8 1981


Uimhir 8 de 1981


AN tACHT UM DHUMPÁIL AR FARRAIGE, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT CHUN DUMPÁIL SAN FHARRAIGE A RIALÚ.

[19 Aibreán, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a cheapfar chun bheith ina oifigeach údaraithe faoi alt 4 den Acht seo;

tá le “cuideachta” an bhrí chéanna atá leis in Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “dumpáil”, i ndáil le substaint nó ábhar, an tsubstaint nó an t-ábhar a dhiúscairt d'aon turas ar farraige (lena n-áirítear diúscairt trí dhó d'aon turas chun críche teas-díothaithe) ó shoitheach, ó aerárthach nó ó mhuirdhéanmhas nó ina dteannta sin (seachas aon diúscairt den sórt sin a bhaineann nó a ghabhann le gnáth-oibriú soithigh, aerárthaigh nó muirdhéanmhais (nó a threalaimh) nach bhfuil déanta ná oiriúnaithe go hiomlán nó go príomha chun substaintí nó ábhair a dhiúscairt ar farraige) ach ní fholaíonn sé substaint nó ábhar atá ceaptha nó beartaithe lena úsáid chun na críche réamhráite a scaoileadh amach chun dáileadh nó gné aon ola mhianrach ar dhromchla na farraige a easrú nó a athrú ar shlí eile, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhme tagairt d'fheidhmiú cumhachta agus do chomhalladh dualgais;

tá le “údarás cuain” an bhrí chéanna atá leis san Acht Cuanta, 1946 ;

ciallaíonn “aerárthach Éireannach” aerárthach a cláraíodh sa Stát;

ciallaíonn “muirdhéanmhas Éireannach” muirdhéanmhas atá ar úinéireacht ag duine, nó léasaithe chuig duine, a chónaíonn sa Stát nó atá ar úinéireacht ag cuideachta nó léasaithe chuig cuideachta;

ciallaíonn “soitheach Éireannach” long is long Éireannach de réir bhrí an Achta Loingis Thráchtála, 1955 , nó soitheach atá ar úinéireacht ag duine, nó léasaithe nó ligthe ar cairt chuig duine, a chónaíonn sa Stát nó atá ar úinéireacht ag cuideachta nó léasaithe nó ligthe ar cairt chuig cuideachta, agus nach bhfuil cláraithe faoi dhlí tíre eile;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Londan” an Coinbhinsiún um Chosc ar Mhuir-Thruailliú trí Fhuíoll agus Ábhar Eile a Dhumpáil a rinneadh i Londain an 29ú lá de Nollaig, 1972, arna leasú le cruinniú Comhairleach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún an 12ú lá de Dheireadh Fómhair, 1978;

ciallaíonn “muirdhéanmhas” léibheann nó déanmhas eile de dhéantús an duine ar farraige, bíodh sé daingnithe nó ar snámh;

ciallaíonn “máistir”, i ndáil le soitheach, an duine a bhfuil urlámh nó ceannas aige ar an soitheach de thuras na huaire;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Osló” an Coinbhinsiún um Chosc ar Mhuir-Thruailliú trí Dhumpáil ó Longa agus ó Aerárthaí a rinneadh in Osló an 15ú lá d'Fheabhra, 1972;

folaíonn “farraige” aon limistéar a bhíonn faoi uisce ag meán uachtar láin rabhartaí, inbhear nó ascaill farraige agus uiscí taoide aon chuisle, crompáin, cuain nó abhann;

folaíonn “substaint nó ábhar” rud;

ciallaíonn “farraigí teorann an Stáit” farraigí teorann an Stáit chun críocha an Achta um Dhlínse Mhuirí, 1959, agus uiscí intíre an Stáit chun críocha an Achta sin.

Srianta le dumpáil ar farraige.

