19 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1988


AN tACHT CRAOLACHÁIN AGUS RAIDIÓ-THEILEAGRAFAÍOCHTA, 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

“Gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta”, “Raidió-theileagrafaíocht” agus “gléas teilifíse”.

3.

Craoladh a rialú.

4.

Toirmeasc ar ghníomhartha a éascaíonn craoladh de shárú ar alt 3.

5.

Toirmeasc ar ghníomhartha i ndáil le hábhar a chraoltar de shárú ar alt 3.

6.

Pionóis agus imeachtaí dlíthiúla.

7.

Fógra toirmisc.

8.

Is cion é seirbhísí áirithe a úsáid chun leasanna áirithe a chur chun cinn, a chur ar aghaidh nó a éascú.

9.

Ní mór ceadúnas a dheonaítear faoi Acht 1926 a thabhairt ar aird in imthosca áirithe.

10.

Fógra nach bhfuil aon díol, etc., déanta.

11.

Is cion é mainneachtain déanamh de réir ceanglas áirithe faoi alt 6 (4) d'Acht 1972.

12.

Athruithe ar phionóis le haghaidh cionta áirithe faoi Acht 1926 agus Acht 1972.

13.

Táillí ceadúnas a ghnóthú.

14.

Cionta a ionchúiseamh.

15.

Dualgas cruthúnais.

16.

Feidhm fho-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 3 d'Acht 1926 maidir le Bord Telecom Éireann.

17.

Leasú ar ailt 7 agus 8 d'Acht 1926.

18.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1968.

19.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1972.

20.

Táillí maidir le hiarratas ar cheadúnas.

21.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.


na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Údarás Craolacháin, 1960

1960, Uimh. 10

An tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976

1976, Uimh. 37

An tAcht Craolacháin (Cionta), 1968

1968, Uimh. 35

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Cóipchirt, 1963

1963, Uimh. 10

Police (Property) Act, 1897

1897, c. 30

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983

1983, Uimh. 24

An tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926

1926, Uimh. 45

An tAcht Raidio-Theileagrafaíochta, 1972

1972, Uimh. 5

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1988


AN tACHT CRAOLACHÁIN AGUS RAIDIÓ-THEIL-EAGRAFAÍOCHTA, 1988

[An tiontú ofigiúil]

ACHT DO THOIRMEASC CRAOLADH SA STÁT ACH AMHÁIN FAOI RÉIM AGUS DE RÉIR CEADÚNAIS ARNA EISIÚINT AG AN AIRE CUMARSÁIDE AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA RAIDIO-THEILEAGRAFAÍOCHTA, 1926 GO 1972, AGUS AN ACHTA CRAOLACHÁIN (CIONTA), 1968 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAIN-EANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [3 Iúil, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1926” an tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 ;

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Cóipchirt, 1963 ;

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht Craolacháin (Cionta), 1968 ;

ciallaíonn “Acht 1972” an tAcht Raidio-Theileagrafaíochta, 1972 ;

tá le “gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta” an bhrí a shanntar dó de bhua alt 2 (1) den Acht seo;

tá le “saothar ealaíne” an bhrí a shanntar dó le halt 9 d'Acht 1963;

ciallaíonn “craoladh” craoladh trí raidió-theileagrafaíocht ar chumarsáidí, fuaimeanna, síneacha, amharc-íomhánna nó comharthaí, cibé acu a ghlactar nó nach nglactar na cumarsáidí, na fuaimeanna, na síneacha, na hamharc-íomhánna nó na comharthaí sin iarbhír;

ciallaíonn “scannán cineamatagrafach” aon seicheamh d'amharc-íomhánna arna thaifeadadh (cibé acu go cineamatagrafach nó trí aon phróiseas eile) ar ábhar de thuairisc ar bith (cibé acu is ábhar tréshoilseach nó nach ea) ionas gur féidir leis, tríd an ábhar sin a úsáid, a bheith ina chraoladh nó a bheith ar áireamh i gcraoladh, agus folaíonn sé fís-taifeadadh de thuairisc ar bith;

tá le “saothar drámaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (1) d'Acht 1963;

folaíonn “saothar litríochta” aon tábla nó teaglaim scríofa;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide;

ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le háitreabh—

(a) duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, a bhfuil teideal aige, ina cheart féin nó mar iontaobhaí nó mar ghníomhaire d'aon duine eile, cíos forlán an áitribh a fháil nó, i gcás nach ar cíos forlán atá an t-áitreabh ligthe, a mbeadh an teideal sin aige dá mbeadh sé ligthe amhlaidh, is cuma cé acu ina aonar, i gcomhpháirt nó go leithleach a theachtar leas an duine, nó

(b) léasaí nó áititheoir, cibé acu ina aonar, i gcomhpháirt nó go leithleach a theachtar an léas nó atá an t-áititheoir ag áitiú an áitribh;

folaíonn “áitreabh” talamh nach bhfuil aon ní tógtha air, talamh atá faoi uisce agus déanmhas de chineál ar bith bíodh nó ná bíodh sé ceangailte leis an talamh nó ag gabháil leis;

tá le “taifead”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an bhrí a shanntar dó le halt 2 (1) d'Acht 1963;

folaíonn “soláthar” tabhairt in aisce;

ciallaíonn “seirbhís teileachumarsáide” seirbhís teileachumarsáide mar a thuairiscítear in alt 87 (1) den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 ;

folaíonn “feithicil” árthach.

“Gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta”, “Raidiótheileagrafaíocht” agus “gléas teilifíse”.

