An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II An Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách) Ar Aghaidh (CUID IV Seirbhís Clár Teilifíse)

20 1988

AN tACHT RAIDIÓ AGUS TEILIFÍSE, 1988

CUID III

Seirbhísí Craolacháin Fuaime

Iarratais ar chonarthaí craolacháin fuaime.

5. —(1) D'fhonn forbairt rianúil ar sheirbhísí craolacháin fuaime a áirithiú agus, ag féachaint do na minicíochtaí raidió atá ar fáil le haghaidh craoladh fuaime, chun go mbunófaí éagsúlacht seirbhísí i limistéar chun freastal ar réimse fairsing ábhar is díol spéise do dhaoine, lena n-áirítear ábhair is díol spéise do leasanna mionlaigh, déanfaidh an Coimisiún a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe, agus féadfaidh sé ó am go ham dá éis sin, trí fhógra a fhoilsiú i gceann amháin ar a laghad de na nuachtáin náisiúnta, cuireadh a thabhairt chun spéis a nochtadh i ngnóthú conarthaí le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime faoin Acht seo. Leagfar amach go ginearálta i nochtadh spéise den sórt sin cén cineál seirbhíse a chuirfí ar fáil agus ní ghlacfar leis gur iarratas ar chonradh craolacháin fuaime é.

(2) Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil don Aire faoina bhfuil faighte amach aige faoi fho-alt (1) agus, tar éis don Aire an tuarascáil a bhreithniú agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, sonróidh sé an limistéar (a bhféadfaidh an Stát uile nó aon chuid den Stát a bheith i gceist ann) a ndéanfar iarratais ar chonradh craolacháin fuaime a lorg i ndáil leis agus déanfaidh an Coimisiún de réir na treorach sin.

(3) Féadfaidh an tAire, ag féachaint don tuarascáil a bheidh tugtha ag an gCoimisiún faoi fho-alt (2) agus ag féachaint do na minicíochtaí raidió a bheidh ar fáil le haghaidh craoladh fuaime, teorainn a chur leis an líon limistéar a fhéadfaidh sé a shonrú faoin bhfo-alt sin.

(4) Déanfaidh an Coimisiún, faoi réir fhorálacha an Achta seo, iarratais a lorg ar chonradh craolacháin fuaime chun seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil i ngach limistéar a bheidh sonraithe ag an Aire faoi fho-alt (2) agus féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha an Achta seo, conarthaí den sórt sin a dhéanamh.

(5) I gcás go lorgóidh an Coimisiún iarratais ar chonradh craolacháin fuaime chun seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil, sonróidh sé, trí fhógra poiblí, an limistéar ar i ndáil leis a dhéanfar an tseirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil de bhun an chonartha sin, agus tabharfaidh sé, tríd an bhfógra sin, cuireadh do dhaoine ar spéis leo seirbhís den sórt sin a chur ar fáil cur isteach ar an gconradh sin.

(6) Ag féachaint dá mbeidh faighte amach ag an gCoimisiún faoi fho-alt (1) féadfaidh an Coimisiún, le linn dóibh breithniú a dhéanamh ar iarratais go ndeonófaí conradh craolacháin fuaime, béim níos mó a chur ar cheann amháin nó níos mó de na critéir a shonraítear in alt 6 (2) den Acht seo agus aon uair a bheartaíonn an Coimisiún déanamh amhlaidh, cuirfidh sé a bhfuil beartaithe aige in iúl go sonrach do gach duine a thug le fios go bhfuil ar intinn aige cur isteach ar chonradh.

(7) Maidir le gach fógra faoi fho-alt (5)—

(a) foilseofar é i nuachtán náisiúnta amháin ar a laghad agus, más cuí, i nuachtán áitiúil amháin a léitear sa limistéar ar a mbeifear chun freastal;

(b) sonrófar ann an nós imeachta a bheidh le leanúint d'fhonn iarratas a dhéanamh;

(c) sonrófar ann aon nithe eile is dóigh leis an gCoimisiún is gá nó is iomchuí.

Cinneadh ar iarratais go ndeonófaí conarthaí craolacháin fuaime.

6. —(1) Déanfaidh an Coimisiún, de réir fhorálacha an Achta seo, breithniú ar gach iarratas ar chonradh craolacháin fuaime a bheidh faighte aige de bhun fógra faoi alt 5 (5) d'fhonn a chinneadh cé hé an t-iarratasóir is oiriúnaí, más ann, chun conradh craolacháin fuaime a dheonú dó.