2. —(1) Má dhéantar aon substaint nó ábhar—

(a) a dhumpáil i bhfarraigí teorann an Stáit,

(b) a dhumpáil san fharraige in aon áit lasmuigh d'fharraigí teorann an Stáit agus gur soitheach Éireannach, aerárthach Éireannach nó muirdhéanmhas Éireannach an soitheach, an t-aerárthach nó an muirdhéanmhas a raibh baint aige leis an dumpáil, nó

(c) a luchtú ar shoitheach, ar aerárthach nó ar mhuirdhéanmhas sa Stát nó i bhfarraigí teorann an Stáit le dumpáil,

beidh máistir agus úinéir an tsoithigh, nó píolóta ceannais agus úinéir an aerárthaigh, nó an duine i gceannas an déanmhais agus úinéir an déanmhais, cibé acu é, agus aon duine eile a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh an dumpáil nó an luchtú, ciontach i gcion.

(2) Is cosaint é do dhuine a chúiseofar i gcion faoin alt seo a chruthú—

(a) gur trí dhearmad nó trí ghníomh nó faillí ag duine eile nó trí thionóisc nó ar chúis éigin eile nach raibh neart aige air a rinneadh an cion agus gur ghlac sé gach réamhchúram réasúnach agus gur chaith sé gach dúthracht chuí chun nach ndéanfadh sé féin ná aon duine faoina rialú cion den sórt sin, nó

(b) go ndearnadh an dumpáil nó an luchtú áirithe faoi réim agus de réir chead faoi alt 3 den Acht seo, nó, i gcás dumpáillena mbaineann fo-alt (1) (b) den alt seo, go ndearnadh é faoi réim agus de réir chead a dheonaigh Stát eile is páirtí i gCoinbhinsiún Osló nó i gCoinbhinsiún Londan.

(3) (a) Ní bheidh feidhm ag míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt seo i ndáil le dumpáil, más gá é le réasún chun sábháilteacht soithigh, aerárthaigh nó muirdhéanmhais a áirithiú nó chun beo daoine a shábháil.

(b) Déanfaidh máistir an tsoithigh, píolóta ceannais an aerárthaigh, nó an duine i gceannas an mhuirdhéanmhais, lena mbaineann, cibé acu é, tuairisc faoi aon dumpáil a rinneadh chun críche a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo a thabhairt don Aire a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis na dumpála.

(c) Duine a sháróidh mír (b) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Ceadanna i ndáil le dumpáil.

3. —(1)  (a) Féadfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Comhshaoil, leis an Aire Iascaigh agus Foraoiseachta, leis an Aire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta agus leis an Aire Fuinnimh, cead a dheonú, nó diúltú cead a dheonú, i ndáil le soitheach, aerárthach nó muirdhéanmhas sonraithe, do dhuine a dhéanfaidh iarratas chun an Aire ar chead á údarú cainníocht shonraithe de shubstaint shonraithe nó d'ábhar sonraithe a dhumpáil in áit shonraithe laistigh de thréimhse shonraithe ama nó cainníocht shonraithe de shubstaint shonraithe nó d'ábhar sonraithe a luchtú ar an soitheach, ar an aerárthach nó ar an muirdhéanmhas sin in áit shonraithe laistigh de thréimhse shonraithe ama, ar substaint í nó ar ábhar é a bheartaítear a dhumpáil ón soitheach, ón aerárthach nó ón muirdhéanmhas.

(b) Le linn don Aire bheith á chinneadh an ndeonóidh sé nó an ndiúltóidh sé cead faoin bhfo-alt seo, cuirfidh sé na forálacha seo a leanas san áireamh—

(i) forálacha Iarscríbhinn III (a bhfuil a téacs leagtha amach i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo) a ghabhann le Coinbhinsiún Londan, agus

(ii) más cead é a bhainfeadh, dá ndeonófaí é, le háit sa limistéar a bhfuil feidhm ina leith ag Coinbhinsiún Osló, forálacha Iarscríbhinn III (a bhfuil a téacs leagtha amach i gCuid II den Tábla a ghabhann leis an alt seo) a ghabhann le Coinbhinsiún Osló.

(2) Duine a dhéanfaidh iarratas chun an Aire ar chead faoin alt seo tabharfaidh sé don Aire cibé faisnéis a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach chun a fheidhmeanna faoin alt seo a fheidhmiú, lena n-áirítear, má iarrann an tAire é, faisnéis a shásóidh an tAire nach bhfuil aon dóigh oiriúnach eile ann leis an tsubstaint nó leis an ábhar áirithe a dhiúscairt.

