|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
Uimhir 10 de 1984 | ||||||||||||||||||
| [EN] |
AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE (LEASÚ), 1984 | |||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
Uimhir 10 de 1984 | ||||||||||||||||||
AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE (LEASÚ), 1984 | ||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hÉIL-IMH I LEITH CAILLTEANAS NÓ DÍOBHÁIL A BHAIN-EANN LE FEIDHMEANNA A AISTRÍODH LEIS AN ACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983 , GO DTÍ AN POST NÓ BORD TELECOM ÉIREANN AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN D'AISGHAIRM AGUS D'ION-ADÚ, FARA MODHNUITHE, AILT 56 AGUS 57 DEN ACHT SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LE hAISTRIÚ FOIRNE GO DTÍ NA CUIDEACHTAÍ SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [27 Meitheamh, 1984] | ||||||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||||
| [EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 . | ||||||||||||||||
| [EN] |
Dliteanas maidir le caillteanas nó díobháil a tharla roimh an lá dílseacháin. |
2. —(1) Aon éileamh i leith aon chaillteanais nó díobhála a líomhnaítear a bhain d'aon duine mar gheall ar fheidhmeanna, a shanntar do cheachtar cuideachta leis an bPríomh-Acht, a chomhlíonadh roimh an lá dílseacháin, is éileamh é, tar éis an lae sin, i gcoinne na cuideachta iomchuí, bíodh nó ná bíodh aon éileamh déanta ina leith sin roimh an lá sin agus, faoi réir alt 4, ní éileamh é i gcoinne an Aire, an Aire Airgeadais ná an Stáit. | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Más rud é, roimh an Acht seo a rith, in éileamh lena mbaineann fo-alt (1), go mbeidh comhaontú chun an t-éileamh a shocrú déanta idir na páirtithe agus nár cuireadh téarmaí an chomhaontaithe i bhfeidhm nó gur tugadh breithiúnas i bhfabhar an duine dhíobháilte agus nár forfheidhmíodh an breithiúnas, beidh téarmaí an chomhaontaithe nó an bhreithiúnais, cibé acu é, a mhéid atá siad infhorfheidhmithe i gcoinne an Aire, an Aire Airgeadais nó an Stáit, in-fhorfheidhmithe i gcoinne na cuideachta iomchuí agus, faoi réir alt 4, ní i gcoinne an Aire, an Aire Airgeadais ná an Stáit. | |||||||||||||||||
| [EN] | (3) Aon éileamh a dhéanfaidh an tAire, an tAire Airgeadais nó an Stát nó is cuí don Aire, don Aire Airgeadais nó don Stát a dhéanamh i leith aon chaillteanais nó díobhála a tharla mar gheall ar ghníomh nó mainneachtain ag aon duine roimh an lá dílseacháin, féachfar air, más éileamh é a bhaineann le feidhmeanna a shanntar do cheachtar cuideachta leis an bPríomh-Acht, mar éileamh arna dhéanamh ag an gcuideachta sin nó mar éileamh is cuí don chuideachta sin a dhéanamh agus féadfaidh an chuideachta sin dul ar aghaidh leis agus agairt a dhéanamh ina leith ionann is dá mba í an chuideachta ar bhain an caillteanas nó an díobháil di. | |||||||||||||||||
| [EN] | (4) Ní bhaineann an t-alt seo le héileamh a dhéanfaidh údáras de chuid an Stáit i gcoinne údaráis eile de chuid an Stáit. | |||||||||||||||||
| [EN] |
Imeachtaí dlí a bhí ar feitheamh do leanúint i bhfeidhm. |
3. —Na himeachtaí dlí uile a bhí ar feitheamh díreach roimh an lá dílseacháin nó díreach roimh an Acht seo a rith agus ar páirtí iontu an tAire, an tAire Airgeadais nó an Stát, leanfaidh siad i bhfeidhm ach iad seo a leanas a chur in ionad aon pháirtí den sórt sin— | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) an chuideachta poist, i gcás ina mbaineann na himeachtaí le feidhmeanna a shanntar don chuideachta sin leis an bPríomh-Acht, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) an chuideachta teileachumarsáide, i gcás ina mbaineann na himeachtaí le feidhmeanna a shanntar don chuideachta sin leis an bPríomh-Acht. | |||||||||||||||||
