|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Leasú ar Acht 1931) | Ar Aghaidh (CUID IV Cothabháil) |
AN tACHT UM STÁDAS LEANAÍ, 1987
| [EN] | ||||
| [EN] |
CUID III Caomhnóireacht | |||
| [EN] |
Míniú (Cuid III). |
8. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 . | ||
| [EN] |
Leasú ar alt 2 d'Acht 1964. |
9. —Leasaítear leis seo Acht 1964 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 2: | ||
| ||||
| [EN] |
Atharthacht a chruthú in imeachtaí áirithe. |
10. —Leasaítear leis seo Acht 1964 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3: | ||
| [EN] | “3A.—Más rud é, in aon imeachtaí os comhair aon chúirte i dtaobh iarratais ar ordú faoin Acht seo (seachas a mhéid sin d'aon imeachtaí a mbaineann alt 15 d'Acht 1987 leis) maidir le naíon nár phós a athair agus a mháthair a chéile, go líomhnaítear i leith duine (ar páirtí é sna himeachtaí), nó gó líomhnaíonn sé féin, gurb é athair an naín é ach nach ngéilleann páirtí sna himeachtaí don líomhain sin, ní dhéanfaidh an chúirt, ar an iarratas sin, aon ordú críochnaitheach a fhorchuireann aon oibleagáid ar an duine sin nó a thugann aon cheart dó mura gcruthófar gur dóichí gurb é athair an naín é: | |||
| [EN] | Ar choinníoll nach bhfuil feidhm ag an alt seo ach amháin sa chás ina mbaineann sé le hábhar sna himeachtaí gurb é an duine sin, nó nach é an duine sin, athair an naín.”. | |||
| [EN] |
Leasú ar alt 6 d'Acht 1964. |
11. —Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1964 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | ||
| [EN] | “(4) I gcás nár phós máthair naín athair an naín, is í féin amháin, fad a mhaireann sí, a bheidh ina caomhnóir ar an naíon mura mbeidh ordú i bhfeidhm faoi alt 6A (arna chur isteach le hAcht 1987) den Acht seo nó mura mbeidh caomhnóir ceaptha ar shlí eile de réir an Achta seo.”. | |||
| [EN] |
Cumhacht cúirte aithreacha áirithe a cheapadh mar chaomhnóirí. |
12. —Leasaítear leis seo Acht 1964 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6: | ||
| [EN] | “6A.—(1) I gcás nár phós athair agus máthar naín a chéile, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón athair, é a cheapadh le hordú chun bheith ina chaomhnóir ar an naíon. | |||
| [EN] | (2) Gan dochar d'fhorálacha ailt 5 (3) (arna chur isteach le hAcht na gCúirteanna, 1981 ), 8 (4) agus 12 den Acht seo, má cheapann an chúirt athair naín mar chaomhnóir ar an naíon faoin alt seo ní dhéanfaidh an ceapachán sin difear do cheapachán aon duine roimhe sin mar chaomhnóir ar an naíon faoi alt 8 (1) den Acht seo mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt. | |||
| [EN] | (3) Socróidh rialacha cúirte nós imeachta speisialta maidir le hiarratas faoin alt seo a chinneadh— | |||
| [EN] | (a) i gcás go dtabharfaidh an mháthair a toiliú i scríbhinn leis an athair a cheapadh ina chaomhnóir, agus | |||
| [EN] | (b) i gcás go mbeidh an t-athair cláraithe mar an athair i gclár arna chothabháil faoi na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1987, | |||
| [EN] | agus beidh an nós imeachta sin chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir agus i gcomhréir le riaradh an cheartais.”. | |||
| [EN] |
Leasú ar alt 11 d'Acht 1964. |
13. —Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1964 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | ||
| [EN] | “(4) I gcás naíon nár phós a athair agus a mháthair a chéile beidh ag an athair, i gcás nach caomhnóir é ar an naíon, an ceart chun iarratas a dhéanamh faoin alt seo maidir le coimeád an naín agus ceart rochtana a athar nó a mháthar air agus chun na críche sin déanfar tagairtí san alt seo d'athair nó do thuismitheoir naín a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí dósan.”. |