(2) Le linn don Choimisiún na hiarratais a bheidh faighte aige a bhreithniú agus le linn dó an t-iarratasóir is oiriúnaí a chinneadh chun conradh craolacháin fuaime a dheonú dó, beidh aird ag an gCoimisiún ar na nithe seo a leanas—

(a) carachtar an iarratasóra nó, más comhlacht corpraithe an t-iarratasóir, carachtar an chomhlachta agus na stiúrthóirí, an bhainisteora, an rúnaí, nó oifigigh eile den sórt sin de chuid an chomhlachta sin agus carachtar na gcomhaltaí den chomhlacht sin agus na ndaoine a bhfuil teideal acu chuig úinéireacht thairbhiúil a chuid scaireanna;

(b) leordhóthanacht an tsaineolais agus na taithí agus na n-acmhainní airgeadais a bheidh ar fáil do gach iarratasóir agus a mhéid a bheidh an t-iarratas ag teacht le dea-phrionsabail eacnamaíochta;

(c) cáilíocht, réimse agus cineál na gclár a bheartaíonn gach iarratasóir, nó mura mbeidh ann ach iarratasóir amháin, an t-iarratasóir sin, a chur ar fáil;

(d) líon, cáilíocht, réimse agus cineál na gclár Gaeilge agus réim na gclár i ndáil le cultúr na hÉireann a bheartaítear a chur ar fáil;

(e) a mhéid a dhéanfaidh an t-iarratasóir, laistigh den tseirbhís craolacháin fuaime atá beartaithe, deiseanna nua a chruthú d'Éireannaigh a bhfuil buanna acu sa cheol, sa drámaíocht agus sa tsiamsaíocht;

(f) a inmhianaithe atá sé éagsúlacht seirbhísí a bheith ar fáil sa limistéar a bheidh sonraithe san fhógra faoi alt 5 (5) chun freastal ar réimse fairsing ábhar is díol spéise do dhaoine, lena n-áirítear ábhair is díol spéise do leasanna mionlaigh;

(g) a inmhianaithe atá sé ligean d'aon duine, nó d'aon ghrúpa daoine, rialú a bheith aige nó acu ar líon as cuimse de na seirbhísí craolacháin fuaime, nó leasanna substaintiúla a bheith aige nó acu iontu, ar seirbhísí iad a mbeidh conradh craolacháin fuaime deonaithe faoin Acht seo ina leith;

(h) a inmhianaithé atá sé ligean d'aon duine, nó d'aon ghrúpa daoine, rialú a bheith aige nó acu ar mhéid as cuimse de na meáin chumarsáide, nó leasanna substaintiúla a bheith aige nó acu iontu, sa limistéar a bheidh sonraithe san fhógra faoi alt 5 (5);

(i) a mhéid a dhéanann an tseirbhís bheartaithe—

(i) freastal ar phobail is inaitheanta mar phobail áitiúla agus a mhéid atá tacaíocht aici ó na leasanna éagsúla sa phobal, nó

(ii) freastal ar phobail chomhleasa, agus

(j) aon nithe eile is dóigh leis an gCoimisiún is gá chun forbairt rianúil ar sheirbhísí craolacháin fuaime a áirithiú.

(3) Le linn don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar oiriúnacht aon iarratasóra chun conradh craolacháin fuaime a dheonú dó le seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil maidir le limistéar a bhfuil limistéar Gaeltachta ar áireamh ann, beidh aird ar leith ag an gCoimisiún ar chaomhnú na Gaeilge mar theanga labhartha.

Ceadúnas le haghaidh tarchuradóra craolacháin fuaime a athrú.

7. —(1) Más dóigh leis an Aire gur gá déanamh amhlaidh mar gheall ar aon cheann de na cúiseanna a shonraítear i bhfo-alt (2), féadfaidh sé aon téarma nó coinníoll a bheidh i gceadúnas arna eisiúint de bhun alt 4 (3) a athrú.

