38 1983


Uimhir 38 de 1983


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA (EUROCONTROL), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT D'FHORÁLACHA ÁIRITHE DEN PHRÓTACAL AG LEASÚ CHOINBHINSIÚN IDIRNÁISIÚNTA EUROCONTROL MAIDIR LE COMHOIBRIÚ UM SHÁBHÁILTEACHT NA hAERLOINGSEOIREACHTA A SÍNÍODH SA BHRUISÉIL AN 12ú LÁ D'FHEABHRA, 1981, AGUS D'FHORÁLACHA ÁIRITHE DEN CHOMHAONTÚ ILTAOBHACH MAIDIR LE TÁILLÍ CÚRSA A SÍNÍODH SA BHRUISÉIL AN 12ú LÁ D'FHEABHRA, 1981, AGUS CHUN NA gCRÍOCHA SIN AGUS CRÍOCHA EILE DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA AERLOINGSEOIREACHTA (EURO-CONTROL), 1963 AGUS 1971. [20 Nollaig, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963 ;

ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú Iltaobhach maidir le Táillí Cúrsa a síníodh sa Bhruiséil an 12ú lá d'Fheabhra, 1981;

ciallaíonn “stát conarthach” stát, lena n-áirítear an Stát, is páirtí sa Chomhaontú;

ciallaíonn “cinneadh” breith ag údarás iomchuí i dtaobh aon suim a bheith, nó gan a bheith, dlite don Eagraíocht i leith saoráidí agus seirbhísí aerloingseoireachta arna soláthar ag an Eagraíocht nó ag duine éigin eile;

ciallaíonn “údarás iomchuí” i ndáil le stát conarthach—

(a) aon chúirt nó binse ag a bhfuil, faoi dhlí an stáit sin, dlínse chun ceisteanna a chinneadh i dtaobh suim a bheith, nó gan a bheith, dlite don Eagraíocht i leith seirbhísí aerloingseoireachta arna soláthar ag an Eagraíocht nó ag duine éigin eile;

(b) aon údarás riaracháin ag a bhfuil, faoi dhlí an stáit sin, cumhacht cinneadh a dhéanamh i leith na gceisteanna sin, ar cinneadh é atá, sa stát sin, faoi réir achomhairc chuig cúirt nó binse nó athbhreithniú ag cúirt nó binse;

(c) aon chúirt nó binse ag a bhfuil, faoi dhlí an stáit sin, dlínse cinneadh a dhéanamh ar aon achomharc i gcoinne cinneadh, nó aon athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh, a rinne údarás iomchuí eile i leith aon cheist den sórt sin;

(2) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha a dhearbhú, le hordú gur páirtí sa Chomhaontú aon stát a bheidh sonraithe san ordú agus, fad a bheidh an t-ordú sin i bhfeidhm, beidh sé ina fhianaise gur páirtí sa Chomhaontú an stát sin.

(3) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

Pribhléidí phearsanra na hEagraíochta agus ionadaithe ballstát.

2. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1963 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Daoine a bheidh ar fostú ag an Eagraíocht teachtfaidh siad do-sháraitheacht dá gcuid páipéar agus doiciméad oifigiúil uile.

(8) Teachtfaidh Ard-Stiúrthóir na Gníomhaireachta díolúine ó dhlínse i leith gníomhartha, seachas gníomhartha a mba chion tráchta bóthair iad nó gníomhartha ina ndéanfar damáiste le mótarfheithicil ar úinéireacht nó á tiomáint aige, ach briathra béil nó scríofa a chur san áireamh.

(9) Teachtfaidh ionadaithe de Bhallstáit na hEagraíochta dosháraitheacht dá gcuid páipéar agus doiciméad oifigiúil fad a bheidh siad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna agus le linn dóibh bheith ar aon turas ag dul chuig cruinniú nó ag teacht ó chruinniú den Eagraíocht.”.

Infheidhmitheacht agus aitheantas i gcás cinneadh a dhéanfar i stát conarthach eile.

3. —Faoi réir fhorálacha an Achta seo, i gcás cinneadh a bheith déanta ag údarás iomchuí i stát conarthach, beidh an cinneadh sin infheidhmithe, nó de réir mar a bheidh, beidh aitheantas le fáil aige sa Stát.