(3) Féadfaidh cibé coinníollacha is iomchuí leis an Aire a bheith i gcead faoin alt seo.

(4) Féadfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Comhshaoil, leis an Aire Iascaigh agus Foraoiseachta, leis an Aire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta agus leis an Aire Fuinnimh, cead faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú aon uair is iomchuí leis sin a dhéanamh.

(5) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Iascaigh agus Foraoiseachta, táille a mhuirearú, i leith iarratas ar chead faoin alt seo, ina mbeidh cibé méid is iomchuí, i dtuairim an Aire, ag féachaint do chostas aon tástálacha agus imscrúduithe a bheidh le déanamh chun a chur ar chumas an Aire a chinneadh an ngéillfidh sé don iarratas nó an ndiúltóidh sé é.

(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Iascaigh agus Foraoiseachta, i gcás ina mbeartóidh sé cead a dheonú do dhuine faoin alt seo, táille a mhuirearú ar an duine (i dteannta aon táille a bheidh íoctha ag an duine faoi fho-alt (5) den alt seo) ina mbeidh cibé méid is iomchuí, i dtuairim an Aire, ag féachaint don chostas a bhainfidh le haon fhaireachán, suirbhéanna agus scrúduithe a rinneadh nó a dhéanfar chun a chur ar chumas an Aire a chinneadh cá háit a bhféadfar dumpáil a dhéanamh agus chun meas a thabhairt ar an éifeacht a bheidh ag an dumpáil a mbainfidh an cead leis ar an gcomhshaol muirí agus ar na beo-acmhainní a chothaíonn sé.

(7) Duine a dhéanfaidh, i ndáil le hiarratas ar chead faoin alt seo, ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt don Aire beidh sé ciontach i gcion mura suífidh sé nach raibh a fhios aige, agus nach bhféadfaí bheith ag súil le réasún go mbeadh a fhios aige, go raibh an ráiteas bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha.

(8) I ndáil le feidhmiú an Achta seo maidir le substaintí, feistí, gaireas agus táirgí lena mbaineann an tAcht um Fhuinneamh Núicléach (An Bord Fuinnimh Núicléigh), 1971 , nó aon ordú faoi alt 6 den Acht sin—

(a) déanfar tagairtí san alt seo (seachas san fho-alt seo) agus in ailt 2 (3) (b) agus 5 (1) den Acht seo don Aire a fhorléiriú mar thagairtí don Aire Fuinnimh agus don Bhord Fuinnimh Núicléigh mar ghníomhaire dó, agus

(b) déanfar tagairtí san alt seo (seachas san fho-alt seo) don Aire Fuinnimh a fhorléiriú mar thagairtí don Aire,

agus maidir le cead a dheonóidh an tAire Fuinnimh nó an Bord Fuinnimh Núicléigh faoin alt seo á údarú aon dumpáil nó luchtú a dhéanamh, measfar, chun críocha aon ordaithe den sórt sin, gur ceadúnas faoin ordú sin é á údarú an dumpáil nó an luchtú sin a dhéanamh.

(9) (a) Cuirfidh an tAire faoi deara go mbunófar agus go gcoimeádfar clár agus cuirfidh sé faoi deara go dtaifeadfar sa chlár sonraí na gceadanna go léir a dheonófar faoin alt seo.

(b) Beidh an clár a bheidh á choimeád faoin alt seo ar oscailt chun a iniúchta ag an bpobal gach tráth réasúnach.

AN TÁBLA

CUID I

Iarscríbhinn III le Coinbhinsiún Londan

Ar na forálacha a bheidh le breithniú le linn critéir a bheith á mbunú faoina rialaítear ceadanna a eisiúint le hábhar a dhumpáil ar farraige, agus Airteagal IV (2) a chur san áireamh, áirítear:

A—Sainghnéithe agus comhdhéanamh an ábhair

1. Méid iomlán agus meán-chomhdhéanamh an ábhair a dhumpáiltear (e.g. sa bhliain).

2. Foirm, e.g. soladach, slodach, leachtach, nó gásach.

3. Airíonna: fisiciúil (e.g. tuaslagthacht agus dlús), ceimiceach agus bithcheimiceach (e.g. éileamh ocsaigine, cothaithigh) agus bitheolaíoch (e.g. víris, baictéir, giostaí, paraisítí a bheith ann).

