Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Coinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch, arna Dhéanamh i Strasbourg an 28ú lá d'Eanáir, 1981.)

25 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 1988


AN tACHT UM CHOSAINT SONRAÍ, 1988


RIAR NA nALT

Réamhráiteach

Alt

1.

Léiriú agus feidhmiú an Achta.

Príobháideacht Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta

2.

Bailiú, próiseáil, coimeád, úsáid agus nochtadh sonraí pearsanta.

3.

Ceart chun a chruthú go bhfuil sonraí pearsanta ann.

4.

Ceart rochtana.

5.

Srian ar cheart rochtana.

6.

Ceart chun ceartú nó scriosadh a dhéanamh.

7.

Dualgas ar rialaitheoirí sonraí agus ar phróiseálaithe sonraí cúram a ghlacadh.

8.

Sonraí pearsanta a nochtadh i gcásanna áirithe.

An Coimisinéir Cosanta Sonraí

9.

An Coimisinéir.

10.

Cosaint sonraí a fhorfheidhmiú.

11.

Toirmeasc ar shonraí pearsanta a aistriú amach as an Stát.

12.

Cumhacht chun a cheangal faisnéis a thabhairt.

13.

Cóid chleachtais.

14.

Tuarascáil bhliantúil.

15.

Cúnamh frithpháirteach idir na páirtithe sa Choinbhinsiún.

Clárú

16.

An clár.

17.

Iarratais ar chlárú.

18.

Ré an chláraithe agus clárú a choimeád i bhfeidhm.

19.

Éifeacht cláraithe.

20.

Rialacháin le haghaidh clárú.

Ilghnéitheach

21.

Nochtadh neamhúdaraithe ag próiseálaí sonraí.

22.

Sonraí pearsanta a fuarthas gan údarás a nochtadh.

23.

Forálacha i ndáil le neamhchónaitheoirí áirithe agus le sonraí a choimeádtar nó a phróiseáiltear lasmuigh den Stát.

24.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

25.

Fógraí a sheirbheáil.

26.

Achomhairc chun na Cúirte Cuarda.

27.

Fianaise in imeachtaí.

28.

Imeachtaí a éisteacht.

29.

Cionta ag stiúrthóirí, etc., de chuid comhlachtaí corpraithe.

30.

An Coimisinéir d'ionchúiseamh cionta achoimre.

31.

Pionóis.

32.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

33.

Táillí.

34.

Caiteachais an Aire.

35.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Coinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch, arna Dhéanamh i Strasbourg an 28ú lá d'Eanáir, 1981.

AN DARA SCEIDEAL

An Coimisinéir Cosanta Sonraí

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Údaráis Phoiblí agus Comhlachtaí agus Daoine Eile


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1987

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

An tAcht Léiriúcháin, 1937

1937, Uimh. 38

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht um Rúin Oifigiúla, 1963

1963, Uimh. 1

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

Acht na bPríosún, 1970

1970, Uimh. 11

Public Offices Fees Act, 1879

1879, c. 58

An tAcht Ionstraimí Reachtúla, 1947

1947, Uimh. 44

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 1988


AN tACHT UM CHOSAINT SONRAÍ, 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHTA DON CHOINBHINSIÚN CHUN DAOINE AONAIR A CHOSAINT MAIDIR LE SONRAÍ PEARSANTA A PHRÓISEÁIL GO hUATHOIBRÍOCH, ARNA DHÉANAMH I STRASBOURG AN 28ú LÁ D'EANÁIR, 1981, AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO RIALÚ, DE RÉIR A FHORÁLACHA, BAILIÚ, PRÓISEÁIL, COIMEÁD, ÚSÁID AGUS NOCHTADH FAISNÉISE ÁIRITHE A BHAINEANN LE DAOINE AONAIR AGUS A PHRÓISEÁILTEAR GO hUATHOIBR-ÍOCH. [13 Iúil, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Réamhráiteach

Léiriú agus feidhmiú an Achta.

1. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “údarás iomchuí” an bhrí a shanntar dó le hAchtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958;

ciallaíonn “sonraí cúltaca” sonraí nach gcoimeádtar ach amháin chun sonraí eile a athsholáthar i gcás go gcailltear iad, go milltear iad nó go ndéantar damáiste dóibh;

tá le “státseirbhíseach” an bhrí a shanntar dó le hAchtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958;

tá le “an Coimisinéir” an bhrí a shanntar dó le halt 9 den Acht seo;

tá le “cuideachta” an bhrí a shanntar dó le hAcht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch arna dhéanamh i Strasbourg an 28ú lá d'Eanáir, 1981, a bhfuil an téacs de leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda;

ciallaíonn “sonraí” faisnéis i bhfoirm inar féidir í a phróiseáil;

ciallaíonn “rialaitheoir sonraí” duine a rialaíonn, cibé ina aonar nó le daoine eile, inneachair agus úsáid sonraí pearsanta;

ciallaíonn “trealamh sonraí” trealamh chun sonraí a phróiseáil;

ciallaíonn “sonra-ábhar” aon doiciméad nó ábhar eile a úsáidtear i ndáil le trealamh sonraí nó a tháirgtear leis an trealamh sin;

ciallaíonn “próiseálaí sonraí” duine a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann rialaitheora sonraí ach ní fholaíonn sé fostaí de chuid rialaitheora sonraí a phróiseálann sonraí den sórt sin i gcúrsa a chuid fostaíochta;

ciallaíonn “ábhar sonraí” duine aonair is ábhar do shonraí pearsanta;

folaíonn “dírmhargaíocht” dírphostáil;

folaíonn “nochtadh”, i ndáil le sonraí pearsanta, faisnéis a baineadh amach as na sonraí sin a nochtadh agus na sonraí sin a aistriú ach ní fholaíonn sé nochtadh a dhéanann rialaitheoir sonraí nó próiseálaí sonraí go díreach nó go hindíreach d'fhostaí nó do ghníomhaire dá chuid chun a chumasú don fhostaí nó don ghníomhaire a dhualgais a chomhlíonadh; agus i gcás go mbraitheann sainaithint ábhair sonraí go páirteach ar na sonraí agus go páirteach ar fhaisnéis eile atá i seilbh an rialaitheora sonraí, ní mheasfar gur nochtadh na sonraí murar nochtadh an fhaisnéis eile chomh maith;

ciallaíonn “fógra forfheidhmithe” fógra faoi alt 10 den Acht seo;

ciallaíonn “foras airgeadais”—

(a) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , nó

(b) duine dá dtagraítear in alt 7 (4) den Acht sin;

ciallaíonn “fógra faisnéise” fógra faoi alt 12 den Acht seo;

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí a bhaineann le duine aonair beo is féidir a aithint ó na sonraí nó ó na sonraí i dteannta faisnéise eile atá i seilbh an rialaitheora sonraí;

ciallaíonn “forordaithe”, i gcás táillí, forordaithe le rialacháin a dhéanann an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus, in aon chás eile, ciallaíonn sé forordaithe le rialacháin a dhéanann an Coimisinéir le toiliú an Aire;

ciallaíonn “próiseáil” loighicoibríochtaí nó oibríochtaí uimhríochtúla a dhéanamh go huathoibríoch ar shonraí agus folaíonn sé—

(a) aon fhaisnéis arb í atá sna sonraí sin a bhaint amach, agus

(b) i ndáil le próiseálaí sonraí, an rialaitheoir sonraí d'úsáid trealaimh sonraí atá i seilbh an phróiseálaí sonraí agus aon seirbhísí eile a sholáthraíonn sé do rialaitheoir sonraí,

ach ní fholaíonn sé oibríocht a dhéantar d'aon toisc chun téacs doiciméad a ullmhú;

ciallaíonn “fógra toirmisc” fógra faoi alt 11 den Acht seo;

ciallaíonn “an clár” an clár a bhunaítear agus a chothabháiltear faoi alt 16 den Acht seo;

agus forléireofar aon fhocail ghaolmhara dá réir sin.