Iarratas chun cinneadh a rinneadh i stát conarthach eile a fheidhmiú.

4. —(1) Is chun na hArd-Chúirte a dhéanfar gach iarratas chun cinneadh a rinne údarás iomchuí i stát conarthach seachas an Stát a fheidhmiú.

(2) Déanfaidh an Ard-Chúirt ordú (ar iarratas a éisteacht chun cinneadh a fheidhmiú) mura ndiúltófar an cinneadh a fheidhmiú de bhun alt 6 den Acht seo, chun an cinneadh a fheidhmiú a mhéid a bheidh an fiach lena mbaineann an cinneadh gan ghlanadh.

(3) In aon iarratas chun cinneadh a fheidhmiú faoin alt seo ní fhéadfar an cinneadh a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte.

Éifeacht ordaithe chun cinneadh a fheidhmiú.

5. —(1) Aon uair a bheidh ordú déanta chun cinneadh a fheidhmiú de bhun alt 4 den Acht seo, beidh ag an gcinneadh, a mhéid a bheidh a fheidhmiú údaraithe de bhun an ordaithe ón gcúirt, an fheidhm agus an éifeacht chéanna a bheadh aige dá mba í an Ard-Chúirt a dhéanfadh an cinneadh agus féadfar imeachtaí le haghaidh nó i leith a fheidhmithe a thionscnamh dá réir sin.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú ar scór iarratais de bhun alt 4 den Acht seo chun cinneadh a fheidhmiú, féadfaidh foráil a bheith san ordú go n-íocfar na costais réasúnacha a bhaineann agus a ghabhann leis an iarratas agus beidh na costais sin inghnóthaithe ionann is dá mba shuimeanna iad ab inghnóthaithe faoin gcinneadh.

(3) Más rud é, ar iarratas a fháil chun cinneadh a fheidhmiú de bhun alt 4 den Acht seo, go suífear, de réir dhlíthe an stáit chonarthaigh ina ndearnadh an cinneadh, go bhfuil ús inghnóthaithe faoin gcinneadh ó dháta nó am áirithe, déanfar an ráta úis agus an dáta nó an t-am óna mbeidh sé inghnóthaithe a bhreacadh san ordú feidhmiúcháin má dhéantar an t-ordú sin, agus an tsuim a bheidh dlite ar scór an chinnidh, seachas aon suim a bheidh dlite de bhun fho-alt (2) den alt seo, iompróidh sí ús de réir na sonraí a bheidh breactha.

(4) Aon ús ar aon suim a bheidh dlite ar scór cinnidh a mbeidh ordú feidhmiúcháin déanta ina leith is de bhun an ailt seo amháin a bheidh sé inghnóthaithe.

Neamhaitheantas do chinneadh nó a neamhfheidhmiú.

6. —(1) Maidir le cinneadh ag údarás iomchuí i stát conarthach seachas an Stát, ní thabharfar aitheantas dó, ná ní chuirfear i bhfeidhm é, sa Stát—

(a) murab é an stát conarthach an tír nó ceann de na tíortha arbh inti ba chóir, de bhun fhorálacha alt 7 den Acht seo, imeachtaí a thionscnamh i leith na suime a éilítear a bheith dlite; nó

(b) mura cinneadh críochnaitheach an cinneadh; nó

(c) má bhíonn an cinneadh contrártha go follasach do pholasaí poiblí sa Stát; nó

(c) más rud é, nach bhfuair an duine ar ina aghaidh a tionscnaíodh na himeachtaí ónar eascair an cinneadh, d'ainneoin go bhféadfadh fógra cuí i dtaobh na n-imeachtaí a bheith seirbheáilte go cuí air sa stát conarthach, aon fhógra i dtaobh na n-imeachtaí in am trátha le go bhféadfadh sé na himeachtaí a chosaint nó de réir mar a bheidh a iarraidh go ndéanfaí na himeachtaí a athbhreithniú; nó

(e) má bhíonn tús curtha cheana féin sa Stát le himeachtaí maidir leis an tsuim chéanna, nó má bhíonn siad ar feitheamh ann amhlaidh; nó

(f) mura mbeidh an cinneadh ag luí le breithiúnas aon chúirte sa Stát; nó

(g) má baineadh sa chinneadh feidhm as rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh maidir le ceist i dtaobh—

(i) stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, nó

(ii) cearta maoine a leanann as col pósta, nó

(iii) uachtanna nó na dlíthe a bhaineann le comharbas,

(ar rialacha iad atá difriúil le rialacha comhréireacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh is infheidhme sa Stát) agus go raibh an cinneadh difriúil leis an gcinneadh a dhéanfaí dá mbeadh feidhm ag rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh is infheidhme sa Stát.

