26 1981


Uimhir 26 de 1981


AN tACHT SRIANTA CÍOSA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ SEALADACH, DE DHROIM CHINNEADH NA CÚIRTE UACHTARAÍ Á DHEARBHÚ FORÁLACHA ÁIRITHE DEN ACHT SRIANTA CÍOSA, 1960 , A BHEITH NEAMHBHAILÍ AG FÉACHAINT D'FHORÁLACHA AN BHUNREACHTA, LE hAGHAIDH COSAINT ÁIRITHE, I gCOMHRÉIR LEIS AN gCINNEADH SIN AGUS LE FORÁLACHA AN BHUNREACHTA AGUS, GO SONRACH, LE hAIRTEAGAL 40.3 AGUS LE hAIR-TEAGAL 43 DE, DO DHAOINE A BHEIDH FÁGTHA GAN AN CHOSAINT A TUGADH DÓIBH GO DTÍ SIN LEIS AN ACHTACHÁN SIN LE GO bhFÉADFAR REACHTAÍOCHT A ULLMHÚ AGUS A THIONSCNAMH SAN OIREACHTAS AGUS A BHREITHNIÚ AGUS, MÁ MHEASTAR GUR CUÍ SIN, A ACHTÚ AG AN OIREACHTAS CHUN COIMIRCÍ CUÍ A SHOLÁTHAR DO NA DAOINE SIN DE RÉIR RIACHTANAIS LEASA AN PHOBAIL. [25 Iúil, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Forléiriú.

1. —Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, mar aon ní amháin.

Ré an Achta.

2. —Beidh éifeacht leis an Acht seo ar feadh na tréimhse sé mhí ó lá a rite agus rachaidh sé in éag ansin.

“Tionónta”.

3. —San Acht seo folaíonn “tionónta” i ndáil le teaghais—

(a) aon duine a dhíorthaíonn teideal ó am go ham faoin tionónta bunaidh, agus folaíonn sé fothionónta freisin,

(b) i gcás an tionónta sin d'fháil bháis, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, duine arb éard é—

(i) i gcás inar fhág an tionónta ar marthain dá éis a chéile a bhí bona fide ina chónaí leis tráth a bháis—an céile sin,

(ii) i gcás nár fhág an tionónta céile a bhí bona fide ina chónaí leis tráth a bháis, an duine de theaghlach an tionónta a bhí bona fide ina chónaí leis tráth a bháis nó i gcás níos mó ná duine amháin den sórt sin a bheith ann, cibé duine díobh ar a gcomhaontófar eatarthu nó a roghnóidh an Chúirt cheal comhaontaithe.

Srian le harduithe cíosa.

4. —Ní bheidh ardú ar an gcíos ar theaghais rialaithe arna chur in iúl ag an tiarna talún don tionónta an 18ú lá d'Aibreán, 1980, nó dá éis, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis nó cibé acu a d'aontaigh nó nár aontaigh an tionónta leis ar an dáta sin nó dá éis agus roimh an dáta rite sin, inchurtha i bhfeidhm fad a bheidh an tAcht seo i bhfeidhm.

Seilbh a aisghabáil ar theaghais rialaithe.

5. —(1) Fad á bheidh an tAcht seo i bhfeidhm agus faoi réir fho-alt (3), ní dhéanfar ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe mura dóigh leis an gCúirt gur réasúnach an t-ordú a dhéanamh agus—

(a) go mbeidh aon chíos a bheidh dlite den tionónta gan íoc, nó go mbeidh aon oibleagáid eile de chuid na tionóntachta briste nó gan comhlíonadh, nó

(b) go mbeidh aon duine (arb é an tionónta é, nó aon phearsa aonair a chónaíonn leis an tionónta, nó aon duine de lóistéirí nó d'fhothionóntaí an tionónta) ciontach in iompar is núis nó is cránas don tiarna talún nó dá ghníomhaire, nó d'áititheoirí áitreabh tadhlach, nó gur úsáid sé an teaghais nó gur cheadaigh sé í a úsáid chun críche mímhorálta nó neamhdhleathaí (cibé acu a ciontaíodh nó nár ciontaíodh é as an teaghais a úsáid amhlaidh nó as cead a thabhairt í a úsáid amhlaidh), nó

