Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Na rialacha dá dtagraítear in alt 11 agus in alt 17)

30 1977


Uimhir 30 de 1977


AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO THIONÓL NA hEORPA, 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN IONADAITHE A THOGHADH DO THIONÓL NA gCOMHPHOBAL EORPACH. [9 Nollaig, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Toghcháin, 1963 ;

ciallaíonn “an Tionól” Tionól na gComhphobal Eorpach;

tá le “toghchán Tionóil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (1);

ciallaíonn “toghthóir Tionóil” duine atá i dteideal vótáil i dtoghchán Tionóil;

ciallaíonn “na Comhphobail Eorpacha” Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;

ciallaíonn “ceann comhairimh áitiúil” duine is ceann comhairimh áitiúil, de bhun alt 14 (2), chun críche an Achta seo;

ciallaíonn “Ballstát” (ach amháin i Riail 47 (1) den Chéad Sceideal) Ballstát de na Comhphobail Eorpacha;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

ciallaíonn “achainí” achainí arna tíolacadh don Ard-Chúirt faoin Acht seo;

tá le “an lá vótaíochta”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an bhrí a shanntar dó le halt 6 (1);

ciallaíonn “liosta na bpostvótálaithe” an liosta a ullmhófar de bhun alt 7 (4) d'Acht 1963;

ciallaíonn “ceann comhairimh” duine arna cheapadh ag an Aire faoi alt 14 (1) chun bheith ina cheann comhairimh chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “na conarthaí” na conarthaí, an coinbhinsiún agus an cinneadh a luaitear in alt 1 (1) d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , arna bhforlíonadh nó arna leasú mar a luaitear san alt sin.

Modh toghcháin.

2. —(1) Déanfar toghcháin ionadaithe don Tionól agus déanfar gach toghchán díobh (dá ngairtear “toghchán Tionóil” san Acht seo) a stiúradh de réir an Achta seo, agus i gcás toghchán Tionóil a bheith faoi iomaidh tógfar an vótaíocht de réir phrionsabal na hionadaíochta cionúire, agus beidh vóta inaistrithe amháin ag gach toghthóir.

(2) Gabhann forálacha an Achta seo ionad an dlí á fhoráil go gceapfadh an tOireachtas toscairí chun an Tionóil a raibh feidhm aige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ach ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a choiscfidh ar an Oireachtas na toscairí sin a cheapadh tráth ar bith sa tréimhse dar tosach lá an Achta seo a rith agus dar críoch an lá díreach roimh an lá a bheidh ceaptha do chéad suí an Tionóil a mbeidh ionadaithe arna dtoghadh dó don chéad uair faoin Acht seo.

(3) Is le rúnbhallóid a dhéanfar vótáil i dtoghchán Tionóil.

(4) San alt seo ciallaíonn “vóta inaistrithe” vóta—

(a) is féidir a thabhairt chun rogha an vótálaí ar na hiarrthóirí a thaispeáint de réir oird, agus

(b) is féidir a aistriú go dtí an chéad rogha eile nuair nach bhfuil an vóta ag teastáil chun an cuóta riachtanach vótaí a thabhairt do rogha roimhe sin, nó nuair a tharlóidh, mar gheall ar an easnamh i líon na vótaí a tugadh do rogha roimhe sin, go gcuirfear an rogha sin amach as liosta na n-iarrthóirí.

Toghchóras agus clárú.

3. —(1) Beidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir Tionóil i dtoghlach, má tá ocht mbliana déag d'aois slán aige agus go raibh sé, ar an dáta cáilitheach, ina ghnáthchónaí sa toghlach sin agus go raibh sé—

(a) ina shaoránach d'Éirinn, nó

(b) ina náisiúnach de Bhallstát seachas an Stát.

(2) Beidh feidhm ag Cuid II d'Acht 1963 (ar leith ó fho-ailt (1) agus (2) d'alt 5), arna leasú le halt 1 den Acht Toghcháin (Leasú), 1966, agus ag alt 4 d'Acht na nGiúiréithe, 1976 , maidir le clárú toghthóirí Tionóil de bhun an ailt seo agus is é an clár dá dtagraítear in alt 6 (1) d'Acht 1963, a mhéid a bhaineann sé le daoine i dteideal vótáil i dtoghcháin Tionóil, a bheidh mar chlár toghthóirí Thionól na hEorpa.