(2) Chun críocha mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, measfar gur cinneadh críochnaitheach cinneadh ag údarás iomchuí i stát conarthach—

(a) mura mbeidh aon achomharc i gcoinne an chinnidh sin ná iarratas chun an cinneadh sin a athbhreithniú ar feitheamh sa stát sin, agus

(b) mura féidir, ar aon chúis de na cúiseanna a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo, achomharc den sórt sin a thionscnamh ná iarratas den sórt sin a dhéanamh.

(3) Is iad seo na cúiseanna dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (2) den alt sin—

(a) nach bhforálann an dlí is infheidhme sa stát conarthach d'achomharc i gcoinne an chinnidh, ná d'athbhreithniú ar an gcinneadh, is cinneadh a rinne cúirt nó binse; nó

(b) go mbeidh an t-am ina gcaithfear achomharc a thionscnamh nó iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh imithe i léig; nó

(c) go mbeidh achomharc a bhí tionscanta nó iarratas ar athbhreithniú a bhí déanta tarraingthe siar; nó

(d) go mbeidh an cinneadh daingnithe le cinneadh, nó go mbeidh sé déanta de bhun ordú i gcinneadh, a rinne údarás iomchuí agus gur cinneadh críochnaitheach nach bhfuil achomharc déanta ina choinne an cinneadh sin.

(4) Más rud é, ar achomharc i gcoinne breithe chun cinneadh a fheidhmiú go ndeimhneoidh an t-achomharcóir don chúirt nach cinneadh críochnaitheach an cinneadh, féadfaidh an chúirt, ar cibé téarmaí is cuí léi—

(a) an t-ordú feidhmiúcháin a chur de leataobh, nó

(b) an t-achomharc a chur ar athló go dtí cibé am a mbeidh an cinneadh ina chinneadh críochnaitheach.

(5) Ní cheanglóidh aon ní i bhfo-alt (4) den alt seo ar chúirt ordú feidhmiúcháin a chur de leataobh ná achomharc a chur ar athló in aon chás—

(a) inar deimhin leis an gcúirt nach bhfuil aon fhoras eile ann ar a bhféadfar an t-ordú feidhmiúcháin a chur de leataobh, agus

(b) nach deimhin leis an gcúirt gur mian leis an iarratasóir leanúint ar aghaidh leis an achomharc nó leis an iarratas ar athbhreithniú a bheidh ar feitheamh nó, de réir mar a bheidh, aon achomharc a thionscnamh nó aon iarratas den sórt sin a dhéanamh is ceadaitheach dó a thionscnamh nó a dhéanamh i leith an chinnidh.

Imeachtaí chun suimeanna atá dlite don Eagraíocht a ghnóthú.

7. —(1) Déanfar aon imeachtaí chun aon suim a ghnóthú a bheidh dlite don Eagraíocht i leith saoráidí agus seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraíonn an comhlacht sin nó aon duine eile, a thionscnamh i gcoinne an duine a mbeidh sé dlite de an tsuim lena mbaineann a íoc—

(a) más i stát conarthach atá áit chónaithe an duine sin nó, de réir mar a bheidh, a oifig chláraithe, sa stát conarthach sin,

(b) murab i stát conarthach atá áit chónaithe an duine sin nó, de réir mar a bheidh, a oifig chláraithe, in aon stát conarthach ina bhfuil áit ghnó ag an duine sin,

(c) murab i stát conarthach atá áit chónaithe an duine sin nó, de réir mar a bheidh, a oifig chláraithe, nó mura bhfuil aon áit ghnó aige i stát conarthach, in aon stát conarthach ina bhfuil sócmhainní aige, nó

(d) murab i stát conarthach atá áit chónaithe an duine sin nó, de réir mar a bheidh, a oifig chláraithe, nó mura bhfuil aon áit ghnó ná sócmhainní aige i stát conarthach, sa stát conarthach ina bhfuil a ceanncheathrú ag an Eagraíocht de thuras na huaire.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an Eagraíocht nó an tAire imeachtaí a thionscnamh sa Stát i leith aon suim a bheidh dlite don Eagraíocht.

