhainniú a thairiscint dóibh iad a athfhostú nó a athfhruiliú de réir aon chomhaontú arna dhéanamh ag an bhfostóir agus ag na fostaithe nó thar a gceann, nó, cheal comhaontú den sórt sin, ón dáta is luaithe ar uaidh a tairgeadh d'fhostaithe eile de chuid an fhostóra chéanna a ndearnadh frithdhúnadh orthu nó a ghlac páirt sa stailc nó sa ghníomh tionscail eile, nó do thromlach na bhfostaithe sin, go ndéanfaí iad a athfhostú nó a athfhruiliú.

(4) Tagairt san alt seo do thairiscint fostaí a athfhostú nó a athfhruiliú is tagairt í do thairiscint (arna déanamh ag an bhfostóir bunaidh nó ag comharba an fhostóra sin nó ag comhfhostóir) an fostaí sin a athfhostú sa phost a bhí aige díreach sular dífhostaíodh é ar na téarmaí agus na coinníollacha ar a raibh sé fostaithe díreach sular dífhostaíodh é maille le téarma go measfar an t-athfhostú tosú lá an dífhostaithe, nó é a athfhruiliú, sa phost a bhí aige díreach sular dífhostaíodh é nó i bpost eile a bheadh réasúnta oiriúnach dó, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is téarmaí agus coinníollacha réasúnacha ag féachaint do na himthosca go léir.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “frithdhúnadh” gníomh a dhéantar, in ionchas nó do chothú aighnis cheirde (de réir brí an Achta Caidrimh Thionscail, 1946 ) ag fostóir nó ag fostóirí is páirtithe nó nach páirtithe san aighneas, agus arb é gníomh é fostaí nó fostaithe a eisiamh as monarcha nó as monarchana, as oifig nó nó as oifigí nó as áit eile nó áiteanna eile oibre nó obair in áit nó áiteanna den sórt sin a fhionraí nó fostaíocht dream fostaithe a fhoirceannadh nó a fhionraí go comhchoitianta, go comhuaineach nó ar shlí eile go comhbhainteach;

ciallaíonn “an fostóir bunaidh”, i ndáil leis an bhfostaí, an fostóir a dhífhostaigh an fostaí.

Dífhostú éagórach.

6. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, measfar, chun críocha an Achta seo, gur dífhostú éagórach dífhostú fostaí mura rud é, ag féachaint do na himthosca go léir, go raibh cúiseanna maithe leis an dífhostú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, measfar, chun críocha an Achta seo, gur dífhostú éagórach dífhostú fostaí más cúis amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bhí go hiomlán nó go formhór leis:

(a) an fostaí bheith ina chomhalta, nó togra go dtiocfaidh sé féin nó duine eile chun bheith ina chomhalta, de cheardchumann nó de chomhlacht eiscthe faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1941 agus 1971, nó é gabháil do ghníomhaíochtaí thar ceann ceardchumainn nó comhlachta den sórt sin, i gcás ar lasmuigh dá uaireanta oibre do na tráthanna a bheidh sé ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin nó gur tráthanna iad le linn a uaire oibre ar cead dó, de bhun an chonartha fostaíochta idir é féin agus a fhostóir, bheith ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin,

(b) tuairimí creidimh nó polaitíochta an fhostaí,

(c) imeachtaí sibhialta, atá ar siúl nó á mbagairt nó á mbeartú, i gcoinne an fhostóra a bhfuil nó a mbeidh an fostai ina pháirtí iontu nó arbh fhinné an fostaí nó ar dóigh dó bheith ina fhinné iontu,

(d) imeachtaí coiriúla i gcoinne an fhostóra, atá ar siúl nó á mbagairt nó á mbeartú, a ndearna an fostaí, nó ar bheartaigh nó ar bhagair an fostaí go ndéanfadh sé, i ndáil leo gearán nó ráiteas leis an údarás ionchúisimh nó le haon údarás eile a bhfuil baint nó gabháil aige le hionchúiseamh na n-imeachtaí nó a raibh an fostaí ina fhinné nó ar dóigh dó bheith ina fhinné iontu.