(2) Chun críocha an Achta seo, tá sonraí míchruinn má tá siad mícheart nó míthreorach maidir le haon fhíoras.

(3) (a) Féadfaidh údarás iomchuí, is rialaitheoir sonraí nó próiseálaí sonraí, maidir leis na sonraí pearsanta go léir nó cuid díobh a choimeádann an t-údarás, státseirbhíseach, arb é an t-údarás iomchuí é maidir leis, a ainmniú chun bheith ina rialaitheoir sonraí nó ina phróiseálaí sonraí agus, fad a bheidh an t-ainmniú i bhfeidhm—

(i) measfar, chun críocha an Achta seo, gur rialaitheoir sonraí nó, de réir mar a bheidh, próiseálaí sonraí, an státseirbhíseach a ainmneofar amhlaidh, agus

(ii) ní bhainfidh an tAcht seo leis an údarás,

maidir leis na sonraí lena mbaineann.

(b) Gan dochar do mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire Cosanta, maidir leis na sonraí pearsanta go léir nó cuid díobh a choimeádann sé i ndáil le hÓglaigh na hÉireann, oifigeach de na Buan-Óglaigh a bhfuil céim choimisiúnta aige iontu a ainmniú chun bheith ina rialaitheoir sonraí nó ina phróiseálaí sonraí agus, fad a bheidh an t-ainmniú i bhfeidhm—

(i) measfar, chun críocha an Achta seo, gur rialaitheoir sonraí nó, de réir mar a bheidh, próiseálaí sonraí, an t-oifigeach a ainmneofar amhlaidh, agus

(ii) ní bhainfidh an tAcht seo leis an Aire Cosanta,

maidir leis na sonraí lena mbaineann.

(c) Chun críocha an Achta seo, maidir le haon sonraí pearsanta—

(i) más rud é nach mbeidh ainmniú ón údarás iomchuí ábhartha faoi mhír (a) den fho-alt seo i bhfeidhm, measfar gur fostaí den údarás sin státseirbhíseach arb é an t-údarás sin an t-údarás iomchuí maidir leis agus, más rud é go mbeidh ainmniú den sórt sin i bhfeidhm, measfar, maidir le státseirbhíseach den sórt sin (seachas an státseirbhíseach arb é is ábhar don ainmniú) gur fostaí é den státseirbhíseach deireanach a luaitear,

(ii) más rud é nach mbeidh ainmniú faoi mhír (b) den fho-alt seo i bhfeidhm, measfar gur fostaí den Aire Cosanta comhalta d'Óglaigh na hÉireann agus, más rud é go mbeidh ainmniú den sórt sin i bhfeidhm measfar gur fostaí de chuid an oifigigh sin comhalta den sórt sin (seachas an t-oifigeach arb é is ábhar don ainmniú), agus

(iii) measfar, maidir le comhalta den Gharda Síochána (seachas Coimisinéir an Gharda Síochána), gur fostaí de chuid an Choimisinéara sin é.

(4) Ní bhaineann an tAcht seo—

(a) le sonraí pearsanta a choimeádtar, nó a coimeádadh tráth ar bith, i dtuairim an Aire nó an Aire Cosanta, chun slándáil an Stáit a chosaint,

(b) le sonraí pearsanta arb é atá iontu faisnéis a gceanglaítear le dlí ar an duine a choimeádann na sonraí iad a chur ar fáil don phobal, nó

(c) le sonraí pearsanta a choimeádann duine aonair agus nach mbaineann ach amháin lena chúrsaí pearsanta, teaghlaigh nó tís a bhainistiú nó nach gcoimeádann duine aonair ach amháin mar chaitheamh aimsire.

Príobháideacht Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta

Bailiú, próiseail, coimeád, úsáid agus nochtadh sonraí pearsanta.

2. —(1) Comhlíonfaidh rialaitheoir sonraí, maidir le sonraí pearsanta a choimeádann sé, na forálacha seo a leanas:

(a) beidh na sonraí nó, de réir mar a bheidh, an fhaisnéis arb í atá sna sonraí, faighte go cóir cothrom agus próiseálfar na sonraí go cóir cothrom,

(b) beidh na sonraí beacht agus, más gá é, coimeádfar cothrom le dáta iad,

(c) maidir leis na sonraí—

(i) ní choimeádfar iad ach amháin le haghaidh críche sonraithe agus dleathaí amháin nó níos mó,

(ii) ní úsáidfear iad ná ní nochtfar iad in aon slí a bheidh ar neamhréir leis an gcríoch sin nó leis na críocha sin,

(iii) beidh siad leordhóthanach agus ábhartha agus ní bheidh siad iomarcach i ndáil leis an gcríoch nó leis na críocha sin, agus

(iv) ní choimeádfar iad níos faide ná mar is gá le haghaidh na críche nó na gcríoch sin,

(d) glacfar bearta slándála iomchuí in aghaidh rochtana neamhúdaraithe chuig na sonraí nó in aghaidh athrú, nochtadh nó milleadh neamhúdaraithe a dhéanamh orthu agus in aghaidh a gcaillte nó a millte trí thionóisc.

(2) Déanfaidh próiseálaí sonraí, maidir le sonraí pearsanta a phróiseálfaidh sé, mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh.

(3) Ní bhaineann mír (a) den fho-alt sin (1) le faisnéis a bheartaítear a áireamh i sonraí a choimeádtar chun críche a luaitear in alt 5 (1) (a) den Acht seo, ná le sonraí a choimeádtar amhlaidh, in aon chás inar dóigh go ndéanfadh feidhmiú na míre sin maidir leis na sonraí dochar d'aon ní de na nithe a luaitear san alt sin 5 (1) (a).

(4) Ní bhaineann mír (b) den fho-alt sin (1) le sonraí cúltaca.

(5) (a) Ní bhaineann mír (c) (iv) den fho-alt sin (1) le sonraí pearsanta a choimeádtar chun críocha stairiúla, staitistiúla nó taighde, agus

(b) ní mheasfar, chun críocha mhír (a) den fho-alt sin, maidir leis na sonraí nó, de réir mar a bheidh, leis an bhfaisnéis arb í atá sna sonraí sin, go bhfuarthas iad go héagórach de thoisc amháin nár nochtadh úsáid na sonraí sin chun críche ar bith den sórt sin nuair a fuarthas iad,

mura n-úsáidtear na sonraí ar shlí atá, nó is dóigh a bheadh, ina chúis damáiste nó anó d'aon ábhar sonraí.

(6) (a) D'fhonn cosaintí breise a chur ar fáil i ndáil le sonraí pearsanta maidir le bunadh cine, tuairimí polaitíochta, tuairimí creidimh nó tuairimí eile, sláinte coirp nó meabhrach, cleachtadh gnéis nó ciontuithe coiriúla, féadfaidh an tAire fo-alt (1) den alt seo a leasú le rialacháin.

(b) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil éagsúil a dhéanamh i ndáil le sonraí de thuairiscí éagsúla.

(c) Déanfar tagairtí san Acht seo d'fho-alt (1) den alt seo nó d'fhoráil den fho-alt sin a fhorléiriú de réir aon leasaithe a dhéanfar faoin alt seo.

(d) Ní dhéanfar rialacháin faoin alt seo go dtí go rachfar i gcomhairle le haon Aire eile de chuid an Rialtais, ar cheart, ag féachaint dá chuid feidhmeanna, dul i gcomhairle leis i dtuairim an Aire.