4. Tocsaineacht.

5. Marthanacht: fisiciúil, ceimiceach agus bitheolaíoch.

6. Cruachadh agus bithchlaochlú in ábhair nó i ndeasca bitheolaíocha.

7. Luiteamas le hathruithe fisiciúla, ceimiceacha agus bithcheimiceacha agus imoibriú sa timpeallacht uisciúil le hábhair orgánacha agus neamhorgánacha tuaslagtha eile.

8. An dóchúlacht go mbeadh sé ina chúis le trothanna nó le hathruithe eile a laghdódh indíoltacht acmhainní (iasc, iasc sliogach, etc.).

B—Sainghnéithe na láithreach dumpála agus an mhodha scoite

1. An suíomh (e.g. comhordanáid an limistéir dhumpála, an doimhneas agus an fad ón gcósta), an suíomh i ndáil le limistéir eile (e.g. limistéir thaitneamhachta, limistéir sceite, limistéir ghorlainne agus limistéir iascaigh agus acmhainní insaothraithe).

2. An ráta diúscartha i dtréimhse shonraithe (e.g. an chainníocht sa lá, sa tseachtain, sa mhí).

3. Na modhanna pacáistithe agus coimeádta, más ann.

4. An caolú tosaigh a dhéantar leis an modh beartaithe fuascailte.

5. Na sainghnéithe easraithe (e.g. éifeacht feachtanna, taoidí agus gaoithe ar iompar cothrománach agus meascadh ingearach).

6. Sainghnéithe an uisce (e.g. teocht, pH, salandacht, srathú, séana ocsaigine ar thruailliú—ocsaigin tuaslagtha (DO), éileamh ocsaigine ceimicí (COD), éileamh ocsaigine bithcheimicí (BOD)—nítrigin a bheith i láthair i bhfoirm orgánach agus mhianrach lena n-áirítear amóinia, ábhar fuaidrimh, cothaithigh eile agus táirgeacht).

7. Sainghnéithe an ghrinill (e.g. topagrafaíocht, sainghnéithe geoicheimiceacha agus geolaíocha agus táirgeacht bhitheolaíoch).

8. Dumpáil eile a bheith déanta sa limistéar dumpála agus éifeachtaí na dumpála sin (e.g. léamh cúlra trom-miotail agus an cion de charbón orgánach).

9. Le linn cead le haghaidh dumpála a bheith á eisiúint, ba chóir do na Páirtithe Conarthacha féachaint an bhfuil bonn leormhaith eolaíoch ann chun iarmhairtí na dumpála sin a mheas, mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo, agus athruithe séasúracha a chur san áireamh.

C—Pointí machnaimh agus dálaí ginearálta

1. Na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith aige ar thaitneamhachtaí (ábhar foluaineach nó ábhar a d'fhág an t-uisce ina dhiaidh, modarthacht, drochbholadh, mílítheacht agus coipeadh cúir a bheith ann).

2. Na héifeachtaí a d'fhéadfadh bheith aige ar bheatha mhuirí, ar shaothrú éisc agus éisc shliogaigh, ar stoic éisc agus iascaigh, ar bhaint agus ar shaothrú feamainne.

3. Na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith aige ar úsáidí eile na farraige (e.g. dochrú ar cháilíocht an uisce le haghaidh tionscail, creimeadh faoi uisce ar dhéanmhais, ábhair ar snámh do chur isteach ar longoibríochtaí, cur isteach ar iascach nó ar loingseoireacht trí fhuíoll nó nithe soladacha a scoitheadh ar ghrinneall na farraige agus cosaint do limistéir a bhfuil tábhacht speisialta leo chun críocha eolaíochta nó caomhanta).

4. Malairt modhanna talamh-bhunaithe a bheith ar fáil go praiticiúil maidir le cóireáil, diúscairt nó díchur, nó maidir le cóireáil chun gur lúide dochar an t-ábhar lena dhumpáil ar farraige.