(e) cine nó dath an fhostaí,

(f) toirche an fhostaí nó nithe a bhaineann leis sin, mura rud é—

(i) nach raibh an fostaí ábalta, mar gheall ar an toirche nó nithe eile a bhain leis sin—

(I) an obair dar fostaíodh í a dhéanamh go leorcheart, nó

(II) leanúint den obair sin gan í féin nó a fostóir do shárú forála de chuid reachta nó de chuid ionstraime a rinneadh faoi reacht, agus

(ii) (I) nach raibh, tráth an dífhostaithe, aon fhostaíocht eile ag a fostóir a d'oirfeadh di agus a raibh folúntas ann ina leith, nó

(II) gur dhiúltaigh an fostaí malairt fostaíochta a thairg a fostóir di ar théarmaí agus coinníollacha ar comhréir le téarmaí agus coinníollacha na fostaíochta lenar bhain an dífhostú, ar thairiscint í a rinneadh le go bhféadfaí í a choimeád i bhfostaíocht a fostóra d'ainneoin toirche.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, má dífhostaíodh fostaí mar gheall ar iomarcaíocht ach gur bhain na himthosca arb iad an iomarcaíocht iad go comhionann le fostaí nó fostaithe i bhfostaíocht den chineál céanna leis an bhfostóir ach nár dífhostaíodh agus—

(a) gur roghnaíodh an fostaí sin lena dhífhostú go hiomlán nó go formhór de bharr ní no nithe a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo nó de bharr ní éigin eile nár chóir duine a dhífhostú dá bharr, nó

(b) gur roghnaíodh é lena dhífhostú contrártha do nós imeachta (is nós imeachta ar ar comhaontaíodh ag an bhfostóir nó thar a cheann agus ag an bhfostaí nó ag ceardchumann, nó ag comhlacht eiscthe faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1941 agus 1971, a bhí á ionadú nó atá bunaithe le gnás agus le cleachtas na fostaíochta áirithe) a bhaineann le hiomarcaíocht agus nach raibh aon chúiseanna speisialta ann le himeacht ón nós imeachta sin,

ansin measfar, chun críocha an Achta seo, gur dífhostú éagórach an dífhostú.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, measfar, chun críocha an Achta seo, nach dífhostú éagórach dífhostú fostaí más cúis amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bhí go hiomlán nó go formhór leis:

(a) cumas, inniúlacht nó cáilíochtaí an fhostaí chun obair a dhéanamh den chineál ar fhostaigh an fostóir é lena dhéanamh,

(b) iompar an fhostaí,

(c) iomarcaíocht an fhostaí, agus

(d) an fostaí a bheith neamhábalta ar obair a dhéanamh nó leanúint d'obair a dhéanamh sa phost a bhí aige gan sárú a dhéanamh (aige féin nó ag a fhostóir) ar dhualgas nó srian arna fhorchur le haon reacht nó faoi aon reacht nó le haon ionstraim nó faoi aon ionstraim a rinneadh faoi reacht.

(5) (a) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, measfar chun críocha an Achta seo nach dífhostú éagórach an tAire Cosanta do dhífhostú sibhialtach a bhí ar fostú le hOglaigh na hÉireann faoi alt 30 (1) (g) den Acht Cosanta, 1954 , má shuitear gur chun an tslándáil náisiúnta a chaomhnú a dífhostaíodh é.

(b) Beidh deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag an Aire Cosanta agus a déarfaidh gur chun an tslándáil náisiúnta a chaomhnú a rinne an tAire Cosanta sibhialtach a bheidh ainmnithe sa deimhniú a dhífhostú as fostaíocht le hOglaigh na hÉireann faoi alt 30 (1) (g) den Acht Cosanta, 1954 , ina fhianaise, chun críocha an Achta seo, ar na fíorais a bheidh sa deimhniú gan a thuilleadh cruthúnais.

(6) Le linn bheith á chinneadh chun críocha an Achta seo ar dhífhostú éagórach nó nárbh ea dífhostú fostaí, is ar an bhfostóir a bheidh sé a shuíomh gur ceann amháin nó níos mó de na hábhair a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo ba chúis, go hiomlán nó go formhór, leis an dífhostú nó go raibh cúiseanna maithe eile leis an dífhostú.

(7) I gcás a suífear gur ceann amháin nó níos mó de na hábhair dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) den alt seo is cúis, go hiomlán nó go formhór, le duine dá dtagraítear i mír (a) nó (b) d'alt 2 (1) nó in alt 3 nó 4 den alt seo a dhífhostú, ansin, ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (6) den alt seo ná ag na hailt sin 2 (1), 3 agus 4 i ndáil leis an dífhostú.