(e) Más rud é go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

(7) Más rud é—

(a) go gcoimeádtar sonraí pearsanta chun críche dírmhargaíochta, agus

(b) go n-iarrann an t-ábhar sonraí lena mbaineann ar an rialaitheoir sonraí, i scríbhinn, scor d'úsáid a bhaint as na sonraí chun na críche sin,

déanfaidh an rialaitheoir sonraí, a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 40 lá tar éis an t-iarratas a bheith tugtha dó nó curtha chuige—

(i) mura gcoimeádtar na sonraí ach amháin chun na críche a dúradh, na sonraí a scriosadh,

(ii) má choimeádtar na sonraí chun na críche sin agus chun críocha eile, scor d'úsáid a bhaint as na sonraí chun na críche sin, agus

(iii) scéala dá réir sin a thabhairt i scríbhinn don ábhar sonraí agus, más iomchuí, na críocha eile sin a chur in iúl dó.

Ceart chun a chruthú go bhfuil sonraí pearsanta ann.

3. —I gcás go gcreideann duine aonair go bhfuil sonraí pearsanta á gcoimeád ag duine, ní foláir don duine sin, má iarrann an duine aonair i scríbhinn air amhlaidh—

(a) a chur in iúl don duine aonair cibé acu atá nó nach bhfuil aon sonraí den sórt sin á gcoimeád aige, agus

(b) más rud é go bhfuil, tuairisc a thabhairt don duine aonair i dtaobh na sonraí agus na gcríoch dá gcoimeádtar iad,

a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis an t-iarratas a bheith tugtha dó nó curtha chuige.

Ceart rochtana.

4. —(1) (a) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, má iarrann duine aonair i scríbhinn amhlaidh ar rialaitheoir sonraí—

(i) cuirfidh an rialaitheoir sonraí in iúl dó cibé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine aonair ar áireamh sna sonraí a choimeádann sé, agus

(ii) déanfaidh an rialaitheoir sonraí cóip den fhaisnéis arb í atá in aon sonraí den sórt sin a chur ar fáil dó,

a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 40 lá tar éis don duine aonair forálacha an ailt seo a chomhlíonadh; agus más rud é go mbeidh aon chuid den fhaisnéis sloinnte i dtéarmaí nach intuigthe don ghnáthdhuine gan míniú, cuirfear míniú na dtéarmaí sin ag gabháil leis an bhfaisnéis.

(b) Déileálfar le hiarraidh ar an bhfaisnéis a shonraítear i bhfomhír (i) d'fho-alt (1) (a) den alt seo, in éagmais aon chomhartha dá mhalairt, mar iarraidh ina n-áirítear iarraidh ar chóip den fhaisnéis a shonraítear i bhfomhír (ii) den fho-alt sin (1) (a).

(c) (i) Féadfaidh táille a bheith iníoctha leis an rialaitheoir sonraí lena mbaineann maidir le hiarraidh den sórt sin a dúradh agus ní bheidh méid na táille níos mó ná cibé méid a bheidh forordaithe nó cibé méid a bheidh réasúnach, i dtuairim an Choimisinéara, ag féachaint don chostas measta ar an rialaitheoir sonraí as an iarraidh a chomhlíonadh, cibé acu is lú.

(ii) Aon táille a íocfaidh duine aonair le rialaitheoir sonraí faoi fhomhír (i) den mhír seo, cuirfear ar ais chuige í mura gcomhlíonfar a iarraidh nó má cheartaíonn nó má fhorlíonann an rialaitheoir sonraí na sonraí lena mbaineann nó má scriosann sé cuid díobh (agus go modhnaíonn sé na sonraí go hábhartha dá réir sin) nó má scriosann sé na sonraí go léir ar iarratas ón duine aonair nó de réir fógra fhorfheidhmithe nó ordaithe cúirte.

(2) Más rud é, de bhun forála a dhéantar chuige sin faoin Acht seo, go mbeidh taifid ar leith sa chlár maidir le sonraí a choimeádann rialaitheoir sonraí chun críocha éagsúla, beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá bhforálfadh sé le haghaidh iarrata ar leith a dhéanamh agus táille ar leith a íoc maidir leis na sonraí lena mbaineann gach taifead ar leith.

(3) Soláthróidh duine aonair a dhéanann iarraidh faoin alt seo cibé faisnéis don rialaitheoir sonraí lena mbaineann a éileoidh sé go réasúnach chun é féin a shásamh maidir le céannacht an duine aonair agus chun aon sonraí pearsanta nó faisnéis ábhartha a aimsiú.

(4) Ní chuirfidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo d'oibleagáid ar rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta a bhaineann le duine aonair eile a nochtadh d'ábhar sonraí mura dtoileoidh an duine aonair eile sin leis an nochtadh:

Ar choinníoll, más rud é go mbeidh na himthosca ar dhóigh go mbeadh sé réasúnach don rialaitheoir sonraí a mheas, dá bhfágfaí ar lár aon mhionsonraí trína sainaithnítear an duine aonair eile sin, go bhféadfaí ansin na sonraí a nochtadh mar a dúradh gan é a bheith inaitheanta dá bharr don ábhar sonraí, go mbeidh d'oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí na sonraí a nochtadh don ábhar sonraí ach na mionsonraí sin a fhágáil ar lár.

(5) Féadfaidh faisnéis a sholáthrófar de bhun iarrata faoi fho-alt (1) den alt seo aon leasú ar na sonraí pearsanta lena mbaineann, a rinneadh ó fuair an rialaitheoir sonraí an iarraidh (ar leasú é a bheadh déanta fiú mura mbeadh iarraidh faighte), a chur i gcuntas ach ní chuirfidh sé aon leasú eile i gcuntas.

(6) (a) Maidir le hiarraidh ó dhuine aonair faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil le torthaí scrúdaithe ina raibh sé mar iarrthóir, measfar, chun críocha an ailt seo, go ndearnadh í—

(i) ar an dáta ar ar foilsíodh torthaí an scrúdaithe den chéad uair, nó

(ii) ar dháta na hiarrata,

cibé acu is déanaí; agus forléireofar mír (a) den fho-alt sin (1) agus beidh éifeacht léi i ndáil le hiarraidh den sórt sin amhail is dá gcuirfí “60 lá” in ionad “40 lá”.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “scrúdú” aon phróiseas chun eolas, intleacht, scil nó cumas duine a chinneadh trí thagairt don chaoi ar chruthaigh sé in aon tástáil, obair nó gníomhaíocht eile.

(7) Aon fhógra á rá gur diúltaíodh d'iarraidh a rinne duine aonair faoi réim agus i gcomhlíonadh na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh sé i scríbhinn agus folófar ráiteas ann i dtaobh na gcúiseanna a bhí leis an diúltú agus léiriú go bhféadfaidh an duine aonair gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir faoin diúltú.

(8) (a) Má bheartaíonn an tAire agus aon uair a bheartaíonn sé gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh ar mhaithe le hábhair shonraí agus go ndearbhaíonn sé amhlaidh le rialacháin, féadfar feidhmiú an ailt seo maidir le sonraí pearsanta—

(i) a bhaineann le sláinte coirp nó meabhrach, nó

(ii) a choimeádtar le go gcuirfeadh Aire Rialtais, údarás áitiúil, bord sláinte nó eagraíocht dheonach shonraithe nó comhlacht eile obair shóisialta i gcrích nó a fhaightear le linn dóibh obair shóisialta a chur i gcrích,

a mhodhnú leis na rialacháin i cibé slí, i cibé imthosca, faoi réir cibé cosaintí agus go feadh cibé méid a bheidh sonraithe sna rialacháin.

(b) Ní dhéanfar rialacháin faoi mhír (a) den fho-alt seo go dtí go rachfar i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus le haon Aire eile de chuid an Rialtais, ar cheart, ag féachaint dá chuid feidhmeanna, dul i gcomhairle leis, i dtuairim an Aire, agus féadfaidh siad foráil éagsúil a dhéanamh i ndáil le sonraí de thuairiscí éagsúla.