(2) Féadfaidh an tAire aon téarma nó coinníoll a bheidh i gceadúnas arna eisiúint faoi alt 4 (3) a athrú—

(a) más dealraitheach dó gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le dea-bhainisteoireacht na minicíochtaí raidió;

(b) d'fhonn éifeacht a thabhairt d'aon chomhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát, ar comhaontú é a bheidh daingnithe ag an Stát agus a bhaineann le craoladh fuaime;

(c) más dealraitheach dó gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh;

(d) más dealraitheach dó gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le sábháilteacht nó slándáil daoine nó maoine;

(e) ar an gCoimisiún dá iarraidh sin tar éis dóibh dul i gcomhairle le haon chonraitheoir craolacháin fuaime ar a bhfearann sé;

(f) ar an gCoimisiún dá iarraidh sin thar ceann conraitheora craolacháin fuaime.

(3) (a) Má bheartaíonn an tAire, ar aon chúis a shonraítear i mír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (2), athrú a dhéanamh, de bhun an ailt seo, ar aon téarma nó coinníoll a bheidh i gceadúnas arna eisiúint de bhun alt 4 (3), tabharfaidh sé scéala don Choimisiún, trí fhógra i scríbhinn, faoina bhfuil beartaithe aige agus faoi na cúiseanna atá leis sin agus déanfaidh an Coimisiún, laistigh de 7 lá tar éis dó an scéala sin a fháil, fógra dá réir sin a thabhairt don chonraitheoir craolacháin fuaime.

(b) Beidh de cheart ag an gconraitheoir craolacháin fuaime uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCoimisiún maidir lena bhfuil beartaithe ag an Aire, laistigh de 21 lá tar éis don Choimisiún an fógra a sheirbheáil.

(c) Cuirfidh an Coimisiún aon uiríll den sórt sin ar aghaidh chuig an Aire laistigh de 7 lá eile dá éis sin agus féadfaidh an tAire, tar éis dó na huiríll a bhreithniú, cibé cinneadh a dhéanamh ina dtaobh is dóigh leis is cuí.

(4) (a) Más rud é, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar na huiríll (más ann) a bheidh curtha in iúl dó ag an gCoimisiún agus a bheidh déanta ag conraitheoir craolacháin fuaime nó thar a cheann, go gcinnfidh an tAire aon téarma nó coinníoll i gceadúnas a athrú, tabharfaidh sé scéala don Choimisiún, trí fhógra i scríbhinn, faoin gcinneadh aige.

(b) Tabharfaidh an Coimisiún, laistigh de 7 lá tar éis cinneadh an Aire a fháil, fógra i scríbhinn don chonraitheoir craolacháin fuaime faoin gcinneadh sin.

(c) Ar an agus ón lá i ndiaidh an lae a ndéanfar fógra faoi chinneadh an Aire a sheirbheáil ar an gconraitheoir, beidh éifeacht leis an gceadúnas faoi réir an athraithe air a dhéanfar leis an gcinneadh sin.

(5) Féadfar fógra faoi fho-alt (3) nó (4) a sheirbheáil ar an gCoimisiún agus féadfaidh an Coimisiún é a sheirbheáil ar chonraitheoir craolacháin fuaime trína fhágáil ag seoladh an Choimisiúin nó trína chur leis an bpost réamhíoctha chuig an seoladh sin, agus trína fhágáil ag, nó trína chur leis an bpost réamhíoctha chuig, an seoladh is déanaí is eol a bheith ag an gconraitheoir craolacháin fuaime, faoi seach, nó más rud é, sa chás deiridh sin, gur cuideachta an conraitheoir craolacháin fuaime, trína fhágáil ag oifig chláraithe na cuideachta nó trína chur leis an bpost réamhíoctha chuig an oifig sin.

Conarthaí le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime sealadacha nó institiúideacha.

8. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, in aon tréimhse dhá mhí dhéag, conradh craolacháin fuaime a dhéanamh le hiarratasóir air sin chun go gcuirfí seirbhís craolacháin fuaime ar fáil, i cibé limistéar a bheidh sonraithe sa chonradh, ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre lá dhéag (cibé acu is laethanta as a chéile nó nach ea) sa tréimhse dhá mhí dhéag sin.

(2) Féadfaidh an Coimisiún conradh craolacháin fuaime a dhéanamh le hiarratasóir air sin chun go gcuirfí seirbhís craolacháin fuaime ísealchumhachta ar fáil, nach mbeidh ceaptha dó ach freastal a dhéanamh ar cibé institiúid oideachais amháin, ospidéal amháin, nó foras amháin eile dá samhail, a bheidh sonraithe sa chonradh.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 9 (1) (c) maidir le conradh a dheonófar chun seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil faoin alt seo.

