An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II ÁRACHAS SÓISIALACH) Ar Aghaidh (CAIBIDIL 3 Liúntas Máithreachais)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CAIBIDIL 2

Sochar Míchumais

Teideal chun sochair.

[1952, a. 15]

[1980, a. 17]

[1974 (Uimh. 2), a.10]

[1980, a.17]

18. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh duine i dteideal sochair mhíchumais maidir le haon lá éagumais chun oibre (dá ngairtear lá éagumais chun oibre san Acht seo) ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta, i gcás—

(a) é a bheith faoi bhun aoise inphinsin an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, agus

(b) go gcomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca in alt 19.

(2) Ní bheidh duine i dteideal sochair mhíchumais in aghaidh na chéad 3 lá d'aon tréimhse éagumais chun oibre.

(3) Faoi réir alt 125, leanfar de shochar míchumais a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis tairbhí a raibh cleithiúnaí aosaithe aige.

(4) Chun críocha aon fhorála den Acht seo a bhaineann le sochar míchumais—

(a) ní dhéanfar lá a áireamh i ndáil le duine árachaithe mar lá éagumais chun oibre mura bhfuil sé éagumasach chun oibre an lá sin,

(b) ciallaíonn “lá bearnaithe fostaíochta” lá is lá éagumais chun oibre nó lá dífhostaíochta,

(c) déanfar aon 3 lá bhearnaithe fostaíochta, bíodh siad comhleanúnach nó ná bíodh, laistigh de thréimhse 6 lá chomhleanúnacha, a áireamh mar thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus déanfar aon dá thréimhse den sórt sin nach bhfuil tréimhse is mó ná 13 sheachtain eatarthu a áireamh mar thréimhse amháin bhearnaithe fostaíochta,

(d) déanfar aon trí lá éagumais chun oibre, bíodh siad comhleanúnach nó ná bíodh, laistigh de thréimhse 6 lá chomhleanúnacha a áireamh mar thréimhse éagumais chun oibre agus déanfar aon dá thréimhse den sórt sin nach bhfuil níos mó ná 3 lá eatarthu a áireamh mar thréimhse amháin éagumais chun oibre: ar choinníoll go measfar go bhfolaíonn tréimhse éagumais chun oibre aon lá nó laethanta dífhostaíochta sa tréimhse 3 lá chomhleanúnacha roimh an gcéad lá éagumais chun oibre, ach ní lá éagumais chun oibre lena mbaineann alt 74 (2) aon lá dífhostaíochta den sórt sin,

(e) ní dhéanfar an Domhnach ná aon lá eile den sórt sin i ngach seachtain a fhorordófar a áireamh mar lá éagumais chun oibre nó mar lá dífhostaíochta agus déanfar neamhshuim de nuair a bheidh aon tréimhse de laethanta comhleanúnacha á ríomh.

(5) Féadfar le rialacháin foráil a dhéanamh (faoi réir fho-alt (4)) maidir leis na laethanta a bheidh nó nach mbeidh le háireamh chun críocha sochair mhíchumais mar laethanta éagumais chun oibre nó mar laethanta dífhostaíochta.

(6) Is é an méid is iníoctha mar shochar in aghaidh aon lae éagumais chun oibre an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí.

Coinníollacha maidir le sochar a fháil.

[1952, Sc. 4; 1974 (Uimh. 3), a.3; 1978 L, a.13, 14(2); I.R. Uimh. 156 de 1956]

[I.R. Uimh. 383 de 1980]

[1952, a.14]

[1952, a.28]

19. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás sochair mhíchumais—

(a) go mbeidh ag an éilitheoir ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse ó theacht faoi árachas dó go dtí an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, agus

(b) go mbeidh ag an éilitheoir ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 48 seachtain ranníoca ar a laghad sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh.

(2) I gcás ina raibh teideal ag duine chun íocaíochta sochair mhíchumais maidir le haon lá arb é an 3 Eanáir, 1981, nó lá dá éis sin é nó i gcás go mbeadh teideal ag duine amhlaidh mura mbeadh forálacha alt 18 (2) nó 23 (1), ansin, maidir le sochar míchumais, measfar, chun críche an choinníll i mír (b) d'fho-alt (1), an bhliain sochair ina bhfuil an chéad lá sin i ngach tréimhse éagumais chun oibre atá, nó a meastar a bheith, ina tréimhse éagumais ar leith, a bheith ar leanúint ar feadh gach lae éagumais chun oibre sa tréimhse sin nach mbeidh ceart an duine chun an tsochair sin ídithe ina leith suas go dtí an 312ú lá sa tréimhse sin, agus an lá sin san áireamh, ar íocadh an sochar sin ina leith.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar na coinníollacha ranníoca ach, i gcás ina mbeartaítear rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) Faoi réir fho-alt (5), féadfar a fhoráil le rialacháin go mbeidh teideal chun sochair mhíchumais ag daoine a mbeadh teideal acu chuige mura mbeadh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) a bheith gan chomhlíonadh.

