An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS (NA COMHPHOBAIL EORPACHA), 1988) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Téacs de Phrótacal 1971 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus le Coinbhinsiún Aontachais 1982)

3 1988

AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS (NA COMHPHOBAIL EORPACHA), 1988

AN CHÉAD SCEIDEAL

Téacs Choinbhinsiún 1968 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus le Coinbhinsiún Aontachais 1982

Alt 3.

COINBHINSIÚN

ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

BROLLACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA SA CHON-RADH AG BUNÚ CHOMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA hEORPA,

Ós mian leo go gcuirfear i ngníomh na forálacha in Airteagal 220 den Chonradh sin ar ghabh siad orthu féin dá mbua a áirithint go simpleofaí na foirmiúlachtaí a bhaineann le breithiúnais ó chúirteanna nó ó bhinsí a aithint agus a fhorghníomhú go cómhalartach;

Ós é a miangas go neartófar sa Chomhphobal an chosaint dhlíthiúil ar dhaoine atá bunaithe ann;

De bhrí gur gá chun na críche sin dlínse idirnáisiúnta a gcúirteanna a chinneadh, aithint a éascú agus nós imeachta gasta a thabhairt isteach chun a áirithint go bhforghníomhófar breithiúnais, ionstraimí barántúla agus socraíochtaí cúirte;

Tar éis cinneadh ar an gCoinbhinsiún seo a chur i gcrích agus chuige sin tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtaigh:

(Ainmniúcháin Lánchumhachtaigh na sé Stát Chonarthacha bunaidh)

NOCH A RINNE, i dtionól na Comhairle, tar éis dóibh a Lánchumhachtaí, agus iad i bhfoirm cheart chuí, a thabhairt ar aird dá chéile,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

TEIDEAL I

RAON FEIDHME

Airteagal 1

Beidh feidhm leis an gCoinbhinsiún seo in ábhair shibhialta agus tráchtála, cibé cineál cúirte nó binse a bheidh i gceist. Eisiatar óna réim, go háirithe, cúrsaí ioncaim, custam agus riaracháin.

Eisiatar ó fheidhm an Choinbhinsiúin:

1. stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, maoin-chearta de bhua cóngais phósta, uachtanna agus comharbais;

2. féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin;

3. slándáil shóisialta;

4. eadráin.

TEIDEAL II

DLÍNSE

ROINN I

Forálacha ginearálta

Airteagal 2

Faoi réir fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, beidh daoine a bhfuil sainchónaí orthu i Stát Conarthach inagartha, cibé náisiúntacht atá acu, i gcúirteanna an Stáit sin.

Daoine nach náisiúnaigh den Stát ina bhfuil sainchónaí orthu, beidh siad faoi rialú ag na rialacha dlínse a bhaineann le náisiúnaigh an Stáit sin.

Airteagal 3

Daoine a bhfuil sainchónaí orthu i Stát Conarthach, ní féidir iad a agairt i gcúirteanna Stáit Chonarthaigh eile ach amháin de bhua na rialacha atá leagtha síos i Ranna 2 go 6 den Teideal seo.

Go háirithe ní bheidh na forálacha seo a leanas infheidhme ina gcoinne:

—sa Bheilg: Airteagal 15 den chód sibhialta (Code civil—Burgerlijk Wetboek) agus Airteagal 638 den chód breithiúnach (Code judiciaire—Gerechtelijk Wetboek);

—sa Danmhairg: Airteagal 248 (2) den dlí ar nós imeachta sibhialta (Lov om rettens pleje) agus Caibidil 3, Airteagal 3, den Acht um an nós imeachta sibhialta don Ghraonlainn (Lov for Grønland om rettens pleje);

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine: Airteagal 23 de chód an nós imeachta shibhialta (Zivilprozeβordnung);

—sa Ghréig: Airteagal 40 de chód an nós imeachta shibhialta (Κώδικας Πολιτικής Δικονομίας)

—sa Fhrainc: Airteagail 14 agus 15 den chód sibhialta (Code civil);

—in Éirinn: na rialacha á chumasú dlínse a bhunú ar dhoiciméad tionscanta na n-imeachtaí a bheith arna sheirbheáil ar an gcosantóir le linn dó bheith in Éirinn go sealadach;

—san Iodáil: Airteagal 2 agus Airteagal 4, Uimh. 1 agus 2, de chód an nós imeachta shibhialta (Codice di procedura civile);

—i Lucsamburg: Airteagail 14 agus 15 den chód sibhialta (Code civil);

—san Ísiltír: Airteagal 126 (3) agus Airteagal 127 de chod an nós imeachta shibhialta (Wetboek van Burgerlijke Rechtsvordering);

—sa Ríocht Aontaithe: na rialacha á chumasú dlínse a bhunú:

(a) ar dhoiciméad tionscanta na n-imeachtaí a bheith arna sheirbheáil ar an gcosantóir le linn dó bheith sa Ríocht Aontaithe go sealadach; nó

(b) ar mhaoin leis an gcosantóir a bheith sa Ríocht Aontaithe; nó

(c) ar urghabháil ag an ngearánaí ar mhaoin sa Ríocht Aontaithe.

Airteagal 4

Mura bhfuil sainchónaí i Stát Conarthach ar an gcosantóir, rialófar dlínse na gcúirteanna i ngach Stát Conarthach de réir dhlí an Stáit sin, faoi réir fhorálacha Airteagal 16.

Aon duine a bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach, cibé náisiúntacht atá aige, féadfaidh sé, ar nós náisiúnaigh an Stáit sin, leas a bhaint sa Stát sin, i gcoinne an chosantóra sin, as na rialacha dlínse atá i bhfeidhm ann agus go háirithe as na cinn a fhoráiltear sa dara mír d'Airteagal 3.

ROINN 2

Dlínse speisialta

Airteagal 5

Duine a bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach, féadfar é a agairt, i Stát Conarthach eile:

1. in ábhair a bhaineann le conradh, sna cúirteanna don áit i gcomhair chomhlíonadh na hoibleagáide áirithe;

2. in ábhair a bhaineann le cothabháil, sna cúirteanna don áit ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an gcreidiúnaí cothabhála nó, más ábhar é atá coimhdeach le himeachtaí i dtaobh stádais duine, sa chúirt ag a bhfuil, de réir a dlí féin, dlínse chun na himeachtaí sin a thriail, mura rud é nach bhfuil de bhonn faoin dlínse sin ach náisiúntacht cheann de na páirtithe;

3. in ábhair a bhaineann le tort, míghníomh nó samhail mhíghnímh, sna cúirteanna don áit inar tharla an teagmhas díobhálach;

4. i gcás éileamh sibhialta chun damáistí nó aisíocaíocht a ghnóthú mar gheall ar shárú ba shiocair le himeachtaí coiriúla, sa chúirt ar tugadh na himeachtaí sin faoina bráid, sa mhéid go bhfuil dlínse ag an gcúirt sin faoina dlí féin glacadh le himeachtaí sibhialta;

5. i gcás díospóide a éiríonn as oibríochtaí brainse nó gníomhaireachta nó bunaíochta eile, sna cúirteanna don áit ina bhfuil an brainse, an ghníomhaireacht nó an bhunaíocht eile;

6. ina cháil mar shocraitheoir, iontaobhaí nó tairbhí i leith iontaobhais a bunaíodh de bhun reachta nó le hionstraim i scríbhinn nó a bunaíodh de bhriathra béil agus a fianaíodh i scríbhinn, i gcúirteanna an Stáit Chonarthaigh a bhfuil sainchónaí an iontaobhais ann;

7. i gcás díospóide maidir le híoc luach saothair a éilíodh as last nó lucht a tharrtháil, sa chúirt ar faoina húdarás

(a) a gabhadh an last nó an lucht áirithe chun an íocaíocht sin a urrú, nó

(b) a bhféadfaí é a ghabháil amhlaidh, ach gur tugadh bannaí nó urrús eile;

ar an gcoinníoll nach mbeidh feidhm leis an bhforáil seo ach amháin nuair a éilítear go bhfuil leas ag an gcosantóir sa last nó sa lucht nó go raibh leas den sórt sin aige tráth na tarrthála.