Srian ar cheart rochtana.

5. —(1) Ní bhaineann alt 4 den Acht seo le sonraí pearsanta—

(a) a choimeádtar chun cionta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, chun ciontóirí a ghabháil nó a ionchúiseamh nó chun aon cháin, dleacht nó airgead eile atá dlite don Stát, d'údarás áitiúil nó do bhord sláinte, nó is iníoctha leo, a mheasúnú nó a bhailiú, in aon chás inar dhóigh go ndéanfadh feidhmiú an ailt sin maidir leis na sonraí dochar d'aon cheann de na nithe a dúradh,

(b) nach mbaineann an t-alt sin 4 leo de bhua mhír (a) den fho-alt seo, agus a choimeádtar chun feidhm a urscaoileadh a thugtar le haon achtachán nó faoi agus arb é atá iontu faisnéis a fhaightear chun críche den sórt sin ó dhuine a raibh sí ina sheilbh aige le haghaidh aon chríche de na críocha a luaitear i mír (a) den fho-alt seo,

(c) in aon chás inar dhóigh go ndéanfadh feidhmiú an ailt sin dochar do shlándáil, nó do dhea-ord agus do smacht a choinneáil—

(i) i bpríosún,

(ii) in áit choinneála a sholáthraítear faoi alt 2 d'Acht na bPríosún, 1970 ,

(iii) i bpríosún míleata nó i mbeairic coinneála de réir bhrí an Achta Cosanta, 1954 , nó

(iv) i bhForas Naomh Pádraig,

(d) a choimeádtar chun cibé feidhmeanna a chomhlíonadh, a thugtar le haon achtachán nó faoi, a bheidh sonraithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire, ar feidhmeanna iad, i dtuairim an Aire, atá ceaptha chun comhaltaí den phobal a chosaint ar chaillteanas airgeadais—

(i) de dheasca mímhacántachta, neamhinniúlachta nó míchleachtais ag daoine a mbíonn baint acu le baincéireacht, árachas, infheistíocht nó seirbhísí airgeadais eile a sholáthar nó le bainisteoireacht cuideachtaí nó eagraíochtaí dá samhail, nó

(ii) de dheasca iompar daoine a breithníodh ina bhféimhigh tráth ar bith,

in aon chás inar dhóigh go ndéanfadh feidhmiú an ailt sin maidir leis na sonraí dochar do chomhlíonadh cuí aon fheidhm de na feidhmeanna sin,

(e) a mbeadh feidhmiú an ailt sin ina leith contrártha do leasanna an Stáit ó thaobh a chaidreamh idirnáisiúnta a chosaint,

(f) arb é atá iontu meastachán, nó a choimeádtar chun meastachán a dhéanamh, ar mhéid dhliteanas an rialaitheora sonraí lena mbaineann ar scór éilimh chun suim airgid a íoc, cibé acu maidir le damáistí nó le cúiteamh, in aon chás inar dhóigh go ndéanfadh feidhmiú an ailt dochar do leasanna an rialaitheora sonraí i ndáil leis an éileamh,

(g) a bhféadfaí éileamh pribhléide a choimeád ar bun ina leith in imeachtaí i gcúirt i ndáil le cumarsáidí idir cliant agus a chomhairleoirí dlí gairmiúla nó idir na comhairleoirí sin,

(h) nach gcoimeádtar ach amháin chun staitisticí a ullmhú nó taighde a chur i gcrích mura n-úsáidtear nó mura nochtar na sonraí (seachas do dhuine a bhféadfar na sonraí sin a nochtadh dó sna himthosca a shonraítear in alt 8 den Acht seo) chun aon chríche eile agus mura gcuirtear na staitisticí a thagann as sin nó torthaí an taighde ar fáil i bhfoirm a shainaithníonn aon duine de na hábhair shonraí, nó

(i) ar sonraí cúltaca iad.

(2) Ní dhéanfar rialacháin faoi fho-ailt (1) (d) agus (3) (b) den alt seo go dtí go rachfar i gcomhairle le haon Aire eile de chuid an Rialtais ar cheart, ag féachaint dá chuid feidhmeanna, dul i gcomhairle leis, i dtuairim an Aire.

(3) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo beidh feidhm ag alt 4 den Acht seo, arna mhodhnú le haon fhorálacha eile den Acht seo, d'ainneoin aon fhoráil d'aon achtachán nó riail dlí nó aon fhoráil a dhéantar fúthu a bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith agus a thoirmisceann nó a shrianann nochtadh faisnéise nó a údaraíonn faisnéis a choimeád siar.

(b) Más dóigh leis an Aire, agus aon uair is dóigh leis, gur cheart toirmeasc, srian nó údarú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo i ndáil le haon fhaisnéis a bheith i bhfeidhm ar mhaithe leis na hábhair shonraí lena mbaineann nó le haon daoine aonair eile agus má dhearbhaíonn sé amhlaidh le rialacháin, ansin, fad a bheidh na rialacháin i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag an mír sin (a) maidir leis an bhforáil nó leis an riail dlí lena mbaineann agus dá réir sin ní bheidh feidhm ag alt 4 den Acht seo, arna mhodhnú mar a dúradh, i ndáil leis an bhfaisnéis sin.

Ceart chun ceartú nó scriosadh a dhéanamh.

6. —(1) Má iarrann duine aonair i scríbhinn amhlaidh ar rialaitheoir sonraí a choimeádann sonraí pearsanta a bhaineann leis, beidh sé i dteideal go ndéanfaí aon sonraí den sórt sin, a bhfuil sárú déanta ag an rialaitheoir sonraí ar alt 2 (1) den Acht seo i ndáil leo, a cheartú nó, más iomchuí, a scriosadh; agus déanfaidh an rialaitheoir sonraí de réir na hiarrata a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 40 lá tar éis í a bheith tugtha dó nó curtha chuige:

Ar choinníoll go measfar, maidir le sonraí nach bhfuil beacht nó nach bhfuil cothrom le dáta—

(a) go ndearna an rialaitheoir sonraí de réir na hiarrata má fhorlíonann sé na sonraí le ráiteas (ar aontaigh an duine aonair lena théarmaí) a bhaineann leis na nithe lena ndéileálann na sonraí, agus

(b) má chuireann an rialaitheoir sonraí forlíonadh leis na sonraí mar a dúradh, nach ndearna sé sárú ar mhír (b) den alt sin 2 (1).

(2) Ar rialaitheoir sonraí do dhéanamh de réir iarrata faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 40 lá tar éis an iarraidh a bheith tugtha dó nó curtha chuige, an ceartú, an scriosadh nó an ráiteas lena mbaineann a chur in iúl—

(a) don duine aonair a rinne an iarraidh, agus

(b) i gcás go modhnaíonn an comhlíonadh sin go hábhartha na sonraí lena mbaineann, d'aon duine ar nochtadh na sonraí dó le linn na tréimhse 12 mhí díreach sular tugadh an iarraidh dó nó sular cuireadh chuige í.

Dualgas ar rialaitheoirí sonraí agus ar phróiseálaithe sonraí cúram a ghlacadh.