| [EN] |
Cearta agus dliteanais an Aire Airgeadais. |
4. —(1) I gcás ina dtabharfar breithiúnas i gcoinne ceachtar cuideachta in aon imeachtaí de bhun éilimh lena mbaineann alt 2 (1) nó in imeachtaí a leanfar díobh faoi alt 3 agus nárbh fhéidir leis an duine ar tugadh an breithiúnas ina fhabhar an breithiúnas a fhorfheidhmiú, go hiomlán nó go páirteach, i gcoinne na cuideachta, beidh sé i dteideal breithiúnas a thaifeadadh i gcoinne an Aire Airgeadais in aon chúirt dlínse inniúla i leith aon mhéid nár gnóthaíodh ar scór an bhreithiúnais mar fhiach a dhlitear dó den Aire sin. | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgeadais na nithe seo a leanas a ghnóthú ón gcuideachta iomchuí— | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) aon íocaíocht a dhéanfaidh sé le duine mar shásamh i mbreithiúnas a bheidh taifeadta ina choinne faoi fho-alt (1) nó i mbreithiúnas a bheidh tugtha roimh an Acht seo a rith i bhfabhar duine in aon imeachtaí a tionscnaíodh ar scór éilimh lena mbaineann alt 2 (1) nó in aon imeachtaí lena mbaineann alt 3, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) na costais a thabhaigh sé féin, a thabhaigh an tAire nó a thabhaigh an Stát roimh an Acht seo a rith— | |||||||||||||||||
| [EN] | (i) i ndáil le haon éileamh lena mbaineann alt 2 (1), agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (ii) i ndáil le haon imeachtaí a tionscnaíodh ar scór éilimh den sórt sin nó le himeachtaí lena mbaineann alt 3, seachas an méid sin d'aon chostais den sórt sin a bheidh arna dhámhachtain dó, don Aire nó don Stát, cibé acu é, agus arna ghnóthú aige, ag an Aire nó ag an Stát, cibé acu é. | |||||||||||||||||
| [EN] | (3) Beidh an chuideachta iomchuí i dteideal aon mhéid a bheidh, ar dháta an Achta seo a rith, dlite den ghearánaí in aon imeachtaí lena mbaineann fo-alt (2) a ghnóthú ón ngearánaí amhail is dá mba i bhfabhar na cuideachta a rinneadh an dámhachtain costas. | |||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 45 den Phríomh-Acht agus ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
5. —(1) Leasaítear leis seo mar a leanas alt 45 den Phríomh-Acht: | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) trí na focail “le héifeacht ón lá dílseacháin” a chur in ionad na bhfocal “ar an lá dílseacháin” aon áit a bhfuil siad i bhfo-ailt (1) agus (2); agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) trí na focail “cibé acu roimh an lá dílseacháin, ar an lá dílseacháin nó tar éis an lae dílseacháin” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “ainmnithe ag an Aire” aon áit a bhfuil siad i bhfo-alt (1) (a) agus (1) (b). | |||||||||||||||||
| [EN] | (2) Leasaítear leis seo mír 13 de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí na focail “le héifeacht ón lá dílseacháin” a chur in ionad na bhfocal “ar an lá dílseacháin” sa chéad áit a bhfuil siad. | |||||||||||||||||
| [EN] |
Aisghairm. |
6. —Aisghairtear leis seo ailt 56 agus 57 den Phríomh-Acht le héifeacht ón lá dílseacháin. | ||||||||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
7. —(1) Féadfar an tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide (Leasú), 1984 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Poist agus Teileachumarsáide, 1983 agus 1984, a ghairm díobh le chéile. | |||||||||||||||||