Sásamh i ndífhostú éagórach.

7. —(1) I gcás a ndífhostófar fostaí agus gur dífhostú éagórach an dífhostú, beidh an fostaí i dteideal sásamh arb é sásamh é cibé acu seo a leanas a mheasfaidh an coimisinéir cirt, an Binse nó an Chúirt Chuarda, de réir mar bheidh, is iomchuí ag féachaint do na himthosca go léir:

(a) an fostóir d'athfhostú an fhostaí sa phost a bhí aige díreach sular dífhostaíodh é ar na téarmaí agus na coinníollacha ar a raibh sé fostaithe díreach sular dífhostaíodh é maille le téarma go measfar gur thosaigh an t-athfhostú lá an dífhostaithe, nó

(b) an fostóir d'athfhruiliú an fhostaí sa phost a bhí aige díreach sular dífhostaíodh é nó i bpost eile a bheadh réasúnta oiriúnach dó ar cibé téarmaí agus coinníollacha atá réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir, nó

(c) an fostóir d'íoc cibé cúitimh (nach mó a mhéid ná luach saothair 104 sheachtain i leith na fostaíochta as ar dífhostaíodh é arna ríomh de réir rialacháin faoi alt 17 den Acht seo) leis an bhfostaí i leith aon chaillteanas airgid a thabhaigh sé agus is inchurtha i leith an dífhostaithe de réir mar is cóir agus is cothrom ag féachaint do na himthosca go léir.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, le linn an méid cúitimh is iníoctha faoin bhfo-alt sin a bheith á chinneadh, tabharfar aird—

(a) ar a mhéid (más aon mhéid é) ab inchurtha an caillteanas airgid dá dtagraítear san fho-alt sin i leith gníomh, neamhghníomh nó iompar ar thaobh an fhostóra nó thar a cheann,

(b) ar a mhéid (más aon mhéid é) ab inchurtha an caillteanas airgid sin i leith gníomh, neamhghníomh nó iompar ar thaobh an fhostaí nó thar a cheann,

(c) ar na bearta (más aon bhearta iad) a rinne an fostaí nó, de réir mar a bheidh, ar é do mhainniú bearta a dhéanamh, leis an gcaillteanas réamhráite a mhaolú, agus

(d) ar a mhéid (más aon mhéid é) a chomhlíon nó nár chomhlíon an fostóir nó an fostaí aon nós imeachta den sórt dá dtagraítear in alt 14 (3) den Acht seo nó forálacha aon réim cleachtais i ndáil le nósanna imeachta maidir le dífhostú a cheadaigh an tAire.

(3) San alt seo—

folaíonn “caillteanas airgid”, i ndáil le dífhostú fostaí, aon dearbhchaillteanas agus aon chaillteanas ionchasach measta ioncaim is inchurtha i leith an dífhostaithe agus luach aon chaillteanais nó laghdaithe is inchurtha i leith an dífhostaithe, a bhain do chearta an fhostaí faoi na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1973, nó i ndáil le haoisliúntas;

folaíonn “luach saothair” liúntais i modh pá agus sochair in ionad nó i dteannta pá.

Eilimh mar gheall ar dhífhostú éagórach a chinneadh.

8. —(1) Féadfaidh fostaí éileamh ar shásamh faoin Acht i gcoinne fostóra mar gheall ar dhífhostú éagórach a thabhairt os comhair coimisinéara cirt nó os comhair an Bhinse agus éistfidh an coimisinéir nó an Binse na páirtithe agus aon fhianaise is iomchuí maidir leis an éileamh a thabharfaidh siad agus, i gcás coimisinéara cirt, déanfaidh sé moladh i ndáil leis an éileamh, agus, i gcás an Bhinse, déanfaidh sé cinneadh i ndáil leis an éileamh.

(2) Déanfar éileamh ar shásamh faoin Acht seo a thionscnamh trí fhógra i scríbhinn (ina mbeidh cibé sonraí (más ann) a shonrófar i rialacháin faoi alt 17 den Acht seo arna ndéanamh chun críocha fho-alt (8) den alt seo) a thabhairt do choimisinéir cirt nó don Bhinse, cibé acu é, laistigh de 6 mhí ó dháta an dífhostaithe iomchuí agus tabharfar cóip den fhógra don fhostóir áirithe laistigh den tréimse chéanna.