7. —Chun críocha dhlí na dtortanna agus sa mhéid nach bhforálann an dlí sin amhlaidh, beidh sé de dhualgas ar dhuine ar rialaitheoir sonraí nó próiseálaí sonraí é, a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta nó faisnéis a bheartaítear a chur isteach sna sonraí sin a bhailiú aige nó lena dhéileáil leis na sonraí sin, cúram a ghlacadh i leith an ábhair sonraí lena mbaineann:

Ar choinníoll, chun críocha an ailt seo amháin, go measfar go ndearna rialaitheoir sonraí de réir fhorálacha alt 2 (1) (b) den Acht seo má thaifeadtar, agus fad a thaifeadtar, go beacht sna sonraí pearsanta lena mbaineann sonraí nó faisnéis eile a ghlac nó a fuair sé ón ábhar sonraí nó ó thríú páirtí agus go bhfolaíonn siad (agus, má nochtar na sonraí, go mbeidh ag gabháil leis an nochtadh)—

(a) léiriú gur glacadh nó go bhfuarthas mar a dúradh, an fhaisnéis arb í atá sna sonraí,

(b) más cuí, léiriú gur chuir an t-ábhar sonraí in iúl don rialaitheoir sonraí go measann sé nach bhfuil an fhaisnéis beacht nó nár coimeádadh í cothrom le dáta, agus

(c) aon ráiteas lenar forlíonadh na sonraí, de bhun an Achta seo.

Sonraí pearsanta a nochtadh i gcásanna áirithe.

8. —Ní bheidh feidhm ag aon srianta san Acht seo ar shonraí pearsanta a nochtadh má bhíonn an nochtadh mar a leanas—

(a) riachtanach chun slándáil an Stáit a chosaint, i dtuairim chomhalta den Gharda Síochána nach bhfuil faoi bhun chéim ard-cheannfoirt nó oifigigh de na Buan-Óglaigh ag a bhfuil céim airm nach bhfuil faoi bhun coirnéil agus a bheidh ainmnithe ag an Aire Cosanta faoin mír seo,

(b) riachtanach chun cionta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, chun ciontóirí a ghabháil nó a ionchúiseamh nó chun aon cháin, dleacht nó airgead eile atá dlite don Stát, d'údarás áitiúil nó do bhord sláinte, nó is iníoctha leo, a mheasúnú nó a bhailiú, in aon chás inar dhóigh go ndéanfadh feidhmiú na srianta sin dochar d'aon cheann de na nithe a dúradh,

(c) riachtanach ar mhaithe le caidreamh idirnáisiúnta an Stáit a chosaint,

(d) riachtanach go práinneach chun díobháil nó damáiste eile do shláinte duine, nó chun caillteanas mór maoine nó damáiste mór do mhaoin, a chosc,

(e) riachtanach mar gheall ar aon achtachán nó faoi aon achtachán nó mar gheall ar aon riail dlí nó ordú cúirte,

(f) riachtanach chun comhairle dlí a fháil nó chun críocha, nó le linn, imeachtaí dlíthiúla inar páirtí nó finné an duine a dhéanann an nochtadh,

(g) á dhéanamh leis an ábhar sonraí lena mbaineann nó le duine atá ag gníomhú thar a cheann, nó

(h) á dhéanamh ar iarraidh nó le toiliú ón ábhar sonraí nó ó dhuine atá ag gníomhú thar a cheann.

An Coimisinéir Cosanta Sonraí

An Coimisinéir.

9. —(1) Chun críocha an Achta seo, beidh duine ann (dá ngairtear an Coimisinéir san Acht seo) ar a dtabharfar an Coimisinéir Cosanta Sonraí, nó sa Bhéarla, the Data Protection Commissioner; comhlíonfaidh an Coimisinéir na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo.

(2) Beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i ndáil leis an gCoimisinéir.

Cosaint sonraí a fhorfheidhmiú.

10. —(1) (a) Féadfaidh an Coimisinéir imscrúdú a dhéanamh, nó a chur faoi deara imscrúdú a dhéanamh, cibé acu atá aon fhoráil d'fhorálacha an Achta seo sáraithe, á sárú nó ar dóigh go sárófar iad ag rialaitheoir sonraí nó ag próiseálaí sonraí i ndáil le duine aonair i gcás go ndéanann an duine aonair gearán leis faoi shárú ar aon fhoráil de na forálacha sin nó go mbíonn sé den tuairim ar shlí eile go bhféadfadh sárú den sórt sin a bheith ann.

(b) I gcás go ndéanfar gearán leis an gCoimisinéir faoi mhír (a) den fho-alt seo, déanfaidh ar. Coimisinéir—

(i) an gearán a imscrúdú nó a chur faoi deara é a imscrúdú, mura dóigh leis gur gearán suaibhreosach nó cráiteach é, agus

(ii) scéala a thabhairt i scríbhinn a luaithe is féidir don duine aonair lena mbaineann faoina chinneadh i ndáil leis an ngearán agus go bhféadfaidh an duine aonair, más éagóir dó a chinneadh, achomharc a dhéanamh ina aghaidh chuig an gCúirt faoi alt 26 den Acht seo laistigh de 21 lá ón lá a bhfaighidh sé an scéala.

(2) Más é tuairim an Choimisinéara go bhfuil foráil den Acht seo (seachas foráil ar cion í a shárú) sáraithe nó á sárú ag duine is rialaitheoir sonraí nó is próiseálaí sonraí, féadfaidh an Coimisinéir, trí fhógra i scríbhinn (dá ngairtear fógra forfheidhmithe san Acht seo) a sheirbheálfar ar an duine, a cheangal air cibé bearta a dhéanamh a bheidh sonraithe san fhógra, laistigh de cibé tráth a bheidh sonraithe amhlaidh, chun déanamh de réir na forála lena mbaineann.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, más é tuairim an Choimisinéara gur sháraigh rialaitheoir sonraí alt 2 (1) den Acht seo, féadfar a cheangal air, leis an bhfógra forfheidhmithe iomchuí—

(a) aon sonraí de na sonraí lena mbaineann a cheartú nó a scriosadh, nó

(b) cibé ráiteas a cheadóidh an Coimisinéir, agus a bhaineann leis na nithe lena ndéileálann na sonraí, a chur mar fhor líonadh leo; agus más rud é, maidir le sonraí nach bhfuil beacht nó nach bhfuil cothrom le dáta, go gcuireann sé forlíonadh leo mar a dúradh, measfar nach ndearna sé sárú ar mhír (b) den alt sin 2 (1).

(4) Maidir le fógra forfheidhmithe—

(a) sonróidh sé aon fhoráil den Acht seo atá sáraithe nó á sárú, i dtuairim an Choimisinéara, agus na cúiseanna atá aige leis an tuairim sin, agus

(b) faoi réir fho-alt (6) den alt seo, luafar ann go bhféadfaidh an duine lena mbaineann, laistigh de 21 lá ón lá a sheirbheálfar an fógra air, achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt faoi alt 26 den Acht seo in aghaidh an cheanglais a shonraítear san fhógra.

(5) Faoi réir fho-alt (6) den alt seo, maidir leis an am a bheidh sonraithe i bhfógra forfheidhmithe chun déanamh de réir ceanglais a bheidh sonraithe san fhógra sin, ní bheidh sé sainráite go rachaidh sé in éag roimh dheireadh na tréimhse 21 lá a shonraítear i bhfo-alt (4) (b) den alt seo agus, má thionscnaítear achomharc in aghaidh an cheanglais, ní gá déanamh de réir an cheanglais agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (9) den alt seo i ndáil leis an gceanglas go dtí go ndéanfar an t-achomharc a chinneadh nó a tharraingt siar.

(6) Más rud é, i gcás an Choimisinéara—

(a) go mbeidh sé, de bharr imthosca speisialta, den tuairim gur cheart ceanglas a bheidh sonraithe i bhfógra forfheidhmithe a chomhlíonadh go práinneach, agus

(b) go gcuirfidh sé ráiteas á rá sin san fhógra,

ní bheidh feidhm ag fo-ailt (4) (b) agus (5) den alt seo i ndáil leis an bhfógra, ach beidh ráiteas san fhógra faoi éifeacht fhorálacha alt 26 (seachas fo-alt (3)) den Acht seo agus ní cheanglófar an ceanglas a chomhlíonadh roimh dheireadh na tréimhse 7 lá dar tosach an dáta ar a seirbheálfar an fógra.