Doiciméid a cheanglaítear a bheith ag gabháil le hachainí chun cinneadh a fheidhmiú.

8. —(1) Beidh na doiciméid seo a leanas i gceangal le gach iarratas chun cinneadh a fheidhmiú de bhun an Achta seo, is é sin le rá—

(a) cóip dheimhnithe den chinneadh;

(b) i gcás cinneadh ag údarás iomchuí (is cúirt nó binse) a dhéanamh trí mhainneachtain, an chóip bhunaidh nó cóip dheimhnithe de dhoiciméad á shuíomh gur seirbheáladh fógra go cuí faoi na himeachtaí ar an duine ar ina aghaidh atá feidhmiú á lorg;

(c) i gcás cinneadh ag údarás iomchuí is údarás riaracháin, doiciméad á shuíomh go raibh an cinneadh faoi réir athbhreithnithe ag cúirt nó ag binse ach nach bhfuil faoina réir amhlaidh a thuilleadh toisc go bhfuil breith chríochnaitheach tugtha ag an gcúirt nó ag an mbinse agus go bhfuil an t-achomharc dífe nó toisc go bhfuil an t-achomharc tarraingthe siar nó toisc go bhfuil an t-am inar chóir an t-achomharc a thaisceadh imithe i léig; agus

(d) doiciméid á shuíomh go bhfuil an cinneadh infheidhmithe sa stát conarthach agus á shuíomh go bhfuair an duine, ar ina aghaidh atá feidhmiú á lorg, fógra faoin gcinneadh in am trátha.

(2) Má cheanglaíonn an chúirt amhlaidh, cuirfear aistriúchán de na doiciméid a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ar fáil: deimhneoidh duine atá inniúil chun an deimhniú sin a dhéanamh gur aistriúchán ceart an t-aistriúchán.

(3) Chun críocha an Actha seo—

(a) doiciméad a bheidh deimhnithe go cuí agus a airbheartóidh gur cóip é de chinneadh ag údarás iomchuí i stát conarthach seachas an Stát, measfar, gan tuilleadh cruthúnais, gur cóip dhílis é den chinneadh sin, mura suífear a mhalairt;

(b) beidh an chóip bhunaidh nó cóip d'aon doiciméad a shonraítear i míreanna (b), (c) nó (d) d'fho-alt (1) den alt seo, ina fhianaise ar aon ní lena mbaineann an doiciméad sin, agus

(c) doiciméad a airbheartóidh gur aistriúchán é ar dhoiciméad a chuirfear ar fáil de bhun fho-alt (2) den alt seo agus a ndeimhneofar é bheith ceart ag duine atá inniúil chun an deimhniú sin a dhéanamh, measfar, gan tuilleadh cruthúnais, gurb é an t-aistriúchán sin é mura suífear a mhalairt.

(4) Doiciméad a airbheartóidh gur cóip é de chinneadh a rinne údarás iomchuí measfar é bheith deimhnithe go cuí más rud é—

(a) i gcás cinneadh ag cúirt, go n-airbheartóidh sé go bhfuil séala na cúirte sin air nó gur dheimhnigh aon duine ina cháil mar bhreitheamh nó mar oifigeach don chúirt sin gur cóip dhílis é de chinneadh a rinne an chúirt sin, nó

(b) i gcás cinneadh ag údarás iomchuí seachas cúirt, go n-airbheartóidh sé gur dheimhnigh duine ar bith ina cháil mar oifigeach don údarás sin gur cóip dhílis é de chinneadh a rinne an t-údarás sin.

Cinneadh ag cúirt sa Stát a fheidhmiú i stáit chonarthacha eile.