CUID II

Iarscríbhinn III le Coinbhinsiún Osló

Forálacha faoina rialaítear eisiúint ceadanna agus formheasanna chun fuíoll a dhumpáil ar farraige.

1.  Sainghnéithe an fhuíll

(a) Méid agus comhdhéanamh;

(b) An méid substaintí agus ábhar a bheidh le scoitheadh sa lá (sa tseachtain, sa mhí);

(c) An fhoirm ina dtugtar i láthair é lena dhumpáil i.e. mar sholad, mar shlod nó mar leacht;

(d) Airíonna fisiciúla (go háirithe tuaslagthacht agus saindlús), ceimiceacha, bithcheimiceacha (éileamh ocsaigine, táirgeadh cothaitheach) agus bitheolaíocha (víris, baictéir, giostaí, paraisítí, etc. a bheith ann);

(e) Tocsaineacht;

(f) Marthanacht;

(g) Cruachadh in ábhair nó i ndeasca bitheolaíocha;

(h) Athruithe ceimiceacha agus fisiciúla an fhuíll tar éis a fhuascailte, lena n-áirítear comhdhúile nua a d'fhéadfadh teacht as;

(i) An dóchúlacht go mbeadh sé ina chúis le trothanna a laghdódh indíoltacht acmhainní (iasc, iasc sliogach, etc.).

2.  Sainghnéithe na láithreach dumpála agus an mhodha scoite

(a) An t-ionad geografach, an doimhneas agus an fad ón gcósta;

(b) An suíomh i ndáil le beo-acmhainní i bpasanna éatacha nó aosánacha;

(c) An suíomh i ndáil le limistéir thaitneamhachta;

(d) Na modhanna pacála, más ann;

(e) An caolú tosaigh a dhéantar leis an modh beartaithe fuascailte;

(f) Sainghnéithe maidir le heasrú, iompar cothrománach agus meascadh ingearach;

(g) Díluchtú agus dumpáil a bheith á ndéanamh nó déanta cheana sa limistéar agus a éifeachtaí sin (lena n-áirítear cruachéifeachtaí).

3.  Pointí machnaimh agus dálaí ginearálta

(a) Cur isteach ar loingeas, iascach, caitheamh aimsire, teibiú mianraí, díshalannú, saothrú éisc agus éisc shliogaigh, limistéir a mbaineann tábhacht speisialta eolaíochta leo agus úsáid dhlisteanach eile na farraige;

(b) Le linn na prionsabail seo a bheith á gcur chun feidhme cuirfear san áireamh an bhfuil fáil go praiticiúil ar mhodhanna eile diúscartha nó díchuir.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

4. —(1) (a) Féadfaidh an tAire oifigeach don Aire a cheapadh nó, le toiliú an Aire Iascaigh agus Foraoiseachta, oifigeach don Aire sin de chuid an Rialtais, chun bheith ina oifigeach údaraithe.

(b) Féadfaidh an tAire Fuinnimh oifigeach don Aire sin de chuid an Rialtais nó den Bhord Fuinnimh Núicléigh a cheapadh chun bheith ina oifigeach údaraithe agus ní fhéadfaidh oifigeach údaraithe a cheapfar faoin mír seo cumhachtaí oifigigh údaraithe faoin Acht seo a fheidhmiú ach a mhéid atá feidhm ag an Acht seo i ndáil le substaintí, feistí, gaireas agus táirgí lena mbaineann an tAcht um Fhuinneamh Núicléach (An Bord Fuinnimh Núicléigh), 1971 , nó aon ordú faoi alt 6 den Acht sin.

(c) Féadfaidh údarás cuain oifigeach don údarás a cheapadh chun bheith ina oifigeach údaraithe agus féadfaidh oifigeach údaraithe a cheapfar faoin mír seo na cumhachtaí faoin Acht seo atá ag oifigeach údaraithe a fheidhmiú i gcuan an údaráis agus ansin amháin.