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1926—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gléas radio-thelegrafaíochta” san alt sin:

“ciallaíonn ‘gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta’ gaireas a fhéadann fuinneamh leictreach, maighnéadach nó leictreamaighnéadach, nach nó ná 3 mhilliún meigiheirts a mhinicíocht, a astú agus a ghlacadh, nó a astú amháin nó a ghlacadh amháin, thar chonairí nach bhfuil curtha ar fáil le haon substaint ábhartha atá déanta nó socraithe chuige sin, cibé acu a fhónann nó nach bhfónann an fuinneamh sin chun cumarsáidí, fuaimeanna, síneacha, amharc-íomhánna nó comharthaí a sheoladh (cibé a ghlactar nó nach nglactar iad iarbhír) nó chun innealra nó gaireas a chur ag obair nó a rialú, agus folaíonn sé aon chuid de ghaireas den sórt sin, nó aon airteagal is féidir a úsáid mar chuid de ghaireas den sórt sin, agus folaíonn sé freisin aon ghaireas eile atá cónasctha, nó cúplaithe go leictreach, le gaireas a fhéadann an fuinneamh sin a astú amhlaidh”; agus

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “radio-thelegrafaíocht” (arna leasú le halt 18 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 ) atá san alt sin:

“ciallaíonn ‘raidió-theileagrafaíocht’ fuinneamh leictreach, maighnéadach nó leictreamaighnéadach, nach mó ná 3 mhilliún meigiheirts a mhinicíocht, a astú agus a ghlacadh, nó a astú amháin nó a ghlacadh amháin, thar chonairí nach bhfuil curtha ar fáil le haon substaint ábhartha atá déanta nó socraithe chuige sin, cibé acu a fhónann nó nach bhfónann an fuinneamh sin chun cumarsáidí, fuaimeanna, síneacha, amharc-íomhánna nó comharthaí a sheoladh (cibé a ghlactar nó nach nglactar iad iarbhír) nó chun innealra nó gaireas a chur ag obair nó a rialú.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 1 (1) d'Acht 1972 trí “a fhéadann” a chur in ionad “atá deartha go príomha chun” sa mhíniú ar “gléas teilifíse” atá san alt sin, agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “gléas teilifíse” aon ghaireas le haghaidh radiotheileagrafaíochta a fhéadann cláir theilifíse a ghlacadh agus a thaispeáint a chraoltar lena nglacadh go coitianta (cibé acu atá nó nach bhfuil a úsáid chun na críche sin ag brath ar aon rud eile a úsáid ina theannta) agus aon chóimeáil arb é atá inti gaireas den sórt sin agus gaireas eile.

Craoladh a rialú.

3. —(1) Ní dhéanfar craoladh ó aon áitreabh nó feithicil sa Stát mura ndéantar é de bhun agus de réir ceadúnais arna eisiúint ag an Aire.

(2) I gcás go ndéantar craoladh de shárú ar fho-alt (1) den alt seo, beidh gach duine díobh seo a leanas ciontach i gcion:

(a) aon duine is uinéir nó is ceannasaí ar áitreabh nó feithicil ar bith, nó aon duine atá bainteach le bainisteoireacht áitribh nó feithicle ar bith, óna ndéantar an craoladh agus a cheadaíonn nó a ligeann, go feasach, an craoladh a dhéanamh, agus

(b) aon duine a oibríonn an gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta lena ndéantar an craoladh, nó aon duine a chuidíonn lena oibriú.

(3) Má chruthaítear, in imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, go ndearnadh craoladh ó áitreabh nó feithicil áirithe agus go raibh an cosantóir, tráth an chiona líomhnaithe, ina úinéir ar an áitreabh nó ar an bhfeithicil nó go raibh sé i gceannas an chéanna nó go raibh baint aige le bainisteoireacht an chéanna, ansin, mura bhfuil fianaise leordhóthanach eile ann le ceist a ardú cé acu ar cheadaigh nó ar lig an cosantóir, go feasach, an craoladh a dhéanamh, measfar gur cheadaigh nó gur lig sé amhlaidh an craoladh a dhéanamh.

(4) Is forálacha de bhreis ar fhorálacha ailt 2 (1) agus 3 (1) d'Acht 1968 forálacha fho-alt (1) den alt seo agus ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a leasaíonn an t-alt sin 2 (1) nó 3 (1).

Toirmeasc ar ghníomhartha a éascaíonn craoladh de shárú ar alt 3.

4. —(1) Aon duine a dhéanfaidh aon cheann de na gníomhartha a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, agus a shásóidh an coinníoll maidir le fios nó creidiúint a shonraítear i ndáil leis an ngníomh, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Is iad seo a leanas na gníomhartha, agus na coinníollacha maidir le fios nó creidiúint dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) aon áitreabh nó feithicil nó aon ní eile a chur ar fáil do dhuine eile agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, go bhfuiltear chun craoltaí a dhéanamh uaidh nó uaithi de shárú ar alt 3 (1) den Acht seo;

(b) gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a bheith aige nó a choimeád, nó aontú é a bheith aige nó a choimeád, agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, go bhfuil craoltaí déanta, á ndéanamh nó le déanamh leis an ngaireas sin de shárú ar an alt sin 3 (1);

(c) aon ghaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a sholáthar lena shuiteáil, nó aon ghaireas den sórt sin a shuiteáil, ar aon áitreabh nó feithicil nó ní eile nó iontu agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, go bhfuiltear chun craoltaí a dhéanamh leis an ngaireas sin de shárú ar an alt sin 3 (1);

(d) aon ghaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a dheisiú nó a chothabháil agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, go bhfuil craoltaí déanta, á ndéanamh nó le déanamh leis an ngaireas sin de shárú ar an alt sin 3 (1).

(3) Má chruthaítear, in imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, go ndearna an cosantóir gníomh a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo agus go mba chóir, in imthosca áirithe an cháis, go mbeadh an fios a shonraítear san fho-alt sin aige i ndáil leis an ngníomh, ansin, mura bhfuil fianaise leordhóthanach eile ann chun ceist a ardú cé acu a bhí nó nach raibh an fios sin ag an gcosantóir an tráth iomchuí, measfar go ndearna sé an ngníomh agus an fios sin aige.

(4) Chun críocha an ailt seo measfar craoladh a bheith déanta le gaireas is cuma cibé acu an leis an ngaireas leis féin nó leis an ngaireas agus le gaireas eile a dhéantar é.

(5) San alt seo tá le “gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta” and bhrí chéanna atá le “gléas radio-thelegrafaíochta” in alt 2 d'Acht 1926, arna leasú le halt 2 den Acht seo.

Toirmeasc ar ghníomhartha i ndáil le hábhar a chraoltar de shárú ar alt 3.

