An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Forálacha Ginearálta a Bhaineann le Truailliú Aeir) Ar Aghaidh (CUID IV Limistéir faoi Rialú Speisialta)

6 1987

AN tACHT UM THRUAILLIÚ AEIR, 1987

CUID III

Gléasra Tionscail a Cheadúnú

Ceadúnas chun gléasra tionscail a oibriú.

30. —(1) Ní oibreoidh duine gléasra tionscail seachas gléasra tionscail láithreach, ar cibé lá a bheidh forordaithe nó dá éis mura mbeidh ceadúnas faoin Acht seo i bhfeidhm i ndáil leis an ngléasra.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil nach ndéanfar gléasra tionscail láithreach de cibé aicme a bheidh sonraithe sna rialacháin a oibriú ar cibé dáta a bheidh sonraithe amhlaidh nó dá éis mura mbeidh ceadúnas faoin Acht seo i bhfeidhm i ndáil leis an ngléasra.

(3) I gcás go dtiocfaidh rialacháin faoi fho-alt (2) i ngníomh, ansin, maidir le gléasra tionscail láithreach, lena mbaineann na rialacháin, a oibriú, measfar sa tréimhse sula ndeonaítear nó sula ndiúltaítear ceadúnas i ndáil leis an ngléasra, nár shárú é ar fhorálacha an Achta seo: ar choinníoll gurb amhlaidh, roimh an dáta a bheidh sonraithe sna rialacháin sin, go ndearnadh iarratas ar cheadúnas i leith an ghléasra sin agus gur chomhlíon an t-iarratasóir ar an gceadúnas ceanglais rialachán arna ndéanamh faoi alt 31 i ndáil leis an iarratas ar an gceadúnas.

Rialacháin maidir le ceadúnais.

31. —(1) Déanfaidh an tAire foráil, le rialacháin, maidir le húdaráis áitiúla do dheonú ceadúnas do dhaoine a dhéanann iarratas chuig an údarás áitiúil lena mbaineann agus a chomhlíonann ceanglais na rialachán i ndáil le hiarratais den sórt sin nó a chomhlíonann na ceanglais a rinneadh de bhun na rialachán sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) foirm an iarratais agus an cheadúnais;

(b) iarratasóirí d'fhoilsiú cibé fógraí a bheidh sonraithe;

(c) na pleananna, na doiciméid agus an fhaisnéis agus na sonraí eile a bheidh le cur isteach ag iarratasóirí a shonrú;

(d) a cheangal ar iarratasóirí cibé faisnéis nó, sonraí breise a thabhairt i ndáil lena n-iarratais a iarrfaidh an t-údarás áitiúil;

(e) a cheangal go dtabharfar fianaise ar aird chun aon fhaisnéis agus sonraí a thug iarratasóir a fhíorú;

(f) a cheangal ar údaráis áitiúla aon fhaisnéis shonraithe i ndáil le haon iarratais agus leis an modh inar déileáladh leo a thabhairt don Aire agus d'aon daoine sonraithe eile, nó aon fhógraí sonraithe a fhoilsiú i ndáil le hiarratais ar cheadúnais agus i ndáil le ceadúnais a dheonú nó a dhiúltú;

(g) an tréimhse a shonrú ar laistigh di a dhéileálfaidh údaráis áitiúla le hiarratais;

(h) a cheangal ar iarratasóir costas aon imscrúdaithe a sheol údarás áitiúil i ndáil le hiarratas a ghlanadh nó a pháirtghlanadh.

(3) (a) Más rud é, i ndáil le hiarratas ar cheadúnas, nó ar athbhreithniú ar cheadúnas faoin Acht seo, nó i ndáil le hachomharc ag éirí as iarratas den sórt sin, go ndéanfaidh duine ráiteas i scríbhinn is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

(b) Má chiontaítear duine i gcion faoin bhfo-alt seo, beidh aon cheadúnas a eisíodh chuig an duine sin de dhroim an iarratais nó an achomhairc ar i ndáil leis a tugadh an fhaisnéis arna chúlghairm ó dháta an chiontaithe.