(d) Féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí oifigeach do na Coimisinéirí a cheapadh chun bheith ina oifigeach údaraithe agus féadfaidh oifigeach údaraithe a cheapfar faoin mír seo na cumhachtaí faoin Acht seo atá ag oifigeach údaraithe a fheidhmiú i gcuan de chuid na gCoimisinéirí agus ansin amháin.

(e) Féadfaidh Córas Iompair Éireann oifigeach do Chóras Iompair Éireann a cheapadh chun bheith ina oifigeach údaraithe agus féadfaidh oifigeach údaraithe a cheapfar faoin mír seo na cumhachtaí faoin Acht seo atá ag oifigeach údaraithe a fheidhmiú i gcuan atá á bhainistí ag Córas Iompair Éireann agus ansin amháin.

(2) Féadfaidh oifigeach údaraithe, chun críocha an Achta seo—

(a) dul isteach aon tráth réasúnach in aon fheithicil, áit nó áitreabh, agus aon soitheach, aerárthach nó muirdhéanmhas a bhordáil agus aon iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh a mheasfaidh sé le réasún a bheith riachtanach chun na gcríocha réamhráite,

(b) a chur de cheangal ar an duine a bheidh i gceannas bheith i láthair ag an iniúchadh agus an scrúdú agus cibé faisnéis a thabhairt dó a iarrfaidh sé le réasún chun na gcríocha réamhráite,

(c) aon choimeádán a oscailt san áit, san áitreabh, san fheithicil, sa soitheach, san aerárthach nó sa mhuirdhéanmhas,

(d) scrúdú a dhéanamh ar aon ábhar nó substaint agus samplaí díobh a thógáil san áit, san áitreabh, san fheithicil, sa soitheach, san aerárthach nó sa mhuirdhéanmhas,

(e) a chur de cheangal ar aon duine a bheidh san áit, san áitreabh, san fheithicil, sa soitheach, san aerárthach nó sa muirdhéanmhas aon doiciméad atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin agus a mheasfaidh sé a ba chóir dó a fheiceáil chun na gcríocha réamhráite a thabhairt ar aird dó,

(f) aon doiciméad den sórt sin a dúradh a iniúchadh agus a scrúdú, agus cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a thógáil as agus a chur de cheangal ar an duine a mbeidh an doiciméad sin ina choimeád aige nó a thabharfaidh ar aird é a dheimhniú gur cóip dhílis cóip den doiciméad, agus

(g) faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí aon dumpála.

(3) D'fhonn dul isteach i bhfeithicil, in áit nó in áitreabh nó d'fhonn soitheach, aerárthach nó muirdhéanmhas a bhordáil féadfaidh oifigeach údaraithe a chur de cheangal ar an duine a bheidh i gceannas aon ní a dhéanamh a éascóidh an dul isteach nó an bhordáil agus áirítear ar an gcumhacht a thugtar leis an bhfo-alt seo, i gcás feithicil, soitheach nó muirdhéanmhas, an chumhacht chun a cheangal ar an duine sin é a stopadh.

(4) Féadfaidh oifigeach údaraithe, chun críocha an Achta seo, a chur de cheangal ar mháistir soithigh, ar phíolóta ceannais aerárthaigh nó ar an duine i gceannas muirdhéanmhais bheith i láthair ar bord an tsoithigh, an aerárthaigh nó an mhuirdhéanmhais sin agus féadfaidh sé, chun na gcríocha réamhráite, aon cheist a mheasfaidh sé is gá a chur chuige.

(5) I gcás amhras réasúnach a bheith ar oifigeach údaraithe, go bhfuil sárú ar an Acht seo á dhéanamh nó déanta i ndáil le soitheach, aerárthach nó muirdhéanmhas i bhfarraigí teorann an Stáit nó i gcuan nó in aerfort sa Stát, féadfaidh sé an soitheach, an t-aerárthach nó an muirdhéanmhas a choinneáil in aon áit i bhfarraigí teorann an Stáit nó i gcuan nó in aerfort caothúil ar bith sa Stát go dtí go dtarlóidh ní éigin díobh seo a leanas—

(a) i gcás dumpáil nó luchtú a bhfuiltear in amhras gur sárú ar an Acht seo é, cead faoin Acht seo ag údarú na dumpála nó na luchtála a thabhairt ar aird don oifigeach,