Airteagal 6

Féadfar duine a bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach a agairt freisin:

1. más duine de líon cosantóirí é, sna cúirteanna don áit a bhfuil sainchónaí ar dhuine ar bith díobh;

2. mar thríú páirtí i gcaingean ar bharántas nó ráthaíocht nó in aon imeachtaí eile tríú páirtí, sa chúirt inar tionscnaíodh na himeachtaí bunaidh, mura rud é gur tionscnaíodh iad sin d'aontoisc chun é a thabhairt amach as dlínse na cúirte ab iomchuí ina chás;

3. i gcás frithéilimh a thig den chonradh céanna nó de na fíorais chéanna ab fhoras don éileamh bunaidh, sa chúirt ina bhfuil an t-éileamh bunaidh ar feitheamh.

Airteagal 6a

Más rud é de bhua an Choinbhinsiúin seo go bhfuil dlínse ag cúirt Stáit Chonarthaigh i gcaingne maidir le dliteanas a thig as úsáid nó oibriú loinge, beidh dlínse freisin ag an gcúirt sin, nó ag aon chúirt eile a bheidh curtha ina hionad chun na críche sin le dlí intíre an Stáit sin, i gcás éilimh chun an dliteanas sin a theorannú.

ROINN 3

Dlínse in ábhair a bhaineann le hárachas

Airteagal 7

In ábhair a bhaineann le hárachas, cinnfear dlínse de réir na Roinne seo, gan dochar d'fhorálacha Airteagail 4 agus 5.5.

Airteagal 8

Féadfar árachóir ar a bhfuil sainchónaí i Stát Conarthach a agairt:

1. i gcúirteanna an Stáit ina bhfuil sainchónaí air, nó

2. i Stát Conarthach eile, sna cúirteanna don áit ina bhfuil sainchónaí ar shealbhóir an pholasaí árachais, nó

3. más comhárachóir é, i gcúirteanna Stáit Chonarthaigh ina dtionscnaítear imeachtaí i gcoinne an phríomhárachóra.

Árachóir nach bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach ach a bhfuil brainse nó gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na Stáit Chonarthacha, measfar, i gcás díospóidí a thiocfaidh ar barr de dhroim oibríochtaí an bhrainse nó na gníomhaireachta nó na bunaíochta, sainchónaí a bheith air sa Stát sin.

Airteagal 9

Féadfar fairis sin an t-árachóir a agairt sna cúirteanna don áit inar tharla an teagmhas díobhálach más é a bhíonn i gceist árachas i leith dliteanais nó árachas ar mhaoin dhochorraithe. Is é an dála chéanna é má chumhdaítear maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe leis an bpolasaí céanna árachais agus go dtéann an teagmhas céanna chun dochair dóibh araon.

Airteagal 10

I gcás árachais i leith dliteanais, féadfar mar an gcéanna, má cheadaíonn dlí na cúirte é, an t-árachóir a uamadh in imeachtaí a thionscain an duine díobhálaithe i gcoinne an árachaí.

Beidh feidhm le forálacha Airteagail 7, 8 agus 9 i gcás caingne a thionscain an duine díobhálaithe go díreach i gcoinne an árachóra, má cheadaítear na caingne díreacha sin.

Má fhorálann an dlí maidir leis na caingne díreacha sin go bhféadfar sealbhóir an pholasaí nó an t-árachaí a uamadh mar pháirtí sa chaingean, beidh dlínse ag an gcúirt chéanna ina leith.

Airteagal 11

Gan dochar d'fhorálacha an tríú mír d'Airteagal 10, ní féidir leis an árachóir imeachtaí a thionscnamh ach amháin i gcúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir, cibé acu sealbhóir an pholasaí, nó an t-árachaí nó tairbhí é.

Ní dhéanfaidh forálacha na Roinne seo difear don cheart chun frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil an t-éileamh bunaidh ar feitheamh, de réir na Roinne seo.

Airteagal 12

Ní féidir imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú i dtaobh dlínse:

1. a dhéanfar tar éis an díospóid a theacht ar barr, nó

2. a cheadóidh do shealbhóir an pholasaí, don árachaí nó do thairbhí imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cinn a luaitear sa Roinn seo, nó

3. a chuirfear i gcrích idir sealbhóir polasaí agus árachóir, a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí orthu araon sa Stát Conarthach céanna tráth an chonartha a thabhairt chun críche agus arb é is éifeacht dó dlínse a thabhairt do chúirteanna an Stáit sin fiú i gcás an teagmhas díobhálach a tharlú ar an gcoigrich, ar an gcoinníoll nach bhfuil an comhaontú sin contrártha do dhlí an Stáit sin, nó

4. a dhéanfar le sealbhóir polasaí nach bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach, ach amháin sa mhéid gurb árachas éigeantach atá ann nó árachas a bhaineann le maoin dhochorraithe i Stát Conarthach, nó

5. a bhainfidh le conradh árachais sa mhéid go gcumhdaíonn sé fiontar nó fiontair dá luaitear in Airteagal 12a.

Airteagal 12a

Is iad seo a leanas na fiontair dá dtagraítear in Airteagal 12.5:

1. Aon chailleadh nó damáiste a bhainfidh

(a) do longa farraige, do chóracha amach ón gcladach nó ar muir, nó d'aerárthaí, de dhroim guaiseanna a bhaineann lena n-úsáid chun críocha tráchtála,

(b) d'earraí faoi bhealach, seachas bagáiste paisinéirí, agus iad á n-iompar go bun a mbealaigh nó ar chuid dá mbealach ag na longa nó na haerárthaí sin;

2. Aon dliteanas, seachas dliteanas i leith díobhála coirp do phaisinéirí nó i leith cailleadh nó damáiste a bhaint dá mbagáiste,

(a) a thig as úsáid nó oibriú long, córacha nó aerárthaí mar a luaitear in 1.(a) thuas sa mhéid nach gcuireann dlí an Stáit Chonarthaigh a bhfuil na haerárthaí sin cláraithe ann toirmeasc le comhaontuithe ar dhlínse maidir le hárachú na bhfiontar sin,

(b) i leith cailleadh nó damáiste a tharlóidh trí bhíthin earraí faoi bhealach mar a luaitear in 1.(b) thuas;

3. Aon chailleadh airgid i ndáil le húsáid nó oibriú long, córacha nó aerárthaí mar a luaitear in 1.(a) thuas, go háirithe cailleadh last-táillí nó íocaíochta as cairtfhostú;

4. Aon fhiontar nó leas a ghabhann leo sin a luaitear in 1. go 3. thuas.

ROINN 4

Dlínse ar chonarthaí tomhaltais

Airteagal 13

In imeachtaí maidir le conradh a chuir duine i gcrích chun críche a fhéadfar a mheas a bheith lasmuigh dá thrádáil nó dá ghairm, dá ngairtear an “tomhaltóir” anseo feasta, cinnfear dlínse leis an Roinn seo, gan dochar d'fhorálacha Airteagail 4 agus 5.5, más éard é:

1. conradh chun earraí a dhíol ar théarmaí creidmheasa tráthchoda, nó

2. conradh le haghaidh iasacht is iníoctha i dtráthchodanna, nó le haghaidh aon fhoirm eile chreidmheasa, arna dhéanamh chun díolachán earraí a mhaoiniú, nó

3. aon chonradh eile chun earraí a sholáthar nó conradh chun seirbhísí a sholáthar, agus

(a) go ndearnadh, i Stát sainchónaí an tomhaltóra, cuireadh sonrach a dhíriú chuige nó fógraíocht sular tugadh an conradh i gcrích, agus

(b) go ndearna an tomhaltóir sa Stát sin na bearta ba ghá chun an conradh a thabhairt i gcrích.