(3) Chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (2) den alt seo, forléireofar gach tagairt dá bhfuil i bhfo-ailt (4), (5), (5A) (a cuireadh isteach le halt 1 den Acht Toghcháin (Leasú), 1966 )) nó (6) d'alt 5 d'Acht 1963 do “críocha an ailt seo” mar thagairt a fholaíonn tagairt do chríocha an ailt seo.

(4) San alt seo—

tá le “náisiúnach de Bhallstát” an bhrí atá leis sna conarthaí;

ciallaíonn “an dáta cáilitheach” an dáta a shonróidh an tAire faoi alt 5 (6) d'Acht 1963.

Ceart vótála.

4. —Faoi réir Riail 47 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, beidh gach duine a mbeidh a ainm ar an gclár do thoghthóirí Thionól na hEorpa a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do thoghlach, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal vótáil sa vótaíocht i dtoghchán Tionóil sa toghlach sin.

Modh vótála.

5. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, duine atá i dteideal vótáil i dtoghchán Tionóil, is go pearsanta amháin a bheidh sé i dteideal vótáil agus is sa stáisiún vótaíochta a bheidh ceaptha dó nó, i gcás údarás a bheith aige faoi Riail 36 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ó cheann comhairimh áitiúil, sa stáisiún vótaíochta a bheidh sonraithe san údarás, a dhéanfaidh sé an vótáil sin.

(2) Gach toghthóir Tionóil a mbeidh a ainm, tráth toghcháin Tionóil, ar liosta na bpostvótálaithe do chontae nó do chontae-bhuirg i dtoghlach, beidh sé i dteideal vótáil sa toghlach sin ag an vótaíocht sa toghchán sin trína pháipéar ballóide a chur leis an bpost chuig an gceann comhairimh áitiúil don chontae nó don chontae-bhuirg sin agus ní bheidh sé i dteideal vótáil ar aon dóigh eile.

Lá vótaíochta agus tosú an chomhairimh.

6. —(1) Maidir leis an vótaíocht i dtoghchán Tionóil—

(a) tógfar í cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú (ordú nach foláir a dhéanamh cúig lá is tríocha ar a laghad roimh an lá a bheidh ceaptha leis an ordú),

(b) leanfar di ar feadh cibé tréimhse, nach lú ná dhá uair déag a chloig, idir 8.30 a chlog a.m. agus 10:30 a chlog p.m. a shocróidh an tAire le hordú, faoi réir na sriantachta gurb í an tréimhse chéanna a shocróidh sé do gach toghlach,

agus gairtear “an lá vótaíochta” san Acht seo den lá a cheapfar amhlaidh.

(2) Tosóidh comhaireamh na vótaí i dtoghchán Tionóil an lá agus an t-am a cheapfaidh an tAire le hordú.

(3) Foilseofar ordú faoin alt seo san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Cáilíocht iarrthóirí.

7. —(1) Duine nach bhfuil cáilithe le bheith ina chomhalta de Dháil Éireann, ní bheidh sé cáilithe lena thoghadh faoin Acht seo don Tionól.

(2) Más rud é, le linn duine a bheith ina ionadaí sa Tionól de bhua an Achta seo, go dtiocfaidh sé faoi aon dícháilíochtaí dá bhfuil infheidhme maidir le comhaltas i nDáil Éireann, scoirfidh sé as a aithle sin de bheith ina ionadaí sa Tionól.

Clár na bPáirtithe Polaitíochta.

8. —(1) Faoi réir na bhforálacha anseo ina dhiaidh seo den alt seo, déanfaidh Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta (dá ngairtear “an Cláraitheoir” anseo feasta san alt seo) clárú, chun críocha alt 13 d'Acht 1963, i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, mar pháirtí atá eagraithe chun bheith san iomaidh i dtoghchán Tionóil, ar aon pháirtí polaitíochta a iarrfaidh clárú air, más é a thuairim gur páirtí polaitíochta fíorcheart é agus go bhfuil sé eagraithe sa Stát chun bheith san iomaidh i dtoghchán den sórt sin.

(2) Páirtí a bhí cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta i dtosach feidhme an Achta seo agus—

(a) a bhí cláraithe de bhun fho-alt (4) d'alt 13 d'Acht 1963, nó

(b) a bhí, ar é a chlárú, eagraithe chun bheith san iomaidh i dtoghchán Dála i dtuairim an Chláraitheora nó an bhord achomhairc dá dtagraítear i bhfo-alt (8) den alt sin 13,

cláróidh an Cláraitheoir é sa Chlár sin, a luaithe is féidir tar éis an tosach feidhme sin, mar pháirtí atá eagraithe chun bheith san iomaidh i dtoghchán Tionóil.