(4) Maidir le glanadh nó páirtghlanadh costais a cheanglaítear a dhéanamh faoi rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, beidh an céanna iníoctha ar é á iarraidh agus, mura n-íocfar amhlaidh é, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Ceadúnais a dheonú.

32. —(1) Más rud é—

(a) go ndéantar iarratas ar cheadúnas faoin Acht seo chuig údarás áitiúil de réir rialachán faoi alt 31,

(b) gur comhlíonadh ceanglais na rialachán sin nó na ceanglais a rinneadh de bhun na rialachán sin,

féadfaidh an t-údarás áitiúil, faoi réir alt 35 (2), a chinneadh an ceadúnas a dheonú faoi réir coinníollacha nó gan choinníollacha nó an t-iarratas a dhiúltú.

(2) Nuair a bheidh údarás áitiúil ag breithniú iarratais ar cheadúnas faoin Acht seo, beidh aird aige ar na nithe seo—

(a) aon phlean bainisteoireachta aercháilíochta a bheidh i bhfeidhm i ndáil leis an limistéar lena mbaineann, agus

(b) aon ordú um limistéar faoi rialú speisialta a bheidh i ngníomh i ndáil leis an limistéar sin.

(3) Ní dheonóidh údarás áitiúil ceadúnas i ndáil le gléasra tionscail mura deimhin leis—

(a) go mbainfear leas as an dóigh is fearr is féidir le haon astaíochtaí ón ngléasra a chosc nó a theorannú,

(b) go gcomhlíonfaidh aon astaíochtaí ón ngléasra aon luach teorann astaíochta iomchuí,

(c) nach dtiocfaidh de thoradh aon astaíochtaí ón ngléasra go sárófar aon chaighdeán aercháilíochta iomchuí,

agus, más iomchuí, cuirfidh an t-údarás áitiúil coinníollacha i ndáil leis na hábhair a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) i gceangal leis an gceadúnas.

(4) Gan dochar go ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (3), féadfaidh coinníollacha a bheidh i gceangal le ceadúnas faoin Acht seo—

(a) cineál, comhdhéanamh, teocht, toirt, ráta agus suíomh astaíochta a shonrú;

(b) na tréimhsí a shonrú a bhféadfar, nó nach bhféadfar, astaíocht a dhéanamh lena linn;

(c) tiúchan truailleáin in aer na timpeallachta, nó ráta taiscthe, nach sárófar, a shonrú;

(d) aon ábhair a shonrú a bhaineann le dearadh, déanamh agus airde na simléar, na múchán, na gcruach nó na n-easraisí eile trína ndéanfar astaíocht;

(e) na dóigheanna a shonrú (lena n-áirítear gléasra, trealamh agus saoráidí eile a sholáthar, a oibriú, a chothabháil agus a mhaoirsiú agus nósanna imeachta sonraithe a úsáid) a mbeidh leas le baint astu chun astaíocht a rialú;

(f) a cheangal go ndéanfar méadair, tomhsairí agus gairis agus deiseanna eile chun monatóireacht a dhéanamh ar chineál, méid agus iardraí astaíochtaí a sholáthar, a oibriú agus a chothabháil;

(g) a cheangal go dtógfar agus go n-anailíseofar samplaí, go ndéanfar tomhais, go gcoimeádfar taifid agus go dtabharfar faisnéis don údarás áitiúil nó d'aon duine eile a bheidh sonraithe;

(h) na bearta a shonrú a thógfar má tharlaíonn cliseadh do ghléasra tionscail a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'astaíochtaí ón ngléasra;

(i) an cineál breosla a shonrú a úsáidfear nó nach n-úsáidfear, de réir mar a bheidh;

(j) a cheangal go ndéanfar íocaíochtaí leis an údarás áitiúil lena mbaineann i ndáil le costais a thabhófar ag monatóireacht astaíochtaí nó ar shlí eile i ndáil le hastaíochtaí;

(k) an dáta is déanaí a shonrú chun aon choinníollacha atá i gceangal leis an gceadúnas a chomhlíonadh.