(4) Ní bheidh feidhm ag ailt 5 agus 6 i gcás conradh chun seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil a gcuirfear isteach air, nó a dheonófar, faoin alt seo.

Dualgas conraitheora craolacháin fuaime i ndáil le cláir.

9. —(1) Áiritheoidh gach conraitheoir craolacháin fuaime—

(a) go ndéanfar an nuacht go léir a chraolfaidh sé, a thuairisciú agus a chur i láthair go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta gan aon tuairimí dá chuid féin a nochtadh;

(b) go ndéanfar, nuair a bheifear ag déileáil i gcraolacháin le cúrsaí reatha, lena n-áirítear ábhair is ábhair chonspóide poiblí nó is ábhair díospóireachta poiblí i láthair na huaire, cothrom na féinne a thabhairt do na leasanna uile lena mbaineann agus go gcuirfear an t-ábhar craolacháin i láthair go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta gan aon tuairimí dá chuid féin a nochtadh: Ar choinníoll, i gcás nach mbeidh sé indéanta an mhír seo a chur i bhfeidhm i ndáil le haon chraolachán aonair, go bhféadfar a mheas gur aonad amháin dhá chraolachán ghaolmhara nó níos mó, má tharchuirtear na craolacháin laistigh de thréimhse réasúnach óna chéile;

(c) go ndéanfar, ar a laghad—

(i) méid nach lú ná 20 faoin gcéad den am craolacháin, agus

(ii) má chuirtear an tseirbhís craolacháin fuaime ar fáil ar feadh breis agus 12 uair an chloig in aon lá amháin, dhá uair an chloig den am craolacháin idir 07.00 uaire agus 19.00 uaire,

a chaitheamh ag craoladh clár nuachta agus clár cúrsaí reatha; ar choinníoll nach n-údaraíonn an Coimisiún maolú ar an bhforáil seo faoi alt 15;

(d) nach gcraolfaidh sé aon ní a bhféadfaí a mheas le réasún gur ní é a ghoilleann ar chaoinbhéasa nó ar chuibheas nó gur dóigh dó coireacht a chur chun cinn nó a ghríosú nó gur de ghné é a dhéanfadh dochar d'údarás an Stáit;

(e) nach ndéanfar, i gcláir a chraolfaidh sé agus sna modhanna a úsáidfear chun na cláir sin a dhéanamh, cúngú míréasúnach ar phríobháideachas aon phearsan aonair.

(2) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) (a) nó (1) (b) ar chonraitheoir craolacháin fuaime craolacháin páirtithe polaitíochta a tharchur: Ar choinníoll nach ndéanfaidh conraitheoir craolacháin fuaime, le linn dó an t-am le haghaidh craolacháin den sórt sin a leithroinnt, tosaíocht mhíchothrom a thabhairt d'aon pháirtí polaitíochta.

(3) Tarraingeoidh an Coimisiún suas cód a rialóidh caighdeáin agus cleachtas (dá ngairtear cód cleachtais anseo ina dhiaidh seo) i ndáil le haon ní a shonraítear i bhfo-ailt (1) agus (2), agus féadfaidh sé ó am go ham, de réir mar is gá sa chás, é a athmheas.

(4) Aon uair a tharraingeoidh an Coimisiún suas, de bhun fho-alt (3), cód cleachtais a bhaineann leis an ábhar a bheidh i gceist, déanfaidh gach conraitheoir craolacháin fuaime de réir an chóid sin agus de réir aon athmheasa air.

Fógráin.

10. —(1) Féadfar fógráin a chur isteach i gcláir a chraolfar ar sheirbhís craolacháin fuaime a chuirfear ar fáil de bhun aon chonartha craolacháin fuaime.

(2) Tarraingeoidh an Coimisiún suas, ó am go ham de réir mar is cuí leis, cód a rialóidh caighdeáin agus cleachtas i gcúrsaí fógraíochta agus déanfaidh gach conraitheoir craolacháin fuaime de réir an chóid maidir le fógráin a chraolfaidh sé.

(3) Ní chraolfar aon fhógrán a mbeidh aon chuspóir creidimh nó polaitíochta ag gabháil leis nó a mbeidh aon bhaint aige le díospóid tionscail.

