16 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1986


AN tACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Iarratais ar cheadúnais mharsantais.

3.

Ceadúnais iompróra a dheonú.

4.

Oibriú ceadúnas iompróra.

5.

Ceadúnais mharsantais a chúlghairm.

6.

Achomhairc.

7.

Athrú ar fheithicil a chur in iúl.

8.

Tarlú idirnáisiúnta sa Stát a cheadúnú.

9.

Marsantas a iompar i bhfeithicil ar fruiliú, ar cíos nó ar léas.

10.

Clár na gceadúnas iompróra.

11.

Bás nó éagumas sealbhóra ceadúnais iompóra.

12.

Cead sealadach chun gnó a sheoladh.

13.

Foráil speisialta i gcás go líomhnaítear cionta áirithe.

14.

Méadú ar phionóis.

15.

Oifigigh iompair.

16.

Cumhachtaí oifigeach iompair.

17.

An tAire d'ionchúiseamh cionta.

18.

Orduithe.

19.

Aisghairm.

20.

Caiteachais.

21.

Tosach feidhme.

22.

Gearrtheideal agus forléiriú.

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

Na hAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 go 1980

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1932

1932, Uimh. 2

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933

1933, Uimh. 8

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1934

1934, Uimh. 17

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1935

1935, Uimh. 23

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1956

1956, Uimh. 13

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1971

1971, Uimh. 8

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1978

1978, Uimh. 8

An tAcht Iompair, 1944

1944, Uimh. 21

An tAcht Iompair, 1958

1958, Uimh. 19

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1986


AN tACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS CHUN ACHTACHÁIN ÁIRITHE AGUS IONSTRAIMÍ ÁIRITHE ARNA nDÉAN-AMH FAOI ACHTACHÁIN A FHEIDHMIÚ AGUS A OIR-IÚNÚ. [12 Meitheamh, 1986].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1978 ;

ciallaíonn “ceadúnas iompróra” ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta nó ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta;

ciallaíonn “ceadúnas marsantais láithreach” ceadúnas marsantais a bhí i bhfeidhm tráth ar bith le linn na tréimhse dhá bhliain dar críoch an lá a thiocfaidh alt 3 den Acht seo i ngníomh agus nár imigh in éag ná nár cúlghaireadh;

ciallaíonn “ceadúnas fartha bóthair srianta láithreach” ceadúnas fartha bóthair srianta a bheidh i bhfeidhm an lá a thiocfaidh alt 3 den Acht seo i ngníomh;

tá le “ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide;

tá le “ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933 ;

ciallaíonn “oifigeach iompair” oifigeach iompair arna cheapadh faoi alt 15 den Acht seo.

(2) Chun críocha an Phríomh-Achta, arna leasú leis an Acht seo, measfar gur ceadúnas marsantais faoin Acht sin ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta agus ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta araon.

Iarratais ar cheadúnais mharsantais.

2. —Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 11 den Phríomh-Acht:

“(1) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le hiarratais ar cheadúnais mharsantais:

(a) beidh gach iarratas san fhoirm fhorordaithe agus déanfar chun an Aire é ar an modh forordaithe;

(b) luafar i ngach iarratas—

(i) cibé acu an iarratas é ar cheadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1986 , nó ar cheadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta faoin Acht sin;

(ii) uimhir chláraitheachta gach feithicle cláraithe agus faoi cháin a bheidh le húdarú faoin gceadúnas a bhfuiltear ag déanamh iarratais lena aghaidh;

(iii) an stáisiún eisithe plátaí feithicle inar mian leis an iarratasóir, i gcás a iarratas a dheonú, go mbeadh plátaí feithicle ar fáil ann lena n-eisiúint chuige;

(c) beidh i ngach iarratas cibé faisnéis a dheimhneoidh don Aire go gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais maidir le dea-cháil, seasamh fónta airgeadais agus inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear nó a shonraítear i rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .”.

Ceadúnais iompróra a dheonú.

