Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Tuairisc ar an Lár-Limistéar Cathrach)

30 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 30 de 1986


AN tACHT UM CHOIMISIÚN SRÁIDEANNA CATHRACH BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

An Lár-Limistéar Cathrach.

3.

Coimisiún Sráideanna Cathrach Bhaile Átha Cliath a bhunú.

4.

An Coimisiún a dhíscaoileadh.

5.

Dualgas ginearálta an Choimisiúin.

6.

Scéimeanna feabhsúcháin.

7.

Feidhmeanna bóithre a aistriú chun an Choimisiúin.

8.

Feidhmeanna bainistíochta tráchta a aistriú chun an Choimisiúin.

9.

Bruscar etc. a rialú agus a chosc.

10.

Feidhmeanna an Choimisiúin i gcoitinne.

11.

Déanmhais etc. a dhíchur nó a athrú.

12.

Forálacha airgeadais.

13.

Achtacháin eile a aisghairm, a oiriúnú, etc.

14.

Orduithe.

15.

Caiteachais.

16.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Tuairisc ar an Lár-Limistéar Cathrach

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha a bhaineann le Scéim Feabhsúcháin

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986

1986, Uimh. 15

An tAcht Cuanta, 1946

1946, Uimh. 9

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht Bruscair, 1982

1982, Uimh. 11

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1985

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

An tAcht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974

1974, Uimh. 6

An tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971

1971, Uimh. 6

Public Health Acts Amendment Act, 1907

1907, c. 53

Public Health (Ireland) Act, 1878

1878, c. 52

Na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1961 go 1984

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

1961, Uimh. 24

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29

/images/harp.jpg


Uimhir 30 de 1986


AN tACHT UM CHOIMISIÚN SRÁIDEANNA CATHRACH BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO BHUNÚ COMHLACHTA AR A dTABHARFAR COIMISIÚN SRÁIDEANNA CATHRACH BHAILE ÁTHA CLIATH, DO MHÍNIÚ A FHEIDHMEANNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAIN-EANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [27 Samhain, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

ciallaíonn “an Coimisiún” Coimisiún Sráideanna Cathrach Bhaile Átha Cliath arna bhunú faoi alt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “Bardas Bhaile Átha Cliath” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

tá le “scéim feabhsúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 6 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

ciallaíonn “comhlacht reachtúil”—

(a) Aire den Rialtas,

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,

(c) údarás áitiúil,

(d) údarás cuain de réir bhrí an Achta Cuanta, 1946 ,

(e) bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 ,

(f) coiste oideachais ghairme beatha de réir bhrí an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930 ,

(g) bord nó comhlacht eile arna bhunú le reacht nó faoi reacht,

(h) cuideachta ina bhfuil na scaireanna go léir á sealbhú ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas nó ag stiúrthóirí a bheidh ceaptha ag Aire den Rialtas, nó

(i) cuideachta ina bhfuil na scaireanna go léir á sealbhú ag bord, cuideachta nó comhlacht eile dá dtagraítear i mír (g) nó (h) den mhíniú seo.

An Lár-Limistéar Cathrach.

2. —(1) An chuid de Chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath a thuairiscítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tabharfar uirthi (agus gairtear di san Acht seo) an Lár-Limistéar Cathrach.

(2) Féadfaidh an tAire teorainn an Lár-Limistéir Cathrach a athrú le hordú ionas go n-áireofar ann talamh atá neas-tadhlach leis nó go bhfágfar as talamh is cuid den Lár-Limistéar sin agus i gcás go ndéanfaidh an tAire ordú faoin bhfo-alt seo beidh, fad a leanfaidh an t-ordú i bhfeidhm, éifeacht leis an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo faoi réir théarmaí an ordaithe.

(3) Ní mór do Bhardas Bhaile Átha Cliath, le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh, aird a thabhairt ar an tábhacht speisialta ó thaobh leas an phobail de atá leis an Lár-Limistéar Cathrach agus don ghá ó thaobh an leasa sin atá lena chinntiú go mbeidh ardchaighdeán timpeallachta agus ardchaighdeán taitneamhachta cathartha agus deartha cathartha ann.

(4) Déanfar gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den seacht lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú sin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

Coimisiún Sráideanna Cathrach Bhaile Átha Cliath a bhunú.