5. —(1) Aon duine a dhéanfaidh aon cheann de na gníomhartha a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, agus, i gcás aon intinn, fios nó creidiúint nó imthosca a bheith sonraithe i ndáil leis an ngníomh, a dhéanfaidh é leis an intinn, leis an bhfios nó leis an gcreidiúint sin nó sna himthosca sin, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Is iad seo a leanas na gníomhartha agus, más iomchuí, an intinn, an fios, an chreidiúint agus na himthosca, dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) scannán cineamatagrafach nó taifead a sholáthar le hintinn go bhféadfadh an scannán sin nó an fhuaim atá sa taifead a bheith ina chraoladh, nó a bheith ar áireamh i gcraoladh, a dhéanfar de shárú ar alt 3 (1) den Acht seo;

(b) saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil a dhéanamh le hintinn go bhféadfadh an saothar a bheith ina chraoladh, nó a bheith ar áireamh i gcraoladh, a dhéanfar de shárú ar an alt sin 3 (1);

(c) saothar ealaíne a dhéanamh le hintinn go bhféadfadh an saothar a bheith ina chraoladh, nó a bheith ar áireamh i gcraoladh, a dhéanfar de shárú ar an alt sin 3 (1);

(d) bheith páirteach i gcraoladh a dhéanfar de shárú ar an alt sin 3 (1), cibé acu mar stiúrthóir, mar léiritheoir nó mar bholscaire nó mar aitheascóir óráide nó ar shlí eile;

(e) bheith páirteach, cibé acu mar stiúrthóir, mar léiritheoir nó mar bholscaire nó mar aitheascóir óráide nó ar shlí eile, i ndéanamh scannáin chineamatagrafaigh nó taifid arna dhéanamh sa Stát agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, go bhfuil an scannán nó an taifead sin le bheith ina chraoladh, nó le bheith ar áireamh i gcraoladh, a dhéanfar de shárú ar an alt sin 3 (1);

(f) fógraíocht a dhéanamh trí chraoladh a dhéanfar de shárú ar an alt sin 3 (1), cuireadh a thabhairt do dhuine eile fógraíocht a dhéanamh trí chraoladh atá le déanamh amhlaidh nó fógraíocht a dhéanamh le hintinn go bhféadfadh sé bheith ina chraoladh, nó bheith ar áireamh i gcraoladh, a dhéanfar amhlaidh;

(g) dátaí, tráthanna nó clár-sceidil a fhoilsiú i ndáil le craoltaí a sháródh, dá ndéanfaí iad, an t-alt sin 3 (1), nó (ar shlí seachas trí na sonraí sin a fhoilsiú) fógra a fhoilsiú ar ábhar. a bheidh ceaptha chun leas gnó a chur chun cinn, go díreach nó go neamhdhíreach, ar gnó é arb é atá ina ghníomhaíochtaí, nó ar cuid dá ghníomhaíochtaí, stáisiún á oibriú óna bhfuil craoltaí á ndéanamh nó le déanamh de shárú ar an alt sin 3 (1).

(3) (a) Má chruthaítear, in imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, go ndúradh, gur tugadh leid nó gur tugadh le tuiscint, trí chraoladh a rinneadh de shárú ar alt 3 (1) den Acht seo, go raibh aon ábhar arbh é an craoladh é nó a bhí ar áireamh sa chraoladh, soláthraithe ag an gcosantóir nó tugtha, go hiomlán nó go páirteach, ar chostas an chosantóra, ansin, mura bhfuil fianaise leordhóthanach eile ann chun ceist a ardú cé acu a rinne nó nach ndearna an cosantóir fógraíocht tríd an gcraoladh, measfar go ndearna sé fógraíocht amhlaidh.

(b) Má chruthaítear, in imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, go ndearna an cosantóir gníomh a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo agus go mba chóir, in imthosca áirithe an cháis, go mbeadh an fios a shonraítear san fho-alt sin aige i ndáil leis an ngníomh, ansin, mura bhfuil fianaise leordhóthanach eile ann chun ceist a ardú cé acu a bhí nó nach raibh an fios sin ag an gcosantóir an tráth iomchuí, measfar go ndearna sé an gníomh agus an fios sin aige.

(4) Más rud é, in imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo—

(a) go gcruthófar go ndearnadh craoladh de shárú ar alt 3 (1) den Acht seo agus gur fógrán a bhí sa chraoladh uile nó i gcuid de, agus

(b)   (i) go dtabharfar aon ní ar aird sa chúirt ar ní é—

(I) a airbheartaíonn, mar gheall ar rud éigin atá clóite air, nó ar lipéad atá i gceangal leis, go mbaineann sé leis na hearraí, nó leis an tseirbhís, an chóiríocht, an tsaoráid, an tsiamsaíocht nó an imeacht eile, nó an ní eile, lena mbaineann an fógrán, agus

(II) a bhfuil rud éigin clóite air, nó ar lipéad atá i gceangal leis, ar de chineál é a dhealródh don chúirt gur dócha go nglacfaí leis mar leid go n-ullmhaíonn, go monaraíonn, go gcóimeálann, go n-allmhairíonn, go soláthraíonn, nó go n-eagraíonn an cosantóir, nó go gcuireann sé ar fáil nó chun cinn, na hearraí, an tseirbhís, an chóiríocht, an tsaoráid, an tsiamsaíocht nó an imeacht eile, nó an ní eile, lena mbaineann an fógrán, nó go bhfuil baint aige thairis sin leis an gcéanna a chur ar fáil,

(ii) go bhfuil tagairt san fhógrán ar dóigh leis an gcúirt gur tagairt í don chosantóir,

ansin, mura mbeidh fianaise leordhóthanach eile ann chun ceist a ardú cé acu a rinne nó nach ndearna an cosantóir fógraíocht tríd an gcraoladh, measfar go ndearna sé fógraíocht amhlaidh.

(5) San alt seo tá le “óráid” an bhrí a shanntar dó le halt 6 (6) d'Acht 1968.

Pionóis agus imeachtaí dlíthiúla.

6. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 3, 4 nó 5 den Acht seo dlífear—

(a) ar é a chiontu go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £1,000 nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £20,000 nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) (a) Ar dhuine a chiontú ar díotáil i gcion faoi alt 3 nó alt 4 den Acht seo i ndáil le feithicil, féadfaidh an chúirt, dá rogha féin, i dteannta aon phionóis a dhlífear a chur ar an duine faoi fho-alt (1) den alt seo, a ordú an fheithicil a fhorghéilleadh.

(b) I gcás go bhforghéillfear feithicil faoin bhfo-alt seo, féadfaidh an tAire ordú a thabhairt í a dhíol nó a dhiúscairt ar cibé slí eile is cuí leis.

(3) I gcás cion faoi alt 3, 4 nó 5 den Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht corpraithe nó is oifigeach den sórt sin don chomhlacht corpraithe, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne dá réir sin.