I gcás tomhaltóir do dhul i gconradh le páirtí nach bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach ach go bhfuil brainse nó gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na Stáit Chonarthacha, measfar sainchónaí a bheith ar an bpáirtí sin sa Stát sin i gcás díospóidí a thiocfaidh ar barr as oibríochtaí an bhrainse nó na gníomhaireachta nó na bunaíochta.

Ní bhainfidh an Roinn seo le conarthaí iompair.

Airteagal 14

Féadfaidh tomhaltóir imeachtaí a thabhairt in aghaidh an pháirtí eile i gconradh i gcúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí sin nó i gcúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil sainchónaí air féin.

Ní féidir le páirtí eile sa chonradh imeachtaí a thabhairt i gcoinne tomhaltóra ach amháin i gcúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir.

Ní dhéanfaidh na forálacha seo difear don cheart chun frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil an t-éileamh bunaidh ar feitheamh, de réir na Roinne seo.

Airteagal 15

Ní féidir imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú:

1. a dhéanfar tar éis díospóid a theacht ar barr, nó

2. a cheadóidh don tomhaltóir imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cinn a luaitear sa Roinn seo, nó

3. a dhéanfaidh an tomhaltóir agus an páirtí eile sa chonradh, agus sainchónaí nó gnáthchónaí orthu araon sa Stát Conarthach céanna tráth an chonartha a thabhairt chun críche, agus a thabharfaidh dlínse do chúirteanna an Stáit sin, ar an gcoinníoll nach bhfuil an comhaontú sin contrártha do dhlí an Stáit sin.

ROINN 5

Dlínse eisiatach

Airteagal 16

Beidh dlínse eisiatach ag na cúirteanna seo a leanas, ar neamhchead do shainchónaí:

1. in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh cearta in rem, nó tionóntachtaí, ar mhaoin dhochorraithe, cúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil an mhaoin;

2. in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh bailíocht chomhdhéanamh, neamhniú nó díscaoileadh cuideachtaí nó daoine dlítheanacha eile nó comhlachas de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó cinntí a thug orgáin dá gcuid, cúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil suíomh na cuideachta, an duine dhlítheanaigh nó an chomhlachais;

3. in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh bailíocht taifead i gcláir phoiblí, cúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil an clár á choimeád;

4. in imeachtaí a bhaineann le clárú nó le bailíocht paitinní, trádmharcanna, dearthaí, nó le cearta eile dá leithéid sin is gá a thaisceadh nó a chlárú, cúirteanna an Stáit Chonarthaigh inar iarradh an taisceadh nó an clárú, nó arb ann a rinneadh nó a mheastar faoi théarmaí coinbhinsiúin idirnáisiúnta go ndearnadh é;

5. in imeachtaí a bhaineann le breithiúnais a fhorghníomhú, cúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina ndearnadh, nó ina ndéanfar, an breithiúnas a fhorghníomhú.

ROINN 6

Dlínse a iarchur

Airteagal 17

Más rud é go ndearna na páirtithe, a bhfuil sainchónaí ar pháirtí nó páirtithe díobh i Stát Conarthach, comhaontú chun dlínse a bheith ag cúirt nó cúirteanna de chuid Stáit Chonarthaigh aon díospóidí a réiteach a tharla nó a tharlóidh i ndáil le comhbhaint dhlíthiúil áirithe, beidh dlínse eisiatach ag an gcúirt nó ag na cúirteanna sin. Ní foláir comhaontú den sórt sin a thugann dlínse a bheith i scríbhinn nó arna fhianú i scríbhinn nó, a bheith, i dtrádáil nó tráchtáil idirnáisiúnta, i bhfoirm atá de réir na gcleachtas sa trádáil nó sa tráchtáil sin ar a bhfuil eolas nó ar ar cheart go mbeadh eolas ag na páirtithe. I gcás comhaontú den sórt sin a bheith déanta ag páirtithe nach bhfuil sainchónaí ar aon pháirtí díobh i Stát Conarthach, ní bheidh aon dlínse ag cúirteanna Stát Conarthach eile ar a ndíospóidí mura rud é go mbeidh diúltaithe ag an gcúirt nó ag na cúirteanna a roghnaíodh do dhlínse.

An chúirt nó na cúirteanna de chuid Stáit Chonarthaigh dá dtugann ionstraim iontaobhais dlínse, beidh dlínse eisiatach aici nó acu in aon imeachtaí a thabharfar i gcoinne socraitheora, iontaobhaí nó tairbhí, má bhíonn comhbhaint i gceist idir na daoine sin nó a gcearta nó a n-oibleagáidí faoin iontaobhas.

Ní bheidh aon fheidhm dhlíthiúil ag comhaontuithe nó forálacha ionstraime iontaobhais a thugann dlínse má bhíonn siad contrártha d'fhorálacha Airteagail 12 nó 15, nó má bhíonn dlínse eisiatach de bhua Airteagal 16 ag na cúirteanna a bhfuil airbheartaithe acu a ndlínse a eisiamh.

Más ar mhaithe le haon cheann amháin de na páirtithe a rinneadh an comhaontú chun dlínse a thabhairt, beidh ag an bpáirtí sin i gcónaí an ceart chun imeachtaí a thabhairt in aon chúirt eile a bhfuil dlínse aici de bhua an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 18

Amach ó na cásanna ina bhfuil dlínse aici de bhua fhorálacha eile den Choinbhinsiún seo, beidh dlínse ag cúirt Stáit Chonarthaigh a dtaifeadfaidh cosantóir láithreas os a comhair. Ní bheidh feidhm leis an riail seo más conspóid na dlínse ba chuspóir don láithreas a thaifeadadh, nó má bhíonn dlínse eisiatach ag cúirt eile ann de bhua Airteagal 16.

ROINN 7

Fíorú ar dhlínse agus ar inghlacthacht

Airteagal 19

Cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh a dtabharfar os a comhair éileamh a bhaineann go príomha le hábhar a bhfuil dlínse eisiatach ina leith ag cúirteanna Stáit Chonarthaigh eile de bhua Airteagal 16, dearbhóidh sí as a treoir féin nach bhfuil aon dlínse aici.

Airteagal 20

Má dhéantar cosantóir a bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach amháin a agairt i gcúirt de chuid Stáit Chonarthaigh eile agus nach dtaifeadfaidh sé láithreas, dearbhóidh an chúirt as a treoir féin nach bhfuil aon dlínse aici mura bhfuil dlínse aici atá bunaithe ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo.

Cuirfidh an chúirt bac ar na himeachtaí fad a bheifear gan a shuíomh go raibh caoi ag an gcosantóir doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a fháil in am trátha chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint, nó go ndearnadh gach dícheall chuige sin.

Cuirfear in ionad fhorálacha na míre roimhe seo forálacha Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige dar dáta 15 Samhain, 1965 ar sheirbheáil doiciméad dlíthiúil agus seachdhlíthiúil in ábhair shibhialta nó tráchtála ar an gcoigrích, má ba ghá doiciméad tionscanta na n-imeachtaí, nó fógra ina dtaobh, a sheoladh amach ar an gcoigrích de réir an Choinbhinsiúin sin.

ROINN 8

Lis Pendens—Caingne gaolmhara

Airteagal 21

Má dhéantar imeachtaí leis an gcúis chéanna chaingne agus idir na páirtithe céanna a thionscnamh i gcúirteanna Stát Conarthach éagsúil, dlífidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú, ar a treoir féin, i bhfabhar na chéad chúirte sin.

Cúirt a dhlífeadh dlínse a dhiúltú, féadfaidh sí bac a chur ar a himeachtaí má chonspóidtear dlínse na cúirte eile.

Airteagal 22

Má thionscnaítear caingne gaolmhara i gcúirteanna Stát Conarthach éagsúil, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad, le linn na caingne a bheith ar feitheamh ar an gcéad chéim, bac a chur ar a himeachtaí.

