Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Leasuithe Ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht)

7 1979


Uimhir 7 de 1979


AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1967 GO 1973, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [20 Márta, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe

1. —San Act seo—

ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1971 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 .

Airgead don Chiste Iomarcaíochta.

2. —Leasaítear leis seo alt 27 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) D'fhonn airgead a sholáthar chun íocaíochtaí a dhéanamh a bheidh le déanamh faoin Acht seo as an gCiste Iomarcaíochta, íocfar isteach sa Chiste—

(a) ranníocaí ó fhostóirí (dá ngairtear ‘ranníocaí iomarcaíochta fostóirí’ sa Chuid seo), agus

(b) airleacain dá ndéantar socrú i bhfo-alt (2).”.

Ranníocaí isteach sa Chiste Iomarcaíochta.

3. —Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 28 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1973 ):

“28. (1) I ndáil le fostaí lena mbaineann an tAcht seo, déanfar an ranníoc fostaíochta is iníoctha ag a fhostóir faoi alt 6 (1) (b) (ii) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 ) d'Acht 1952 a mhéadú méid an ranníoca iomarcaíochta fostóra, agus beidh an ranníoc iomarcaíochta fostóra iníoctha i leith na dtuilleamh ináirithe ar faoina dtreoir a chinntear an ranníoc fostaíochta faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978, agus ríomhfar é de réir ráta 0.5 faoin gcéad de mhéid na dtuilleamh ináirithe sin agus measfar gur ranníoc fostaíochta de réir bhrí na nAchtanna sin é.

(2) Bainfidh ailt 6 (1) (c) agus 6 (1) (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 ) d'Acht 1952 le ranníocaí iomarcaíochta fostóra lena mbaineann an t-alt seo sa tslí chéanna ina mbaineann siad le ranníocaí ó fhostóirí faoi alt 6 (1) (b) den Acht sin.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin, arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) a athrú.

(4) D'ainneoin aon chonradh dá mhalairt, ní bheidh fostóir i dteideal an ranníoc iomarcaíochta fostóra is iníoctha i leith aon duine atá ar fostú aige a bhaint as luach saothair an duine sin (ná é a ghnóthú ar aon slí eile ón duine sin).

(5) Íocfar isteach sa Chiste Arachais Shóisialaigh ranníocaí iomarcaíochta fostóirí faoin alt seo.

(6) Déanfar na suimeanna go léir a íocadh isteach sa Chiste Arachais Shóisialaigh faoi fho-alt (5) a íoc amach as an gCiste sin le cuntas reatha an Chiste Iomarcaíochta cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Leasa Shóisialaigh.”.

Forálacha a bhaineann le cnapshuim faoin bPríomh-Acht, agus forálacha iarmhartacha.

4. —(1) Leasaítear Sceideal 3 a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1971), a bhaineann le méid na cnapshuime faoin bPríomh-Acht, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 1:

“2. Le linn méid na cnapshuime a bheith á ríomh déanfar neamhshuim d'aon chuid de thuillimh fostaí in aghaidh na bliana os cionn £5,000.”.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) an tsuim £5.000 dá dtagraítear i mír 2 de Sceideal 3 a ghabhann leis an bPríomh-Acht (a chuirtear isteach leis an alt seo) a athrú, agus

(b) an modh a athrú chun cnapshuim faoin bPríomh-Acht a ríomh.

(3) Nuair a bheidh rialacháin á ndéanamh ag an Aire faoi fho-alt (2) den alt seo, cuirfidh sé san áireamh aon athruithe ar mheántuillimh oibrithe sna tionscail earraí iniompair mar a bheidh sin taifeadta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ón dáta ar faoina threoir a cinneadh go deireanach an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(4) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, scoirfidh an tOrdú um Iocaíochtaí Iomarcaíochta (Iocaíochtaí Seachtainiúla agus Cnapshuim), 1974 (I.R. Uimh. 82 de 1974), agus an tOrdú um Iocaíochtaí Iomarcaíochta (Iocaíochtaí Seachtainiúla), 1976 (I.R. Uimh. 126 de 1976), d'éifeacht a bheith leo ó thosach feidhme an ailt seo.

(b) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo ach faoi réir alt 8 den Acht seo, fostaí a bhfuil íocaíochtaí seachtainiúla á bhfáil aige ag tosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé de na híocaíochtaí sin a fháil ionann is dá mba nár achtaíodh an mhír sin.

Forálacha maidir le daoine a shlánaíonn an aois cháilitheach le haghaidh pinsin seanaoise.