3. —(1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an ailt seo, déanfaidh an tAire, de réir an Achta seo—

(a) ceadúnas (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, “ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta”) nó ceadúnas (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, “ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta”) a dheonú do shealbhóir ceadúnais (nó ceadúnas) marsantais láithrigh faoin bPríomh-Acht in ionad an cheadúnais (nó na gceadúnas) marsantais láithrigh sin agus in ionad aon deimhniú fartha bóthair láithreach faoi rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , a shealbhóidh an duine sin,

(b) ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta a dheonú do shealbhóir ceadúnais (nó ceadúnas) fartha bóthair shrianta láithrigh faoin bPríomh-Acht a bhfuil a phríomh-áit ghnó sa Stát, nach ceadúnas a meastar le hordú faoi alt 8 (2) (a) den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1971 , gur ceadúnas fartha bóthair srianta é, in ionad an cheadúnais (nó na gceadúnas) fartha bóthair srianta láithrigh sin agus in ionad an deimhnithe fartha bóthair faoi rialacháin arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , a shealbhóidh an ceadúnaí sin, agus

(c) ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta nó ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta a dheonú don duine is sealbhóir, tráth thosach feidhme an ailt seo, ar dheimhniú fartha bóthair reatha arna eisiúint faoi rialacháin arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , agus nach sealbhóir ar cheadúnas (nó ar cheadúnais) marsantais láithreach nó ar cheadúnas (nó ar cheadúnais) fartha bóthair srianta faoin bPríomh-Acht agus a bhíonn ag gabháil do ghnó mar oibritheoir tarlaithe bóthair i limistéar is limistéar eiscthe de réir bhrí alt 8 (1) den Phríomh-Acht (arna leasú roimh thosach feidhme an ailt seo), in ionad an deimhnithe fartha bóthair reatha sin.

(2) Beidh deonú aon cheadúnais faoi fho-alt (1) den alt seo faoi réir iarratas a dhéanamh chun an Aire ar an gceadúnas sin agus faoi réir an ceadúnas (nó na ceadúnais) láithreach faoin bPríomh-Acht nó an deimhniú fartha bóthair arna eisiúint faoi rialacháin arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (nó iad araon, de réir mar a bheidh) ar ina n-ionad a dheonófar an ceadúnas faoi fho-alt (1), a thabhairt suas ag an iarratasóir.

(3) Chun críche fho-alt (1) den alt seo—

(a) is é an ceadúnas a dheonófar do shealbhóir ar dheimhniú fartha bóthair náisiúnta reatha in ionad an deimhnithe sin, ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta;

(b) is é an ceadúnas a dheonófar do shealbhóir ar dheimhniú fartha bóthair idirnáisiúnta reatha in ionad an deimhnithe sin ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta nó ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta, de réir mar a shonróidh an t-iarratasóir ina iarratas.

(4) Comhlíonfaidh iarratais ar cheadúnais faoi fho-alt (1) den alt seo alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo) amhail is dá mb'iarratais ar cheadúnais mharsantais faoin bPríomh-Acht na hiarratais sin.

(5) I gcás ceadúnas faoin alt seo a dheonú in ionad ceadúnais (nó ceadúnas) láithrigh nó in ionad deimhniú láithreach, beidh an ceadúnas (nó na ceadúnais) nó an deimhniú láithreach arna chúlghairm ar an gceadúnas a dheonú faoin Acht seo.

(6) Déanfaidh an tAire, le linn na tréimhse dar tosach dhá bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo, ceadúnas iompróra (de réir mar is iomchuí) a dheonú, de réir agus faoi réir alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo), d'iarratasóir ar cheadúnas den sórt sin.

(7) Rachaidh ceadúnas faoi fho-alt (1) nó fho-alt (6) den alt seo in éag trí bliana tar éis an dáta a dheonaítear é nó ar cibé dáta is luaithe ná sin a scoirfidh an sealbhóir, i dtuairim an Aire, de bheith ag comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in alt 11 (1) (c) den Phríomh-Acht (a chuirtear isteach leis an Acht seo), nó (más iomchuí) ar cibé dáta is luaithe ná sin ar amhail uaidh a chúlghairtear go cuí nó a fhoirceanntar ar shlí eile é.

(8) D'ainneoin aon ní in alt 5 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1971 , beidh—

(a) gach ceadúnas marsantais láithreach, agus

(b) gach ceadúnas fartha bóthair srianta láithreach a shealbhóidh duine a bhfuil a phríomh-áit ghnó sa Stát, nach ceadúnas a measfar le hordú faoi alt 8 (2) (a) den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1971 , gur ceadúnas fartha bóthair srianta é,

arna chúlghairm dhá bhliain tar éis don alt seo teacht i ngníomh.

(9) D'ainneoin aon ní in alt 5 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1971 , beidh—

(a) gach ceadúnas marsantais a eiseofar tar éis don alt seo teacht i ngníomh, agus

(b) gach ceadúnas fartha bóthair srianta a shealbhóidh duine a bhfuil a phríomh-áit ghnó sa Stát agus a eiseofar tar éis don alt seo teacht i ngníomh nach ceadúnas a measfar le hordú faoi alt 8 (2) (a) den Acht sin gur ceadúnas fartha bóthair srianta é,

arna chúlghairm trí bliana tar éis don alt seo teacht i ngníomh.