3. —(1) Bunófar, cibé lá a cheapfaidh an tAire chun na críche le hordú, comhlacht ar a dtabharfar Coimisiún Sráideanna Cathrach Bhaile Átha Cliath (dá ngairtear “an Coimisiún” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh i ndáil leis an Lár-Limistéar Cathrach.

(2) Cathaoirleach agus sé ghnáthchomhalta ar a mhéad a bheidh ar an gCoimisiún.

(3) Faoi réir an Achta seo, beidh feidhm ag an Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 , maidir le hordú faoin alt seo amhail is dá mba ordú bunaithe é faoin Acht sin agus beidh feidhm aige maidir leis an gCoimisiún amhail is dá mba gur bunaíodh an Coimisiún faoin ordú sin.

An Coimisiún a dhíscaoileadh.

4. —(1) Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis an Coimisiún a bhunú déanfaidh an tAire foráil le hordú (dá ngairtear “ordú díscaoilte” san alt seo, seachas i bhfo-alt (5)) chun an Coimisiún a dhíscaoileadh.

(2) Beidh in ordú díscaoilte cibé forálacha a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó fóirsteanach de dhroim an díscaoilte a dhéanfar leis an ordú díscaoilte agus, go háirithe, féadfaidh sé foráil a dhéanamh—

(a) chun maoin, cearta agus dliteanais an Choimisiúin a aistriú chuig Bardas Bhaile Átha Cliath,

(b) chun ainm Bhardas Bhaile Átha Cliath nó Iompras Bhaile Átha Cliath a chur in ionad ainm an Choimisiúin, mar is cuí, in aon imeachtaí dlíthiúla a bheidh ar feitheamh ar dháta an ordaithe díscaoilte sin agus ar páirtí iontu an Coimisiún, agus chun a chinntiú nach rachaidh aon imeachtaí den sórt sin ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.

(3) (a) Tiocfaidh na feidhmeanna a dhílsítear don Choimisiún (seachas na feidhmeanna sin a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo) chun bheith agus beidh siad, ar dhíscaoileadh an Choimisiúin, infheidhmithe ag Bardas Bhaile Átha Cliath faoi réir cibé modhnuithe a shonróidh an tAire san ordú díscaoilte.

(b) Déanfar na feidhmeanna a dhílsítear don Choimisiún faoi alt 8 den Acht seo a aistriú, ar dhíscaoileadh an Choimisiúin, chuig Iompras Bhaile Átha Cliath.

(4) Aon chinneadh a dhéanfaidh an Coimisiún agus a bheidh i bhfeidhm an tráth a dhíscaoilfear an Coimisiún leanfaidh sé d'éifeacht a bheith leis go feadh méid a shonrófar san ordú díscaoilte go dtí go leasóidh nó go gcúlghairfidh Bardas Bhaile Átha Cliath nó Iompras Bhaile Átha Cliath é mar is cuí.

(5) Ní dhéanfar ordú faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 , chun an Coimisiún a dhíscaoileadh.

Dualgas ginearálta an Choimisiúin.

5. —Beidh sé de dhualgas ginearálta ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear feabhas ar gach slí is féidir ar dhálaí timpeallachta, ar an leibhéal taitneamhachta cathartha agus ar an gcaighdeán deartha cathartha sa Lár-Limistéar Cathrach agus aird faoi leith á thabhairt ar áisiúlacht agus sábháilteacht coisithe, ar chosúlacht ghinearálta sráideanna agus foirgneamh (lena n-áirítear caighdeáin deartha, cothabhála agus glaineachta), ar rialáil tráchta agus páirceála agus ar sholáthar taitneamhachtaí cathartha breise.

Scéimeanna feabhsúcháin.

6. —(1) Ullmhóidh an Coimisiún a luaithe is féidir scéim amháin nó níos mó (dá ngairtear “scéim feabhsúcháin” san Acht seo) don Lár-Limistéar Cathrach nó (de réir mar a shonrófar sa scéim feabhsúcháin) do chuid den Limistéar sin.

(2) Beidh feidhm ag forálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i ndáil le scéim feabhsúcháin.

