|
|||||
|
| [EN] | ||||||
| ||||||
Uimhir 27 de 1984 | ||||||
| [EN] |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1984 | |||||
RIAR NA nALT | ||||||
| ||||||
| ||||||
Uimhir 27 de 1984 | ||||||
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1984 | ||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1984. [26 Nollaig, 1984] | ||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 . | ||||
| [EN] |
Dícháiliú Cuid II, Caibidil 4. |
2. —Leasaítear leis seo alt 35 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | ||||
| [EN] | “(2A) Beidh duine dícháilithe chun sochar dífhostaíochta a fháil ar feadh aon seachtaine a mbeidh sé ar fostú faoi scéim a riarann an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta.”. | |||||
| [EN] |
Fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde). |
3. —Leasaítear leis seo alt 38 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a chur isteach i ndiaidh fho-alt (11): | ||||
| [EN] | “(12) Duine a bheidh ar fostú faoi scéim a riarann an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta measfar, chun críocha na Coda seo, é bheith i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde).”. | |||||
| [EN] |
Dícháiliú Cuid III, Caibidil 2. |
4. —Leasaítear leis seo alt 142 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (d): | ||||
| [EN] | “nó | |||||
| [EN] | (e) le linn dó bheith ar fostú ar feadh aon seachtaine faoi scéim a riarann an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta.”. | |||||
| [EN] |
Breacdhífhostaíocht. |
5. —Leasaítear leis seo alt 233 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “breac-dhífhostaíocht”: | ||||
| [EN] | “ciallaíonn ‘breac-dhífhostaíocht’ dífhostaíocht agus cailliúint iarmhartach pá de dheasca saotharstad i bhfostaíocht inárachaithe— | |||||
| [EN] | (a) nach féidir a sheachaint mar gheall ar dhoineann, agus | |||||
| [EN] | (b) a tharla an 6ú lá d'Eanáir, 1985 nó roimhe, | |||||
| [EN] | agus forléireofar an abairt ‘breac-dhífhostaithe’ dá réir sin;”. | |||||
| [EN] |
Dliteanas i leith ranníocaí. |
6. —Leasaítear leis seo alt 241 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | ||||
| [EN] | “(5) Ní bheidh aon ranníoc seachtainiúil iníoctha de bhun fho-alt (3) i leith aon seachtaine féilire a thosóidh an 7ú lá d'Eanáir, 1985 nó dá éis.”. | |||||
| [EN] |
An tAire d'aisíoc sochair a d'íoc fostóirí. |
7. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 257: | ||||
| [EN] | “257.—Déanfaidh an tAire an méid d'aon sochar forlíontach a bheidh íoctha go cuí de réir na Coda seo ag fostóir a aisíoc leis as an gCiste ar an bhfostóir do dhéanamh iarratais i cibé slí a fhorordófar agus tráth nach déanaí ná an 29ú lá de Mhárta, 1985, ag lorg na haisíocaíochta sin.”. | |||||
| [EN] |
Íocaíochtaí isteach sa Chiste as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas. |
8. —Leasaítear leis seo alt 269 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7): | ||||
| [EN] | “(8) Más rud é, maidir leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, go mbeidh an Ciste neamhdhóthanach chun na dliteanais a fhorchuirtear air a chur i gcrích, déanfar méid is ionann agus an neamhdhóthanacht sin a íoc isteach sa Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus aon mhéid a bheidh iníoctha amhlaidh íocfar é i cibé modh agus cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Airgeadais. | |||||
| [EN] | (9) Déanfar aon ioncam a fhaibhreoidh chun an Chiste tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1985, a íoc isteach sa Státchiste i cibé modh agus cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Airgeadais.”. | |||||
| [EN] |
Leasú ar Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (Fostaíochtaí Eiscthe). |
9. —Leasaítear leis seo Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 10: | ||||
| [EN] | “11.—Fostaíocht faoi scéim a riarann an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta.”. | |||||
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
10. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1984 a ghairm den Acht seo. | ||||
| [EN] | (2) Déanfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1984, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin. | |||||
| [EN] | (3) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1984” an tAcht seo. | |||||