(7) Ar rialaitheoir sonraí do chomhlíonadh ceanglais faoi fho-alt (3) den alt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 40 lá tar éis chomhlíonadh an cheanglais sin, an ceartú, an scriosadh nó an ráiteas lena mbaineann a chur in iúl—

(a) don ábhar sonraí lena mbaineann, agus

(b) i gcás go modhnaíonn an comhlíonadh sin go hábhartha na sonraí lena mbaineann, d'aon duine ar nochtadh na sonraí dó le linn na tréimhse a thosaigh 12 mhí roimh an dáta ar seirbheáladh an fógra forfheidhmithe lena mbaineann agus a chríochnaigh díreach roimh an gcomhlíonadh sin.

(8) Féadfaidh an Coimisinéir fógra forfheidhmithe a chealú agus má dhéanann sé amhlaidh cuirfidh sé sin in iúl i scríbhinn don duine ar seirbheáladh air é dá réir sin.

(9) Beidh duine ciontach i gcion má mhainníonn nó má dhiúltaíonn sé, gan leithscéal réasúnach, ceanglas a bheidh sonraithe i bhfógra forfheidhmithe a chomhlíonadh.

Toirmeasc ar shonraí pearsanta a aistriú amach as an Stát.

11. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, faoi réir fhorálacha an ailt seo, aistriú sonraí pearsanta ón Stát chuig áit lasmuigh den Stát a thoirmeasc.

(2) Tabharfaidh an Coimisinéir aird ar fhorálacha Airteagal 12 den Choinbhinsiún nuair a bheidh sé ag breithniú ar cheart aistriú a bheartaítear a dhéanamh ar shonraí pearsanta ón Stát chuig áit i stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún a thoirmeasc.

(3) Ní dhéanfaidh an Coimisinéir aistriú a bheartaítear a dhéanamh ar shonraí pearsanta ón Stát chuig áit lasmuigh den Stát a thoirmeasc mura mbeidh sé den tuairim gur dóigh go dtiocfadh den aistriú, dá mba i stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún a bheadh an áit sin, go sárófaí na bunphrionsabail a ghabhann le cosaint sonraí mar atá leagtha amach i gCaibidil II den Choinbhinsiún.

(4) Le linn don Choimisinéir a bheith á chinneadh ar cheart aistriú sonraí pearsanta a thoirmeasc faoin alt seo, breithneoidh sé freisin cé acu a d'fhéadfadh an t-aistriú a bheith ina chúis damáiste nó anó d'aon duine agus beidh aird aige ar a inmhianaithe atá sé aistrithe idirnáisiúnta sonraí a urasú.

(5) Is trí fhógra (dá ngairtear fógra toirmisc san Acht seo) a sheirbheáil ar an duine a bheartaíonn na sonraí lena mbaineann a aistriú a dhéanfar toirmeasc faoi fho-alt (1) den alt seo.

(6) Maidir le fógra toirmisc—

(a) toirmiscfidh sé an t-aistriú lena mbaineann go hiomlán nó go dtí go mbeidh cibé bearta a bheidh sonraithe san fhógra chun leasanna na n-ábhar sonraí lena mbaineann a chosaint, déanta ag an duine réamhráite,

(b) sonrófar ann an tráth a dtiocfaidh sé in éifeacht,

(c) sonróidh sé na forais atá leis an toirmeasc, agus

(d) faoi réir fho-alt (8) den alt seo, luafaidh sé go bhféadfaidh an duine lena mbaineann, laistigh de 21 lá ón lá a sheirbheálfar an fógra air, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte faoi alt 26 den Acht seo in aghaidh an toirmisc a shonraítear san fhógra.

(7) Faoi réir fho-alt (8) den alt seo, maidir leis an am a bheidh sonraithe i bhfógra toirmisc chun an toirmeasc a shonraítear ann a chomhlíonadh, ní bheidh sé sainráite go rachaidh sé in éag roimh dheireadh na tréimhse 21 lá a shonraítear i bhfo-alt (6) (d) den alt seo agus, má thionscnaítear achomharc in aghaidh an toirmisc, ní gá an toirmeasc a chomhlíonadh agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (13) den alt seo i ndáil leis go dtí go ndéanfar an t-achomharc a chinneadh nó a tharraingt siar.

(8) Más rud é, i gcás an Choimisinéara—

(a) go mbeidh sé, de bharr imthosca speisialta, den tuairim gur cheart toirmeasc a bheidh sonraithe i bhfógra toirmisc a chomhlíonadh go práinneach, agus

(b) go gcuirfidh sé ráiteas á rá sin san fhógra,

ní bheidh feidhm ag fo-ailt (6) (d) agus (7) den alt seo i ndáil leis an bhfógra ach beidh ráiteas san fhógra faoi éifeacht fhorálacha alt 26 (seachas fo-alt (3)) den Acht seo ann agus ní cheanglófar an toirmeasc a chomhlíonadh roimh dheireadh na tréimhse 7 lá dar tosach an dáta ar a seirbheálfar an fógra.

(9) Féadfaidh an Coimisinéir fógra toirmisc a chealú agus má dhéanann sé amhlaidh, cuirfidh sé sin in iúl i scríbhinn don duine ar seirbheáladh air é.

(10) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haistriú sonraí má cheanglaítear nó má údaraítear aistriú na sonraí nó na faisnéise arb í atá sna sonraí le haon achtachán nó faoi aon achtachán nó má cheanglaítear an t-aistriú sin le haon choinbhinsiún nó ionstraim eile lena bhforchuirtear oibleagáid idirnáisiúnta ar an Stát.

(11) Chun críocha an ailt seo, measfar gur i stát atá faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún atá áit má bhíonn an áit sin in aon chríoch a bhfuil an stát faoi cheangal amhlaidh maidir léi.

(12) (a) Beidh feidhm ag an alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le faisnéis a aistriú ón Stát chuig áit lasmuigh den Stát lena tiontú go sonraí pearsanta amhail mar atá feidhm aige maidir le sonraí pearsanta a aistriú ón Stát chuig áit den sórt sin.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “faisnéis” faisnéis (nach sonraí í) a bhaineann le duine aonair beo is féidir a aithint ón bhfaisnéis sin.

(13) Beidh duine ciontach i gcion má mhainníonn nó má dhiúltaíonn sé, gan leithscéal réasúnach, toirmeasc a bheidh sonraithe i bhfógra toirmisc a chomhlíonadh.

Cumhacht chun a cheangal faisnéis a thabhairt.

12. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, trí fhógra i scríbhinn (dá ngairtear fógra faisnéise san Acht seo) a sheirbheálfar ar dhuine, a cheangal ar an duine cibé faisnéis, i ndáil le nithe a bheidh sonraithe san fhógra, is gá nó is fóirsteanach chun go gcomhlíonfaidh an Coimisinéir a chuid feidhmeanna, a thabhairt dó i scríbhinn laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo—

(a) luafar i bhfógra faisnéise go bhféadfaidh an duine lena mbaineann, laistigh de 21 lá ón lá a sheirbheálfar an fógra air, achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt faoi alt 26 den Acht seo in aghaidh an cheanglais a bheidh sonraithe san fhógra, agus

(b) maidir leis an am a bheidh sonraithe san fhógra chun ceanglas a shonraítear ann a chomhlíonadh, ní bheidh sé sainráite go rachaidh sé in éag roimh dheireadh na tréimhse 21 lá a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo, agus, má thionscnaítear achomharc in aghaidh an cheanglais, ní gá an ceanglas a chomhlíonadh agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (5) den alt seo i ndáil leis an gcéanna, go dtí go ndéanfar an t-achomharc a chinneadh nó a tharraingt siar.