Féadfaidh cúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair dlínse a dhiúltú freisin, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, má cheadaíonn dlí na cúirte sin caingne gaolmhara a dhlúthú agus go bhfuil dlínse i leith an dá chaingean ag an gcéad chúirt ar tugadh os a comhair iad.

Chun críocha an Airteagail seo, meastar caingne a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu lena chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí breithiúnais bunoscionn lena chéile mar ab fhéidir a theacht d'imeachtaí ar leithligh.

Airteagal 23

Má thagann caingne faoi dhlínse eisiatach cúirteanna éagsúla, dlífidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

ROINN 9

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha

Airteagal 24

Féadfar cibé bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, a bheidh ar fáil faoi dhlí Stáit Chonarthaigh a iarraidh ar chúirteanna an Stáit sin, fiú más rud é, faoin gCoinbhinsiún seo, go bhfuil dlínse ag cúirteanna Stáit Chonarthaigh eile maidir le substaint an ábhair.

Teideal III

AITHINT AGUS FORGHNÍOMHÚ

Airteagal 25

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, ciallaíonn “breithiúnas” aon bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt nó binse de chuid Stáit Chonarthaigh, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena n-áirítear foraithne, ordú, cinneadh, nó eascaire fhorghníomhaithe, mar aon le cinneadh ar chostais nó caiteachais ag oifigeach den chúirt.

ROINN 1

Aithint

Airteagal 26

Gheobhaidh breithiúnas a tugadh i Stát Conarthach aithint sna Stáit Chonarthacha eile gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach chuige sin.

Aon pháirtí leasmhar a thabharfaidh aithint bhreithiúnais faoi thrácht mar phríomhshaincheist i gconspóid féadfaidh sé, de réir an nós imeachta dá bhforáiltear i Ranna 2 agus 3 den Teideal seo, iarratas a dhéanamh ar chinneadh go ndlitear an breithiúnas a aithint.

Má bhíonn toradh imeachtaí i gcúirt de chuid Stáit Chonarthaigh ag brath ar cheist theagmhasach aithinte a chinneadh beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.

Airteagal 27

Ní aithneofar breithíunas:

1. má bhíonn an aithint sin contrártha don ord poiblí sa Stát ina n-iarrtar an aithint;

2. más d'éagmais láithris a tugadh an breithiúnas, mura ndearnadh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheirbheáil go cuí ar an gcosantóir in am trátha chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint;

3. má bhíonn an breithiúnas bunoscionn le breithiúnas a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa Stát ina n-iarrtar an aithint;

4. má rinne cúirt an Stáit inar tugadh an breithiúnas, d'fhonn teacht ar a breithiúnas, réamhcheist maidir le stádas nó le hinniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, le maoin-chearta de thoradh cóngais phósta, le huachtanna nó le comharbas, a chinneadh ar dhóigh atá contrártha le riail de dhlí idirnáisiúnta príobháideach an Stáit ina n-iarrtar an aithint, mura rud é gurb é an toradh céanna a thiocfadh de rialacha dhlí idirnáisiúnta príobháideach an Stáit sin a chur chun feidhme;

5. má bhíonn an breithiúnas bunoscionn le breithiúnas a tugadh roimhe sin i Stát neamh-Chonarthach agus é ag baint leis an gcúis chéanna chaingne agus idir na páirtithe céanna, nuair a chomhlíonann an breithiúnas deireanach seo na coinníollacha is gá chun é a aithint sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas.

Airteagal 28

Ina theannta sin, ní aithneofar breithiúnas má bhíonn sé contrártha le forálacha Roinn 3, 4 nó 5 de Theideal II, ná i gcás dá bhforáiltear in Airteagal 59.

Nuair a bheidh na forais dlínse a luaitear sa mhír roimhe seo faoi bhreithniú aige nó aici, beidh an t-údarás nó an chúirt chun a ndearnadh an t-iarratas faoi cheangal ag na cinntí fíorais a ndearna cúirt an Stáit inar tugadh an breithiúnas a dlínse a bhunú orthu.

Faoi réir fhorálacha na chéad mhíre, ní féidir dlínse chúirt an Stáit inar tugadh an breithiúnas a athbhreithniú; ní bheidh an fhoráil i dtaobh ord poiblí dá dtagraítear in Airteagal 27.1 inchurtha chun feidhme ar na rialacha maidir le dlínse.

Airteagal 29

Ní féidir i gcás ar bith breithiúnas coigríche a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte.

Airteagal 30

Féadfaidh cúirt i Stát Conarthach ina n-iarrtar aithint do bhreithiúnas a tugadh i Stát Conarthach eile bac a chur ar na himeachtaí má taisceadh gnáthachomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin.

Féadfaidh cúirt i Stát Conarthach ina n-iarrtar aithint do bhreithiúnas a tugadh in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe bac a chur ar na himeachtaí má bhíonn forghníomhú curtha ar fionraí, mar gheall ar achomharc, sa Stát inar tugadh an breithiúnas.

ROINN 2

Forghníomhú

Airteagal 31

Déanfar breithiúnas a tugadh i Stát Conarthach agus is infhorghníomhaithe sa Stát sin a fhorghníomhú i Stát Conarthach eile nuair a bheidh, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, ordú a fhorghníomhaithe eisithe sa Stát eile sin.

Sa Ríocht Aontaithe, áfach, déanfar breithiúnas den sórt sin a fhorghníomhú i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, in Albain, nó i dTuaisceart Éireann nuair a bheidh sé cláraithe, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, lena fhorghníomhú sa chuid sin den Ríocht Aontaithe.

Airteagal 32

Is chucu seo a bheidh an t-iarratas le déanamh:

—sa Bheilg, an tribunal de première instance nó an rechtbank van eerste aanleg;

—sa Danmhairg, an underret;

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, uachtarán dlísheomra den Landgericht;

—sa Ghréig, an (Μονομελέζ Πρωτοδικείο)

—sa Fhrainc, uachtarán an tribunal de grande instance;

—in Éirinn, an Ard-Chúirt;

—san Iodáil, an corte d'appello;

—i Lucsamburg, uachtarán an tribunal d'arrondissement;

—san Ísiltír, uachtarán an arrondissementsrechtbank;

—sa Ríocht Aontaithe:

1. i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, an High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Magistrates' Court tríd an Secretary of State;

2. in Albain, an Court of Session nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Sheriff Court tríd an Secretary of State;

3. i dTuaisceart Éireann, an High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Magistrates' Court tríd an Secretary of State.

Cinnfear dlínse cúirteanna áitiúla de réir na háite a bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne. Mura bhfuil sainchónaí air sa Stát a n-iarrtar an forghníomhú ann, cinnfear í de réir áit an fhorghníomhaithe.

Airteagal 33

Is de réir dhlí an Stáit a n-iarrtar forghníomhú ann a rialófar an nós imeachta maidir leis an iarratas a thaisceadh.

Ní foláir don iarratasóir seoladh a thabhairt le haghaidh seirbheála próise i limistéar dlínse na cúirte chun a ndéantar an t-iarratas. Ach más rud é nach bhforálann dlí an Stáit a n-iarrtar forghníomhú ann seoladh mar sin a bheith le tabhairt, ceapfaidh an t-iarratasóir ionadaí ad litem.

Ní foláir na doiciméid a luaitear in Airteagail 46 agus 47 a bheith i gceangal leis an iarratas.

Airteagal 34

Tabharfaidh an chúirt chun a ndéantar an t-iarratas a breith ar an iarratas gan mhoill; agus ní fhéadfaidh an páirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne aon aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an iarratas ag an gcéim seo de na himeachtaí.

Ní féidir diúltú don iarratas ach ar chúis dá bhforáiltear in Airteagail 27 agus 28.

Ní féidir i gcás ar bith an breithiúnas coigríche a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte.

Airteagal 35

Déanfaidh oifigeach iomchuí na cúirte, gan mhoill, an bhreith a tugadh ar an iarratas a chur in iúl don iarratasóir, de réir an nós imeachta a leagadh síos le dlí an Stáit a n-iarrtar forghníomhú ann.