(5) Más rud é, tar éis d'údarás áitiúil iarratas ar cheadúnas faoin Acht seo a bhreithniú, go gcinnfidh sé—

(a) go ndeonófar an ceadúnas, tabharfaidh sé scéala láithreach don iarratasóir i dtaobh an chinnidh agus i dtaobh aon choinníollacha a bheidh i gceangal leis an gceadúnas agus i dtaobh na bhfáthanna a bhí le haon choinníollacha den sórt sin a chur i gceangal amhlaidh, nó

(b) nach ndeonófar an ceadúnas, tabharfaidh sé scéala láithreach don iarratasóir i dtaobh an chinnidh agus i dtaobh na bhfáthanna a bhí leis an gcinneadh.

Ceadúnais a athbhreithniú.

33. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil ceadúnas faoin Acht seo a athbhreithniú tráth ar bith le toiliú an cheadúnaí, nó tráth nach luaithe n afada/> trí bliana ón dáta a deonaíodh an ceadúnas nó, de réir mar a bheidh, ón dáta a athbhreithníodh an ceadúnas don uair dheiridh.

(2) A luaithe is féidir tar éis dó athbhreithniú faoin alt seo a chur i gcrích, féadfaidh údarás áitiúil a chinneadh ceadúnas athleasaithe a dheonú de bhun an Achta seo in ionad an cheadúnais a athbhreithníodh.

(3) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó aon fhorála i gceadúnas faoin Acht seo—

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil a dheonaigh ceadúnas den sórt sin é a athbhreithniú—

(i) má bhíonn foras réasúnach ag an údarás áitiúil chun a chreidiúint go bhfuil aon astaíocht ón ngléasra tionscail lena mbaineann an ceadúnas ina mórphriacal truaillithe aeir, nó

(ii) má tháinig athrú ábhartha ar chineál nó ar mhéid na hastaíochta, nó

(iii) má tháinig athrú ábhartha, nárbh fhéidir coinne a bheith leis an tráth a deonaíodh an ceadúnas, ar an aercháilíocht sa limistéar ina bhfuil an gléasra tionscail lena mbaineann an ceadúnas, nó

(iv) má bhíonn fianaise bhreise agus níos fearr, nach raibh ar fáil an tráth a deonaíodh an ceadúnas, ar fáil maidir le truailleán atá i láthair san astaíocht lena mbaineann nó maidir le hiardraí an truailleáin sin, nó

(v) má dhéanann an ceadúnaí iarratas chuig an údarás áitiúil lena mbaineann chun an ceadúnas a athbhreithniú;

(b) más rud é—

(i) go mbeidh luach teorann astaíochta iomchuí sonraithe i rialacháin faoi alt 51 i ndáil le haon truailleán a astaítear ón ngléasra tionscail lena mbaineann an ceadúnas, nó

(ii) go mbeidh caighdeán aercháilíochta iomchuí sonraithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 50 i ndáil le haon truailleán a astaítear ón ngléasra tionscail lena mbaineann an ceadúnas, nó

(iii) go dtiocfaidh ordú um limistéar faoi rialú speisialta a fhearann ar aon truailleán a astaítear ón ngléasra tionscail lena mbaineann an ceadúnas i ngníomh i ndáil leis an limistéar ina bhfuil an gléasra tionscail suite, nó

(iv) go n-eiseoidh an tAire aon treoracha ina sonróidh sé an dóigh is fearr is féidir chun astaíocht lena mbaineann an ceadúnas a chosc nó a theorannú,

déanfaidh an t-údarás áitiúil, a luaithe is féidir tar éis na rialacháin a dhéanamh, an t-ordú a theacht i ngníomh nó na treoracha a thabhairt, de réir mar a bheidh, an ceadúnas a athbhreithniú,

agus beidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le hathbhreithniú faoin bhfo-alt seo.