(b) gur deimhin leis an oifigeach nár tharla sárú ar an Acht seo i ndáil leis an soitheach, leis an aerárthach nó leis an muirdhéanmhas,

(c) cinneadh críochnaitheach a dhéanamh ar aon imeachtaí cúirte (lena n-áirítear aon achomharc, atriail nó imeachtaí eile) maidir le haon sárú den sórt sin a dúradh agus aon fhíneáil a gearradh sna himeachtaí a íoc,

(d) urrús a thabhairt a chinnteoidh, i dtuairim Breitheamh den Chúirt Dúiche, go n-íocfar, i gcás ciontú i gcion i ndáil leis an sárú sin nó i gcás cosantóir in aon imeachtaí i ndáil le sárú den sórt sin do mhainniú freastal os comhair aon chúirte nuair a bheidh an freastal sin curtha de cheangal air chun críocha na n-imeachtaí, suim is leor, i dtuairim an Bhreithimh—

(i) chun an fhíneáil nó na fíneálacha uasta a íoc a ordaíodh, nó a ordófar, a íoc i leith an chiona nó na gcionta, agus

(ii) chun riar do mhéid measta na gcostas (más ann) a ghabhfaidh le haon trialacha, achomhairc nó imeachtaí eile i ndáil leis an gcion nó leis na cionta áirithe agus a dámhadh, nó a dhámhfar, i gcoinne an chosantóra áirithe.

(6) An t-urrús dá bhforáiltear le fo-alt (5) den alt seo is urrús é i dteannta, agus ní urrús é in ionad, aon bhanna nó cúirtbhanna eile a chuirfidh an Breitheamh den Chúirt Dúiche lena mbaineann de cheangal ar an gcosantóir lena mbaineann i ndáil le haon trialacha, achomhairc nó imeachtaí eile i ndáil leis an gcion nó leis na cionta.

(7) Duine a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoin alt seo nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas a chuir oifigeach údaraithe air faoin alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.

(8) Tabharfar deimhniú a cheapacháin d'oifigeach údaraithe agus, nuair a bheidh aon fheidhm faoin alt seo á comhlíonadh aige, déanfaidh an t-oifigeach, ar aon duine lena mbaineann á iarraidh sin, an deimhniú a thabhairt ar aird don duine sin.

Forálacha i ndáil le cionta.

5. —(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achomaire maidir le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) Féadfaidh an tAire Iascaigh agus Foraoiseachta, an t-údarás, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí nó Córas Iompair Éireann, de réir mar a bheidh, imeachtaí achomaire a thionscamh maidir le cion a rinneadh i lárionad chuan iascaigh de réir bhrí an Achta um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 , i gcuan le húdarás cuain nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí nó i gcuan atá á bhainistí ag Córas Iompair Éireann.

(3) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire maidir le cion faoin Acht seo a thionscnamh—

(a) i ngach cás, laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona, agus

(b) más rud é, ar an tréimhse sin a bheith caite, go mbeidh an duine a bheidh le cúiseamh lasmuigh den Stát, laistigh de shé mhí ón dáta a thiocfaidh sé isteach sa Stát.

(4) Féadfar imeachtaí maidir le cion faoin Acht seo nó maidir le cion faoi alt 6 (4) den Acht um Fhuinneamh Núicléach (An Bord Fuinnimh Núicléigh), 1971 , a rinneadh ar farraige, a thionscnamh, agus féadfar déileáil chun gach críche teagmhasaí leis an gcion mar chion a rinneadh, in aon áit sa Stát.

(5) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta nó is oifigeach eile den tsamhail sin dó, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, mar aon leis an gcomhlacht, ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Comhlachtaí corpraithe a dhíotáil.

6. —(1) Féadfar comhlacht corpraithe a chur ar aghaidh chun trialach ar díotáil mar gheall ar chion faoi alt 2 den Acht seo fara cúirtbhannaí nó dá n-éagmais.