(3) Más rud é, i gcás an Choimisinéara—

(a) go mbeidh sé, de bharr imthosca speisialta, den tuairim gur cheart ceanglas a bheidh sonraithe i bhfógra faisnéise a chomhlíonadh go práinneach, agus

(b) go gcuirfidh sé ráiteas á rá sin san fhógra,

ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo i ndáil leis an bhfógra, ach beidh ráiteas san fhógra faoi éifeacht fhorálacha alt 26 (seachas fo-alt (3)) den Acht seo agus ní cheanglófar leis an ceanglas a chomhlíonadh roimh dheireadh na tréimhse 7 lá dar tosach an dáta ar a seirbheálfar an fógra.

(4) (a) Aon achtachán nó riail dlí a thoirmisceann nó a shrianann faisnéis a nochtadh, ní chuirfidh sé bac ar dhuine aon fhaisnéis a thabhairt don Choimisinéir is gá nó is fóirsteanach chun go gcomhlíonfaidh an Coimisinéir a chuid feidhmeanna.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le faisnéis ar faisnéis í, i dtuairim an Aire nó an Aire Cosanta, a choimeádtar nó a coimeádadh tráth ar bith chun slándáil an Stáit a chosaint nó le faisnéis atá faoi phribhléid ó thaobh nochtadh in imeachtaí in aon chúirt.

(5) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh, gan leithscéal réasúnach, ceanglas a shonraítear i bhfógra faisnéise a chomhlíonadh nó a dhéanfaidh, mar chomhlíonadh airbheartaithe ar an gceanglas sin, faisnéis a thabhairt don Choimisinéir is eol don duine a bheith bréagach nó míthreorach ar phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

Cóid chleachtais.

13. —(1) Spreagfaidh an Coimisinéir comhlachais thrádála agus comhlachtaí eile, a fheidhmíonn ar son aicmí rialaitheoirí sonraí, chun cóid chleachtais a ullmhú nach mór do na haicmí sin a chomhlíonadh agus iad ag déileáil le sonraí pearsanta.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir aon chód cleachtais a ullmhaíodh amhlaidh (dá ngairtear cód ina dhiaidh seo san alt seo) a cheadú más é a thuairim go ndéanann sé, maidir leis na hábhair shonraí i gceist, riar cosanta a sholáthar dóibh, i dtaca le sonraí pearsanta a bhaineann leo, a bheidh de réir an riar cosanta dá bhforáiltear le hailt 2, 3, 4 (seachas fo-alt (8)) agus 6 den Acht seo agus cuideoidh sé le leathadh an chóid sin i measc na rialaitheoirí sonraí lena mbaineann.

(3) Féadfaidh an tAire aon chód den sórt sin a bheidh ceadaithe amhlaidh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus má dhéanann gach Teach acu sin rún a rith á cheadú, ansin—

(a) a mhéid a bhaineann sé le déileáil le sonraí pearsanta ag na haicmí rialaitheoirí sonraí lena mbaineann—

(i) beidh feidhm dlí aige de réir a théarmaí, agus

(ii) déanfar, ar a thosach feidhme, tagairtí (cibé acu sonrach nó ginearálta) san Acht seo d'aon fhoráil d'fhorálacha na n-alt sin a fhorléiriú (nó, más cód é in ionad cóid a bhfuil feidhm dlí aige de bhua an fho-ailt seo, leanfar dá bhforléiriú) amhail is dá mba thagairtí iad freisin d'fhorálacha iomchuí an chóid a bhfuil feidhm dlí aige de thuras na huaire,

agus

(b) measfar gur ionstraim reachtúil é lena mbaineann an tAcht Ionstraimí Reachtúla, 1947 , go príomha.

(4) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le próiseálaithe sonraí amhail mar atá feidhm aige i ndáil le haicmí rialaitheoirí sonraí, fara an mhodhnaithe go bhforléireofar na tagairtí san alt seo do na hailt sin mar thagairtí d'alt 2 (1) (d) den Acht seo agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.

Tuarascáil bhliantúil.

14. —(1) Ullmhóidh an Coimisinéir gach bliain tar éis na bliana ina gceapfar an chéad Choimisinéir, tuarascáil i ndáil lena ghníomhaíochtaí faoin Acht seo don bhliain roimhe sin agus cuirfidh sé faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, dá mba rud é, murach an fo-alt seo, go mbainfeadh an chéad tuarascáil faoin bhfo-alt sin le tréimhse is giorra ná 6 mhí, bainfidh an tuarascáil leis an tréimhse sin agus leis an mbliain díreach i ndiaidh na tréimhse sin agus ullmhófar é a luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana sin.

Cúnamh frithpháirteach idir na páirtithe sa Choinbhinsiún.

15. —(1) Déantar leis seo an Coimisinéir a ainmniú chun críocha Chaibidil IV (a bhaineann le cúnamh frithpháirteach) den Choinbhinsiún.

(2) Féadfaidh an tAire aon rialacháin a dhéanamh a mheasann sé is gá nó is fóirsteanach chun a chumasú don Chaibidil sin IV lánéifeacht a bheith aici.

Clárú

An clár.

16. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na daoine seo a leanas, is é sin le rá:

(a) rialaitheoirí sonraí, is údaráis phoiblí agus comhlachtaí agus daoine eile dá dtagraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) rialaitheoirí sonraí, is forais airgeadais, daoine ag a bhfuil údaruithe faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976 (I.R. Uimh. 115 de 1976), nó faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984) nó daoine arb é atá ina ngnó go hiomlán nó go formhór dírmhargaíocht, teistiméireachtaí creidmheasa a chur ar fáil nó fiacha a bhailiú,

(c) aon rialaitheoirí sonraí eile a choimeádann sonraí pearsanta a bhaineann le—

(i) bunadh cine,

(ii) tuairimí polaitíochta nó tuairimí creidimh nó tuairimí eile,

(iii) sláinte coirp nó meabhrach (seachas aon sonraí den sórt sin a choimeádann siad go réasúnach i ndáil le sláinte coirp nó meabhrach a gcuid fostaithe mar ghnáthriarachán pearsanra agus nach n-úsáidtear ná nach nochtar chun aon chríche eile),

(iv) cleachtadh gnéis, nó

(v) ciontuithe coiriúla,

(d) próiseálaithe sonraí arb é atá ina ngnó go hiomlán nó go páirteach sonraí pearsanta a phróiseáil thar ceann rialaitheoirí sonraí, agus

(e) cibé aicmí rialaitheoirí sonraí agus próiseálaithe sonraí a bheidh arna bhforordú de thuras na huaire (ar aicmí iad a bhféadfar a áireamh iontu rialaitheoirí sonraí agus próiseálaithe sonraí nach mbeadh feidhm ag an alt seo maidir leo thairis sin agus ar ar seirbheáladh fógraí for fheidhmithe, fógraí toirmisc nó fógraí faisnéise i gcás na fógraí a bheith i bhfeidhm agus an t-am chun achomharc a thionscnamh ina n-aghaidh faoi alt 26 den Acht seo a bheith imithe in éag gan an t-achomharc sin a bheith tionscanta nó aon achomharc den sórt sin a bheith tarraingthe siar).

(2) Bunóidh agus cothabhálfaidh an Coimisinéir clár (dá ngairtear an clár san Acht seo) de dhaoine lena mbaineann an t-alt seo agus déanfaidh sé, de réir mar is iomchuí, taifead nó taifid sa chlár i leith gach duine a nglacfaidh an Coimisinéir lena iarratas ar chlárú sa chlár.

(3) (a) Féadfaidh comhaltaí den phobal an clár a iniúchadh saor in aisce gach tráth réasúnach agus féadfaidh siad cóipeanna a dhéanamh de thaifid sa chlár nó de shleachta as na taifid sin.

(b) Féadfaidh comhalta den phobal, ar cibé táille (más ann) a bheidh forordaithe a íoc leis an gCoimisinéir, cóip (a mbeidh sé deimhnithe ag an gCoimisinéir nó ag duine dá fhoireann gur cóip dhílis í) d'aon taifead sa chlár, nó de shliocht as aon taifead sa chlár, a fháil ón gCoimisinéir.