(4) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoi alt 3, 4 nó 5 den Acht seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón tráth a ndearnadh an cion.

Fógra toirmisc.

7. —(1) (a) I gcás gur dóigh leis an Aire go ndearnadh craoladh ó aon áitreabh nó feithicil de shárú ar alt 3 (1) den Acht seo, féadfaidh sé, le fógra i scríbhinn (dá ngairtear “fógra toirmisc” san alt seo) a bheidh dírithe chuig ceachtar díobh seo a leanas nó chucu araon, agus a sheirbheálfar orthu, eadhon, Bord Telecom Éireann agus Bord Soláthair an Leictreachais, a cheangal ar an duine chuig a mbeidh sé dírithe déanamh de réir cheanglais an fhógra.

(b) Aon duine a mbeidh fógra toirmisc dírithe chuige agus seirbheáilte air, déanfaidh sé de réir cheanglais an fhógra fad a bheidh an fógra i ngníomh.

(2) Déanfaidh fógra toirmisc—

(a) na nithe seo a leanas a shonrú—

(i) an duine nó na daoine chuig a bhfuil sé dírithe,

(ii) an t-áitreabh ar dóigh leis an Aire gur uaidh a rinneadh an craoladh lena mbaineann sé, agus

(iii) an dáta nó na dátaí is dóigh leis an Aire a rinneadh an craoladh sin, agus

(b) a cheangal ar an duine chuig a mbeidh sé dírithe, fad a bheidh an fógra i ngníomh, gan a thairiscint an tseirbhís seo a leanas a chur ar fáil, nó gan í a chur ar fáil nó a choinneáil ar fáil, chuig pointe cónaisc san áitreabh a bheidh sonraithe san fhógra, eadhon

(i) i gcás gurb é Bord Telecom Éireann an duine sin, seirbhís teileachumarsáide,

(ii) i gcás gurb é Bord Soláthair an Leictreachais an duine sin, soláthar leictreachais.

(3) Aon duine ar a seirbheálfar fógra toirmisc de bhun fho-alt (1) den alt seo beidh sé díolmhaithe ó dhliteanas i leith aon ní a dhéanfaidh sé nó a fhágfaidh sé gan déanamh de bhun an fhógra.

(4) I gcás go seirbheálfar fógra toirmisc de bhun fho-alt (1) den alt seo agus agus go mbeidh áitreabh sonraithe san fhógra, déanfaidh an t-Aire, a luaithe is féidir é, cóip den fhógra a sheirbheáil ar áititheoir an áitribh mar aon le ráiteas go bhféadfaidh an t-áititheoir sin, laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag dar tosach dáta an fhógra, uiríll a dhéanamh chuig an Aire a léireoidh cén fáth nár chóir don fhógra toirmisc teacht i ngníomh (agus údaraítear leis seo na huiríll sin a dhéanamh).

(5) Tiocfaidh fógra toirmisc i ngníomh, mura mbeidh sé tarraingthe siar roimhe sin, ar cibé lá a chinnfidh an tAire (ar lá é nach luaithe ná an lá díreach tar éis dheireadh na tréimhse ceithre lá dhéag dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo).

(6) I gcás go dtiocfaidh fógra toirmisc i ngníomh—

(a) leanfaidh sé de bheith i ngníomh go dtí go dtarraingeofar siar é, agus

(b) fad a leanfaidh sé de bheith i ngníomh, ní thairgfidh aon duine chuig a mbeidh an fógra dírithe seirbhís teileachumarsáide nó soláthar leictreachais, de réir mar is cuí ag féachaint do théarmaí an fhógra, a chur ar fáil, ná an tseirbhís nó an soláthar sin a chur ar fáil nó a choinneáil ar fáil chuig pointe cónaisc san áitreabh a bheidh sonraithe san fhógra.

(7) Fógra nó cóip d'fhógra a cheanglaítear leis an alt seo a sheirbheáil ar dhuine, seirbheálfear air iad ar cheann éigin de na bealaí seo a leanas:

(a) i gcás é a bheith dírithe chuige faoina ainm, trína fhágáil ag a oifig chláraithe nó a phríomh-oifig nó ag a phríomh-áit ghnó.

(b) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh a mbíonn gnáthchónaí air nó ag a oifig chláraithe nó a phríomh-oifig nó ag a phríomháit ghnó nó, i gcás go mbeidh seoladh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin.

(8) I gcás go gceanglaítear leis an alt seo cóip d'fhógra toirmisc a sheirbheáil ar áititheoir aon áitribh agus nach féidir trí fhiosrúchán réasúnach ainm an áititheora a fháil amach, féadfar í a dhíriú chuig “an t-áititheoir” gan é a ainmniú.

(9) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta, de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 , ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomh-oifig nó ag a phríomh-áit ghnó.

Is cion é seirbhísí áirithe a úsáid chun leasanna áirithe a chur chun cinn, a chur ar aghaidh nó a éascú.

8. —Aon duine a dhéanfaidh—

(a) trí úsáid a bhaint as seirbhís teileachumarsáide arb é an suibscríobhaí di é, nó as soláthar leictreachais a sholáthraítear dó; nó

(b) trína chumasú do dhuine eile nó trína cheadú dó soláthar leictreachais den sórt sin nó seirbhís teileachumarsáide den sórt sin a úsáid,

leasanna gnó arb iad a ghníomhaíochtaí, nó ar cuid díobh, oibriú stáisiúin óna ndéanfar craoltaí de shárú ar alt 3 (1) den Acht seo a chur chun cinn, a chur ar aghaidh nó a éascú, go díreach nó go neamhdhíreach, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

Ní mór ceadúnas a dheonaítear faoi Acht 1926 a thabhairt ar aird in imthosca áirithe.

9. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh duine, de bhun díolacháin nó de bhun comhaontaithe chun díola nó chun ligean ar fruiliú nó chun fruilcheannach a dhéanamh nó chun soláthar a dhéanamh ar shlí eile, aon ghaireas le haghaidh raidiótheileagrafaíochta seachas gléas teilifíse is d'aicme nó de thuairisc áirithe, a sheachadadh mura mbeidh, laistigh den tréimhse iomchuí, ceadúnas a bheidh arna dheonú faoi Acht 1926 tugtha ar aird ag an gceannaitheoir nó ag an bhfruilitheoir nó ag an bpáirtí a mbeidh an gaireas le soláthar ar shlí eile dó, de réir mar is cuí, nó mura mbeidh an ceadúnas sin tugtha ar aird thar ceann an chéanna, lena iniúchadh ag an duine a bheidh á sheachadadh nó ag a ghníomhaire, ar ceadúnas é—

(a) a bheidh eisithe chuig an gceannaitheoir nó chuig an bhfruilitheoir, nó chuig an bpáirtí dá soláthrófar amhlaidh é, de réir mar is cuí, agus

(b) a bhaineann le gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta den aicme nó den tuairisc sin, agus

(c) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, gaireas le haghaidh raidiótheileagrafaíochta is d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe san ordú a dhíolmhú ó fhorálacha fho-alt (1) den alt seo, agus i gcás go mbeidh ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar fo-alt (1) den alt seo, agus beidh éifeacht leis, faoi réir théarmaí an ordaithe.

(3) In aon imeachtaí ina líomhnaítear go ndearnadh sárú ar fho-alt (1) den alt seo, is cosaint é don chosantóir—

(a) a chruthú—

(i) maidir leis an gceannaitheoir iomchuí, nó leis an bhfruilitheoir nó leis an bpáirtí iomchuí dá ndearnadh soláthar, gur thug siad ar aird don chosantóir nó dá ghníomhaire doiciméad a d'airbheartaigh go mba é an ceadúnas é a gcomhlíonfadh a thabhairt ar aird ceanglais an fho-ailt sin (1), agus

(ii) go ndearna an cosantóir nó a ghníomhaire iniúchadh ar an doiciméad sin, agus

(iii) gur chreid an cosantóir nó, i gcás gur dá ghníomhaire a tugadh an doiciméad ar aird, gur chreid a ghníomhaire, le réasún, go mba é an ceadúnas sin an doiciméad, agus

(iv) gur tugadh an doiciméad ar aird amhlaidh laistigh den tréimhse ab iomchuí ag féachaint don fho-alt sin (1), agus

(b) an chúirt a shásamh go raibh sé réasúnach creidiúint amhlaidh.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £20,000 a chur air.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”, i ndáil le seachadadh, an tréimhse a thosaíonn ar an lá atá trí lá roimh dháta déanta an tseachadta agus a chríochnaíonn díreach sula ndéantar an seachadadh;

tá le “gléas teilifíse” an bhrí a shanntar dó le halt 1 (1) den Acht Raidio-Theileagrafaíochta, 1972 , arna leasú le halt 2 (2) den Acht seo.

Fógra nach bhfuil aon díol, etc., déanta.

10. —(1) Má tharlaíonn i gcaitheamh míosa áirithe nach ndéanann déileálaí teilifíse—

(a) aon ghléas teilifíse a dhíol nó a ligean ar shlí a luaitear i mír (a) nó (b) d'alt 3 (1) d'Acht 1972, nó

(b) aon socrú a thuairiscítear i mír (c) den alt sin 3 (1),

tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Aire á dhearbhú nach ndearna sé, i gcaitheamh na míosa sin, aon díol, ligean nó socrú den sórt sin.

(2) (a) I gcás go gceanglaítear leis an bhfo-alt seo fógra a thabhairt don Aire, tabharfar an fógra amhlaidh tráth nach déanaí ná an lá deiridh den mhí tar éis na míosa lena mbaineann an fógra.

(b) I gcás go ndéanfar fógra a cheanglaítear leis an alt seo a thabhairt don Aire, cuirfidh an duine a thugann an fógra ar taifead gur tugadh an fógra sin agus cén dáta ar cuireadh chuig an Aire é agus coimeádfaidh an duine sin an taifead sin go ceann tréimhse nach lú ná dhá mhí dhéag, agus chun críocha fho-alt (4) d'alt 6 d'Acht 1972 measfar an taifead a bheith á choimeád faoin alt sin.

(3) Aon duine—

(a) a mhainneoidh, gan chúis nó leithscéal réasúnach, déanamh de réir aon cheann de cheanglais fho-alt (1) nó (2) den alt seo, nó

(b) i gcomhlíonadh airbheartaithe aon cheann acu sin:

(i) a sholáthróidh aon fhaisnéis is eol dó a bheith bréagach i i bponc ábhartha, nó

(ii) a dhéanfaidh aon taifead is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go feasach é sin a dhéanamh,

beidh sé ciontach i gcion faoi alt 10 (1) d'Acht 1972.

Is cion é mainneachtain déanamh de réir ceanglas áirithe faoi alt 6 (4) d'Acht 1972.

11. —Aon duine a mhainneoidh, gan chúis nó leithscéal réasúnach, déanamh de réir ceanglais a bheidh déanta go cuí faoi alt 6 (4) d'Acht 1972, arna leathnú le halt 10 (2) (b) den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

Athruithe ar phionóis le haghaidh cionta áirithe faoi Acht 1926 agus Acht 1972.

12. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1926—

(a) in alt 3, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Gach duine a choimeádfaidh, a mbeidh ina sheilbh aige, a shuiteálfaidh, a chothabhálfaidh, a oibreoidh nó a úsáidfidh, aon ghaireas de shárú ar an alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) i gcás gur gléas teilifíse an gaireas a ndearnadh an cion ina leith, ar é a chiontú go hachomair ann—

(I) i gcás an chéad chiona den sórt sin, fíneáil nach mó ná £500 a chur air,

(II) i gcás an dara cion nó cion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air,

(ii) i gcás nach gléas teilifíse an gaireas a ndearnadh an cion ina leith—

(I) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air,

(II) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £20,000 a chur air.

(b) San fho-alt seo tá le ‘gléas teilifíse an bhrí a shanntar dó le halt 1 (1) den Acht Raidió-Theileagrafaíochta, 1972, arna leasú le halt 2 (2) den Acht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta, 1988.

(3A) (a) I gcás duine a chiontú ar díotáil i gcion faoin alt seo, beidh leas an duine, cibé acu mar úinéir nó ar shlí eile, sa ghaireas seo a leanas arna fhorghéilleadh mar iarmhairt reachtúil ar chiontú:

(i) i gcás gur stáisiún leaschraolta sreinge an gaireas a ndearnadh an cion ina leith, an chuid nó na codanna den ghaireas atá sa stáisiún idir an pointe tosaigh ag a nglacann an stáisiún cláracha teilifíse, cláracha fuaime nó cláracha teilifíse agus cláracha fuaime, de réir mar a bheidh, agus an pointe ag a n-inchuirtear na cláracha sin isteach i dtrunc-chábla an stáisiúin lena seoladh de shreang,

(ii) i gcás nach stáisiún leaschraolta sreinge an gaireas a ndearnadh an cion ina leith, an gaireas a ndearnadh an cion ina leith.