(3) Cuirfidh an Coimisiún scéim feabhsúcháin faoi bhráid an Aire lena cheadú a fháil agus cuirfear cóip den chéanna chuig Bardas Bhaile Átha Cliath an tráth céanna.

(4) I gcás go gcuirfidh an Coimisiún scéim feabhsúcháin faoi bhráid an Aire déanfaidh an tAire aon agóidí a bhreithniú a dhéanfaidh Bardas Bhaile Átha Cliath maidir leis an scéim laistigh de mhí amháin tar éis í a chur faoi bhráid an Aire agus féadfaidh sé an scéim a mhodhnú i cibé slí agus go feadh cibé méid is cuí leis agus féadfaidh sé an scéim nó an scéim arna modhnú amhlaidh a cheadú.

(5) Is forbairt dhíolmhaithe chun críocha Acht 1963 gach forbairt díobh seo a leanas—

(a) an Coimisiún do dhéanamh aon fhorbairt sa Lár-Limistéar Cathrach a bheidh de réir scéime feabhsúcháin arna ceadú faoin alt seo;

(b) duine seachas an Coimisiún do dhéanamh aon fhorbairt sa Limistéar sin a mbeidh deimhnithe i ndáil léi ag an gCoimisiún go bhfuil sí de réir scéime feabhsúcháin arna ceadú faoin alt seo.

(6) (a) Nuair a bheidh iarratas ar chead faoi Chuid IV d'Acht 1963 i ndáil le forbairt sa Lár-Limistéar Cathrach á chinneadh tabharfar aird ar fhorálacha scéime feabhsúcháin a bheidh arna ceadú faoin alt seo agus ní chinnfear, ach amháin le toiliú an Choimisiúin, an cead sin a thabhairt i gcás go ndéanfadh an fhorbairt atá beartaithe sárú ábhartha ar fhorálacha na scéime sin.

(b) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á fhoráil nach foláir toiliú an Choimisiúin a fháil sula ndéanfar cinneadh cead a thabhairt faoi Chuid IV d'Acht 1963 i ndáil le forbairt sa Lár-Limistéar Cathrach ar forbairt í d'aicme nó de thuairisc a shonrófar sna rialacháin sin.

(7) Féadfar a fhoráil le scéim feabhsúcháin gur gá, d'ainneoin aon achtacháin eile nó aon rialachán eile faoin gcéanna, toiliú an Choimisiúin chun aon fhorbairt (seachas forbairt ar gá cead faoi Acht 1963 lena haghaidh) d'aicme a shonrófar sa scéim a chur i gcrích.

Feidhmeanna bóithre a aistriú chun an Choimisiúin.

7. —(1) Beidh feidhmeanna Bhardas Bhaile Átha Cliath i ndáil le bóthar poiblí a dhéanamh, a chothabháil agus a fheabhsú agus aon fheidhmeanna eile a ghabhann leis sin faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1985, faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1984, agus faoi aon achtachán eile, arna n-aistriú chun an Choimisiúin a mhéid a bhainfidh siad leis an Lár-Limistéar Cathrach.

(2) San alt seo tá le “bóthar poiblí” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974 .

Feidhmeanna bainistíochta tráchta a aistriú chun an Choimisiúin.

8. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 ;

ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986 ;

ciallaíonn “an tÚdarás” Iompras Bhaile Átha Cliath.

(2) D'ainneoin aon ní in Acht 1986, déantar na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le hailt 84, 85, 89, 90 nó 95 d'Acht 1961, a mhéid a bhaineann siad leis an Lár-Limistéar Cathrach, a aistriú leis seo chun an Choimisiúin.

(3) Déantar leis seo na cumhachtaí a thugtar don Údarás le halt 40 d'Acht 1986, a mhéid a bhaineann siad leis an Lár-Limistéar Cathrach, a aistriú chun an Choimisiúin.

(4) Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás agus tabharfaidh aird ar a chuid tuairimí nuair a bheidh feidhmeanna a aistrítear chuige leis an alt seo á bhfeidhmiú aige.

(5) Beidh feidhm ag forálacha ailt 50 agus 51 d'Acht 1986 maidir leis an gCoimisiún d'fheidhmiú feidhmeanna a aistrítear chuige leis an alt seo agus measfar maidir le tagairtí don Údarás sna hailt sin 50 agus 51 gur tagairtí iad don Choimisiún agus measfar maidir leis na tagairtí sna hailt sin do Choimisinéir an Gharda Síochána gur tagairtí iad don Choimisinéir sin agus don Údarás.