(3) Nuair a shásóidh páirtí arna chlárú de bhun an ailt seo i gClár na bPáirtithe Polaitíochta don Chláraitheoir go bhfuil comhalta den pháirtí ar toscaire nó ionadaí é sa Tionól ina chomhalta de ghrúpa polaitíochta a bunaíodh de réir rialacha nós imeachta an Tionóil, taifeadfaidh an Cláraitheoir ar an gClár maidir leis an bpáirtí, ainm an ghrúpa.

(4) Bainfidh fo-ailt (3), (5), (6) agus (7) d'alt 13 d'Acht 1963 le clárú, nó le páirtithe polaitíochta arna gclárú faoin alt seo, de réir mar is cuí.

(5) Beidh feidhm ag fo-alt (10) d'alt 13 d'Acht 1963 maidir le comhlíonadh a dhualgas ag an gCláraitheoir faoin alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le comhlíonadh a dhualgas aige faoin alt sin.

Ainmniú iarrthóirí.

9. —(1) I dtoghchán Tionóil féadfaidh duine é féin a ainmniú mar iarrthóir nó, le toiliú uaidh, féadfaidh duine eile (is duine atá cláraithe mar thoghthóir Tionóil sa toghlach a bhfuil beartaithe aige an t-iarrthóir a ainmniú dó), mar mholtóir, é a ainmniú.

(2) I dtoghchán Tionóil ní fhéadfar duine a ainmniú mar iarrthóir do níos mó ná toghlach amháin.

Éarlais ó iarrthóirí.

10. —Déanfaidh iarrthóir i dtoghchán Tionóil, nó duine éigin thar a cheann, suim míle punt a thaisceadh mar éarlais leis an gceann comhairimh roimh dheireadh na tréimhse a bheidh ceaptha leis an Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh, agus mura ndéanfaidh sé amhlaidh measfar a iarrthóireacht a bheith tarraingthe siar.

Stiúradh toghchán.

11. —Beidh éifeacht ag na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ach amháin Cuid V de, maidir le toghcháin Tionóil.

Toghlaigh.

12. —(1) Is iad na toghlaigh a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo na toghlaigh dá dtoghfar iarrthóirí faoin Acht seo le bheith ina n-ionadaithe sa Tionól agus is é líon ionadaithe a bheidh le toghadh amhlaidh don toghlach sin an líon a shonraítear ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Déanfaidh an tAire, laistigh de thréimhse dhá bhliain déag dar tosach lá an Achta seo a rith agus uair amháin ar a laghad gach dhá bhliain déag dá éis sin, tograí a chur faoi bhráid an Oireachtais chun athchóiriú a dhéanamh ar na toghlaigh dá dtoghfar iarrthóirí faoin Acht seo le bheith ina n-ionadaithe sa Tionól.

(3) Limistéar a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, is tuigthe gurb é an limistéar sin é mar a bhí sé comhdhéanta an lú lá d'Eanáir, 1977.

An príomhcheann comhairimh.

13. —(1) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, agus ó am go ham dá éis sin de réir mar is gá, ceapfaidh an tAire duine cuí oiriúnach le bheith ina phríomhcheann comhairimh chun críocha an Achta seo.

(2) Is é dualgas an phríomhcheann comhairimh na freagraí a ghlacadh a sholáthróidh an ceann comhairimh do gach toghlach dó, de bhun an Achta seo, freagra san fhoirm fhorordaithe a thabhairt don Tionól i dtaobh na ndaoine a toghadh de bhun an Achta seo, agus cibé nithe eile a dhéanamh maidir le toghchán Tionóil a mbeidh ceangal dlí air iad a dhéanamh.

(3) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus íocfar as an gcéanna leis an bpríomhcheann comhairimh, cibé suimeanna a cheadóidh Aire na Seirbhíse Poiblí, le toiliú an Aire Airgeadais, i gcóir seirbhísí agus caitcachais an oifigigh sin maidir le toghchán Tionóil.

Cinn chomhairimh agus cinn chomhairimh áitiúla.

14. —(1) Chun críocha an Achta seo, ceapfaidh an tAire ceann comhairimh do gach toghlach a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus an ceann comhairimh a cheapfar faoin alt seo don toghlach sin is é a bheidh ann duine de na daoine is ceann comhairimh áitiúil, de bhua fho-alt (2) den alt seo, do chontae nó do chontae-bhuirg sa toghlach.