(3) Ní éistfidh coimisinéir cirt éileamh ar shásamh faoin Acht seo—

(a) má bhíonn cinneadh i ndáil leis an éileamh déanta ag an mBinse, nó

(b) má thugann aon pháirtí lena mbainfidh fógra don choimisinéir i scríbhinn go bhfuil sé in aghaidh an t-éileamh a éisteacht ag coimisinéir cirt.

(4) (a) Mura gcuirfidh an fostóir moladh ó choimisinéir cirt i ndáil le héileamh ar shásamh faoin Acht seo i gcrích de réir téarmaí an mholta, féadfaidh an fostaí lena mbainfidh an t-éileamh a thabhairt os comhair an Bhinse faoi fho-alt (1) den alt seo.

(b) Tabharfar éileamh os comhair an Bhinse de bhua an fho-ailt seo trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Bhinse ina mbeidh cibé sonraí (más ann) a bheidh sonraithe i rialacháin faoi alt 17 den Acht seo a rinneadh chun críocha fho-alt (8) den alt seo.

(5) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, ní éistfidh an Binse éileamh ar shásamh faoin Acht seo (ach amháin i modh achomhairc in aghaidh moladh ó choimisinéir cirt)—

(a) má bhíonn moladh i ndáil leis an éileamh déanta ag coimisinéir cirt, nó

(b) mura dtabharfaidh ceann de na páirtithe lena mbainfidh fógra do choimisinéir cirt i scríbhinn go bhfuil sé in aghaidh an t-éileamh a éisteacht ag coimisinéir cirt.

(6) Déanfar imeachtaí faoin alt seo os comhair coimisinéara cirt á sheoladh ar dhóigh seachas go poiblí.

(7) Tabharfaidh coimisinéir cirt fógra don Bhinse faoi aon mholadh a dhéanfaidh sé faoin alt seo.

(8) Féadfaidh rialacháin faoi alt 17 den Acht seo socrú a dhéanamh do gach ní nó d'aon ní díobh seo a leanas agus d'aon ní a bheidh iarmhartach nó foghabhálach nó coimhdeach i ndáil leis an gcéanna—

(a) an nós imeachta a leanfar maidir le héileamh faoin alt seo nó achomhairc faoi alt 9 den Acht seo a thabhairt os comhair an Bhinse,

(b) tráthanna agus ionaid éisteachta an Bhinse,

(c) ionadaitheacht páirtithe a fhreastalóidh éisteachtaí an Bhinse,

(d) an nós imeachta maidir le héilimh agus achomhairc den sórt sin a dúradh a éisteacht ag an mBinse,

(e) cinntí an Bhinse a fhoilsiú agus a fhógairt,

(f) na sonraí a bheidh sna fógraí dá dtagraítear i bhfo-ailt (2) agus (4) den alt seo agus in alt 9 den Acht seo,

(g) dámhadh costas agus caiteachas ag an mBinse i ndáil le héilimh agus achomhairc den sórt sin a dúradh agus íoc na gcostas agus na gcaiteachas sin.

(9) Beidh feidhm ag alt 21 (2) den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , i ndáil leis na himeachtaí go léir os comhair an Bhinse ionann is dá mba thagairtí don Bhinse na tagairtí san alt sin don Chúirt Oibreachais agus beidh feidhm ag fo-alt (17) d'alt 39 den Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , i ndáil le himeachtaí os comhair an Bhinse faoin Acht seo mar atá feidhm aige maidir le hábhair a tharchuirtear chuige faoin alt sin 39.

(10) Ní dhéanfar díospóid i ndáil le dífhostú is dífhostú éagórach chun críocha an Achta seo a tharchur chuig coimisinéir cirt faoi alt 13 (2) den Acht Caidrimh Thionscail, 1969 .

Achomharc i gcoinne moladh ó choimisinéir cirt.

9. —(1) Féadfaidh páirtí lena mbainfidh achomharc a dhéanamh chun an Bhinse i gcoinne moladh ó choimisinéir cirt i ndáil le héileamh ar shásamh faoin Acht seo agus éistfidh an Binse na páirtithe agus aon fhianaise a bhainfidh leis an achomharc agus a thabharfaidh siad agus déanfaidh sé cinneadh i ndáil leis an achomharc.