(c) go mbeidh riocht na teaghaise meathlaithe, dar leis an gCúirt, mar gheall ar bhearta diomailte nó faillí nó mainneachtain ag aon duine den sórt sin, nó

(d) go mbeidh fógra fágála tugtha ag an tionónta, agus de dhroim an fhógra sin go mbeidh conraithe ag an tiarna talún an teaghais a dhíol nó a ligean nó go mbeidh aon bhearta eile déanta aige a ndéanfaí mórdhochar dó dá mbarr, i dtuairim na Cúirte, mura mbeadh sé in ann seilbh a fháil, nó

(e) go mbeidh an teaghais ag teastáil le réasún ón tiarna talún lena háitiú mar áit chónaithe dó féin nó d'aon duine atá nó a bheidh ina chonaí bona fide leis agus—

(i) go mba mhó an cruatán é, i dtuairim na Cúirte, mar gheall ar imthosca speisialta an cháis, an t-ordú seilbhe a dhiúltú ná é a dheonú, nó

(ii) gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil malairt cóiríochta, atá réasúnta oiriúnach do riachtanais chónaithe agus riachtanais eile an tionónta agus a theaghlaigh, ar fáil i dteaghais rialaithe, nó

(f) go mbeidh an teaghais ag teastáil le réasún ón tiarna talún lena háitiú mar áit chónaithe do dhuine éigin atá ar fostaíocht lánaimsire aige, agus gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil malairt cóiríochta, atá réasúnta oiriúnach do riachtanais chónaithe agus riachtanais eile an tionónta agus a theaghlaigh, ar fáil i dteaghais rialaithe, nó

(g) go mbeidh an teaghais ag teastáil bona fide ón tiarna talún lena háitiú mar áit chónaithe do dhuine éigin a shealbhaíonn teaghais rialaithe mar thionónta de chuid an tiarna talún agus a shealbhaigh amhlaidh í ar feadh tréimhse nach lú ná dhá mhí dhéag agus gur deimhin leis an gCúirt—

(i) go bhfuil nó go mbeidh malairt cóiríochta ar fáil sa teaghais rialaithe sin, agus

(ii) go bhfuil an mhalairt cóiríochta réasúnta oiriúnach do riachtanais chónaithe agus riachtanais eile an tionónta óna bhfuil beartaithe seilbh a aisghabháil, nó

(h) go mbeidh an teaghais ag teastáil le réasún le dualgais, cumhachtaí nó riachtanais Aire den Rialtas nó Choimisiún na Talún nó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó údaráis áitiúil nó gnóthaire reachtúil a fhorghníomhú, nó

(i) go mbeidh cúnglach airgid ar an tiarna talún a tháinig air ó fuair sé an teaghais agus nach féidir a leigheas ach trí sheilbh a aisghabháil ar an teaghais lena díol agus go mbeidh sé ullamh cibé suim is cuí leis an gCúirt, ach nach mó ná cíos trí bliana, a íoc mar chúiteamh leis an tionónta, nó

(j) go mbeidh seilbh na teaghaise ag teastáil ar mhaithe le dea-bhainistí eastáit nó chun teaghaisí breise a thógáil nó chun áitreabh a úsáidtear do ghnó, trádáil nó gairm ar bith a thógáil nó a leathnú agus go mbeidh an tiarna talún ullamh cibé suim is cuí leis an gCúirt, ach nach lú ná cíos trí bliana, a íoc mar chúiteamh leis an tionónta chun a chur ar chumas an tionónta, gan cruatan a tharraingt air féin, cóiríocht oiriúnach a fháil ina hionad, nó

(k) gur deimhin leis an gCuirt, ós teaghais í a gcuireann conradh tionóntachta an tionónta de cheangal air gnó a sheoladh inti arb éard é go hiomlán nó go páirteach déileáil i dtráchtearraí a tháirgeann nó a sholáthraíonn an tiarna talún, go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, díobháil á dhéanamh do dhíol na dtráchtearraí sin mar gheall ar mhí-oiriúnacht an tionónta nó ar an tslí ina bhfuil an gnó á sheoladh.