5. —Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 3 d'Acht 1971:

“3. D'ainneoin alt 4 (1) den Phríomh-Acht, ní bhainfidh an tAcht sin, le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1980, le duine a raibh, an dáta a foirceannadh a fhostaíocht, an aois slánaithe aige arb í an aois inphinsin í an dáta sin de réir bhrí an Achta Leasa Shóisialaigh, 1952.”.

Lacáistí d'fhostóirí as an gCiste Iomarcaíochta.

6. —Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 29 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1971):

“29. (1) Faoi réir na Coda seo, íocfaidh an tAire as an gCiste Iomarcaíochta le fostóir cibé suim (dá ngairtear lacáiste sa Chuid seo) ar cóimhéid le 60 faoin gcéad de gach cnapshuim a d'íoc an fostóir sin faoi alt 19.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), aon uair a mhainneoidh fostóir aon fhoráil de chuid alt 17 a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, méid an lacáiste is iníoctha i leith na cnapshuime a íocadh faoi alt 19 leis an bhfostóir sin a laghdú, ach ní lú méid an lacáiste arna laghdú amhlaidh ná 40 faoin gcéad den cnapshuim.

(3) Féadfaidh an tAire le rialachán, arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, ráta lacáiste a shonraítear san alt seo a athrú.”.

Ceart an fhostaí am saor a bheith aige chun críocha áirithe le linn dó bheith faoi bhrí fógra a dhífhostaithe mar gheall ar iomarcaíocht.

7. —(1) Baineann an t-alt seo le fostaí a bhfuil 104 sheachtain seirbhíse ar a laghad aige le fostóir agus ar tugadh fógra dó go raibh beartaithe é a dhífhostú mar gheall ar iomarcaíocht.

(2) Fostaí lena mbaineann an t-alt seo beidh sé i dteideal, le linn an dá sheachtain a chríochnóidh an lá a rachaidh fógra a dhífhostaithe in éag, am saor réasúnach a fháil óna fhostóir le linn uaire oibre an fhostaí chun fostaíocht nua a lorg nó chun socruithe a dhéanamh le oiliúint a fháil d'fhostaíocht san am le teacht.

(3) Fostaí a gceadófar am saor dó faoin alt seo beidh sé i dteideal luach saothair a fháil óna fhostóir in aghaidh na tréimhse a bheidh sé as láthair de réir an ráta iomchuí san uair a bheidh á íoc ar dháta fógra a dhífhostaithe agus luach saothair ar cóimhéid leis an méid sin i gcás ina ndiúltóidh an fostóir go míréasúnach am saor a cheadú faoin alt seo.

(4) Féadfaidh fostóir fostaí lena mbaineann an t-alt seo a chur de cheangal ar an bhfostaí cibé fianaise a thabhairt dó a iarrfaidh sé faoi na socruithe atá déanta ag an bhfostaí maidir lena iarracht fostaíocht nua nó oiliúint d'fhostaíocht san am le teacht a fháil, agus tabharfaidh an fostaí aon fhianaise a iarradh amhlaidh mura dochar é do leas an fhostaí.

(5) Aon díospóid a éireoidh faoin alt seo measfar gur breith í dá dtagraítear in alt 39 (15) den Phríomh-Acht, agus beidh aon mhéid a ordóidh an Binse Achomhairc Fostaíochta d'fhostóir a íoc le fostaí inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

Deireadh leis an teideal chun íocaíochtaí seachtainiúla.

8. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, scoirfidh ailt 30 agus 31 den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith leo ó thosach feidhme an ailt seo.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, fostaí a mbeidh íocaíochtaí seachtainiúla á bhfáil aige ag tosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé de na híocaíochtaí sin a fháil ionann is dá mba nár achtaíodh an fo-alt sin, ach (d'ainneoin aon fhoráil eile de chuid na nAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1979) má tharlaíonn, sula mbeidh na híocaíochtaí sin ídithe, go stopfar dá n-íoc ar aon chúis ní bheidh an fostaí i dteideal ná ní thiocfaidh sé chun bheith i dteideal, dá éis sin, aon íocaíocht sheachtainiúil a fháil.

(3) Chun críocha fho-alt (2) den alt seo, i gcás fostaí a bhfoirceannfar a fhostaíocht mar gheall ar iomarcaíocht sa tréimhse dhá sheachtain dar críoch tosach feidhme an ailt seo, measfar an fostaí sin a bheith ag fáil íocaíochtaí seachtainiúla má dhéantar éileamh ar na híocaíochtaí sin tráth nach déanaí ná dhá sheachtain tar éis an tosach feidhme sin agus go mbreithneofar go cuí faoin bPríomh-Acht iad a bheith iníoctha.