Oibriú ceadúnas iompróra.

4. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 14 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

“14.—(1) Tabharfaidh gach ceadúnas marsantais, is ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta, teideal don sealbhóir gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh sa Stát le cibé feithiclí a bheidh sonraithe sa cheadúnas.

(2) Déanfaidh gach ceadúnas marsantais, is ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta, an sealbhóir a cháiliú chun gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh laistigh nó lasmuigh den Stát le cibé feithiclí a bheidh sonraithe sa cheadúnas.

(3) Oibreoidh gach ceadúnas marsantais freisin faoi réir fhorálacha iomchuí an Achta seo (arna leasú leis an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1986 ) agus na rialachán a dhéanfar faoin Acht sin agus faoi réir aon choinníollacha a bheidh sonraithe sa cheadúnas agus, i gcás gur ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta é ceadúnas marsantais, oibreoidh sé freisin faoi réir aon rialacháin nó rialacha a bheidh i bhfeidhm sa Stát ina mbeidh gnó á sheoladh faoin gceadúnas.

(4) Ní bheidh ceadúnas marsantais inaistrithe.

(5) Luafar ar gach ceadúnas marsantais—

(a) ainm agus seoladh an tsealbhóra,

(b) an dáta eisiúna agus an dáta a rachaidh sé in éag,

(c) uimhir chláraitheachta gach feithicle a bheidh le hoibriú ag an gceadúnaí faoin gceadúnas, agus

(d) aon cheanglais eile (lena n-áirítear coinníollacha) a shonróidh an tAire.

(6) San alt seo tá le ‘ceadúnas iompróra’, ‘ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta’ agus ‘ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta’ na bríonna a shanntar dóibh leis an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1986 .”.

Ceadúnais mharsantais a chúlghairm.

5. —Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt 2 d'alt 24 den Phríomh-Acht:

“(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith uaidh féin agus dá rogha féin ceadúnas marsantais a chúlghairm nó a fhionraí go ceann cibé tréimhse is cuí leis—

(a) ar an bhforas gurb amhlaidh, ina thuairim, a sáraíodh coinníoll a bhí i gceangal leis an gceadúnas nó a mainníodh déanamh de réir coinníll den sórt sin nó coinníoll den sórt sin a chomhlíonadh,

(b) ar an bhforas gur ciontaíodh an sealbhóir i gcion (cibé acu faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile) i ndáil leis an ngnó lena mbaineann an ceadúnas nó i ndáil le feithicil a úsáidtear sa ghnó sin,

(c) má scoireann an sealbhóir de bheith ag comhlíonadh aon cheanglais iomchuí a shonraítear nó dá dtagraítear i rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , nó

(d) ar an bhforas gurb amhlaidh, ina thuairim, a mainníodh foráil iomchuí den Acht seo nó de rialacháin arna ndéanamh faoi a chomhlíonadh.”.

Achomhairc.

6. —(1) Aon uair a dhiúltaíonn an tAire ceadúnas a dheonú faoin Acht seo nó a bheartaíonn sé ceadúnas arna dheonú faoin Acht seo a chúlghairm nó a fhionraí, cuirfidh sé a chinneadh nó a bhfuil beartaithe aige, de réir mar a bheidh, agus an cúiseanna atá leis, in iúl don iarratasóir ar an gceadúnas nó do shealbhóir an cheadúnais agus, má dhéanann an t-iarratasóir sin nó an sealbhóir sin aon uiríll i scríbhinn laistigh de lá is fiche, breithneoidh sé na huiríll.

(2) Más rud é, aon uair, tar éis dó aon uiríll a rinne an t-iarratasóir ar cheadúnas a bhreithniú, go seasann an tAire lena chinneadh an ceadúnas sin a dhiúltú nó go gcinneann sé, tar éis dó aon uiríll a bheidh déanta ag an sealbhóir ar cheadúnas a bhreithniú, an ceadúnas a chúlghairm nó a fhionraí, cuirfidh sé an diúltú nó an cinneadh in iúl don iarratasóir ar an gceadúnas nó, de réir mar a bheidh, do shealbhóir an cheadúnais agus féadfaidh an t-iarratasóir sin nó an sealbhóir sin, laistigh de lá is fiche, achomharc in aghaidh an chinnidh sin a dhéanamh ar an modh forordaithe chun na Cúirte Dúiche.