(4) Na hamanna iomlána in aghaidh an lae chun fógráin a chraoladh ar sheirbhís craolacháin fuaime a chuirfear ar fáil de bhun conartha craolacháin fuaime, ní rachaidh siad thar 15 faoin gcéad ar a mhéid den am iomlán craolacháin in aghaidh an lae agus ní mó ná deich nóiméad ar a mhéid an t-uasmhéid ama a thabharfar d'fhógráin in aon uair an chloig.

(5) San alt seo, forléireofar tagairtí d'fhógráin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ábhar fógraíochta i gcláir faoi choimirce, is é sin le rá, cláir arna soláthar ag fógróir nó thar ceann fógróra chun críocha fógraíochta.

(6) Beidh sé de dhualgas ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh conraitheoirí craolacháin fuaime de réir cheanglais fho-ailt (2), (3) agus (4).

Gearáin ón bpobal.

11. —(1) Déanfaidh conraitheoir craolacháin fuaime leorbhreithniú cuí ar aon ghearán, nach gearán suaibhreosach nó cráiteach, a dhéanfaidh ball den phobal maidir leis an tseirbhís craolacháin fuaime a chuireann an conraitheoir ar fáil agus coimeádfaidh sé, fad a bheidh a chonradh i bhfeidhm, taifid chearta chuí ar na gearáin sin go léir agus ar aon fhreagra a tugadh orthu nó ar aon ghníomh a rinneadh ar scór na ngearán sin.

(2) Déanfaidh conraitheoir craolacháin fuaime, má iarrann an Coimisiún air é, na taifid go léir a bheidh á gcoimeád aige de bhun fho-alt (1) a chur ar fáil don Choimisiún lena n-iniúchadh.

(3) Féadfaidh an tAire a ordú, le rialacháin, go ndéanfaidh an Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin a bunaíodh faoi alt 18A (a cuireadh isteach leis an Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 ) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , fiosrú ar ghearáin a dhéanfaidh baill den phobal maidir le seirbhís craolacháin fuaime a chuirfear ar fáil faoin Acht seo.

(4) Chun críocha fiosraithe ag an gCoimisiún um Ghearáin Chraolacháin de bhun rialachán faoin alt seo—

(a) beidh éifeacht leis an Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(i) déanfar tagairt in ailt 18B agus 18C (a cuireadh isteach leis an Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 ) seachas in alt 18B (1) (e), don Údarás a fhorléiriú mar thagairt don chonraitheoir craolacháin fuaime lena mbaineann;

(ii) déanfar tagairt in alt 18B (7) (a cuireadh isteach amhlaidh) don Údarás a fhorléiriú mar thagairt don chonraitheoir craolacháin fuaime lena mbaineann agus don Choimisiún arna bhunú leis an Acht seo;

(iii) déanfar tagairt in alt 18B (a cuireadh isteach amhlaidh) d'alt 18 (1), d'alt 18 (1A) nó d'alt 18 (1B) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , a fhorléiriú mar thagairt d'alt 9;

(iv) déanfar tagairt in alt 18B (a cuireadh isteach amhlaidh) do ghearán gur sháraigh fógrán cód a d'ullmhaigh Radio Telefís Éireann do rialú caighdeán fógraíochta craolta nó do thoirmeasc modhanna áirithe fógraíochta i gcraolacháin nó fógraíocht a chraoladh in imthosca áirithe, a fhorléiriú mar thagairt d'alt 10 (2);

(v) déanfar tagairt in alt 18B (a cuireadh isteach amhlaidh) d'alt 31 (1) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , a fhorléiriú mar thagairt d'alt 12.

(b) Beidh éifeacht le halt 6 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 , ionann is dá mba thagairt don chonraitheoir craolacháin fuaime lena mbaineann, tagairt san alt sin don Údarás.

Feidhm orduithe faoi alt 31 (1) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 .

12. —Gach ordú arna thabhairt ag an Aire do Radio Telefís Éireann de bhun alt 31 (1) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , agus a bheidh i bhfeidhm ar dháta tosach feidhme an Achta seo nó a thabharfaidh sé tar éis an tosach feidhme sin, beidh feidhm aige, fad a leanfaidh an t-ordú i bhfeidhm, maidir le seirbhís craolacháin fuaime arna cur ar fáil de bhun conartha craolacháin fuaime agus déanfaidh conraitheoir craolacháin fuaime dá réir ionann is dá mba gur dósan a tugadh an t-ordú agus déanfar an t-alt sin 31 (1) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.