(4) Fostaí a bhfoirceannfar a fhostaíocht mar gheall ar iomarcaíocht roimh thosach feidhme an ailt seo agus a d'éiligh íocaíochtaí seachtainiúla roimh an tosach feidhme sin, ach nach mbeidh breith tugtha ar a éileamh ar na híocaíochtaí sin roimh an tosach feidhme sin, measfar chun críocha fho-alt (2) den alt seo íocaíochtaí seachtainiúla a bheith á bhfáil aige má sheastar lena éileamh.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht, a bhaineann le fógra ó fhostaí in oirchill fógra óna fhostóir d'fhoirceannadh a chonartha, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás ina gcomhaontóidh fostóir i scríbhinn le fostaí an dáta dífhostaithe a luaitear i bhfógra faoi fho-alt (1) (a) a thug sé don fhostaí sin a athrú d'fhonn a áirithiú go mbeidh fógra an fhostaí faoi fho-alt (1) (b) laistigh den tréimhse éigeantach i ndáil leis an bhfógra faoi fho-alt (1) (a), ní chuirfear as do theideal an fhostaí d'íocaíocht iomarcaíochta agus measfar, chun críocha na Coda seo, an fostaí a bheith dífhostaithe ag a fhostóir, agus gurb é an dáta a rachaidh fógra an fhostaí in éag an dáta dífhostaithe i ndáil leis an dífhostú sin.”.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1971), a bhaineann le hasleagan agus gearr-am, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

“(2) Más rud é—

(a) gur lú luach saothair fostaí d'aon seachtain ná leath a ghnáth-luach saothair sa tseachtain nó go laghdófar a uaire oibre faoi bhun leath a ghnáth-uaire sa tseachtain.

(b) gurb é is cúis leis an laghdú ar an luach saothair nó ar na huaire oibre laghdú ar an obair a sholáthróidh an fostóir don fhostaí nó ar obair eile de chineál a bhfuil an fostaí fostaithe faoina chonradh chun í a dhéanamh.

(c) gur réasúnach sna himthosca don fhostóir a chreidiúint nach mbeidh an laghdú ar an obair buan agus go dtabharfaidh sé fógra á chur sin in iúl don fhostaí roimh an laghdú ar an luach saothair nó ar na huaire oibre,

measfar, chun críocha na Coda seo, an fostaí a bheith coimeádta ar ghearr-am an tseachtain sin.”.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

11. —Leasaítear alt 15 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1971), a bhaineann le fostaí do dhiúltú glacadh le malairt fostaíochta, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A):

“(2B) Más rud é—

(a) go ndéanfar luach saothair fostaí a laghdú go substaintiúil ach nach laghdófar é go dtí méid is lú ná leath a ghnáth-luach saothair sa tseachtain, nó go ndéanfar laghdú substaintiúil ar a uaire oibre ach nach laghdófar iad go dtí méid is lú ná leath a ghnáth-uaire sa tseachtain, agus

(b) go nglacfaidh an fostaí go sealadach leis an laghdú ar an luach saothair nó ar na huaire oibre agus go gcuirfidh sé an glacadh sin in iúl dá fhostóir.

ní áireofar gurb ionann glacadh go sealadach leis an laghdú sin go ceann tréimhse nach faide ná 52 sheachtain agus an fostaí do ghlacadh le fostaíocht oiriúnach a thairgfear i ndáil leis.”.

Ailt 10 agus 11 a fheidhmiú ar chásanna áirithe.

12. Más rud é—

(a) gur tharla dífhostú (nó foirceannadh fostaíochta) roimh thosach feidhme an ailt seo,

(b) go mbeadh an fostaí áirithe i dteideal íocaíochta iomarcaíochta dá mbeadh alt 10 nó 11 den Acht seo i ngníomh dáta an dífhostaithe nó dáta foirceanta na fostaíochta, agus

(c) go ndearna an fostaí áirithe achomharc chun an Bhinse roimh an lú lá d'Eanáir, 1979, ach nach raibh breith i ndáil leis an achomhare sin tugtha roimh thosach feidhme an ailt seo.

tabharfaidh an Binse, a luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an ailt seo, breith i ndáil leis an achomharc sin ionann is dá mba go raibh ailt 10 agus 11 den Acht seo i ngníomh dáta an dífhostaithe nó dáta foirceanta na fostaíochta.