(2) Chun críocha an Achta seo beidh ceann comhairimh áitiúil ann do gach contae nó contae-bhuirg i dtoghlach, agus is é a bheidh ina cheann comhairimh áitiúil—

(a) i gcás contae nó contae-bhuirg ag a bhfuil sirriam, an sirriam, agus

(b) i ngach chás eile, an cláraitheoir contae.

(3) Is é dualgas ginearálta an cheann comhairimh gach gníomh agus ní a dhéanamh, seachas gníomhartha nó nithe a gouireann an tAcht seo de cheangal ar cheann comhairimh áitiúil iad a dhéanamh, de réir mar is gá chun toghchán Tionóil a stiúradh go héifeachtúil ina thoghlach de réir an Achta seo, torthaí an toghcháin a chinntiú agus a dhearbhú agus freagra i dtaobh na ndaoine a toghadh don toghlach a thabhairt don phríomhcheann comhairimh.

(4) Faoi réir fho-alt (5) (a) den alt seo, beidh de dhualgas ar cheann comhairimh áitiúil,

(a) an vótaíocht a thógáil i dtoghchán Tionóil sa chuid den toghlach arb é is ceann comhairimh áitiúil dó,

(b) cibé gníomhartha agus nithe a dhéanamh a gcuireann an tAcht seo de cheangal air ar dhóigh eile iad a dhéanamh, agus

(c) cabhair a thabhairt do cheann comhairimh an toghlaigh sin de réir mar a bheidh ag teastáil ón gceann comhairimh sin,

agus má éiríonn aon amhras i dtaobh dualgais cheann comhairimh áitiúil, cinnfidh an tAire an t-amhras sin.

(5) (a) Nuair a cheapfar ceann comhairimh áitiúil faoin alt seo le bheith ina cheann comhairimh do thoghlach, is dleathach dó, le toiliú an Aire, leascheann comhairimh áitiúil a cheapadh chun a dhualgais go léir mar cheann comhairimh áitiúil, nó aon chuid áirithe díobh, a chomhlíonadh.

 (b) Folóidh tagairtí ina dhiaidh seo san Acht seo don cheann comhairimh áitiúil, tagairtí do leaschinn chomhairimh áitiúla.

(6) Ullmhóidh an tAire Airgeadais scála uastáillí do chinn chomhairimh agus do chinn chomhairimh áitiúla agus íocfaidh an tAire sin, as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, a tháillí réasúnacha le gach ceann comhairimh agus le gach ceann comhairimh áitiúil i leith a sheirbhísí agus a chaiteachais i ndáil le gach toghchán Tionóil arb é is ceann comhairimh nó is ceann comhairimh áitiúil dó ach gan na táillí sin a dhul thar na huastáillí a bheidh sonraithe sa scála a ullmhófar faoin alt seo agus a mbeidh feidhm acu de thuras na huaire.

(7) Forléireofar aon tagairt san alt seo do chontae mar thagairt do chontae riaracháin.

Corrfholúntais.

15. —(1) Nuair a tharlóidh corrfholúntas i measc na ndaoine a bheidh tofa don Tionól faoin Acht seo nó a bheidh ceaptha faoin alt seo, is é seo a leanas an nós imeachta chun an folúntas a líonadh:

(a) faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, líonfaidh Dáil Éireann an folúntas trí dhuine a cheapadh atá cáilithe lena thoghadh faoin Acht seo don Tionól,

(b) más rud é de bhíthin an toghcháin Tionóil deiridh roimhe sin go raibh an t-ionad iomchuí sa Tionól á shealbhú ag duine a ba iarrthóir sa toghchán sin do pháirtí polaitíochta a bhí tráth an toghcháin sin, agus atá de thuras na huaire, cláraithe de bhun an Achta seo i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, is duine arna ainmniú ag an bpáirtí polaitíochta sin a cheapfar faoin bhfo-alt seo chun an folúntas a líonadh sa chás, agus sa chás sin amháin, go ndéanfar an t-ainmniú laistigh de thrí mhí ón lá a tharla an folúntas.

(2) Duine a cheapfar faoi fho-alt (1) den alt seo, mura dtarlóidh roimhe sin é a éag, nó a éirí as oifig nó a theacht faoi dhícháilíocht lena thoghadh faoin Acht seo don Tionól nó é a chur as oifig nó é a scor ar dhóigh eile de bheith ina ionadaí sa Tionól, sealbhóidh sé oifig mar ionadaí den sórt sin ar feadh a mbeidh gan caitheamh den téarma a bheadh an t-ionadaí a bhfuil sé ag gabháil a ionaid i seilbh oifige dá mba nár scoir sé de bheith i seilbh oifige.