Gnóthaí conraitheora craolacháin fuaime a fhiosrú.

13. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, ar aon cheann de na cúiseanna i bhfo-alt (2), fiosrúchán a dhéanamh ar ghnóthaí oibríochta, clár, airgeadais, teicniúla nó eile de chuid conraitheora craolacháin fuaime agus comhoibreoidh an conraitheoir craolacháin fuaime leis in aon fhiosrúchán den sórt sin.

(2) Féadfaidh an Coimisiún fiosrúchán faoin alt seo a dhéanamh, nó aon duine eile a cheapadh chun fiosrúchán faoin alt seo a dhéanamh—

(a) má tá forais réasúnacha aige chun a chreidiúint nach bhfuil seirbhís craolacháin fuaime á cur ar fáil ag an gconraitheoir craolacháin fuaime de réir théarmaí a chonartha; nó

(b) más rud é, mar gheall ar an gcaoi a bhfuil an tseirbhís craolacháin fuaime á hoibriú—

(i) go bhfuil trasnaíocht á déanamh ar oibriú aon ghairis le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a mbeidh ceadúnas faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile deonaithe, agus i bhfeidhm, ina leith, nó ar aon ghaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta atá á chothabháil agus á oibriú go dleathach d'uireasa ceadúnas den sórt sin, nó

(ii) go bhfuil dochar á dhéanamh aici d'aon ghaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta dá dtagraítear i bhfomhír (i).

(3) Íocfaidh an conraitheoir craolacháin fuaime lena mbaineann, na caiteachais go léir a thabhófar le réasún i ndáil le fiosrúchán faoin alt seo a dhéanfaidh an Coimisiún nó aon duine a bheidh ceaptha faoi fho-alt (2).

(4) (a) Más dóigh leis an gCoimisiún gur gá nó gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfaidh sé a cheangal ar chonraitheoir craolacháin fuaime suirbhé taighde margaidh a sheoladh (agus is duine a bheidh ceadaithe ag an gCoimisiún a sheolfaidh an tsuirbhé taighde margaidh sin).

(b) Beidh ag suirbhé taighde margaidh a sheolfar de bhun mhír (a) cibé fairsinge is dóigh leis an gCoimisiún a bheith réasúnach, ag féachaint do mhéid agus do chineál na seirbhíse craolacháin fuaime a bheidh á cur ar fáil ag an gconraitheoir craolacháin fuaime.

(c) Is é a bheidh i suirbhé taighde margaidh a sheolfar de bhun cheanglas an Choimisiúin faoin bhfo-alt seo, suirbhé ar fhreagairt an lucht éisteachta ar an tseirbhís craolacháin a bheidh á cur ar fáil ag an gconraitheoir craolacháin fuaime lena mbaineann, nó ar aon ghné ar leith den tseirbhís sin.

(d) Tabharfaidh conraitheoir craolacháin fuaime don Choimisiún torthaí aon suirbhé taighde margaidh a bheidh seolta i gcomhlíonadh ceanglais ón gCoimisiún faoin bhfo-alt seo.

Téarmaí agus coinníollacha conartha craolacháin fuaime.

14. —(1) Beidh i ngach conradh craolacháin fuaime cibé téarmaí agus coinníollacha is dóigh leis an gCoimisiún is iomchuí agus a shonróidh sé sa chonradh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an Coimisiún gach ceann nó aon cheann de na téarmaí nó na coinníollacha seo a leanas a shonrú i gconradh craolacháin fuaime:

(a) an tréimhse a leanfaidh an conradh i bhfeidhm;

(b) cibé acu an féidir an conradh a athnuachan agus, más féidir, an chaoi inar féidir, na téarmaí ar ar féidir, agus an tréimhse dar féidir an conradh a athnuachan amhlaidh;

(c) coinníoll á thoirmeasc an conradh, nó aon leas ann, a shannadh;

(d) más cuideachta an conraitheoir craolacháin fuaime, coinníoll á thoirmeasc aon athrú a dhéanamh ar Mheabhrán nó Airteagail Chomhlachais na cuideachta nó ar cibé cuid den Mheabhrán sin nó de na hAirteagail sin a bheidh sonraithe, nó á thoirmeasc aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úinéireacht na cuideachta;

(e) coinníoll á cheangal ar an gconraitheoir craolacháin fuaime an cháilíocht, an réimse agus an cineál clár a chur ar fáil a bheartaigh sé a thairiscint san iarratas a rinne sé ar an gconradh a dheonú dó.