(b) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘pointe seirbhíse’ pointe in áitreabh nó i gcuid d'áitreabh a bhfuil ceangal sreinge aige le stáisiún leaschraolta sreinge agus chun a ndéantar cláracha teilifíse, clárracha fuaime, nó cláracha teilifíse agus cláracha fuaime araon, a sheoladh leis an sreang lena nglacadh ar ghaireas raidiótheileagrafaíochta atá i seilbh áititheoir an áitribh nó na coda;

ciallaíonn ‘stáisiún leaschraolta sreinge’ gaireas raidió-theileagrafaíochta a fhéadann cláracha teilifíse, cláracha fuaime, nó cláracha teilifíse agus cláracha fuaime araon, a ghlacadh trí raidió-theileagrafaíocht agus na cláracha a sheoladh de shreang ansin lena nglacadh ar ghaireas raidiótheileagrafaíochta, agus folaíonn sé aon aeróga agus na sreanga atá i gceangal le haon phointe seirbhíse atá á sheirbheáil ag stáisiún den sórt sin.

(3B) I gcás go ndéantar, mar iarmhairt reachtúil ar chiontú, aon rud a fhorghéilleadh faoin alt seo, féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar an rud sin a dhíothú nó a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile ar cibé slí is cuí leis.

(3C) I gcás go n-ordóidh an tAire, de bhun fho-alt (3B) den alt seo, rud a dhíol, déanfar glan-fháltais an díola a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste ar cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.”;

(b) in alt 7, trí “thar dhá chéad caoga punt” a chur in ionad “thar chaoga punt” (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1972) i bhfo-alt (3);

(c) in alt 9—

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfar, le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo—

(a) a shocrú go mbeidh briseadh nó sárú aon rialacháin shonraithe den sórt sin ina chion,

(b) i ndáil le ciontuithe ar díotáil i leith ciona den sórt sin, a shocrú go bhféadfaidh an chúirt a chiontóidh an cosantóir a ordú go bhforghéillfear leas an chosantóra, cibé acu mar úinéir nó ar shlí eile, i ngach gaireas nó in aon ghaireas ar deimhin leis an gcúirt go bhfuil briseadh nó sárú aon rialacháin shonraithe den sórt sin déanta ina leith nó dá bhíthin.”; agus

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Aon duine a bheidh ciontach i gcion mar gheall ar bhriseadh nó sárú rialacháin a bheidh sonraithe, de bhua mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil míle punt agus, i gcás go leanfar den bhriseadh nó den sárú sin, fíneáil bhreise (nach mó ná míle punt san iomlán) nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air, agus

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil fiche míle punt agus, i gcás go leanfar den bhriseadh nó den sárú sin, fíneáil bhreise nach mó ná dhá mhíle punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.”;

(d) in alt 10—

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3).

“(3) Féadfar le rialacháin arna ndéanamh faoin bhfo-alt seo—

(a) a shocrú go mbeidh briseadh nó sárú aon rialacháin shonraithe den sórt sin ina chion,

(b) i ndáil le ciontuithe ar díotáil i leith ciona den sórt sin, a shocrú go bhféadfaidh an chúirt a chiontóidh an cosantóir a ordú go bhforghéillfear leas an chosantóra, cibé acu mar úinéir nó ar shlí eile, i ngach gaireas nó in aon ghaireas ar deimhin leis an gcúirt go bhfuil briseadh nó sárú aon rialacháin shonraithe den sórt sin déanta ina leith nó dá bhíthin.”; agus

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Aon duine a bheidh ciontach i gcion mar gheall ar bhriseadh nó sárú rialacháin a bheidh sonraithe, de bhua mhír (a) d'fho-alt (3) den alt seo, i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil míle punt, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, den rogha sin, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air agus, i gcás go leanfar den bhriseadh nó den sárú sin, fíneáil bhreise (nach mó ná míle punt san iomlán) nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air, agus

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil fiche míle punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó, den rogha sin, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, agus i gcás go leanfar den bhriseadh nó den sárú sin, fíneáil bhreise nach mó ná dhá mhíle punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.”;

(e) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:

“Gaireas a fhorghéilleadh; forálacha forlíontacha.

10A.—(1) Ní ordóidh cúirt aon rud a fhorghéilleadh de bhun rialachán faoi alt 9 (2) nó 10 (3) den Acht seo má dhéanann duine a mhaíonn gurb é an t-úinéir é nó go bhfuil leas thairis sin aige ann iarratas chun éisteacht a fháil ón gcúirt, mura mbeidh deis tugtha dó chun a shuíomh nár chóir an t-ordú a dhéanamh.

(2) I gcás—

(a) duine a chiontú ar díotáil i gcion faoi alt 3 den Acht seo, nó

(b) ordú a dhéanamh de bhun rialachán faoi alt 9 (2) nó 10 (3) den Acht seo,

déanfar an gaireas lena mbaineann an forghéilleadh faoin alt sin 3 nó, de réir mar is cuí, lena mbaineann an t-ordú, a dhíol nó a dhiúscairt i cibé slí eile is cuí leis an Aire.