Leasú ar alt 24 den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear alt 24 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1971), a bhaineann le teorainn ama le héilimh ar íocaíocht iomarcaíochta, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A):

“(3) D'ainneoin fho-alt (2A), má shuíonn fostaí chun sástacht an Bhinse—

(a) gurbh é an chúis nach ndearna sé éileamh ar chnapshuim roimh dheireadh na tréimhse 104 sheachtain a luaitear san fho-alt sin nárbh col dó cérbh é a fhostóir nó a fhostóirí nó nárbh eol dó malairt fostóra a bheith ann a thug gur dífhostaíodh é agus gur athfhostaíodh é faoi chonradh le fostóir eile, agus

(b) gurbh é ba chúis, nó gurbh fho-chúis, leis an easpa eolais sin gur sáraíodh dualgas reachtúil fógra go raibh sé beartaithe é a dhífhostú nó, d'eile, deimhniú iomarcaíochta, a thabhairt don fhostaí,

tosóidh an tréimhse 104 sheachtain ó cibé dáta a mheasfaidh an Binse, dá rogha féin, a bheith réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir.”.

Leasú ar alt 42 den Phríomh-Acht.

14. —Leasaítear alt 42 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (3), faoi seach:

“(1) Beidh ar áireamh na bhfiacha a bheidh, faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , le híoc, le linn sócmhainní cuideachta atá á foirceannadh a bheith á ndáileadh, i dtosaíocht ar gach fiach eile, na ranníocaí go léir (seachas ranníocaí iomarcaíochta fostóra lena mbaineann alt 28 (a cuireadh isteach leis an Acht um locaíochtaí lomarcaíochta, 1979)) ab iníoctha ag an gcuideachta faoin Acht seo i gcaitheamh an dá mhí dhéag sular tosaíodh ar an bhfoirceannadh nó roimh thosach feidhme an ordaithe foirceanta agus aon chnapshuim (nó aon chuid de chnapshuim) ab iníoctha faoin Acht seo ag cuideachta den sórt sin, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an alt sin 285, agus ní dhéanfar cruthú foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo a éileamh ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le rialacha a rinneadh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 .

(3) Beidh ar áireamh na bhfiacha a bheidh, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, le híoc, le linn maoin féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta a bheith á dáileadh, i dtosaíocht ar gach fiach eile, na ranníocaí go léir (seachas ranníocaí iomarcaíochta fostóra lena mbaineann alt 28 (a cuireadh isteach leis an Acht um locaíochtaí Iomarcaíochta, 1979)) ab iníoctha faoin Acht seo ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimh dháta an ordaithe breithnithe i gcás féimhigh nó dháta na achainí ar chomhshocraíocht a chomhadú i gcás féichiúnaí comhshocraíochta agus aon chnapshuim (nó aon chuid de chnapshuim) ab iníoctha faoin Acht seo ag féimheach nó ag féichiúnaí comhshocraíochta, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an alt sin 4, agus ní dhéanfar cruthú foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo a éileamh ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le horduithe ginearálta a rinneadh faoin Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889.”.

Leasú ar alt 15 d'Acht 1971.

15. —Leasaítear alt 15 d'Acht 1971, a bhaineann le scéimeanna speisialta iomarcaíochta, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Chun airgead a sholáthar chun íocaíochtaí a íoc a bheidh le híoc faoin Acht seo as ciste a bunaíodh faoi scéim speisialta iomarcaíochta, íocfar isteach sa chiste sin—

(a) mar a fhorálfar sa scéim sin, ranníocaí ó fhostóirí, agus

(b) airleacain mar a fhoráiltear dóibh i bhfo-ailt (3) agus (4).”.

Cumhacht chun deacrachtaí a chur ar ceal.

16. —(1) Má éiríonn aon deacracht in aon slí i ndáil leis an Acht seo, nó aon leasú nó aisghairm a dhéantar leis an Acht seo, a chur i gníomh, féadfaidh an tAire le hordú aon ní a dhéanamh is dealraitheach is gá nó is fóirsteanach chun an tAcht seo a chur i ngníomh, agus féadfaidh aon ordú den sórt sin modhnú a dhéanamh ar aon fhoráil den Acht seo a mhéid is dealraitheach is gá nó is fóirsteanach chun an t-ordú a chur in éifeacht.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Ní fhéadfar aon ordú a dhéanamh faoin alt seo tar éis bliain a bheith caite ó thosach feidhme an ailt seo.

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht.

17. —Déantar gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú ar an modh a luaitear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála i gcolún (1).

Leasú ar alt 16 d'Acht 1971.

18. —Leasaítear alt 16 d'Acht 1971, a bhaineann le héilimh chalaoiseacha ar íocaíochtaí faoin bPríomh-Acht, trí “£300” a chur in ionad “caoga punt” i bhfo-ailt (1) agus (2).

Aisghairm.

19. —Aisghairtear ailt 34 agus 36 (2) (d) den Phríomh-Acht.

Caiteachais.

20. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire nó aon Aire eile de chuid an Rialtais ag cur an Achta seo in éifeacht a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

21. —(1) Féadfar an tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1973, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1979, a ghairm díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh d'fhorálacha éagsúla den Acht seo.