(2) Le linn don Chúirt a bheith á mheas ar réasúnach ordú a dhéanamh chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe, tabharfaidh sí aird ar a mhéid, más aon mhéid é, a bhí iompar an tiarna talún ina pháirtchúis leis na forais ar a bhfuil a sheasamh mar thaca lena iarratas chun seilbh a aisghabháil.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) difear do cheart an tiarna talún ordú a fháil i gcoinne tionónta chun seilbh a aisghabháil ar aon teaghais rialaithe i gcás—

(a) ina ndearna an tionónta an teaghais a fholigean, ar dhóigh seachas mar áis sealadach, chun fothionónta, agus

(b) go mbeidh an fothionónta nó aon duine a dhíorthaíonn teideal faoi i dteideal seilbh a choimeád ar an teaghais faoin Acht seo, d'ainneoin an ordaithe i gcoinne an tionónta.

(4) I gcás—

(a) ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe a bheith déanta de bhua mhír (e), (f) nó (g) d'fho-alt (1).

(b) go ndéanfaidh an tionónta achomharc i gcoinne an ordaithe, agus

(c) gur deimhin leis an gcúirt achomhairc go raibh an mhalairt cóiríochta a tairgeadh agus a bhí ar fáil tráth na chéad éisteachta réasúnta oiriúnach do riachtanais chónaithe agus riachtanais eile an tionónta agus a theaghlaigh,

beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(i) ní thabharfaidh an chúirt achomhairc aird ar cé acu atá nó nach bhfuil aon mhalairt cóiríochta ar fáil tráth an achomhairc a éisteacht,

(ii) más deimhin leis an gcúirt achomhairc go ndearnadh an mhalairt cóiríochta a tairgeadh agus a bhí ar fáil tráth na chéad éisteachta a choimeád ar fáil don tionónta agus gur thabhaigh an tiarna talún caiteachas nó caillteanas á coimeád ar fáil, féadfaidh an chúirt achomhairc a ordú don tionónta cúiteamh a íoc leis an tiarna talún i leith an chaiteachais nó an chaillteanais a tabhaíodh idir dáta an ordaithe bunaidh agus dáta an achomhairc.

(5) Le linn breith a bheith á tabhairt, de bhun mhír (e), (f) nó (g) d'fho-alt (1) nó mhír (c) d'fho-alt (4), i dtaobh oiriúnacht na cóiríochta malairte, cuirfidh an Chúirt nó an chúirt achomhairc (de réir mar a bheidh) san áireamh, go háirithe, a ghaire atá an chóiríocht d'áit oibre an tionónta agus na ndaoine dá theaghlach a chónaíonn leis, acmhainn an tionónta agus na ndaoine dá theaghlach a chónaíonn leis agus méid agus cineál na cóiríochta.

(6) Déanfar suim i modh cúitimh dá dtagraítear i mír (i) nó (j) d'fho-alt (1) a íoc isteach sa Chúirt don tionónta agus ní eiseofar an t-ordú seilbhe mura n-íocfar agus go dtí go n-íocfar í amhlaidh.

(7) I gcás ina ndearnadh ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe an 18ú lá d'Aibreán, 1980, nó dá éis, agus roimh dháta an Achta seo a rith ar chúis seachas na cúiseanna a shonraítear sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, agus go raibh an tionónta i seilbh na teaghaise an 29ú lá de Mheitheamh, 1981, beidh sé i dteideal seilbh a fháil ar an teaghais mar thionónta na teaghaise fad a bheidh an tAcht seo i bhfeidhm, ach sin faoi réir aon ordú arna dhéanamh faoin alt seo.

Cumhachtaí na Cúirte in imeachtaí eisiachtana.

6. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe, nó ina ndearnadh amhlaidh é roimh dháta an Achta seo a rith, féadfaidh an Chúirt, tráth an ordaithe nó aon tráth sula bhforghníomhófar é, forgníomhú an ordaithe a bhac nó dáta na seilbhe a chur siar go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí, agus faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis an gCúirt, agus má chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, an t-ordú a urscaoileadh nó a athrú.

(2) I gcás ina gcuirfidh an Chúirt bac, faoi fho-alt (1), ar fhorghníomhú ordaithe chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe nó ina gcuirfidh sí an dáta seilbhe siar, féadfaidh an Chúirt ó am go ham, ar iarratas, a fhéadfar a dhéanamh ex parte i gcás práinne, forghníomhú an ordaithe a bhac tuilleadh nó an dáta seilbhe a chur siar tuilleadh.

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha), 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 go 1981, a ghairm de na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, agus den Acht seo le chéile.