(6) D'ainneoin fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, leanfaidh fodhlíthe nó rialacha sealadacha a rinneadh faoi ailt 84, 89 nó 90 d'Acht 1961 nó faoi alt 40 d'Acht 1986 a mbeidh feidhm acu maidir leis an Lár-Limistéar Cathrach agus a bheidh i bhfeidhm ar thosach feidhme na forála seo, d'fheidhm a bheith acu, agus féadfaidh an Coimisiún a mhéid a bheidh feidhm acu maidir leis an Limistéar sin, iad a leasú nó a chúlghairm.

(7) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo, leanfaidh ordú faoi alt 85 d'Acht 1961 a mbeidh feidhm aige maidir leis an Lár-Limistéar Cathrach agus a bheidh i bhfeidhm ar thosach feidhme na forála seo d'fheidhm a bheith aige agus féadfaidh an Coimisiún, a mhéid a bheidh feidhm aige maidir leis an limistéar sin, é a chúlghairm.

(8) Aon tagairt d'oifigeach don Gharda Síochána in ailt 85 agus 95 d'Acht 1961, forléireofar í, nuair a bheidh na hailt seo á gcur i bhfeidhm maidir leis an Lár-Limistéar Cathrach, mar thagairt do dhuine a bheidh arna cheapadh ag an gCoimisiún.

(9) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo—

(a) measfar maidir le sín tráchta a bheidh arna soláthar faoi alt 95 d'Acht 1961 sa Lár-Limistéar Cathrach roimh thosach feidhme na forála seo gur soláthraíodh í de bhun iarraidh ón gCoimisiún, nó le toiliú an Choimisiúin, agus

(b) aon iarraidh a rinneadh nó aon toiliú a tugadh faoi alt 95 d'Acht 1961 maidir leis an Lár-Limistéar Cathrach agus a bheidh i bhfeidhm ar thosach feidhme na forála seo, leanfaidh sé i bhfeidhm agus féadfaidh an Coimisiún é a leasú nó a chúlghairm.

Bruscar etc. a rialú agus a chosc.

9. —(1) Beidh ag an gCoimisiún sa Lár-Limistéar Cathrach na feidhmeanna seo a leanas—

(a) feidhmeanna údaráis áitiúil faoin Acht Bruscair, 1982 ,

(b) feidhmeanna údaráis sláintíochta faoi alt 52 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus

(c) feidhmeanna údaráis áitiúil faoi alt 48 den Public Health Acts Amendment Act, 1907.

(2) Aon fhodhlí a rinne Bardas Bhaile Átha Cliath faoi aon cheann de na hachtacháin a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na forála seo leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht leis agus beidh sé infheidhmithe ag an gCoimisiún sa Lár-Limistéar Cathrach amhail is dá mba é an Coimisiún a rinne an fodhlí sin.

Feidhmeanna an Choimisiúin i gcoitinne.

10. —(1) I dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar dó le hailt 6 go 9 den Acht seo déanfaidh an Coimisiún oibreacha maidir le forbairt taitneamhachta agus feabhsú timpeallachta d'fhonn daoine a spre agadh chun obair a dhéanamh, siopadóireacht a dhéanamh nó úsáid a bhaint ar shlí eile as na saoráidí a sholáthraítear sa Lár-Limistéar Cathrach.

(2) D'ainneoin ailt 6 go 9 den Acht seo féadfaidh an tAire le hordú an t-aistriú a rinneadh chun an Choimisiúin faoi aon alt acu sin ar aon cheann de na feidhmeanna a fhoirceannadh.

(3) Ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó tabharfaidh an Coimisiún aird ar an tábhacht atá leis an Lár-Limistéar Cathrach sa chomhthéacs áitiúil agus náisiúnta araon.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo ná d'aon fhoráil den Acht seo, féadfaidh an Coimisiún aon ghníomhaíocht a sheoladh is dóigh leis a bheith riachtanach nó ina buntáiste maidir le haon cheann dá chuid feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh aige nó is dóigh leis a ghabhann le haon cheann de na feidhmeanna sin a chomhlíonadh aige nó is dóigh leis a éascaíonn an comhlíonadh sin.