Airteagal 36

Má údaraítear forghníomhú, féadfaidh an páirtí ar iarradh forghníomhú ina choinne achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe laistigh de mhí ó lá a seirbheála.

Má tá sainchónaí ar an bpáirtí sin i Stát Conarthach seachas an ceann inar tugadh an bhreith a d'údaraigh forghníomhú, beidh tréimhse dhá mhí ann le haghaidh achomhairc agus rithfidh sí ó lá na seirbheála, air féin go pearsanta nó ag a ionad cónaithe. Ní féidir cur leis an tréimhse sin mar gheall ar fhad slí ó bhaile.

Airteagal 37

Déanfar achomharc i gcoinne na breithe a d'údaraigh forghníomhú a thaisceadh de réir rialacha an nós imeachta in ábhair chointinneacha:

—sa Bheilg, sa tribunal de première instance nó sa rechtbank van eerste aanleg;

—sa Danmhairg, sa landsret;

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, san Oberlandesgericht;

—sa Ghréig, san (ΕΦετείο)

—sa Fhrainc, sa cour d'appel;

—in Éirinn, san Ard-Chúirt;

—san Iodáil, sa corte d'appello;

—i Lucsamburg, sa cour supérieure de Justice ina suí di mar chúirt achomhairc shibhialta;

—san Ísiltír, san arrondissementsrechtbank;

—sa Ríocht Aontaithe:

1. i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, sa High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, sa Magistrates' Court;

2. in Albain, sa Court of Session nó, i gcás breithiúnais chothabhála, sa Sheriff Court;

3. i dTuaisceart Éireann, sa High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, sa Magistrates' Court.

Ní féidir an breithiúnas a tugadh ar an achomharc a chonspóid ach amháin:

—sa Bheilg, sa Ghréig, sa Fhrainc, san Iodáil, i Lucsamburg agus san Ísiltír, trí achomharc en cassation;

—sa Danmhairg, trí achomharc chuig an højesteret, le cead ón Aire Dlí agus Cirt;

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine trí Rechtsbeschwerde;

—in Éirinn, trí achomharc ar phointe dlí chuig an gCúirt Uachtarach;

—sa Ríocht Aontaithe, trí aon achomharc amháin eile ar phointe dlí.

Airteagal 38

Féadfaidh an chúirt ar tugadh an t-achomharc faoin gcéad mhír d'Airteagal 37 os a comhair, má iarrann an t-achomharcóir é, bac a chur leis na himeachtaí i gcás gnáthachomharc i gcoinne an bhreithiúnais a bheith taiscthe sa Stát inar tugadh an breithiúnas, nó mura bhfuil an tréimhse le haghaidh achomhairc den sórt sin dulta in éag fós; sa chás deiridh sin, féadfaidh an chúirt a shonrú cad é an tréimhse le haghaidh achomharc den sórt sin a thaisceadh.

Más in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe a tugadh an breithiúnas, measfar aon chineál achomhairc is indéanta sa Stát inar tugadh é a bheith ina ghnáthachomharc chun críocha na chéad mhíre.

Féadfaidh an chúirt freisin é a chur de choinníoll leis an bhforghníomhú go dtabharfar don chúirt cibé urrús a chinnfidh sí.

Airteagal 39

Le linn na tréimhse a shonraítear le haghaidh achomhairc de bhun Airteagal 36 agus go dtí go mbeidh breith tugtha ar aon achomharc den sórt sin, ní féidir a dhéanamh maidir leis an bhforghníomhú ach amháin bearta cosanta in aghaidh mhaoin an pháirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne.

Gabhfaidh údarás chun aon bhearta cosanta den sórt sin a ghlacadh leis an mbreith a údaróidh forghníomhú.

Airteagal 40

Má dhiúltaítear don iarratas ar fhorghníomhú, féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh:

—sa Bheilg, chuig an cour d'appel nó an hof van beroep;

—sa Danmhairg, chuig an landsret;

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, chuig an Oberlandesgericht;

—sa Ghréig, chuig an (ΕΦετείο)

—sa Fhrainc, chuig an cour d'appel;

—in Éirinn, chuig an Ard-Chúirt;

—san Iodáil, chuig an corte d'appello;

—i Lucsamburg, chuig an Cour supérieure de Justice, ina suí di mar chúirt achomhairc shibhialta;

—san Ísiltír, chuig an Gerechtshof;

—sa Ríocht Aontaithe:

1. i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, chuig an High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, chuig an Magistrates' Court;

2. in Albain, chuig an Court of Session nó, i gcás breithiúnais chothabhála, chuig an Sheriff Court;

3. i dTuaisceart Éireann, chuig an High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, chuig an Magistrates' Court.

Cuirfear toghairm ar an bpáirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne á cheangal air láithriú os comhair na cúirte achomhairc. Mura láithreoidh sé, beidh forálacha an dara agus an tríú mír d'Airteagal 20 infheidhme, fiú mura bhfuil sainchónaí air in aon cheann de na Stáit Chonarthacha.

Airteagal 41

Ní féidir breithiúnas a tugadh ar achomharc dá bhforáiltear in Airteagal 40 a chonspóid ach amháin:

—sa Bheilg, sa Ghréig, sa Fhrainc, san Iodáil, i Lucsamburg agus san Ísiltír, trí achomharc en cassation;

—sa Danmhairg, trí achomharc chuig an højesteret, le cead ón Aire Dlí agus Cirt;

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, trí Rechtsbeschwerde;

—in Éirinn, trí achomharc ar phointe dlí chuig an gCúirt Uachtarach;

—sa Ríocht Aontaithe, trí aon achomharc amháin eile ar phointe dlí.

Airteagal 42

Má bhíonn breithiúnas coigríche tugtha i leith ábhar éagsúil agus nach féidir forghníomhú a údarú ina dtaobh go léir, déanfaidh an chúirt forghníomhú a údarú i gcás ábhair amháin nó níos mó díobh.

Féadfaidh iarratasóir forghníomhú páirteach ar bhreithiúnas a iarraidh.

Airteagal 43

Ní fhéadfar breithiúnas coigríche a d'ordaigh íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorghníomhú sa Stát a n-iarrtar forghníomhú ann mura mbeidh méid na híocaíochta arna chinneadh go críochnaitheach ag cúirteanna an Stáit inar tugadh an breithiúnas.

Airteagal 44

Iarratasóir ar tugadh dó go hiomlán nó go páirteach, sa Stát inar tugadh an breithiúnas, cúnamh dlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachais, beidh teideal aige, sna nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 32 go 35, chun tairbhiú den chúnamh dlíthiúil is fabhraí nó den díolúine is fairsinge ó chostais nó ó chaiteachais a fhoráiltear le dlí an Stáit chun a ndéantar an t-iarratas.

Ach féadfaidh iarratasóir a iarrfaidh forghníomhú ar chinneadh a thug údarás riaracháin sa Danmhairg i leith ordú cothabhála éileamh a dhéanamh, sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas, ar na tairbhí dá dtagraítear sa chéad mhír má thugann sé ar aird ráiteas ó Aireacht Dlí agus Cirt na Danmhairge á rá go gcomhlíonann sé na ceanglais eacnamaíochta is gá chun bheith cáilithe le haghaidh cúnaimh dhlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachais, go hiomlán nó go páirteach.

Airteagal 45

Ní féidir urrús, banna ná taisce, de chineál ar bith, a éileamh ar pháirtí a iarrfaidh forghníomhú i Stát Conarthach amháin ar bhreithiúnas a tugadh i Stát Conarthach eile ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach é ná ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí air sa Stát a n-iarrtar forghníomhú ann.