(3) I gcás go ndíoltar an gaireas de bhun an ailt seo, déanfar glanfháltais an díola a íoc isteach sa Státchiste, nó a chur chun tairbhe don Státchiste, i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.”;

(f) in alt 11, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4):

“(3) Gach duine a dhéanfaidh nó a thabharfaidh faoi aon teachtaireacht, cumarsáid nó comhartha a sheoladh, nó a nochtfaidh brí an chéanna, de shárú ar an alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná míle punt nó, de rogha na cúirte, téarma príosúnachta nach faide ná sé mhí nó, den rogha sin, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná fiche míle punt nó, de rogha na cúirte, téarma príosúnachta nach faide ná dhá mhí dhéag nó, den rogha sin, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”;

(g) i bhfo-alt (3) d'alt 12, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal uile ó “, ar a chiontú ann ar an slí achmair” go dtí deireadh an fho-ailt:

“dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná míle punt agus, i gcás go leanfar den chion, fíneáil bhreise (nach mó ná míle punt san iomlán) nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná fiche míle punt agus, i gcás go leanfar den chion, fíneáil bhreise nach mó ná dhá mhíle punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.”;

(h) in alt 12A (a cuireadh isteach le halt 34 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 ), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (12):

“(12) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná míle punt agus, i gcás go leanfar den chion, fíneáil bhreise (nach mó ná míle punt san iomlán) nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná fiche míle punt agus, i gcás go leanfar den chion, fíneáil bhreise nach mó ná dhá mhíle punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.”; agus

(i) in alt 12B (a cuireadh isteach leis an alt sin 34), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná míle punt agus, i gcás go leanfar den chion, fíneáil bhreise (nach mó ná míle punt san iomlán) nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná fiche míle punt agus, i gcás go leanfar den chion, fíneáil bhreise nach mó ná dhá mhíle punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.”;

agus tá an fo-alt sin (3) den alt sin 7 agus an fo-alt sin (3) den alt sin 12, arna leasú leis an bhfo-alt seo, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1972—

(a) trí “cúig chéad punt” agus “míle punt” a chur in ionad “cúig phunt is fiche” agus “céad punt”, faoi seach, i bhfo-alt (3); agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) (a) (i) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo dlífear—

(I) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná míle punt a chur air,

(II) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná fiche míle punt a chur air.

(ii) I gcás go gciontófar duine ar díotáil i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, i dteannta aon fhíneáil a chur ar an duine a dhlífear a chur air faoin alt seo, a ordú go bhforghéillfear leas an duine, cibé acu mar úinéir nó ar shlí eile, in aon ghaireas a ndearnadh an cion i ndáil leis.

(b) Ní ordóidh cúirt aon rud a fhorghéilleadh faoi mhír (a) den fho-alt seo má dhéanann duine a mhaíonn gurb é an t-úinéir air é nó go bhfuil leas thairis sin aige ann iarratas chun éisteacht a fháil ón gcúirt, mura mbeidh deis tugtha dó chun a shuíomh nár chóir an t-ordú a dhéanamh.”;

agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú leis an bhfo-alt seo, leagtha amach i mír 3 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(3) Aisghairtear leis seo alt 4 (2) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 , agus alt 13 (3) (b) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 (a dhéanann socrú maidir le pionóis uasta faoi alt 11 d'Acht 1926).

AN TÁBLA

1. (3) Gach éinne ar a seirbheálfar fógra speisialta go cuibhe fén alt so déanfa sé laistigh den aimsir roimhráite an fhuirm fhaisnéise a bheidh ag gabháil leis an bhfógra san no ceangailte dhe do chríochnú go cuibhe agus go ceart do réir an fhógra san agus an ailt seo agus an fhaisnéis sin do thabhairt don oifigeach a bheidh ainmnithe chuige sin sa bhfógra san no í chur chuige, agus má leigeann éinne den tsórt san i bhfaillí no i bhfuaire an fhaisnéis sin do chríochnú agus do thabhairt no do chur uaidh amhlaidh no má abrann sé sa bhfaisnéis sin éinní is eol do a bheith bréagach nó mí-threorach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad caoga punt do chur air.

2. (3) Gach éinne a oibreoidh no a úsáidfidh aon ghléas radiothelegrafaíochta contrárdha don alt so agus, tar éis a sheirbheála le fógra fén alt so á éileamh air deire do chur leis an gcur isteach no leis an dochar a bheidh contrárdha don alt so, ná déanfidh laistigh den aimsir a bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san deire do chur leis an gcur isteach no leis an dochar san sa tslí a bheidh luaidhte sa bhfógra san no ar shlí éigin eile beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná míle punt agus, i gcás go leanfar den chion, fíneáil bhreise (nach mó ná míle punt san iomlán) nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná fiche míle punt agus, i gcás go leanfar den chion, fíneáil bhreise nach mó ná dhá mhíle punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.

3. (3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil a chur air nach mó ná—

(a) cúig chéad punt más le ceanglas in ordú faoin alt sin 5 a bhaineann an cion, agus

(b) míle punt in aon chás eile.

Táillí ceadúnas a ghnóthú.

13. —Aon suim a bheidh dlite maidir le táille a bheidh forordaithe faoi alt 6 d'Acht 1926 beidh sé inghnóthaithe ag an Aire mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Cionta a ionchúiseamh.

14. —Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre a ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin Acht seo.

Dualgas cruthúnais.

15. —In imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo ní gá a bhréagnú le fianaise go bhfuil aon ordú faoi alt 9 (2) den Acht seo ar marthain nó go bhfuil aon cheadúnas craolacháin ar marthain agus dá réir sin is faoin gcosantóir a bheidh sé a chruthú go bhfuil ordú den sórt sin ar marthain, nó gur eisíodh ceadúnas den sórt sin don chosantóir.

Feidhm fho-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 3 d'Acht 1926 maidir le Bord Telecom Éireann.

16. —D'fhonn amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo go bhfuil feidhm ag fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 3 d'Acht 1926 maidir le Bord Telecom Éireann.

Leasú ar ailt 7 agus 8 d'Acht 1926.

17. —(1) Leasaítear leis seo mír (b) d'alt 7 (2) d'Acht 1926 trí “ainm agus seoladh an duine a dhíol an gléas sin leis nó a lig nó a fhruiligh chuige é nó a sholáthair dó ar shlí eile é” a chur isteach i ndiaidh “cadé an saghas an gléas san”, agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 8 (1) d'Acht 1926 trí “nó in aon fheithicil áirithe” a chur isteach i ndiaidh “in aon áit áirithe”, agus i ndiaidh “san áit”, agus trí na focail “nó aon fheithicil den sórt sin” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “nó aon chuid den ghléas san”.

(3) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1926 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Oibreoidh barántas cuardaigh a bheidh deonaithe faoin alt seo chun údarás a thabhairt d'aon duine amháin nó níos mó díobh seo a leanas, eadhon, aon chomhalta den Gharda Síochána nó oifigeach don Aire nó duine eile a bheidh údaraithe ag an duine dár deonaíodh an barántas a bheith ina theannta agus cabhrú leis agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an mbarántas sin.