(5) I dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar dó le fo-alt (1) den alt seo beidh ag an gCoimisiún cibé feidhmeanna eile a bhaineann lena áiríthiú go ndéanfar feabhas a chur ar an Lár-Limistéar Cathrach a bheidh arna sannadh dó de thuras na huaire ag an Aire le hordú.

(6) Féadfaidh an Coimisiún na nithe sin go léir a dhéanamh a thig de dhroim na bhfeidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi, a leanann astu nó atá riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na bhfeidhmeanna sin nó chun críocha a ghabhann leis na críocha sin.

(7) (a) Chun a chumasú don Choimisiún a fheidhmeanna a chomhlíonadh féadfaidh an Coimisiún comhshocraíochtaí a dhéanamh chun go ndéanfaidh an tAire nó aon chomhlacht reachtúil eile aon seirbhís a éileoidh an Coimisiún a sholáthar dó agus féadfaidh an tAire nó comhlacht reachtúil eile seirbhísí a sholáthar a bhfuil comhshocraíochtaí déanta maidir leo faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint astu.

(b) San fho-alt seo folaíonn “seirbhís” áitreabh nó trealamh a úsáid agus seirbhísí fostaithe a úsáid.

(8) Féadfaidh an tAire ó am go ham treoir ghinearálta a thabhairt don Choimisiún i scríbhinn i ndáil le polasaí maidir le haon cheann de na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh agus nuair a bheidh an Coimisiún ag comhlíonadh a fheidhmeanna tabharfaidh sé aird ar aon treoir den sórt sin.

(9) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chumasóidh don Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil leis an gCoimisiún do chomhlíonadh feidhme, i gcás áirithe nó in imthosca áirithe, a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi.

Déanmhais etc. a dhíchur nó a athrú.

11. —(1) Gan dochar d'fhorálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, féadfaidh scéim feabhsúcháin faoi alt 6 den Acht seo ar mhaithe leis an taitneamhacht agus le feabhas ginearálta an Lár-Limistéir Cathrach, foráil a dhéanamh:—

(a) chun aon déanmhas nó aon déanmhas de chineál áirithe a dhíchur nó a athrú agus, i gcás díchuir, déanmhas is dóigh leis an gCoimisiún a bheith oiriúnach a chur in ionad an déanmhais,

(b) chun scor d'aon úsáid a bhaint as talamh nó chun coinníollacha a fhorchur maidir le leanúint d'aon úsáid a bhaint as talamh, agus

(c) chun déanmhas fógraíochta nó fógrán a dhíchur, a athrú, a dheisiú nó a shlachtú.

(2) Más rud é i scéim feabhsúcháin arna ceadú faoi alt 6 den Acht seo go ndéanfar foráil gur ceart aon déanmhas nó aon déanmhas d'aicme áirithe a dhíchur nó a athrú, féadfaidh an Coimisiún fógra a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais, agus ar aon duine arb é a thuairim go ndéanfaidh an fógra difear dó, á cheangal an díchur nó an t-athrú sin agus, i gcás díchuir, aon chur-in-ionad is dóigh leis an gCoimisiún a bheith oiriúnach, a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe.

(3) Más rud é i scéim feabhsúcháin arna ceadú faoi alt 6 den Acht seo go ndéanfar foráil, maidir le haon úsáid talún, gur ceart scor den úsáid nó gur ceart aon choinníollacha a fhorchur maidir le leanúint den úsáid, féadfaidh an Coimisiún fógra a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir na talún agus ar aon duine arb é a thuairim go ndéanfaidh an fógra difear dó, á cheangal scor den úsáid sin laistigh de thréimhse shonraithe nó ag forchur na gcoinníollacha sin.

(4) Más rud é i scéim feabhsúcháin arna ceadú faoi alt 6 den Acht seo go ndéanfar foráil gur ceart déanmhas fógraíochta nó fógrán, nó aon déanmhas fógraíochta nó fógrán d'aicme áirithe a dhíchur, a athrú, a dheisiú nó a shlachtú, féadfaidh an Coimisiún fógra a sheirbheáil ar an duine ag a mbeidh rialú an déanmhais fógraíochta nó an fhógráin á cheangal ar an duine sin an déanmhas fógraíochta nó an fógrán a dhíchur, a athrú, a dheisiú nó a shlachtú laistigh de thréimhse shonraithe.