ROINN 3

Forálacha comhchoiteanna

Airteagal 46

Dlífidh páirtí a iarrfaidh aithint nó forghníomhú ar bhreithiúnas na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird:

1. cóip den bhreithiúnas a shásóidh na coinníollacha is gá chun a barántúlacht a shuíomh;

2. i gcás breithiúnas mainneachtana, an chóip bhunaidh nó cóip dhílis dheimhnithe den doiciméad á shuíomh gur seirbheáladh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann ar an bpáirtí mainneachtnach.

Airteagal 47

Dlífidh páirtí a iarrfaidh forghníomhú na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird freisin:

1. doiciméid á shuíomh go bhfuil an breithiúnas infhorghníomhaithe, agus gur seirbheáladh é, de réir dhlí an Stáit inar tugadh an breithiúnas;

2. más cuí, doiciméad á thaispeáint go bhfuil cabhair dhlíthiúil á fáil ag an iarratasóir sa Stát inar tugadh an breithiúnas.

Airteagal 48

Mura dtugtar ar aird na doiciméid a luaitear in Airteagail 46.2 agus 47.2, féadfaidh an chúirt tréimhse a shonrú chun iad a thabhairt ar aird, nó glacadh le doiciméid chomhionanna, nó déanamh d'éagmais na ndoiciméad má mheasann sí go bhfuil a sá faisnéise os a comhair.

Déanfar aistriúchán ar na doiciméid a thabhairt ar aird má éilíonn an chúirt é; ní foláir an t-aistriúchán a bheith deimhnithe ag duine atá cáilithe chuige sin i gceann de na Stáit Chonarthacha.

Airteagal 49

Ní gá aon dlíthiúilíocht ná aon fhoirmiúlacht dá samhail i leith na ndoiciméad a luaitear in Airteagail 46 nó 47 nó sa dara mír d'Airteagal 48, ná i leith doiciméad ag ceapadh ionadaí ad litem.

Teideal IV

IONSTRAIMÍ BARÁNTÚLA AGUS SOCRAÍOCHTAÍ CÚIRTE

Airteagal 50

Doiciméad a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraim bharántúil agus is infhorghníomhaithe i Stát Conarthach amháin, déanfar, arna iarraidh sin de réir an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 31 et seq., ordú a fhorghníomhaithe a eisiúint i Stát Conarthach eile. Ní féidir diúltú don iarratas ach amháin i gcás forghníomhú na hionstraime a bheith contrártha don ord poiblí sa Stát a n-iarrtar forghníomhú ann.

Ní foláir an ionstraim a thabharfar ar aird a bheith de réir na gcoinníollacha is gá chun a bharántúlacht i Stát a tionscanta a shuíomh.

Beidh feidhm le forálacha Roinn 3 de Theideal III de réir mar is cuí.

Airteagal 51

Socraíocht ar tugadh formheas uirthi sa chúirt i gcúrsa imeachtaí agus is infhorghníomhaithe sa Stát inar tugadh i gcrích í, féadfar í a fhorghníomhú sa Stát a n-iarrtar forghníomhú ann, faoi na coinníollacha céanna le hionstraimí barántúla.

Teideal V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 52

Chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí ar pháirtí i Stát Conarthach ar tugadh ábhar os comhair a chúirteanna, cuirfidh an chúirt a dlí inmheánach chun feidhme.

Mura bhfuil sainchónaí ar pháirtí sa Stát ar tugadh an t-ábhar os comhair a chúirteanna, déanfaidh an chúirt, chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí i Stát Conarthach eile ar an bpáirtí, dlí an Stáit sin a chur chun feidhme.

Déanfar sainchónaí páirtí a chinneadh, áfach, de réir a dhlí náisiúnta féin más rud é, de réir an dlí sin, go mbraitheann a shainchónaí ar shainchónaí duine eile nó ar an áit a bhfuil suíomh údaráis.

Airteagal 53

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, measfar sainchónaí a bheith ar chuideachta nó ar dhuine dlítheanach nó ar chomhlachas de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha san áit a bhfuil a suíomh. Ach chun an suíomh sin a chinneadh cuirfidh an chúirt rialacha a dlí idirnáisiúnta phríobháidigh chun feidhme.

Chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí ar iontaobhas sa Stát Conarthach a bhfuil an t-ábhar os comhair a chúirteanna, cuirfidh an chúirt rialacha a dlí idirnáisiúnta phríobháidigh chun feidhme.

Teideal VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 54

Ní bhainfidh forálacha an Choinbhinsiúin seo ach le himeachtaí dlíthiúla a thionscnófar agus le doiciméid a tharraingeofar suas go foirmiúil nó a chlárófar mar ionstraimí barántúla tar éis a theachta i bhfeidhm.

Déanfar, áfach, breithiúnais a thabharfar tar éis dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm, i gcás imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta sin, a aithint agus a fhorghníomhú de réir forálacha Theideal III má bhí dlínse bunaithe ar rialacha i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear i dTeideal II den Choinbhinsiún seo nó i gcoinbhinsiún a tugadh i gcrích idir an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas agus a raibh feidhm aige nuair a tionscnaíodh na himeachtaí.

Teideal VII

GAOL LE COINBHINSIÚIN EILE

Airteagal 55

Faoi réir fhorálacha an dara mír d'Airteagal 54, agus Airteagal 56, gabhfaidh an Coinbhinsiún seo, i gcás na Stát is páirtithe ann, ionad na gCoinbhinsiún seo a leanas a tugadh i gcrích idir dhá cheann nó níos mó díobh:

—an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Fhrainc ar dhlínse agus ar bhailíocht agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtaintí eadrána agus ionstraimí barántúla, a síníodh i bPáras an 8 Iúil 1899;

—an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Ísiltír ar dhlínse, ar fhéimheacht, agus ar bhailíocht agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtaintí eadrána agus ionstraimí barántúla, a síníodh sa Bhruiséil an 28 Márta 1925;

—an Coinbhinsiún idir an Fhrainc agus an Iodáil ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 3 Meitheamh 1930;

—an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na Fraince ag déanamh socrú d'fhorghníomhú frithpháirteach breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, maille le Prótacal, a síníodh i bPáras an 18 Eanáir 1934;

—an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Ríocht na Beilge ag déanamh socrú d'fhorghníomhú frithpháirteach breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, maille le Prótacal, a síníodh sa Bhruiséil an 2 Bealtaine 1934;

—an Coinbhinsiún idir an Ghearmáin agus an Iodáil ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 9 Márta 1936;

—an Coinbhinsiún idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Ríocht na Beilge ar aithint agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtaintí eadrána agus ionstraimí barántúla go cómhalartach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh in Bonn an 30 Meitheamh 1958;

—an Coinbhinsiún idir Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht na hIodáile ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 17 Aibreán 1959;

—an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh in Bonn an 14 Iúil 1960;

—an Coinbhinsiún idir Ríocht na Gréige agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas, socraíochtaí agus ionstraimí barántúla go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh san Aithin an 4 Samhain 1961;

—an Coinbhinsiún idir Ríocht na Beilge agus Poblacht na hIodáile ar aithint agus forghníomhú breithiúnas agus ionstraimí infhorghníomhaithe eile in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 6 Aibreán 1962;

—an Coinbhinsiún idir Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine ar aithint agus forghníomhú breithiúnas agus ionstraimí infhorghníomhaithe eile go cómhalartach in ábhair shibhialta agus tráchtála a síníodh sa Háig an 30 Lúnasa 1962;

—an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hIodáile le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 7 Feabhra 1964, maille le Prótacal leasaitheach a síníodh sa Róimh an 14 Iúil 1970;

—an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Ríocht na hÍsiltíre ag déanamh socrú d'aithint agus d'fhorghníomhú breithiúnas go frithpháirteach in ábhair shibhialta, a síníodh sa Háig an 17 Samhain 1967,

agus, sa mhéid go bhfuil sé i bhfeidhm:

—an Conradh idir an Bheilg, an Ísiltír agus Lucsamburg ar dhlínse, ar fhéimheacht, agus ar bhailíocht agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtaintí eadrána agus ionstraimí barántúla a síníodh sa Bhruiséil an 24 Samhain 1961.