(3) Mura mbeidh coinníoll den chineál a shonraítear i mír (c) nó (d) d'fho-alt (2) ar áireamh i gconradh craolacháin fuaime, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) ní bheidh conradh craolacháin fuaime, nó aon leas i gconradh craolacháin fuaime, insannta, ná ní dhéanfar aon athrú ar Mheabhrán nó Airteagail Chomhlachais aon chuideachta ar conraitheoir craolacháin fuaime í, ná ní bheidh aon athrú ábhartha ar úinéireacht cuideachta den sórt sin, gan toiliú roimh ré i scríbhinn ón gCoimisiún, agus féadfaidh an Coimisiún, más dóigh leis gur réasúnach déanamh amhlaidh, diúltú an toiliú sin a thabhairt;

(b) le linn dó breithniú a dhéanamh ar chóir a thoiliú a thabhairt le sannadh ar chonradh craolacháin fuaime, le hathrú ar Mheabhrán nó Airteagail Chomhlachais cuideachta ar conraitheoir craolacháin fuaime í, nó le hathrú ábhartha ar úinéireacht cuideachta den sórt sin, beidh aird ag an gCoimisiún ar na critéir a shonraítear in alt 6 (2) agus, i gcás inarb infheidhme é, in alt 6 (3).

(4) Déanfar i ngach conradh craolacháin fuaime—

(a) a fhoráil go bhféadfaidh an Coimisiún, dá rogha féin, an conradh a fhionraí nó a fhoirceannadh—

(i) má bhí aon fhaisnéis a thug an conraitheoir craolacháin fuaime don Choimisiún, nó a tugadh don Choimisiún thar a cheann, sula ndearnadh an conradh, bréagach nó míthreorach,

(ii) má tá sáruithe tromaí nó sáruithe leanúnacha déanta, i dtuairim an Choimisiúin, ag an gconraitheoir craolacháin fuaime ar a oibleagáidí faoin gconradh craolacháin fuaime nó faoin Acht seo;

(b) a fhoráil go n-íocfaidh conraitheoir craolacháin fuaime leis an gCoimisiún na táillí, an sciar dá bhrabúis nó na ríchíosanna a bheidh sonraithe ann;

(c) a fhoráil go gcuirfidh an conraitheoir craolacháin fuaime cibé faisnéis ar fáil (lena n-áirítear cóipeanna dá chuntais) a mheasfaidh an Coimisiún a bheidh ag teastáil uaidh d'fhonn a chumasú don Choimisiún a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(5) Beidh gach conradh craolacháin fuaime ar fáil lena iniúchadh ag baill den phobal in oifig chláraithe an Choimisiúin agus déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a bheith déanta ag aon duine agus ar cibé suim (más ann), a iarrfaidh an Coimisiún le réasún, a bheith íoctha, cóip den chonradh sin a thabhairt don duine sin.

Maolú ar cheanglais a bhaineann le cláir nuachta agus cúrsaí reatha.

15. —D'ainneoin alt 9 (1) (c), féadfaidh an Coimisiún maolú iomlán nó páirteach a údarú ar an gceanglas atá i gceist i gcás seirbhísí craolacháin fuaime a ndéanann sé conradh chun iad a chur ar fáil in aon limistéar chun freastal d'ábhair spéise sonracha ar leith, ar choinníoll gur deimhin leis go bhfuil ilfhoinsí réasúnacha clár nuachta agus cúrsaí reatha ar fáil don phobal áirithe ó sheirbhísí craolacháin fuaime eile.

Comhar le Radio Telefís Éireann in úsáid suiteála craolacháin.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarraidh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Radio Telefís Éireann, a cheangal ar Radio Telefís Éireann dul i gcomhar le conraitheoirí craolacháin fuaime in úsáid aon chrainn, túir, láithreáin nó suiteála nó saoráide eile a bheidh ag teastáil i ndáil le saoráidí tarchuradóireachta a chur ar fáil le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime a bheidh le bunú faoin Acht seo.

(2) Déanfaidh conraitheoir craolacháin fuaime cibé íocaíochtaí tréimhsiúla nó íocaíochtaí eile le Radio Telefís Éireann i leith aon saoráidí a chuirfear ar fáil de bhun fho-alt (1) agus a ordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le Radio Telefís Éireann agus leis an gCoimisiún.