(3) Ar achomharc a éisteacht faoin alt seo, i ndáil le diúltú ceadúnas a dheonú faoin Acht seo nó i ndáil le cinneadh ag an Aire ceadúnas arna dheonú faoin Acht seo a chúlghairm nó a fhionraí, féadfaidh an Chúirt Dúiche an diúltú nó an cinneadh a dhaingniú nó féadfaidh sí an t-achomharc a cheadú agus, má cheadaítear an t-achomharc, deonóidh an tAire an ceadúnas nó ní chúlghairfidh nó ní fhionróidh sé an ceadúnas.

(4) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh ón gCúirt Dúiche ar achomharc faoin alt seo ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt, ábhar achomhairc in aghaidh an chinnidh ann chun na hArd-Chúirte ar cheist dlí.

(5) San alt seo ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo ag an Aire le toiliú an Aire Dlí agus Cirt, ar rialacháin iad a dtugtar cumhacht don Aire leis seo iad a dhéanamh.

Athrú ar fheithicil a chur in iúl.

7. —(1) Déanfaidh sealbhóir ar cheadúnas iompróra aon athrú is mian leis a dhéanamh ar líon nó ar chineál na bhfeithiclí údaraithe a bheidh le hoibriú faoin gceadúnas a chur in iúl don Aire i scríbhinn agus cuirfidh sé an ceadúnas ar ais chuig an Aire chun críocha fho-alt (2) den alt seo.

(2) I gcás gur cuireadh ceadúnas iompróra ar ais chuig an Aire i gcomhlíonadh fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire ceadúnas nua a eisiúint in ionad an cheadúnais a cuireadh ar ais amhlaidh nó an ceadúnas a cuireadh ar ais amhlaidh a leasú chun an t-athrú a cuireadh in iúl faoin bhfo-alt sin a thabhairt i gcuntas.

(3) Duine a mhainneoidh déanamh de réir an cheanglais d'fho-alt (1) den alt seo a bhaineann le cur-in-iúl, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Tarlú idirnáisiúnta sa Stát a cheadúnú.

8. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 8 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1971 (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

“8.—(1) (a) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó in Acht 1935 féadfaidh an tAire, maidir le feithicil a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear in alt 7 (1) d'Acht 1935 (arna leasú le halt 29 den Acht Iompair, 1958 ) ceadúnas (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, ‘ceadúnas fartha bóthair srianta’) a dheonú do dhuine á údarú dó an fheithicil a allmhairiú agus í a úsáid chun críocha iompar marsantais de bhóthar sa Stát faoi réir aon choinníollacha is oiriúnach leis an Aire a fhorchur agus a shonróidh sé sa cheadúnas.

(b) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheadaíonn do dhuine feithicil, a bhfuil ceadúnas fartha bóthair srianta deonaithe ina leith, a úsáid chun earraí a luchtaíodh isteach ar an bhfeithicil sin sa Stát a sheachadadh sa Stát.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go measfar gur ceadúnas fartha bóthair srianta ceadúnas nó aicme ceadúnais (mar a bheidh sonraithe san ordú) arna eisiúint ag údarás inniúil Stáit eile, ag eagras idirnáisiúnta nó ag duine nó comhlacht ag gníomhú thar ceann eagrais den sórt sin de bhun comhaontú idirnáisiúnta i ndáil le hiompar idirnáisiúnta de bhóthar ar páirtí ann an Rialtas nó an Stát, nó de bhun comhaontú, comhshocraíochta nó rúin i ndáil le hiompar den sórt sin ar páirtí ann an tAire, agus aon ordú den sórt sin a rinneadh sular ritheadh an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1978 , leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh é.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(3) Ní bheidh feidhm ag ailt 9 agus 34 den Phríomh-Acht (arna leasú nó arna leathnú) maidir le duine is sealbhóir ar cheadúnas fartha bóthair srianta nó ar cheadúnas a meastar le hordú faoin alt seo gur ceadúnas fartha bóthair srianta é le linn don duine sin bheith ag gabháil d'iompar marsantais de bhóthar faoi réim agus de réir théarmaí an cheadúnais.

(4) Féadfaidh an tAire dá rogha féin táille de cibé méid a chinnfidh sé a ghearradh i leith ceadúnas fartha bóthair srianta nó ceadúnas a meastar le hordú faoin alt seo gur ceadúnas fartha bóthair srianta é, nó i leith ceadúnais nó aicme ceadúnais a d'eisigh an tAire nó an Roinn Cumarsáide de bhun comhaontú idirnáisiúnta i ndáil le hiompar idirnáisiúnta de bhóthar ar páirtí ann an Rialtas nó an Stát, nó de bhun comhaontú, comhshocraíochta nó rúin i ndáil le hiompar den sórt sin ar páirtí ann an tAire.

(5) San alt seo ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1935 .”.