Airteagal 56

Leanfaidh an Conradh agus na Coinbhinsiúin a luaitear in Airteagal 55 d'éifeacht a bheith acu maidir le hábhair nach mbaineann an Coinbhinsiún seo leo.

Leanfaidh siad d'éifeacht a bheith acu i leith breithiúnas a tugadh agus ionstraimí barántúla a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraimí barántúla roimh theacht i bhfeidhm don Choinbhinsiún seo.

Airteagal 57

Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear d'aon choinbhinsiún ina bhfuil nó ina mbeidh na Stáit Chonarthacha ina bpáirtithe agus a dhéanann, maidir le hábhair áirithe, rialú ar dhlínse nó ar aithint nó ar fhorghníomhú breithiúnas.

Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear d'fheidhmiú forálacha a dhéanann, maidir le hábhair áirithe, rialú ar dhlínse nó ar aithint nó ar fhorghníomhú breithiúnas atá nó a bheidh i ngníomhartha institiúidí na gComhphobal Eorpach nó i ndlíthe náisiúnta arna gcomhchuibhiú i bhfeidhmiú na ngníomhartha sin.

(Forálann Airteagal 25.2 de Choinbhinsiún Aontachais 1978:

“Chun a áirithint go dtabharfar léiriú comhionann air, cuirfear mír 1 d'Airteagal 57 chun feidhme mar a leanas:

(a) ní chuirfidh Coinbhinsiún 1968, arna leasú, toirmeasc ar chúirt de chuid Stáit Chonarthaigh, atá ina pháirtí i gcoinbhinsiún a bhaineann le hábhar áirithe, dlínse a ghabháil chuici de réir an choinbhinsiúin sin, fiú más i Stát Conarthach eile nach bhfuil ina pháirtí sa choinbhinsiún sin atá sainchónaí ar an gcosantóir. Déanfaidh an chúirt, in aon chás, Airteagal 20 de Choinbhinsiún 1968, arna leasú, a chur chun feidhme;

(b) déanfar breithiúnas a tugadh i Stát Conarthach i bhfeidhmiú dlínse dá bhforáiltear i gcoinbhinsiún ar ábhar áirithe a aithint agus a fhorghníomhú sna Stáit Chonarthacha eile de réir Choinbhinsiún 1968 arna leasú.

Má leagtar síos le coinbhinsiún ar ábhar áirithe, a bhfuil an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas ina bpáirtithe ann, coinníollacha i dtaobh breithiúnais a aithint nó a fhorghníomhú, beidh feidhm ag na coinníollacha sin. In aon chás, féadfar feidhm a thabhairt do na forálacha de Choinbhinsiún 1968, arna leasú, a bhaineann leis an nós imeachta chun breithiúnais a aithint agus a fhorghníomhú.”)

Airteagal 58

Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear do na cearta a deonaíodh do náisiúnaigh Eilvéiseacha leis an gCoinbhinsiún a tugadh i gcrích an 15 Meitheamh 1869 idir an Fhrainc agus Cónaidhm na hEilvéise ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta.

Airteagal 59

Ní choiscfidh an Coinbhinsiún seo ar Stát Conarthach a ghabháil d'oibleagáid air féin i leith tríú Stát, i gcoinbhinsiún um aithint agus forghníomhú breithiúnas, gan breithiúnais a aithint a tugadh i Stáit Chonarthacha eile i gcoinne cosantóirí a raibh sainchónaí nó gnáthchónaí orthu sa tríú Stát más rud é, i gcásanna dá bhforáiltear in Airteagal 4, nárbh fhéidir an breithiúnas a bhunú ach amháin ar fhoras dlínse a shonraítear sa dara mír d'Airteagal 3.

Ní fhéadfaidh Stát Conarthach, áfach, é a ghabháil d'oibleagáid air féin i leith tríú Stát gan breithiúnas a aithint a bheidh tugtha i Stát Conarthach eile ag cúirt ar bunaíodh a dlínse ar mhaoin leis an gcosantóir a bheith sa Stát sin, nó ar urghabháil ag an ngearánaí ar mhaoin atá sa Stát sin, más rud é:

1. gur tionscnaíodh an chaingean chun cearta dílseánaigh nó cearta seilbhe ar an maoin sin a fhógairt nó a dhearbhu nó chun údarás a fháil í a dhiúscairt, nó gur as saincheist eile a bhaineann leis an maoin sin a thig an chaingean, nó,

2. gurb í an mhaoin sin an t-urrús i leith fiach is ábhar don chaingean.

Teideal VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 60

Bainfidh an Coinbhinsiún seo le críocha Eorpacha na Stát Conarthach, lena n-áirítear an Ghraonlainn, leis na ranna Francacha thar lear agus leis na críocha Francacha thar lear, agus le Mayotte.

Féadfaidh Ríocht na hÍsiltíre a dhearbhú, tráth an Choinbhinsiúin seo a shíniú nó a dhaingniú nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, trí fhógra a thabhairt d'Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach, go mbainfidh an Coinbhinsiún seo le hAintillí na hÍsiltíre. Mura ndéantar dearbhú mar sin, measfar i gcás imeachtaí a bheidh ar bun i gcríoch Eorpach na Ríochta de bhíthin achomhairc en cassation i gcoinne breithiúnais ó chúirt in Aintillí na hÍsiltíre na himeachtaí sin a bheith ar bun sa chúirt deiridh sin.

D'ainneoin na chéad mhíre, ní bhainfidh an Coinbhinsiún seo:

1. le hOileáin Fharó, mura ndearbhóidh Ríocht na Danmhairge a mhalairt;

2. le haon chríoch Eorpach lasmuigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil an Ríocht Aontaithe freagrach ina caidreamh idirnáisiúnta, mura ndearbhóidh an Ríocht Aontaithe a mhalairt i dtaobh aon chríche den sórt sin.

Féadfar na dearbhuithe sin a dhéanamh am ar bith trína gcur i bhfios d'Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

Imeachtaí a thionscnófar sa Ríocht Aontaithe ar achomharc ó chúirteanna i gceann de na críocha dá dtagraítear i bhfomhír 2 den tríú mír, measfar iad a bheith ina n-imeachtaí ar siúl sna cúirteanna sin.

Imeachtaí a ndéileáiltear leo i Ríocht na Danmhairge faoin dlí um an nós imeachta sibhialta d'Oileáin Fharó (lov for Faerøerne om rettens pleje), measfar iad a bheith ina n-imeachtaí ar siúl i gcúirteanna Oileáin Fharó.

Airteagal 61

Déanfaidh Stáit a shínithe daingniú ar an gCoinbhinsiún seo. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 62

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm an chéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an gceann is déanaí de Stáit a shínithe a dhéanfaidh an taisceadh sin.

Airteagal 63

Aithníonn na Stáit Chonarthacha go ndlífidh aon Stát a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa glacadh leis an gCoinbhinsiún seo mar bhonn do na caibidlí is gá idir na Stáit Chonarthacha agus an Stát sin chun a áirithint go bhfeidhmeofar an fhomhír dheireanach d'Airteagal 220 den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.

Is féidir na hoiriúnuithe is gá a bheith ina n-ábhar do choinbhinsiún speisialta idir na Stáit Chonarthacha de pháirt agus an Ballstát nua den pháirt eile.

Airteagal 64

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach in iúl do na Stáit a shíneoidh an Coinbhinsiún seo:

(a) taisceadh gach ionstraime daingniúcháin;

(b) dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm;

(c) aon dearbhú a fuarthas de bhun Airteagal 60;

(d) aon dearbhú a fuarthas de bhun Airteagal IV den Phrótacal;

(e) aon téacsanna a fuarthas de bhun Airteagal VI den Phrótacal.

Airteagal 65

Is cuid dhílis den Choinbhinsiún seo an Prótacal atá curtha i gceangal leis de chomhthoil na Stát Conarthach.