(4) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críche an ailt seo.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin bhfo-alt seo i ndáil le haon cheann nó gach ceann de na hábhair seo a leanas—

(i) an t-údarás áitiúil do thabhairt fógra go bhfuil sé i gceist aige ceadúnas a athbhreithniú,

(ii) a cheangal ráiteas a thabhairt i bhfógra den sórt sin go bhféadfar uiríll i ndáil leis an athbhreithniú a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe, agus

(iii) a cheangal ar údaráis áitiúla aon fhógraí sonraithe a fhoilsiú maidir le cinneadh ceadúnas athleasaithe a dheonú.

(5) Nuair a bheidh ceadúnas á athbhreithniú faoin alt seo, beidh aird ag údarás áitiúil ar na nithe seo a leanas—

(a) aon athrú ar aercháilíocht ina limistéar feidhme, agus

(b) forbairt an eolais teicniúil i ndáil le truailliú aeir agus iardraí truailleán.

Achomhairc.

34. —(1) Féadfaidh aon duine, tráth ar bith sula rachaidh an tréimhse fhorordaithe in éag, achomharc a dhéanamh chun an Bhoird Pleanála i ndáil le ceadúnas a dheonú nó a dhiúltú faoi alt 32, nó i ndáil le ceadúnas athleasaithe a dheonú faoi alt 33.

(2) Tar éis don Bhord Pleanála achomharc a bhreithniú faoin alt seo, déanfaidh sé (de réir mar is cuí leis) an t-achomharc a dhiúltú nó treoracha cuí a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann i ndáil le ceadúnas a dheonú nó a dhiúltú agus, i gcás treoracha den sórt sin a thabhairt, ní mór don údarás áitiúil lena mbaineann déanamh de réir na dtreoracha a luaithe is féidir tar éis iad a fháil.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin, foráil a dhéanamh le haghaidh aon ábhar gnáthaimh i ndáil le hachomharc faoin alt seo.

(4) Maidir le rialacháin faoin alt seo féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha, iarmhartacha agus idirlinne (lena n-áirítear modhnú ar aon fhoráil de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, nó cur chun feidhme aon fhorála de na hAchtanna sin) a bheith iontu is dóigh leis an Aire is gá.

Táillí.

35. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a dhéanfaidh foráil—

(a) maidir le táillí forordaithe a íoc le húdaráis áitiúla i ndáil le hiarratais—

(i) ar cheadúnais faoin Acht seo, nó

(ii) ar athbhreithnithe ar cheadúnais faoi alt 33.

(b) maidir le táillí forordaithe a íoc leis an mBord Pleanála i ndáil le hachomhairc faoi alt 34,

agus féadfar foráil a dhéanamh leis na rialacháin maidir le táillí éagsúla i ndáil le cásanna d'aicmí nó de thuairiscí éagsúla, maidir le díolmhú ó tháillí a íoc in imthosca sonraithe, maidir le táillí a tharscaoileadh, a loghadh nó a aisíoc (go hiomlán nó go páirteach) in imthosca sonraithe agus maidir leis an modh ina ndiúscrófar táillí.

(2) Más rud é faoi rialacháin faoin alt seo go mbeidh táille iníoctha le húdarás áitiúil ag iarratasóir i leith iarratais dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní chinnfidh an t-údarás an t-iarratas mura mbeidh an táille faighte ag an údarás.

(3) Más rud é faoi rialacháin faoin alt seo go mbeidh táille iníoctha leis an mBord Pleanála ag achomharcóir i leith achomhairc aige chuig an mBord Pleanála, beidh an t-achomharc neamhbhailí mura bhfaighidh An Bord Pleanála an táille fhorordaithe roimh éag don tréimhse fhorordaithe chun an t-achomharc a dhéanamh.

Teorainn le ré ceadúnais.