Marsantas a iompar i bhfeithicil ar fruiliú, ar cíos nó ar léas.

9. —Leasaítear leis seo alt 112 den Acht Iompair, 1944 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(6) I gcás feithicil (is feithicil inneallghluaiste nó is feithicil arna tarraingt ag feithicil inneallghluaiste)—

(a) a bheith ar fruiliú chuig duine faoi chomhaontú fruilcheannaigh (de réir bhrí na nAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 go 1980) nó a bheith ligthe ar cíos nó ar léas chuig an duine faoi chomhaontú, agus

(b) nach gcuireann úinéir na feithicle tiománaí ar fáil ná nach gcuireann sé faoi deara tiománaí a chur ar fáil,

ansin, measfar, i ndáil le fo-ailt (1) go (5) den alt seo, gurb é an duine ar chuige a fruilíodh an fheithicil amhlaidh nó ar chuige a ligeadh ar cíos nó ar léas í amhlaidh úinéir na feithicle.”.

Clár na gceadúnas iompróra.

10. —(1) Cuirfidh an tAire faoi deara go mbunófar agus go gcoimeádfar clár (dá ngairtear “an Clár” san alt seo) de gach ceadúnas a dheonófar tráth thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, agus beidh an Clár i cibé foirm agus beidh ann cibé sonraí a ordóidh an tAire ó am to ham.

(2) Beidh an Clár ar fáil gach tráth réasúnach lena iniúchadh ag aon duine ar tháille a íoc de cibé méid a bheidh forordaithe ó am go ham ag an Aire le ceadú an Aire Airgeadais.

(3) Beidh duine ar bith i dteideal cóip d'aon taifead sa Chlár a fháil ón Aire ar tháille a íoc de cibé méid a bheidh forordaithe ó am go ham ag an Aire le ceadú an Aire Airgeadais.

(4) Baileofar gach táille is iníoctha faoin alt seo agus tabharfar cuntas uirthi ar cibé modh a bheidh forordaithe ag an Aire le ceadú an Aire Airgeadais.

(5) Gach doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead i gClár, agus a airbheartaíonn a bheith deimhnithe mar chóip dhílis den taifead sin ag oifigeach don Aire, glacfar leis, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn a dheimhnigh é amhlaidh nó gurbh é an t-oifigeach sin é, mar fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis é den taifead sin agus gur fianaise é ar théarmaí an taifid sin.

Bás nó éagumas sealbhóra ceadúnais iompróra.

11. —(1) Más rud é—

(a) go bhfaigheann sealbhóir ceadúnais iompróra bás nó go dtagann sé chun bheith éagumasach go fisiciúil nó go dlíthiúil ar an ngnó lena mbaineann an ceadúnas a sheoladh nó a bhainistí,

(b) go gcuirtear an bás nó an t-éagumas in iúl go cuí don Aire i scríbhinn,

(c) go bhfuil gaol ag an sealbhóir nó go maireann gaol leis, agus

(d) gur deimhin leis an Aire go raibh ag an ngaol, roimh bhás nó éagumas an tsealbhóra, taithí trí bliana ar a laghad i seoladh an ghnó lena mbaineann an ceadúnas ó lá go lá, agus go gcomhlíonann sé an ceanglas maidir le dea-cháil dá dtagraítear nó a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 ,

féadfaidh an tAire, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht (arna leasú), ar iarratas (i cibé foirm a ordóidh sé go ginearálta nó i ngach aon chás) a dhéanamh sa chéill sin ceadúnas iompróra a dheonú do ghaol an tsealbhóra faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar sa cheadúnas agus air sin beidh an ceadúnas a shealbhaigh an sealbhóir atá tar éis báis nó tar éis teacht chun bheith éagumasaithe arna chealú.

(2) Chun críocha an ailt seo beidh gach duine de na daoine seo a leanas ina ghaol do cheadúnaí, eadhon, fearchéile an cheadúnaí sin, banchéile an cheadúnaí sin, aon duine a bhfuil gaol fola den chéad, den dara, nó den tríú glúin aige leis an gceadúnaí sin, fearchéile aon duine a bhfuil an gaol sin aige, agus banchéile aon duine a bhfuil an gaol sin aige.

(3) Ceadúnas arna dheonú faoi fho-alt (1) den alt seo do ghaol do shealbhóir ar cheadúnas iompróra rachaidh sé in éag trí bliana tar éis an dáta a dheonaítear é nó ar cibé dáta is luaithe ar amhail uaidh a chúlghairtear go cuí é nó a fhoirceanntar ar shlí eile é.

Cead sealadach chun gnó a sheoladh.