(3) San alt seo ciallaíonn “corrfholúntas”.

(a) folúntas a tharlóidh toisc nach bhfuil duine, cé gur toghadh don Tionól é de bhun an Achta seo, i dteideal gabháil le hoifig mar ionadaí sa Tionól de bhua aon fhorála a leagadh síos faoi aon cheann nó gach ceann de na conarthaí,

(b) folúntas a tharlóidh toisc duine a scor de bheith ina ionadaí sa Tionól ar dhóigh seachas trí imeacht aimsire nó de dhroim ordú a dhéanamh ag an Ard-Chúirt faoi alt 17 den Acht seo.

Iniúchadh ar pháipéir bhallóide, etc.

16. —(1) Ní cheadófar d'aon duine aon doiciméad dá luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a iniúchadh ach amháin faoi ordú ón Ard-Chúirt.

(2) Is iad na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) comhdhuillí na bpáipéar ballóide a cuireadh chuig postvótálaithe faoi Riail 26 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) na doiciméid a luaitear i mír (2) nó (3) de Riail 50 den Sceideal sin,

(c) na doiciméid a luaitear i bhfomhír (a) nó (b) de Riail 69 (1) den Sceideal sin, agus

(d) na doiciméid a luaitear i bhfomhír (a) nó (b) de Riail 69 (2) den Sceideal sin.

(3) Ní dhéanfar ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo mura deimhin leis an gcúirt gur gá na doiciméid sin a iniúchadh nó a thabhairt ar aird chun ionchúiseamh a thionscnamh, nó a chothabháil, mar gheall ar chion faoin Acht seo nó le haghaidh achainí.

(4) Féadfar ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a dhéanamh faoi réir cibé coinníollacha is fóirsteanach leis an gcúirt, maidir le daoine, am, áit agus modh iniúchta na ndoiciméad nó a dtabhartha ar aird, agus beidh foráil ann chun a áirithint nach nochtfar conas a vótáil aon vótálaí.

(5) Nuair a dhéanfar ordú de bhun an ailt seo go dtabharfaidh an príomhcheann comhairimh aon doiciméad ar aird atá ina sheilbh i dtaobh toghchán Tionóil, is leor an doiciméad sin a thabhairt ar aird ag an bpríomhcheann comhairimh chun a chruthú go mbaineann an doiciméad leis an toghchán sonraithe; agus beidh aon fhormhuiniú a bheidh ar aon phaicéad a thabharfaidh an príomhcheann comhairimh ar aird ina fhianaise leormhaith, nó go suífear a mhalairt, go bhfuil inneachair an phaicéid sin mar atá ráite san fhormhuiniú sin.

Toghcháin Tionóil a thabhairt faoi cheist.

17. —(1) Féadfar toghchán Tionóil a thabhairt faoi cheist tri achainí chun na hArd-Chúirte, agus ní fhéadfar é a dhéanamh ar aon dóigh eile.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo agus Riail 97 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ní ghlacfar achainí lena taisceadh sa chúirt mura dtaiscfidh an t-achainíoch, i dteannta na hachainí, urrús cúig mhíle punt i leith costas ab fhéidir a bheith le híoc aige.

 (b) Nuair is deimhin leis an gcúirt nach féidir le hachainíoch an tsuim a luaitear i mír (a) den fho-alt seo a thaisceadh nó go mba chruatan tromchúiseach ar an achainíoch é an tsuim sin a bheith le taisceadh aige, féadfaidh an chúirt ceangal a chur air cibé suim faoina bhun sin is cuí leis an gcúirt a thaisceadh.

(3) Féadfaidh duine ar bith a bhfuil ocht mbliana déag d'aois slánaithe aige achainí a thíolacadh, ach ní fhéadfar í a thíolacadh ach amháin laistigh de thréimhse a shonraítear sna Rialacha i gCuid V den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus beidh éifeacht ag na Rialacha sin maidir leis an achainí.

(4) Féadfar toghchán Tionóil a thabhairt faoi cheist mar gheall ar neamhcháilitheacht faoi alt 7 den Acht seo, nó mar gheall ar chosc nó cur isteach nó bacadh eile ar stiúradh an toghcháin, nó mar gheall ar earráid nó mírialtacht eile ar dócha, dá suífí an ní sin, difear a bheith déanta aige do thoradh an toghcháin.