Airteagal 66

Tá an Coinbhinsiún seo tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

Airteagal 67

Féadfaidh Stát Conarthach ar bith athbhreithniú ar an gCoinbhinsiún seo a iarraidh. Sa chás sin, comórfaidh Uachtarán Chomhairle na gComhphobal Eorpach comhdháil lena athbhreithniú.

Airteagal 68

Tarraingíodh an Coinbhinsiún seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na ceithre théacs; taiscfear é i gcartlann Rúnaíocht Chomhairle na gComhphobal Eorpach, agus cuirfidh an tArd-Rúnaí cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann de Stáit a shínithe.

(Sínithe Lánchumhachtaigh na sé Stát Chonarthacha bunaidh)

PRÓTACAL I gCEANGAL LE COINBHINSIÚN

Tá na hArdpháirtithe Conarthacha tar éis comhaontú ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gCoinbhinsiún:

Airteagal I

Aon duine ina shainchónaí i Lucsamburg a agrófar i gcúirt Stáit Chonarthaigh eile de bhun Airteagal 5.1, féadfaidh sé diúltú géilleadh do dhlínse na cúirte sin. Mura dtaifeadfaidh an cosantóir láithreas, dearbhóidh an chúirt, as a treoir féin, nach bhfuil dlínse aici.

Beidh comhaontú chun dlínse a thabhairt, de réir bhrí Airteagal 17, gan bailíocht i leith duine ina shainchónaí i Lucsamburg murar aontaigh an duine sin leis go sainráite agus go speisialta.

Airteagal II

Gan dochar d'aon fhorálacha níos fabhraí i ndlíthe náisiúnta, má bhíonn daoine a bhfuil sainchónaí orthu i Stát Conarthach á n-ionchúiseamh mar gheall ar chion neamhthoiliúil i gcúirteanna coiriúla Stáit Chonarthaigh eile nach náisiúnaigh dá chuid iad, féadfaidh daoine atá cáilithe chuige sin feidhmiú ar a son lena gcosaint, fiú gan iad a bheith i láthair go pearsanta.

Ach féadfaidh an chúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair a ordú do dhuine láithriú go pearsanta; mura ndearnadh láithriú níl sé riachtanach aithint a thabhairt ná forghníomhú a dhéanamh sna Stáit Chonarthacha eile ar bhreithiúnas a tugadh sa chaingean shibhialta gan caoi a bheith ag an duine a cúisíodh socrú a dhéanamh chun é féin a chosaint.

Airteagal III

In imeachtaí chun ordú forghníomhaithe a eisiúint, ní dhéanfar muirear, dleacht ná cáin ar bith, arna ríomh de réir luach an ábhair i saincheist, a thobhach sa Stát a n-iarrtar forghníomhú ann.

Airteagal IV

Doiciméid dhlíthiúla nó seachdhlíthiúla a tarraingíodh suas i Stát Conarthach amháin agus a dhlífear a sheirbheáil ar dhaoine i Stát Conarthach eile, tarchuirfear iad de réir an nós imeachta dá bhforáiltear sna coinbhinsiúin agus sna comhaontuithe a cuireadh i gcrích idir na Stáit Chonarthacha.

Mura ndéanfaidh an Stát a bhfuil siad le seirbheáil ann agóid ina choinne sin trí dhearbhú d'Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach, is féidir freisin d'oifigigh phoiblí iomchuí an Stáit inar tarraingíodh suas an doiciméad é a chur go díreach chuig oifigigh phoiblí iomchuí an Stáit ina bhfuil seolaí an doiciméid le fáil. Sa chás sin, déanfaidh oifigeach Stát a thionscanta cóip den doiciméad a chur chuig an oifigeach de chuid an Stáit chun a ndéantar an t-iarratas a bhfuil údarás aige í a chur ar aghaidh chuig an seolaí. Cuirfear an doiciméad ar aghaidh ar an modh a shonraítear le dlí an Stáit chun a ndéantar an t-iarratas. Dearbhófar go ndearnadh amhlaidh i ndeimhniú a chuirfear go díreach go dtí oifigeach Stát a thionscanta.

Airteagal V

I bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine ní féidir feidhm a bhaint as an dlínse a shonraítear in Airteagal 6.2 agus in Airteagal 10 i gcaingne ar bharántas nó ar ráthaíocht nó in aon imeachtaí eile tríú páirtí. Sa Stát sin, féadfar aon duine ina shainchónaí i Stát Conarthach eile a agairt sna cúirteanna de bhun Airteagail 68, 72, 73 agus 74 de chód an nós imeachta shibhialta (Zivilprozeβordnung) maidir le fógraí tríú páirtí.

Déanfar breithiúnais a tugadh sna Stáit Chonarthacha eile de bhua Airteagal 6.2 nó Airteagal 10 a aithint agus a fhorghníomhú i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine de réir Theideal III. Aithneofar mar an gcéanna sna Stáit Chonarthacha eile aon éifeachtaí a bheadh ag breithiúnais a tugadh sa Stát sin ar thríú páirtithe, de bhun Airteagail 68, 72, 73 agus 74 de chód an nós imeachta shibhialta (Zivilprozeβordnung) a chur chun feidhme.

Airteagal Va

In ábhair a bhaineann le cothabháil, folaíonn an focal ‘cúirt’ údaráis riaracháin na Danmhairge.

Airteagal Vb

In imeachtaí a bhaineann le díospóid idir máistir loinge farraige atá cláraithe sa Danmhairg, sa Ghréig nó in Éirinn agus duine dá foireann, maidir le luach saothair nó le coinníollacha eile seirbhíse, cinnteoidh cúirt i Stát Conarthach cé acu ar cuireadh nó nár cuireadh an díospóid i bhfios don oifigeach taidhleoireachta nó consalach ar a bhfuil cúram na loinge. Cuirfidh sí bac ar na himeachtaí fad a bheidh an díospóid gan cur i bhfios don oifigeach. Déanfaidh sí, uaithi féin, dlínse a dhiúltú más rud é, arna cur i bhfios go cuí don oifigeach, gur fheidhmigh sé na cumhachtaí a tugadh dó san ábhar le coinbhinsiún consalach nó, in éagmais coinbhinsiúin den sórt sin, go ndearna sé, laistigh den tréimhse cheaptha, aon agóid in aghaidh fheidhmiú na dlínse sin.

Airteagal Vc

Nuair a dhéanfar faoi chuimsiú Airteagal 69 (5) den Choinbhinsiún maidir leis an bPaitinn Eorpach don Chómhargadh, a síníodh i Lucsamburg an 15 Nollaig 1975, Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún seo a chur chun feidhme ar na forálacha a bhaineann le residence i dtéacs Béarla an chéad Choinbhinsiúin sin, is tuigthe tagairt do residence sa téacs sin a bheith ina tagairt do shainchónaí in Airteagail 52 agus 53 thuasluaite.

Airteagal Vd

Gan dochar do dhlínse Oifig na bPaitinní Eorpacha faoin gCoinbhinsiún chun Paitinní Eorpacha a Dheonú a síníodh i München an 5 Deireadh Fómhair 1973, beidh dlínse eisiatach ag cúirteanna gach Stáit Chonarthaigh, gan aird a thabhairt ar shainchónaí, in imeachtaí a bhaineann le clárú nó bailíocht aon phaitinne Eorpaí a deonaíodh le haghaidh an Stáit sin nach paitinn Chomhphobail de bhua fhorálacha Airteagal 86 den Choinbhinsiún maidir leis an bPaitinn Eorpach don Chómhargadh, a síníodh i Lucsamburg an 15 Nollaig 1975.

Airteagal VI

Cuirfidh na Stáit Chonarthacha in iúl d'Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach téacsanna aon fhorálacha ina ndlíthe a dhéanann leasú ar na hairteagail sin dá ndlíthe a luaitear sa Choinbhinsiún nó ar liosta na gcúirteanna a shonraítear i Roinn 2 de Theideal III den Choinbhinsiún.