9. —Aon duine ar mian leis a áirithiú go ndéanfar cinneadh ina fhabhar ag cúirt sa Stát a fheidhmiú i stát conarthach eile féadfaidh sé, faoi réir aon choinníollacha a bheidh sonraithe i rialacha cúirte, iad seo a leanas a fháil ó chláraitheoir nó ó chléireach na cúirte—

(a) cóip dheimhnithe den chinneadh;

(b) i gcás cinneadh a dhéanfar trí mhainneachtain láithriú, an chóip bhunaidh nó cóip dheimhnithe de dhoiciméad á shuíomh gur seirbheáladh fógra go cuí faoi na himeachtaí ar an duine a bhfuil mainnithe aige, agus

(c) deimhniú ina luafar:—

(i) an cineál imeachtaí;

(ii) na forais ar a raibh de bhun alt 7 den Acht seo dlínse ag an gcúirt san ábhar;

(iii) an dáta a rachaidh an t-am i léig chun achomharc i gcoinne an chinnidh a thaisceadh, nó, i gcás é bheith imithe i léig amhlaidh, an dáta a d'imigh sé i léig;

(iv) cibé acu a fuarthas fógra achomhairc i gcoinne an chinnidh, nó, in aon chás nár láithrigh an cosantóir, fógra i dtaobh an cinneadh a chur de leataobh;

(v) an ráta úis, más ann, is iníoctha ar scór an chinnidh agus an dáta ónarbh iníoctha é;

(vi) cibé sonraí eile a bheidh sonraithe i rialacha cúirte.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1963.

10. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1963 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Ghníomhaireacht”:

“ciallaíonn ‘an Ghníomhaireacht’ an Ghníomhaireacht um shábháilteacht aerloingseoireachta atá san Eagraíocht;”.

Aerárthaí a choinneáil.

11. —Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1963 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an tAire le hordú a shocrú go gcoinneofar aerárthaí chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Coinbhinsiún nó aon ordú nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo.”.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1963.

12. —Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1963—

(a) trí “faoi alt 8 den Acht seo nó” a scriosadh i bhfo-alt (1) (c),

(b) trí “seacht gcéad is caoga punt” a chur in ionad “céad punt” i bhfo-alt (3),

(c) trí “cúig phunt is seachtó” a chur in ionad “deich bpunt” i bhfo-alt (4), agus

tá na fo-ailt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) (c)  a fhoráil go mbeidh taifid faoi ghluaiseachtaí aerárthaí a choimeádfaidh daoine a shonrófar sna rialacháin ina bhfianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, in imeachtaí maidir le cion faoi na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1961, ar na nithe a taifeadadh, de bhun na rialachán, sna taifid, agus maidir le doiciméid a airbheartóidh gur taifid faoi ghluaiseachtaí aerárthaí iad agus go bhfuil siad á gcoimeád ag daoine a shonrófar chuige sin sna rialacháin go measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur taifid den sórt sin iad agus go bhfuil siad á gcoimeád amhlaidh.

(3) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná seacht gcéad is caoga punt a chur air nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile.

(4) Aon duine a dhéanfaidh bacadh nó cur isteach ar oifigeach don Aire nuair a bheidh cumhacht a thugtar le rialacháin faoin alt seo á feidhmiú aige beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is seachtó a chur air.

Ionchúiseamh ag an Aire i leith cionta.

13. —Leasaítear leis seo Acht 1963 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 11:

“11. Féadfaidh an tAire ionchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin a dhéanfar faoi.”.

Leasú ar alt 12 d'Acht 1963.

14. —Déantar leis seo alt 12 d'Acht 1963 (a cuireadh isteach leis an Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1971 ) a leasú leis seo—

(a) trí “seacht gcéad is caoga punt” a chur in ionad “céad punt” i bhfo-alt 6, agus

(b) trí “cúig phunt is seachtó” a chur in ionad “deich bpunt” i bhfo-alt (7), agus

tá na fo-ailt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(6) Aon duine a sháróidh rialachán a rinneadh de bhua fho-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná seacht gcéad is caoga punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil agus an phríosúnacht a chur air.

(7) Aon duine a choiscfidh nó bhacfaidh oifigeach don Eagraíocht nó don Aire nuair a bheidh sé ag feidhmiú cumhachta a thugtar le rialachán a rinneadh de bhua fho-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is seachtó a chur air.

Aisghairm.

15. —Aisghairtear leis seo ailt 6, 7, 8, 13 (1) agus 13 (2) d'Acht 1963.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

16. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963 agus 1971, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963 go 1983, a ghairm díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire le hordú nó le horduithe faoin alt seo go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963

1963, Uimh. 15

An tAcht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1971

1971, Uimh. 19

Na hAchtanna Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963 agus 1971