36. —(1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é, maidir le gléasra tionscail lena mbaineann ceadúnas faoin Acht seo—

(a) nach mbeidh oibríochtaí tosaithe aige laistigh de thrí bliana ón dáta a deonaíodh an ceadúnas, nó

(b) go mbeidh scortha d'oibríochtaí aige ar feadh tréimhse tri bliana ar a laghad,

scoirfidh an ceadúnas d'éifeacht a bheith leis.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) má deonaíodh ceadúnas sular foirgníodh gléasra tionscail nó sular thosaigh gléasra tionscail ar na hoibríochtaí, agus i gcás gur deimhin leis an údarás áitiúil, ag féachaint do chineál agus do mhéid na n-oibreacha foirgníochta agus d'aon chúinsí iomchuí eile, gur chóir don cheadúnas leanúint i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse is dóigh leis an údarás áitiúil is réasúnach, ag féachaint do na himthosca uile.

Athrú ar úinéireacht gléasra tionscail.

37. —(1) I gcás ceadúnas a dheonú faoin Acht seo ansin, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an gceadúnas, faibhreoidh deonú an cheadúnais chun tairbhe don ghléasra tionscail agus do gach duine a mbeidh leas aige ann de thuras na huaire, ach sin gan dochar d'fhorálacha alt 33 i ndáil le hathbhreithniú an cheadúnais.

(2) Más rud é maidir le duine dár deonaíodh ceadúnas faoin Acht seo, go scoirfidh sé dá leas sa ghléasra tionscail lena mbaineann an ceadúnas a shealbhú nó go n-aistreoidh sé an leas sin chuig duine eile, tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás áitiúil a dheonaigh an ceadúnas—

(a) á rá nach sealbhaíonn sé leas feasta sa ghléasra tionscail lena mbaineann, agus

(b) i dtaobh ainm an duine ar aistríodh a leas sa ghléasra chuige.

Athruithe i ngléasra tionscail.

38. —(1) Ní mór d'áititheoir gléasra tionscail—

(a) is gléasra a bhfuil ceadúnas i bhfeidhm ina leith faoin Acht seo, nó

(b) is gléasra tionscail láithreach nach gceanglaítear a oibriú a cheadúnú faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 30,

fógra a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá an gléasra tionscail suite má bheartaíonn sé—

(i) aon athrú nó athfhoirgniú a dhéanamh ar an ngléasra, nó

(ii) aon athrú a dhéanamh ar na próisis a bheidh á seoladh ann,

agus go gcuirfeadh nó gur dócha go gcuirfidh an t-athrú nó an t-athfhoirgniú sin go suntasach le hastaíochtaí ón ngléasra nó go dtiocfadh, nó gur dócha go dtiocfaidh, astaíochtaí nua ón ngléasra dá mbarr.

(2) Aon uair a gheobhaidh údarás áitiúil fógra faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo—

(a) má bhíonn ceadúnas i bhfeidhm maidir leis an ngléasra tionscail lena mbaineann, an ceadúnas a athbhreithniú faoi alt 33 nó a ordú don áititheoir iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nua, nó

(b) mura mbeidh aon cheadúnas den sórt sin i bhfeidhm, a ordú don áititheoir iarratas a dhéanamh ar cheadúnas,

agus ní dhéanfaidh an t-áititheoir an t-athrú nó an t-athfhoirgniú go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú curtha i gcrích nó go mbeidh an ceadúnas nua nó an ceadúnas, de réir mar a bheidh, deonaithe.

(3) I gcás go gcinnfidh údarás áitiúil de bhun fho-alt (2) ar cheadúnas a athbhreithniú nó ar ordú a thabhairt don áititheoir lena mbaineann, iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nua nó, de réir mar a bheidh, ar cheadúnas, cuirfidh an t-údarás áitiúil an méid sin i bhfios don áititheoir lena mbaineann laistigh de mhí amháin ón dáta a fuair sé an fógra faoin alt seo agus mura gcuirfear an méid sin i bhfios don áititheoir sin, scoirfidh fo-alt (2) d'éifeacht a bheith leis i ndáil leis an athrú nó leis an athfhoirgniú a shonraítear san fhógra.