(5) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (4) go mbeidh sochar is iníoctha de bhua an fho-ailt sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú i gcomhréir leis an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta, ach má dhéantar aon mhéadú ar shochar i leith linbh cháilithe déanfar é amhail is dá mbeadh an coinníoll sin comhlíonta go hiomlán.

Na rátaí sochair.

[1952, a.14(3)]

20. —Faoi réir an Achta seo is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh na rátaí seachtainiúla sochair mhíchumais.

Méaduithe i leith cleithiúnaithe aosaithe agus leanaí cleithiúnacha.

[1952, a.26; 1980, a.19]

[1952, a.27; 1960 L, a.9; 1976, a.18]

21. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair mhíchumais a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún 3 de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh an tairbhí i dteideal, in aghaidh na tréimhse céanna, méadú ar shochar faoin bhfo-alt seo a fháil i leith níos mó ná duine amháin.

(2) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair mhíchumais a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Dara Sceideal i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

Ré na híocaíochta.

[1952, a.16; 1978 L, a.13(1)]

22. —(1) I gcás—

(a) ranníocaí cáilitheacha a bheith ag duine i leith níos lú ná 156 sheachtain ranníoca sa tréimhse ó theacht faoi árachas dó go dtí aon lá éagumais chun oibre, agus

(b) roimh an lá sin go raibh teideal ag an duine sin i leith aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta (cibé acu is cuid di an lá sin nó nach ea) chun sochair mhíchumais in aghaidh 312 lá,

ní bheidh teideal aige chun sochair mhíchumais in aghaidh an lae sin mura rud é gur athcháiligh sé chun sochair tar éis an lae dheiridh de na 312 lá sin agus roimh an lá sin.

(2) I gcás a cheart chun sochair mhíchumais a bheith ídithe ag duine—

(a) athcháileoidh sé chuige sin nuair a bheidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 13 sheachtain ranníoca a thosaigh nó a chríochnaigh tar éis an lae dheiridh dá raibh sé i dteideal sochair, agus

(b) ar é athcháiliú chuige sin, beidh feidhm arís maidir leis ag fo-alt (1) ach, i gcás an tréimhse bhearnaithe fostaíochta inar ídigh sé a cheart chun sochair do mharthain tar éis a athcháilithe, ionann is dá mba thréimhsí bearnaithe fostaíochta ar leithligh an chuid roimh a athcháiliú agus an chuid tar éis a athcháilithe.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar duine chun críocha an ailt seo mar dhuine a raibh teideal aige chun sochair in aghaidh aon lae dá mba rud é go mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh aon mhoill nó mainneachtain ina pháirtsean maidir le héileamh a dhéanamh nó a thabhairt ar aghaidh nó maidir le fógra a thabhairt, faoi réir an choinníll nach ndéanfar duine a áireamh amhlaidh má thaispeánann sé nach raibh ar intinn aige, trí gan ceart chun sochair in aghaidh an lae sin a fháil nó a bhunú, dul ón riachtanas chun athcháiliú le haghaidh sochair faoin alt seo.

Dícháiliú.

[1952, a.17]

[1952, a.29]

23. —(1) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine chun sochar míchumais a fháil in aghaidh cibé tréimhse nach mó ná 6 sheachtain a chinnfear faoi fhorálacha na Coda seo más rud é—

(a) gur tharla dó bheith éagumasach chun oibre trína mhí-iompar féin, nó

(b) go mainneoidh sé, gan cúis mhaith, dul, nó teacht i láthair chun dul, faoi cibé scrúdú dochtúra nó scrúdú eile nó cibé cóireáil liachta nó cóireáil eile is gá de réir na rialachán, nó go mainneoidh sé aon rialacha forordaithe iompair a chomhlíonadh.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin freisin go bhforchuirfear i gcás aon aicme daoine, coinníollacha breise i ndáil le sochar míchumais a fháil agus i ndáil le srianta ar ráta agus ré an tsochair sin más rud é, ag féachaint d'imthosca speisialta, go bhfeictear don Aire gur gá sin a dhéanamh chun éagothromais a chosc nó chun éigeartas a chosc.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin freisin go ndícháileofar duine chun sochar míchumais a fháil má mhainníonn sé, tar éis dó éirí éagumasach chun oibre, nó éirí éagumasach chun oibre arís, an fógra forordaithe á rá sin a thabhairt laistigh den tréimhse fhorordaithe, ach féadfar a fhoráil le haon rialacháin den sórt sin go bhfadófar an tréimhse ina bhféadfar éileamh a dhéanamh nó fógra a thabhairt, faoi réir aon choinníollacha forordaithe.

(4) Chun críocha fho-alt (3), measfar i gcás aon éileamh nó fógra a rinneadh nó a cuireadh leis an bpost gur ar an lá a cuireadh sa phost é a rinneadh nó a tugadh é.