(5) Más rud é laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfógra faoi fho-alt (2) nó (4) den alt seo nó laistigh de cibé tréimhse fhorordaithe a cheadóidh an Coimisiún nach mbeidh an díchur, an t-athrú, an curin-ionad, an slachtú nó an deisiú a cheanglaítear leis an bhfógra déanta, féadfaidh an Coimisiún dul isteach ar an déanmhas nó ar an talamh ar a bhfuil an déanmhas suite nó ar a bhfuil an fógrán ar taispeáint agus féadfaidh sé an díchur, an t-athrú, an cur-in-ionad, an slachtú nó an deisiú a dhéanamh agus féadfaidh sé, i gcás gur déanmhas neamhúdaraithe an déanmhas nó an déanmhas fógraíochta lena mbaineann, aon chaiteachais faoina ndeachaigh sé le réasún chuige sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine ar ar seirbheáladh an fógra.

(6) (a) Más rud é, de bhua fógra faoi fho-alt (3) den alt seo, go gceanglaítear scor d'úsáid a bhaint as talamh chun aon chríche nó go bhforchuirtear aon choinníollacha maidir le leanúint den úsáid, ansin, má úsáideann aon duine an talamh chun na críche sin nó (de réir mar a bheidh) má úsáideann sé an talamh chun na críche sin de shárú ar na coinníollacha sin nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé an talamh a úsáid amhlaidh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(b) Féadfaidh an Coimisiún cion faoin alt seo a ionchúiseamh.

(7) (a) Más rud é, ar éileamh a dhéanfar chun an Choimisiúin go dtaispeánfar, mar gheall ar dhíchur nó athrú a dhéanamh ar aon déanmhas nó déanmhas fógraíochta, nó mar gheall ar dhéanmhas eile a chur ina ionad, de dhroim fógra faoi fho-alt (2) nó (4) den alt seo, nó mar gheall air gur scoireadh d'úsáid a bhaint as aon talamh de dhroim fógra faoi fho-alt (3) den alt seo nó mar gheall ar choinníollacha a chomhlíonadh maidir le leanúint d'aon úsáid a bhaint as talamh de dhroim fógra faoi fho-alt (3) den alt seo, go mbeidh damáiste déanta d'aon duine mar gheall ar dhíluachadh aon leasa sa déanmhas, sa déanmhas fógraíochta nó sa talamh a bhfuil teideal aige chuige nó mar gheall ar theachtadh an déanmhais, an déanmhais fógraíochta nó na talún aige a dhíshocrú air beidh an duine sin, faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, i dteideal méid an damáiste sin a bheith íoctha leis ag an gCoimisiún mar chúiteamh.

(b) Déanfar éileamh faoin bhfo-alt seo—

(i) laistigh de shé mhí tar éis an déanmhas nó an déanmhas fógraíochta a dhíchur, a athrú nó déanmhas eile a chur ina ionad nó an úsáid a scor nó na coinníollacha a chomhlíonadh, nó

(ii) laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda más dóigh leis an gCúirt sin go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé cóir agus réasúnach an tréimhse a fhadú.

(c) Ní bheidh cúiteamh faoin bhfo-alt seo iníoctha mar gheall ar dhéanmhas neamhúdaraithe a dhíchur, a athrú nó déanmhas eile a chur ina ionad, mar gheall ar scor d'úsáid neamhúdaraithe nó mar gheall ar choinníollacha maidir le leanúint d'úsáid den sórt sin a chomhlíonadh.

(8) Beidh feidhm ag ailt 68 agus 69 d'Acht 1963 maidir le héileamh ar chúiteamh faoi fho-alt (7) den alt seo amhail is dá n-eascródh an t-éileamh sin faoin Acht sin agus chun críche an iarratais sin measfar gurb é an Coimisiún an t-údarás pleanála.

(9) Beidh feidhm ag alt 7 d'Acht 1963 maidir le fógra a sheirbheálfar faoin alt seo.