(2) Déanfaidh páirtí achomharc faoin alt seo a thionscnamh trí fhógra i scríbhinn (ina mbeidh cibé sonraí (más ann) a shonrófar i rialacháin faoi alt 17 den Acht seo chun críocha alt 8 (8) de) a thabhairt don Bhinse, laistigh de 6 sheachtain ón dáta ar tugadh an moladh lena mbaineann sé do na páirtithe áirithe, agus déarfar ann go bhfuil ar intinn ag an bpáirtí áirithe achomharc a dhéanamh i gcoinne an mholta agus tabharfar cóip den fhógra don pháirtí áirithe eile laistigh de na 6 sheachtain sin.

Imeachtaí sa Chúirt Chuarda ag iarraidh sásaimh faoin Acht.

10. —(1) Má mhainníonn fostóir cinneadh ón mBinse le héileamh ar shásamh faoin Acht seo a chur i gcrích de réir téarmaí an chinnte laistigh de 6 sheachtain ón dáta a cuireadh an cinneadh i bhfios do na páirtithe, féadfaidh an tAire, más cuí leis sin a dhéanamh ag féachaint do na himthosca go léir, imeachtaí ag iarraidh sásaimh faoin Acht seo a thionscnamh agus a chothú sa Chúirt Chuarda ina ainm thar ceann an fhostaí i gcoinne an fhostóra.

(2) I gcás a gcinnfidh an Chúirt Chuarda in imeachtaí faoin alt seo go bhfuil fostaí i dteideal sásaimh faoin Acht seo, ordóidh sí don fhostóir áirithe an sásamh iomchuí a thabhairt don fhostaí áirithe.

(3) Aon chostais—

(a) a thabhóidh an tAire i ndáil le himeachtaí faoin alt seo, nó

(b) a thabhóidh an fostóir áirithe in aon imeachtaí den sórt sin,

agus a cheanglóidh an Chúirt Chuarda gurb é an tAire a íocfaidh iad, íocfaidh an tAire iad, agus ní bheidh an fostaí áirithe faoi aon dliteanas i ndáil le haon chostais den sórt sin.

(4) Féadfaidh páirtí lena mbainfidh achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne aon chinneadh ón mBinse i ndáil le héileamh ar shásamh faoin Acht seo laistigh de 6 sheachtain ón dáta a cuireadh an cinneadh i bhfios do na páirtithe.

(5) Is sa chontae ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfostóir áirithe nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha a éistfear imeachtaí faoin alt seo.

(6) An tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do chinneadh ón mBinse, is tagairt í do chinneadh den sórt sin nach mbeidh, nuair a bheidh deireadh leis an am chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnte, aon chinneadh den sórt sin tugtha i ndáil leis.

Doiciméid a sheirbheáil ar chomhlachtaí.

11. —Aon toghairm nó doiciméad eile is gá a sheirbheáil chun críche nó i gcúrsa aon imeachtaí faoin Acht seo ar chomhlacht cor praithe nó ar chomhlacht neamhchorpraithe daoine, féadfar an céanna a sheirbheáil trína fhágáil in oifig chláraithe an chomhlachta sin chun críche Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó trína chur leis an bpost go dtí an oifig sin nó, mura bhfuil aon oifig den sórt sin ann, trína fhagáil in aon áit sa Stát ina seolann an comhlacht sin a ghnó nó trína chur leis an bpost go dtí an áit sin.

Forálacha a bhaineann le foirceannadh agus le féimheacht.

12. —(1) Beidh an cúiteamh go léir is iníoctha le fostai faoin Acht seo ag cuideachta a bheidh á foirceannadh ar áireamh na bhfiacha a bheidh, faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile le linn sócmhainní na cuideachta a bheith á ndáileadh, agus beidh éifeacht dá réir leis an Acht sin, agus ní gá cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtabharfar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le rialacha faoin Acht sin.

(2) Beidh an cúiteamh go léir is iníoctha le fostaí faoin Acht seo ag féimheach nó ag féichiúnaí comhshocraíochta ar áireamh na bhfiacha a bheidh, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile le linn maoin an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí comhshocraíochta, de réir mar a bheidh, a bheith á dáileadh, agus beidh éifeacht dá réir leis an Acht sin, agus ní gá cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtabharfar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le horduithe ginearálta faoin Acht sin.