12. —(1) Má fhaigheann sealbhóir ar cheadúnas iompróra bás nó má thagann sé chun bheith éagumasach go fisiciúil nó go dlíthiúil ar an ngnó lena mbaineann an ceadúnas a sheoladh nó a bhainistí, nó má fhaigheann duine a ainmnítear de bhun rialachán faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , bás nó má thagann sé chun bheith éagumasach go fisiciúil nó go dlíthiúil ar an ngnó sin a sheoladh nó a bhainistí, féadfaidh an tAire, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht (arna leasú), más deimhin leis gur gá é chun cruatan a sheachaint, cead a thabhairt faoin alt seo ar iarratas a dhéanamh chuige sa chéill sin ag an sealbhóir nó ag an duine sin nó thar ceann an tsealbhóra nó an duine sin nó ag ionadaí pearsanta an tsealbhóra nó an duine sin nó thar ceann an ionadaí sin.

(2) Údaróidh cead faoin alt seo an gnó lena mbaineann an cead a sheoladh ag an duine a bheidh ainmnithe ann nó, de réir mar a shonrófar amhlaidh, ag an duine sin faoi réir a bhainistí ag duine eile a bheidh ainmnithe amhlaidh.

(3) (a) Fanfaidh cead faoin alt seo i bhfeidhm go ceann tréimhse nach faide ná bliain dar tosach an dáta a dheonófar é.

(b) Féadfaidh an tAire cead faoin alt seo a athnuachan nó a fhadú go ceann tréimhse sonraithe ar an duine dár deonaíodh an cead do dhéanamh iarratais chuig an Aire, ach ní athnuafar ná ní fhadófar faoin mír seo é sa chaoi go mbeadh éifeacht leis tráth ar bith tar éis don tréimhse ocht mí dhéag dar tosach an lá a deonaíodh an cead a bheith caite.

Foráil speisialta i gcás go liomhnaítear cionta áirithe.

13. —(1) (a) Baineann an t-alt seo le cibé cionta faoi Acht a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo ar cionta iad a mbeidh sé dearbhaithe ag an Aire le rialacháin gur cionta iad lena mbaineann an t-alt seo.

(b) Is iad na hAchtanna dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo—

(i) an Príomh-Acht,

(ii) an tAcht Iompair, 1944 ,

(iii) Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 ,

(iv) an tAcht seo.

(2) I gcás go mbíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána lena chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an t-alt seo á dhéanamh nó déanta ag duine, féadfaidh an comhalta fógra san fhoirm fhorordaithe a sheachadadh don duine ina luafar—

(a) go líomhnaítear go ndearna an duine an cion sin,

(a) go bhféadfaidh an duine, le linn tréimhse 21 lá dar tús dáta an chiona, íocaíocht de mhéid a bheidh sonraithe san fhógra agus an fógra ina teannta a dhéanamh le comhalta den Gharda Síochána i stáisiún sonraithe den Gharda Síochána,

(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra nó, má dhéantar an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra le linn na tréimhse sin, nach dtionscnófar ionchúiseamh ar chor ar bith.

(3) I gcás go seachadfar fógra faoi fho-alt (2) den alt seo—

(a) féadfaidh duine lena mbaineann an fógra, le linn na tréimhse a shonraítear san fhógra, an íocaíocht a shonraítear san fhógra agus an fógra ina teannta, a dhéanamh le comhalta den Gharda Síochána sa stáisiún den Gharda Síochána a shonraítear san fhógra,

(b) féadfaidh an comhalta an íocaíocht a ghlacadh, admháil a thabhairt lena haghaidh, í a choinneáil lena diúscairt de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo agus ní bheidh aon íocaíocht arna glacadh amhlaidh inghnóthaithe in aon imthosca ag an duine a rinne í,

(c) ní thionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe le linn na tréimhse a shonraítear san fhógra, nó, má dhéantar an íocaíocht a shonraítear san fhógra le linn na tréimhse sin, ní thionscnófar ionchúiseamh ar chor ar bith.

(4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion lena mbaineann an t-alt seo, is ar an gcosantóir a luífidh sé de dhualgas a shuí go ndearnadh íocaíocht de bhun fógra faoin alt seo.

(5) Féadfaidh an tAire le rialacháin méid na híocaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt seo a shocrú.

Méadú ar phionóis.

14. —(1) Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2) (a) d'alt 9 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 2 d'Acht 1978):

“(2) (a) Gach duine a iompraíonn marsantas de shárú ar an alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 a chur air.”.

(2) Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2) d'alt 32 den Phríomh-Acht:

“(2) Má mhainníonn nó má fhaillíonn aon duine déanamh de réir an ailt seo beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.”.