(10) Beidh feidhm ag alt 83 d'Acht 1963 maidir le dul isteach ar aon déanmhas nó talamh faoin alt seo agus chun críche an iarratais sin measfar gurb é an Coimisiún an t-údarás pleanála.

(11) San alt seo tá le “fógrán”, “déanmhas fógraíochta”, “talamh”, “déanmhas”, “déanmhas neamhúdaraithe”, “úsáid neamhúdaraithe” agus “úsáid” na bríonna a shanntar dóibh le hAcht 1963.

Forálacha airgcadais.

12. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo féadfaidh an tAire, gach bliain airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún i ndáil lena chlár caiteachais don bhliain, deontais a thabhairt de cibé méideanna a cheadóidh an tAire Airgeadais as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas faoi chomhair chaiteachas an Choimisiúin.

(2) Ní rachaidh an méid iomlán deontas a íocfar leis an gCoimisiún faoin alt seo thar £10,000,000.

(3) Déanfaidh Bardas Bhaile Átha Cliath, in ionad na gcaiteachas a thabhóidís ar shlí eile sa Lár-Limistéar Cathrach, cibé suimeanna airgid ar a gcomhaontófar leis an gCoimisiún nó, i gcás easaontú, cibé suimeanna airgid a chinnfidh an tAire, a íoc leis an gCoimisiún in aghaidh na bliana.

(4) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais treoir ghinearálta a thabhairt don Choimisiún i scríbhinn á shonrú an tslí a sheolfaidh an Coimisiún a ghnóthaí airgeadais agus á cheangal cistí an Choimisiúin a fheidhmiú i cibé slí a shonrófar sa treoir.

(b) Nuair a bheidh an Coimisiún ag feidhmiú a fheidhmeanna, déanfaidh sé de réir aon treorach a thugtar dó faoin alt seo.

(c) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chumasaíonn don Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil leis an gCoimisiún do chomhlíonadh feidhme a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi i gcás áirithe nó in imthosca áirithe.

Achtacháin eile a aisghairm, a oiriúnú, etc.

13. —(1) Más dóigh leis an Aire—

(a) ag féachaint d'aon fhoráil den Acht seo, gur cuí déanamh amhlaidh, nó

(b) gur gá nó gur fóirsteanach é chun a chumasú d'aon achtachán (seachas an tAcht seo) nó d'aon ordú, rialachán, riail, fodhlí nó ionstraim eile éifeacht a bheith leis i gcomhréir leis an Acht seo, nó

(c) gur gá nó gur fóirsteanach é chun aon neamhréireacht a leigheas idir aon achtachán nó ionstraim den sórt sin agus an tAcht seo, nó

(d) go ndéanfaidh aon fhoráil den Acht seo aon achtachán nó ionstraim den sórt sin neamhriachtanach,

féadfaidh an tAire, i ndáil le haon achtachán nó ionstraim den sórt sin, a fhoráil le hordú—

(i) go mbeidh feidhm aige maidir leis an gCoimisiún fara aon mhodhnú nó oiriúnú a shonraítear san ordú, nó

(ii) nach mbeidh feidhm aige maidir leis an gCoimisiún, nó

(iii) go leasófar, go n-aisghairfear, go gcúlghairfear nó go bhfoirceannfar é.

(2) I gcás go mbeartaíonn an tAire ordú a dhéanamh faoin alt seo, déanfar dréacht den ordú atá beartaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(3) San alt seo folaíonn “achtachán” Acht áitiúil.

Orduithe.

14. —Féadfaidh an tAire le hordú ó am go ham ordú faoin Acht seo (lena n-áirítear aon ordú a dhéanfar faoin alt seo) a leasú agus, i gcás gur le toiliú Aire den Rialtas nó tar éis dul i gcomhairle leis a rinneadh an t-ordú a bheidh le leasú amhlaidh, ní mór don Aire, sula ndéanfaidh sé an t-ordú faoin alt seo, ina theannta sin, toiliú an Aire sin den Rialtas a fháil, nó dul i gcomhairle leis (de réir mar is iomchuí).

Caiteachais.

15. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

16. —(1) Féadfar an tAcht um Choimisiún Sráideanna Cathrach Bhaile Átha Cliath, 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.