(5) Féadfaidh aon pháirtí in achainí achomharc a dhéanamh ar cheist dlí chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte ar an achainí agus faoi réir na forála sin is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte agus ní bheidh sé inachomhairc.

(6) I dtriail achainí nach ndéanfaidh an chúirt díbhe uirthi, cinnfidh an chúirt an t-ábhar faoi shaincheist san achainí agus, san ordú uaithi ag cinneadh na hachainí, cuirfidh sí—

(a) dearbhú ar thoradh ceart an toghcháin Tionóil, nó

(b) má mheasann sí nach féidir léi toradh ceart an toghcháin Tionóil a chinneadh, dearbhú go raibh iomlán an toghcháin sin nó cuid shonraithe den toghchán sin ar neamhní maille le ráiteas ar na fáthanna a bhí aici leis an dearbhú a dhéanamh.

(7) Nuair a dhearbhóidh an chúirt an t-iomlán nó aon chuid de thoghchán Tionóil a bheith ar neamhní, déanfar toghchán úr de réir forálacha an Achta seo chun an folúntas nó na folúntais dá dhroim sin sa Tionól a líonadh agus tógfar an vótaíocht sa toghchán úr cibé lá, is lá laistigh den tréimhse trí mhí dar tosach dáta an ordaithe cúirte, a cheapfaidh an tAire le hordú; ach ní bheidh sé d'oibleagáid faoin bhfo-alt seo toghchán úr a dhéanamh má dhlitear, ar dhóigh eile, toghchán Tionóil a dhéanamh sa Stát laistigh den tréimhse sé mhí díreach tar éis an dáta sin.

Cosc ar vóta a nochtadh.

18. —In aon imeachtaí dlíthiúla ní bheidh de cheangal ar dhuine a vótáil i dtoghchán Tionóil a rá cén chaoi ná cé dó ar vótáil sé.

Rialacháin.

19. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ábhair nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Teach den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailiocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

20. —(1) Na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo, íocfar iad, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas.

(2) Na caiteachais a thabhóidh an tAire Poist agus Telegrafa de dhroim an Achta seo (cibé acu a bhaineann na caiteachais sin le feidhmiú an chirt chun postas in aisce a thugtar d'iarrthóirí le Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó a thabhófar iad amhlaidh ar dhóigh eile i ndáil le toghchán Tionóil), íocfar iad, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Leasú ar Acht 1963.

21. —(1) Leasaítear leis seo alt 91 d'Acht 1963 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) i bhfo-alt (1):

“(bb) an vótaíocht i dtoghchán chun ionadaithe a thoghadh do Thionól na hEorpa faoin Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 ;”.

(2) Leasaítear leis seo alt 92 d'Acht 1963 trí,

(a) “, clárú toghthóirí Tionóil” agus “toghchán Tionóil,” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “toghthóirí Dála” agus “toghchán uachtaráin,”, faoi seach, agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3), i ndiaidh mhír (c):

“(b) tá le ‘toghthóirí Tionóil’ agus ‘toghcháin Tionóil’ na bríonna céanna, faoi seach, atá leo san Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 .”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, in aon chás inar dóigh leis go mbaineann práinn nó deacracht speisialta leis, cibé oiriúnú nó modhnú a dhéanamh ar aon reacht, ordú nó rialachán maidir le clárú toghthóirí Dála, clárú toghthóirí Tionóil nó clárú toghtnóirí i dtoghcháin áitiúla, maidir le stiúradh toghchán Dála, toghchán uachtaráin, toghchán Tionóil, toghchán áitiúil nó reifreann, is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht a bheith aige faoi réir forálacha an Achta seo.

Leasú ar ailt 48 agus 74 den Acht Cosanta, 1954 .

22. —Leasaitear leis seo an tAcht Cosanta, 1954 , trí “nó a ghabhfaidh le hoifig mar ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach” a chur isteach i ndiaidh “Teach den Oireachtas” i bhfo-alt (6) d'alt 48 agus in alt 74, agus tá an fo-alt sin (6) agus an t-alt sin 74, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(6) Aon oifigeach a thiocfas chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó a ghabhfaidh le hoifig mar ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach scarfaidh sé air sin lena choimisiún.

74.—I gcás cúltacaire a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó a ghabhfaidh le hoifig mar ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach, beidh sé, air sin, arna urscaoileadh de bhuaidh an ailt seo as na hÓglaigh Cúltaca.

Gearrtheideal.

23. —Féadfar an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , a ghairm den Acht seo.