(3) Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 33 den Phríomh-Acht:

“33.—Má dhéantar aon phláta feithicle a eiseofar i leith feithicle inneallghluaiste áirithe a dhaingniú d'aon fheithicil inneallghluaiste eile, beidh úinéir na chéad fheithicle inneallghluaiste sin a luadh agus úinéir na feithicle inneallghluaiste eile sin freisin (murarb é an duine céanna é le húinéir na chéad fheithicle inneallghluaiste sin a luadh) ciontach araon i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar iad a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur orthu.”.

(4) Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2) d'alt 34 den Phríomh-Acht:

“(2) Má úsáidtear aon fheithicil inneallghluaiste chun críocha iompair marsantais de bhóthar gan pláta feithicle a bheidh eisithe faoin gCuid seo den Acht seo i leith na feithicle sin a bheith daingnithe uirthi san áit fhorordaithe agus ar an modh forordaithe, nó le pláta uirthi atá chomh haghloite sin trí chaitheamh, dhíobháil nó trí shlí eile go bhfuil na marcanna a cheanglaítear a bheith air faoin Acht seo scriosta nó doléite, beidh úinéir na feithicle agus tiománaí na feithicle freisin ciontach araon i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar iad a chiontú go hachomair ann, fíneáil nach mó ná £500 a chur orthu.”.

(5) Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2) d'alt 35 den Phríomh-Acht:

“(2) Gach duine—

(a) a choiscfidh nó a chuirfidh isteach ar chomhalta den Gharda Síochána le linn dó aon chumhacht a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú, nó

(b) is tiománaí leoraí nó tarracóra ag gluaiseacht agus a mhainneoidh stopadh nuair a cheanglóidh comhalta den Gharda Síochána air faoin alt seo déanamh amhlaidh, nó

(c) is tiománaí leoraí nó tarracóra agus a mhainneoidh déanamh de réir ceanglais a dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána faoin alt seo i ndáil leis an leoraí nó leis an tarracóir sin

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair ann fíneáil nach mó ná £500 a chur air.”.

(6) Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2) d'alt 36 den Phríomh-Acht:

“(2) Má ghníomhaíonn aon duine de shárú ar an alt seo beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair ann, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.”.

(7) Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2) d'alt 122 den Acht Iompair, 1944 :

“(2) Má mhainníonn an ceadúnaí faoi cheadúnas marsantais nó má fhaillíonn sé déanamh de réir fho-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £100 a chur air.”.

(8) Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 123 den Acht Iompair, 1944 :

“(1) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána a éileamh ar aon duine a bheidh ag tiomáint feithicle inneallghluaiste a chreideann sé a bheith faoi réir ceadúnas marsantais, cóip den cheadúnas a thabhairt ar aird, agus má bhíonn an fheithicil faoi réir ceadúnais amhlaidh agus má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin cóip den cheadúnas a thabhairt ar aird lom láithreach, nó má thugann sé cóip ar aird ach go ndiúltaíonn sé nó go mainníonn sé ligean don chomhalta sin í a léamh beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.”.

Oifigigh iompair.

15. —(1) Féadfaidh an tAire aon oifigigh dá chuid oifigeach a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh iompair chun críocha alt 16 den Acht seo agus féadfaidh sé aon cheapachán den sórt sin a chúlghairm.

(2) Tabharfar barántas dá cheapachán mar oifigeach iompair do gach oifigeach iompair agus, le linn dó aon chumhacht a thugtar le halt 16 den Acht seo a fheidhmiú, déanfaidh sé, má iarrann aon duine lena mbaineann air é, an barántas a thabhairt ar aird don duine sin.

Cumhachtaí oifigeach iompair.

16. —(1) Beidh ag oifigeach iompair—

(a) chun críocha an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1932 , an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 , an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1935 , an Achta Iompair, 1944 , an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1971 , an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi aon cheann de na hachtacháin sin,

(b) chun críocha aon rialacháin arna dhéanamh ag an Aire faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar nó iompar paisinéirí ar bhus, agus

(c) chun críocha aon achtacháin nó aon ionstraime arna déanamh faoi aon achtachán, a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar nó le hiompar paisinéirí ar bhus nó le haon fheithicil nó aicme feithicle a bhíonn ag gabháil d'iompar den sórt sin de réir mar a bheidh sonraithe le hordú faoi alt 18 (1) (a) den Acht seo,

an chumhacht aon ní nó gach ní de na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) dul isteach in áitreabh nó in áit tráth ar bith má bhíonn cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé á úsáid chun críche atá bainteach le hiompar ar bhóithre (dá ngairtear “oibríochtaí iompair ar bhóithre” san alt seo) nó go bhfuil feithicil a úsáidtear chun na críche sin san áitreabh nó san áit, agus iniúchadh a dhéanamh ar an bhfeithicil agus ar aon doiciméid, taifid, leabhair nó trealamh taifeadta a choimeádtar nó a úsáidtear san fheithicil, san áitreabh nó san áit sin, de réir mar a bheidh, chun críocha oibríochtaí iompair ar bhóithre.