(3) (a) Féadfaidh oifigeach don Aire aon rud a choinneáil, ar rud é a bheidh urghafa faoin alt seo agus a gcreideann sé gur fianaise é ar aon chion nó cion amhrasta faoi na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta, 1926 go 1988, nó faoi na hAchtanna Craolacháin (Cionta), 1968 agus 1988, lena úsáid mar fhianaise in imeachtaí i ndáil le haon chion den sórt sin, go ceann cibé tréimhse is réasúnach ó dháta na hurghabhála nó, má thionscnaítear imeachtaí ina mbeidh an rud a urghabhadh amhlaidh ag teastáil lena úsáid i bhfianaise, go dtí go mbeidh deireadh leis na himeachtaí, agus, faoi réir alt 3 (3A) d'Acht 1926, arna chur isteach le halt 12 (1) (a) den Acht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta, 1988, déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir dá éis sin, aon rud den sórt sin a sheachadadh ar an duine arb é úinéir an ruda sin é i dtuairim an Aire, agus i gcás go gcinnfidh an tAire nach féidir leis an duine sin a fhionnadh, ansin, ar agus ó dháta an chinnidh uaidh, beidh feidhm ag Acht 1897 maidir leis an rud a urghabhadh amhlaidh.

(b) Más rud é, de bhua mhír (a) den fho-alt seo, go gcuirtear Acht 1897 i bhfeidhm maidir le haon rud, ansin, gan dochar do cheart aon duine a bheidh ag éileamh an ruda iarratas a dhéanamh faoin Acht sin i ndáil leis an rud sin, déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir, iarratas den sórt sin.

(c) D'fhonn éifeacht a thabhairt do na míreanna roimhe seo den fho-alt seo, déanfar Acht 1897 a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leis, faoi réir aon mhodhnaithe is gá a dhéanamh chun an éifeacht sin a thabhairt.

(d) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘Acht 1897’ an Police (Property) Act, 1897.

(4) (a) Aon duine a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, bac nó cosc a chur ar oifigeach don Aire nó ar chomhalta den Gharda Síochána nó ar aon duine eile agus é ag feidhmiú cumhachta a bheidh tugtha le barántas cuardaigh arna dheonú faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(b) Aon duine a dhéanfaidh, le hintinn bac nó cosc a chur ar oifigeach don Aire nó ar chomhalta den Gharda Síochána nó ar aon duine eile agus é ag feidhmiú cumhachta a bheidh tugtha le barántas cuardaigh arna dheonú faoin alt seo, aon rud a shuíomh, a thógáil, a shuiteáil, a choimeád nó a chothabháil, beidh sé ciontach i gcion agus más rud é, i gcás go leanfar den chion, go leanfar den bhac nó den chosc tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise.

(c) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.”.

AN TÁBLA

(b) Má tá aon ghléas den tsórt san i gcimeád no ar seilbh aige, cadé an saghas an gléas san, ainm agus seoladh an duine a dhíol an gléas sin leis nó a lig nó a fhruiligh chuige é nó a sholáthair dó ar shlí eile é agus cá bhfuil sé i gcimeád no ar seilbh aige.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1968.

18. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1968 trí “£1,000” agus “£20,000” a chur in ionad “£100” agus “£500” faoi seach, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo, dlífear—

(a) ar a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma faide ná trí mhí a chur air nó, de rogha na cúirte fíneáil nach mó ná £1,000 nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin i dteannta a chéile, nó

(b) ar a chiontú ar dhíotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain a chur air nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £20,000 nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin i dteannta a chéile.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1972.

19. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1972 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní ghníomhóidh duine mar dhéileálaí teilifíse mura mbeidh tugtha aige don Aire, sula ngníomhaíonn sé amhlaidh, fógra san fhoirm fhorordaithe, nó i bhfoirm dá samhail, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas—

(a) ainm an duine, agus

(b) an áit nó na háiteanna ina gcoimeádfaidh sé na taifid a cheanglaítear leis an Acht seo ar dhéileálaí teilifíse a choimeád agus ina mbeidh siad ar fáil lena n-iniúchadh.

agus déanfar an fhaisnéis, nuair a gheofar í, a thaifeadadh sa chlár a bheidh bunaithe agus á chothabháil faoi fho-alt (1) den alt seo.

(2A) In aon imeachtaí ina líomhnaítear go ndearnadh sárú ar fho-alt (2) den alt seo, is cosaint é don chosantóir a chruthú—

(a) go mba dhéileálaí teilifíse é díreach roimh thosach feidhme an Achta Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta, 1988, ar leith ó ailt 16 agus 21 den Acht sin,

(b) gur thug sé don Aire, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta sin nó dá éis, an fógra a cheanglaítear leis an alt seo a thabhairt amhlaidh, agus

(c) go raibh san fhógra sin an fhaisnéis dá dtagraítear amhlaidh agus gur thug sé don Aire é tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis don chosantóir tosú ag gníomhú mar dhéileálaí teilifíse.”.

Táillí maidir le hiarratas ar cheadúnas.

20. —Féadfaidh an tAire le rialacháin an táille a fhorordú a bheidh le híoc i leith iarratas ar cheadúnais nó aon aicme ceadúnais faoi alt 5 d'Acht 1926, faoi réir cibé eisceachtaí a fhorordóidh sé, agus beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 6 den Acht sin maidir le haon rialachán den sórt sin.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

21. —(1) Féadfar an tAcht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta, 1988, a ghairm den Acht seo.

(2) Ní thiocfaidh an tAcht seo, ar leith ón alt seo agus alt 16, i ngníomh go dtí go mbeidh mí caite ag tosú le dáta a rite, ach faoi réir a bhfuil anseo roimhe seo tiocfaidh sé (ar leith ón alt seo agus alt 16) i ngníomh an 31ú lá de Nollaig, 1988, nó ar cibé lá is luaithe ná sin a cheapfaidh an tAire le hordú.

(3) (a) Féadfar na hAchtanna Craolacháin (Cionta), 1968 agus 1988, a ghairm d'Acht 1968 agus den Acht seo, ar leith ó ailt 2, 9, 10, 11, 12, 16, 17 agus 19 den Acht seo, le chéile.

(b) Féadfar na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta, 1926 go 1988, a ghairm de na hAchtanna Raidio-Theileagrafaíochta, 1926 go 1972, agus d'ailt 2, 9, 10, 11, 12, 14, 15, 16, 17 agus 19 den Acht seo, le chéile.