(2) Ar an gcomhlacht corpraithe a dhíotchúiseamh os comhair na Príomh-Chúirte Coiriúla nó na Cúirte Cuarda, féadfaidh sé, trína ionadaí, pléadáil ciontach nó neamhchiontach a thaifeadadh i scríbhinn agus, mura láithreoidh sé trí ionadaí a bheidh ceaptha aige chun na críche sin, nó mura ndéanfaidh sé, d'ainneoin é do láithriú amhlaidh aon phléadáil a thaifeadadh, ordóidh an chúirt pléadáil neamhchiontach a thaifeadadh agus leanfar den triail amhail is dá mbeadh an phléadáil sin taifeadta go cuí ag an gcomhlacht corpraithe.

(3) Beidh ráiteas i scríbhinn a airbheartaíonn a bheith sínithe ag rúnaí comhlachta chorpraithe á chur in iúl gur ceapadh an duine atá ainmnithe sa ráiteas mar ionadaí don chomhlacht chun críche an ailt seo inghlactha gan a thuilleadh cruthúnais mar fhianaise gur ceapadh an duine sin amhlaidh.

(4) Aon toghairm nó doiciméad eile a cheanglaítear a sheirbheáil ar chomhlacht corpraithe chun críche nó i gcúrsa imeachtaí faoin alt seo féadfar an céanna a sheirbheáil trína fhágáil in oifig chláraithe an chomhlachta sin nó trína chur leis an bpost cláraithe chun na hoifige sin nó, mura mbeidh aon oifig den sórt sin sa Stát, trína fhágáil ag an gcomhlacht in aon áit sa Stát ina seolann sé a ghnó nó trína chur chuige leis an bpost cláraithe go dtí an áit sin.

Fíneálacha a bhailiú agus a chur i gcrích.

7. —(1) I gcás fíneáil a gearradh ar dhuine faoin Acht seo a bheith gan íoc go cuí, féadfaidh an chúirt, gan dochar d'aon chumhachtaí eile chun íoc a chur i bhfeidhm a ordú go ndéanfar an méid atá gan íoc a thobhach tríd an soitheach, an t-aerárthach nó an muirdhéanmhas lena mbaineann, agus a thácla, a throscán agus a chulaithirt, a thochsal agus a dhíol.

(2) Má dhealraíonn sé do chúirt a mbeidh fíneáil á gearradh aici gur thabhaigh nó go dtabhóidh aon duine caiteachas ag aistriú aon substaint nó ábhar a dumpáladh nó ag slánú aon damáiste is inchurtha i leith an chiona, féadfaidh an chúirt a ordú go n-íocfar an fhíneáil go léir nó cuid di leis an duine sin chun an caiteachas a ghlanadh nó i leith a ghlanta.

Pionóis.

8. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 2 den Acht seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion faoin alt sin 2 a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh i gcoinne chosantóir a bheidh cúisithe i gcion den sórt sin,

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, agus

(c) mura ndéanfaidh an cosantóir (ar an mBreitheamh á chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtrialfadh giúiré é) agóid i gcoinne é a thriail go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur ar an gcosantóir sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin alt sin 2, ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós dá bhforáiltear le fo-alt (3) den alt sin 13, an pionós dá bhforáiltear le fo-alt (2) den alt seo a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi dá réir sin.

(4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo (seachas alt 2 den Acht seo) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile a chur air.

Díolúintí.

9. —Ní bhaineann an tAcht seo le long Stáit ná le haerárthach seirbhíse (de réir bhrí an Achta Cosanta, 1954 , i ngach cás).

Táillí.

10. —(1) Tógfar agus baileofar táillí faoin Acht seo i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad de réir orduithe an Aire Airgeadais.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

Caiteachais.

11. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó aon Aire eile de chuid an Rialtais ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Dhumpáil ar Farraige, 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht um Lárionaid Chuanta lascaigh, 1968

1968, Uimh. 18

An tAcht Cuanta, 1946

1946, Uimh. 9

An tAcht um Dhlínse Mhuirí, 1959

1959, Uimh. 22

An tAcht Loingis Thráchtála, 1955

1955, Uimh. 29

An tAcht um Fhuinneamh Núicléach (An Bord Fuinnimh Núicléigh), 1971

1971, Uimh. 12

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

Public Offices Fees Act, 1879

1879, c. 58