(ii) iniúchadh a dhéanamh tráth ar bith ar fheithicil ar fos agus ar aon doiciméid, taifid, leabhair, earraí nó trealamh taifeadta atá á n-iompar san fheithicil nó ar an bhfeithicil nó ag an gcriú agus a choimeádtar nó a úsáidtear chun críocha oibríochtaí iompair ar bhóithre,

(iii) a cheangal ar aon duine san áitreabh nó san áit nó san fheithicil aon doiciméad, leabhar nó taifead a choimeádtar nó a úsáidtear chun críocha oibríochtaí iompair ar bhóithre atá faoi chumhacht nó faoi urláimh an duine sin a thabhairt ar aird dó,

(iv) aon doiciméad, leabhar nó taifead a choinnítear nó a úsáidtear chun críocha oibríochtaí iompair ar bhóithre a iniúchadh, a scrúdú, cóipeanna nó sleachta a thógáil as an gcéanna nó an céanna a bhreith chun siúil, más gá, chun críocha iniúchadh nó scrúdú agus a cheangal ar an duine a choimeádann an doiciméad, an leabhar nó an taifead sin nó a thug an doiciméad, an leabhar nó an taifead ar aird a dheimhniú gur cóip dhílis cóip de.

(2) Chun críche a chumhachtaí faoi fho-alt (1) den alt seo a fheidhmiú, féadfaidh oifigeach iompair feithicil a choinneáil le linn cibé ama is gá chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú.

(3) Duine a choiscfidh nó a chuirfidh isteach ar oifigeach iompair nuair a bheidh sé ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó leis an alt seo nó a mhainníonn déanamh de réir iarraidh nó ceanglais de chuid oifigigh iompair faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

An tAire d'ionchúiseamh cionta.

17. —Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre a thionscnamh agus a ionchúiseamh mar gheall ar chion—

(a) faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935 , faoin Acht Iompair, 1944 , faoin Acht seo agus faoi aon ionstraim arna déanamh faoi aon cheann de na hachtacháin sin,

(b) faoi aon rialachán arna dhéanamh ag an Aire faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar nó iompar paisinéirí ar bhus, agus

(c) faoi aon achtachán nó aon ionstraim arna déanamh faoi aon achtachán a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar nó le hiompar paisinéirí ar bhus nó le haon fheithicil nó aicme feithicle a bhíonn ag gabháil d'iompar den sórt sin ar achtachán nó ionstraim é a bheidh sonraithe le hordú faoi alt 18 (1) (b) den Acht seo.

Orduithe.

18. —(1) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú—

(a) aon achtachán nó aon ionstraim arna déanamh faoi aon achtachán a shonrú a bhféadfaidh oifigeach iompair aon chumhacht a thugtar dó le halt 16 den Acht seo a fheidhmiú chun a chríoch,

(b) aon achtachán nó aon ionstraim arna déanamh faoi aon achtachán a shonrú ar achtachán nó ionstraim é a bhféadfaidh an tAire imeachtaí achoimre a thionscnamh agus a ionchúiseamh faoi.

(2) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, chun lán-éifeacht a thabhairt d'ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú cibé forálacha breise is gá a dhéanamh lena n-áirítear aon achtachán a oiriúnú.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú ordú faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(4) Ní dhéanfar aon ordú faoin alt seo i ndáil le haon achtachán a riarann Aire Rialtais, seachas an tAire, nó i ndáil le haon ionstraim arna déanamh faoi aon achtachán den sórt sin, ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire sin agus le Coimisinéir an Gharda Síochána.

(5) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Aisghairm.

19. —Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas—

(a) ailt 8, 12 (4), 15, 20, 21 agus 25 den Phríomh-Acht,

(b) alt 10 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 ,

(c) alt 115 den Acht Iompair, 1944 ,

(d) an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1956 ,

(e) ailt 5 agus 6 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1971 ,

(f) ailt 6 (1) go 6 (5) agus alt 9 d'Acht 1978.

Caiteachais.

20. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Tosach feidhme.

21. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

Gearrtheideal agus forléiriú.

22. —(1) Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.