Forálacha áirithe i gcomhaontuithe ar neamhní.

13. —Is foráil ar neamhní foráil i gcomhaontú (cibé acu is conradh fostaíochta é nó nach ea agus cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a rinneadh é), a mhéid a airbheartaíonn sí feidhm aon fhorála den Acht seo a eisiamh nó a theorannú, nó a mhéid atá sí ar neamhréir le haon fhoráil den sórt sin.

Fógra d'fhostaithe i dtaobh an nós imeachta agus na forais a bhaineann le dífhostú.

14. —(1) Tabharfaidh fostóir, tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis dó conradh fostaíochta a dhéanamh le fostaí, fógra i scríbhinn don fhostaí a inseoidh an nós imeachta a urramóidh an fostóir sula ndífhostóidh sé an fostaí agus chun an fostaí a dhífhostú.

(2) I gcás a n-athrófar an nós imeachta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, déanfaidh an fostóir áirithe, laistigh de 28 lá tar éis don athrú éifeacht a ghlacadh, fógra i scríbhinn a inseoidh an nós imeachta arna athrú amhlaidh a thabhairt d'aon fhostaí lena mbainfidh.

(3) An tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do nós imeachta is tagairt í do nós imeachta ar ar comhaontaíodh ag an bhfostóir áirithe nó thar a cheann agus ag an bhfostaí áirithe nó ag ceardchumann, nó ag comhlacht eiscthe faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1941 agus 1971, a bhí á ionadú nó atá bunaithe le gnás agus le cleachtas na fostaíochta áirithe, agus na tagairtí i bhfo-alt (2) den alt seo d'athrú ar an nós imeachta sin is tagairtí iad d'athrú ar ar chomhaontaigh an fostóir áirithe nó duine a bhí á ionadú agus ceardchumann, nó comhlacht eiscthe faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1941 agus 1971, a bhí ag ionadú an fhostaí áirithe.

(4) I gcás a ndífhostófar fostaí, déanfaidh an fostóir, má iarrtar sin air, sonraí i scríbhinn faoi chúiseanna an dífhostaithe a thabhairt don fhostaí laistigh de 14 lá tar éis dáta an iarratais, ach le linn bheith á chinneadh chun críocha an Achta seo ar dhífhostú éagórach an dífhostú féadfar aon chúiseanna eile a chur i gcuntas ar cúiseanna maithe iad agus a thabharfadh gur dífhostú cóir an dífhostú.

Leigheasanna eile atá ag fostaí.

15. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo, ar leith ón alt seo, dochar do cheart duine damáistí a ghnóthú faoin dlí coiteann mar gheall ar dhífhostú éagórach.

(2) I gcás a dtabharfaidh fostaí fógra i scríbhinn faoi alt 8 (2) den Acht seo maidir le dífhostú do choimisinéir cirt nó don Bhinse, ní bheidh sé i dteideal damáistí a ghnóthú faoin dlí coiteann mar gheall ar dhífhostú éagórach maidir leis an dífhostú sin.

(3) I gcás a dtionscnóidh fostaí, nó a dtionscnófar thar a cheann, imeachtaí le haghaidh damáistí faoin dlí coiteann mar gheall ar dhífhostú éagórach, ní bheidh an fostaí i dteideal sásaimh faoin Acht seo maidir leis an dífhostú lena mbainfidh na himeachtaí.

(4) Duine a ghlacfaidh sásamh a dámhadh faoi alt 9 nó 10 den Acht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974 , maidir le haon dífhostú, ní bheidh sé i dteideal sásamh a ghlacadh a dámhadh faoi alt 7 den Acht seo maidir leis an dífhostú sin agus duine a ghlacfaidh sásamh a dámhadh faoin alt sin 7 maidir le haon dífhostú ní bheidh sé i dteideal sásamh a ghlacadh a dámhadh faoin alt sin 9 nó 10 maidir leis an dífhostú sin.

Leasú ar an Acht le hordú ón Aire.

16. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú alt 2 (1) den Acht seo a leasú ionas go sroiohfidh feidhm an Achta aon aicme fostaithe a shonraítear san alt sin nó cuid (arna shonrú i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) d'aon aicme den sórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú mír (c) d'alt 7 (1) den Acht seo a leasú ionas go n-athróidh sé an méid uasta cúitimh dá dtagraítear sa mhír sin (c).

(3) Féadfaidh an tAire le hordú alt 2 (2), 3 nó 4 den Acht seo a leasú ionas go n-athróidh sé—

(a) feidhm an Achta seo i ndáil le dífhostú i gcás an fhostaíocht a bheith faoi chonradh fostaíochta go ceann téarma shocraithe nó chun críche sonraithe,

(b) na tréimhsí bliana a shonraítear san alt sin 3, nó

(c) an tréimhse 6 mhí agus an tréimhse míosa a shonraítear san alt sin 4, nó ceachtar de na tréimhsí sin.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Sláinte, fo-alt (2) d'alt 3 den Acht seo a leasú ionas go sroichfidh feidhm an fho-ailt fostaíochtaí eile a bhaineann le míochaine nó le sláinte.

(5) Féadfaidh an tAire le hordú aon fhoráil den Acht seo a leasú ionas go gcomhlíonfar aon oibleagáidí idirnáisiúnta i ndáil le dífhostú atá cinnte ag an Stát a ghlacadh air féin.

(6) Féadfaidh cibé forálacha forlíontacha agus coimhdeacha a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó fóirsteanach a bheith in ordú faoin alt seo.

(7) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

(8) I gcás a mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

Rialacháin.

17. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha ailt 7 (1) (c) agus 8 (8) den Acht seo agus chun go bhféadfaidh lánéifeacht a bheith le haon fhorálacha eile den Acht seo.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach chun críocha na rialachán.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

An Binse Achomhairc Fostaíochta.

18. —An Binse Achomhairc Fostaíochta a ghairfear den bhinse a bunaíodh le halt 39 den Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , agus déanfar tagairtí don Bhinse Achomhairc Iomarcaíochta san Acht sin, agus in aon Acht eile ón Oireachtas agus in aon ionstraim a rinneadh faoi aon Acht ón Oireachtas, a fhorléiriú mar thagairtí don Bhinse Achomhairc Fostaíochta.

Airgead a aisioc a íocadh faoi na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 agus 1973.

19. —I gcás a ndeanfaidh fostóir fostaí a athfhostú nó a athfhruiliú de bhun cinneadh nó ordú faoin Acht seo i ndáil le dífhostú an fhostaí ag an bhfostóir, aisíocfaidh an duine a fuair aon íocaíochtaí faoi na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 agus 1973, i ndáil leis an dífhostú na híocaíochtaí sin leis an duine a d'íoc iad agus féadfaidh an duine deiridh sin iad a ghnóthú ón gcéad duine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla agus aon airgead a bheidh dlite agus ag dul d'aon duine faoi na hAchtanna sin i ndáil leis an dífhostú scoirfidh sé de bheith dlite nó ag dul dó.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhógra Iosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 .

20. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhógra Iosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 , trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna 5 agus 7:

“5. Fostaí a éileoidh agus a gheobhaidh íocaíocht iomarcaíochta i leith asleagain nó gearr-ama, measfar gur fhág sé a fhostaíocht dá dheoin féin.

7. I gcás iomlán trádála, gnó nó gnóthais nó cuid den chéanna a aistriú chuig duine eile roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, déanfar seirbhís fostaí sa trádáil, sa ghnó nó sa ghnóthas, nó sa chuid den chéanna, a aistríodh amhlaidh a ríomh mar chuid de sheirbhís an fhostaí leis an aistrí agus ní oibreoidh an t-aistriú chun leanúnachas seirbhís an fhostaí a bhriseadh.”.

Caiteachais.

21. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a méid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

22. —(1) Féadfar an tAcht um Dhífhostú Eagórach, 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Talmhaíochta, 1931

1931, Uimh. 8

An tAcht in aghaidh Idirhealú (Pá), 1974

1974, Uimh. 15

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1946

1946, Uimh. 26

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1969

1969, Uimh. 14

An tAcht Oiliúna Tionscail, 1967

1967, Uimh. 5

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht um Fhógra Iosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973

1973, Uimh. 4

Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889

1889, c.60

An tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967

1967, Uimh. 21

An tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1971

1971, Uimh. 20

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29