(c) In aon imeachtaí—

(i) beidh cóip de thaifead, nó de shliocht as taifead, sa chlár, a mbeidh sé deimhnithe ag an gCoimisinéir nó ag duine dá fhoireann gur cóip dhílis í, ina fianaise ar an taifead nó ar an sliocht, agus

(ii) measfar, maidir le doiciméad a airbheartaíonn gur cóip den sórt sin é agus go bhfuil sé deimhnithe mar a dúradh, gur cóip den sórt sin é agus go bhfuil sé deimhnithe amhlaidh mura gcruthófar a mhalairt.

(d) In aon imeachtaí—

(i) beidh deimhniú, a bheidh sínithe ag an gCoimisinéir nó ag duine dá fhoireann, ina mbeidh sé luaite nach bhfuil aon taifead sa chlár maidir le duine sonraithe mar rialaitheoir sonraí nó mar phróiseálaí sonraí, ina fhianaise ar an bhfíoras sin, agus.

(ii) measfar, maidir le doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú den sórt sin é agus go bhfuil sé sínithe mar a dúradh, gur deimhniú den sórt sin é agus go bhfuil sé sínithe amhlaidh mura gcruthófar a mhalairt.

Iarratais ar chlárú.

17. —(1) (a) Duine ar mian leis a bheith cláraithe sa chlár nó clárú a choimeád i bhfeidhm faoi alt 18 den Acht seo nó na sonraí i dtaifead sa chlár a athrú, déanfaidh sé iarratas i scríbhinn chuige sin chuig an gCoimisinéir agus tabharfaidh sé dó cibé faisnéis a bheidh forordaithe agus aon fhaisnéis eile a theastóidh uaidh.

(b) Má bheartaíonn rialaitheoir sonraí pearsanta a choimeád le haghaidh dhá chríoch nó níos mó, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar chlárú ar leith maidir le haon cheann de na críocha sin agus, faoi réir fhorálacha an Achta seo, déanfar taifid sa chlár de réir aon iarratas den sórt sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, glacfaidh an Coimisinéir le hiarratas ar chlárú, a dhéanfar ar an tslí fhorordaithe agus a mbeidh cibé táille a bheidh forordaithe íoctha ina leith, ó dhuine lena mbaineann alt 16 den Acht seo murab é a thuairim—

(a) nach leor na sonraí a bheartaítear a áireamh i dtaifead sa chlár nó nár tugadh nó nach leor aon fhaisnéis eile a theastóidh ón gCoimisinéir, nó

(b) gur dóigh go sáróidh an duine atá ag déanamh iarratas ar chlárú aon fhoráil d'fhorálacha an Achta seo.

(3) Ní ghlacfaidh an Coimisinéir le hiarratas den sórt sin ar chlárú ó rialaitheoir sonraí a choimeádann sonraí pearsanta a shonraítear in alt 16 (1) (c) den Acht seo murab é a thuairim go bhfuil cosaintí iomchuí á soláthar aige chun príobháideacht na n-ábhar sonraí lena mbaineann a chosaint agus go leanfaidh sé dá soláthar.

(4) Má dhiúltaíonn an Coimisinéir d'iarratas ar chlárú, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn faoin diúltú a luaithe is féidir, don duine atá ag déanamh iarratas ar chlárú, agus maidir leis an bhfógra—

(a) sonrófar ann na cúiseanna a bhí leis an diúltú, agus

(b) luafar ann go bhféadfaidh an duine, laistigh de 21 lá ón lá a bhfaighidh sé an fógra, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte faoi alt 26 den Acht seo in aghaidh an diúltaithe.

(5) Más rud é—

(a) gurb é tuairim an Choimisinéara, de bharr imthosca speisialta, gur cheart go dtiocfadh diúltú ar iarratas ar chlárú in éifeacht go práinneach, agus

(b) go mbeidh san fhógra faoin diúltú ráiteas dá réir sin agus ráiteas faoi éifeacht fhorálacha alt 26 (seachas fo-alt (3)) den Acht seo,

ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (4) den alt seo i ndáil leis an bhfógra agus forléireofar mír (b) d'fho-alt (6) den alt seo, agus beidh éifeacht léi, amhail is dá gcuirfí “7 lá dar tosach an dáta ar a bhfuarthas an fógra” in ionad na bhfocal ó “21 lá”, agus na focail sin san áireamh, go dtí deireadh na míre.

(6) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, aon duine a bhfuil iarratas ar chlárú déanta aige déileálfar leis, chun críocha alt 19 den Acht seo,—

(a) go dtí go gcuirfear in iúl dó gur glacadh leis an iarratas nó go dtí go dtarraingeofar siar é, nó

(b) i gcás go gcuirtear in iúl dó gur diúltaíodh don iarratas, go dtí deireadh na tréimhse 21 lá ar féidir achomharc a thionscnamh laistigh di faoi alt 26 den Acht seo in aghaidh an diúltaithe, agus má thionscnaítear an t-achomharc sin, go dtí go gcinnfear nó go dtarraingeofar siar an t-achomharc,

ionann is dá mbeadh glactha leis an iarratas agus dá mbeadh na sonraí ann ar áireamh i dtaifead sa chlár ar an dáta a ndearnadh an t-iarratas.

(7) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (6) den alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le hiarratas ar chlárú a choimeád i bhfeidhm agus le hiarratas ar athrú a dhéanamh sna mionsonraí i dtaifead sa chlár mar atá feidhm acu maidir le hiarratas ar chlárú.

Ré an chláraithe agus clárú a choimeád i bhfeidhm.

18. —(1) Mairfidh clárú (cibé acu arb é an chéad chlárú nó clárú a choimeádtar i bhfeidhm faoin alt seo é) ar feadh na tréimhse forordaithe agus ar dhul in éag don tréimhse sin bainfear an taifead iomchuí den chlár mura gcoimeádtar an clárú i bhfeidhm mar a dúradh.

(2) Déanfar an tréimhse fhorordaithe (nach lú ná bliain amháin) a ríomh—

(a) i gcás an chéad chlárú, ón dáta a ndearnadh an taifead iomchuí sa chlár, agus

(b) i gcás clárú a coimeádadh i bhfeidhm faoin alt seo, ón dáta ar coimeádadh i bhfeidhm amhlaidh é.

(3) Coimeádfaidh an Coimisinéir, faoi réir fhorálacha an Achta seo, clárú i bhfeidhm, cibé acu ar coimeádadh i bhfeidhm roimhe sin é faoin alt seo nó nár coimeádadh.

(4) D'ainneoin na bhforálacha roimhe seo den alt seo, féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith, ar iarraidh ón duine lena mbaineann taifead, an taifead a bhaint den chlár.

Éifeacht cláraithe.

19. —(1) Ní dhéanfaidh rialaitheoir sonraí lena mbaineann alt 16 den Acht seo sonraí pearsanta a choimeád mura bhfuil, de thuras na huaire, taifead sa chlár maidir leis.

(2) Maidir le rialaitheoir sonraí a bhfuil taifead sa chlár maidir leis—

(a) ní choimeádfaidh sé sonraí pearsanta d'aon tuairisc seachas sonraí den tuairisc a shonraítear sa taifead,

(b) ní choimeádfaidh ná ní úsáidfidh sé sonraí pearsanta chun críche ar bith seachas an chríoch nó na críocha a thuairiscítear sa taifead,

(c) má cheanglaítear an fhoinse, óna bhfaightear na sonraí sin agus aon fhaisnéis a bheartaítear a áireamh sna sonraí sin, a thuairisciú sa taifead, ní bhfaighidh sé na sonraí nó an fhaisnéis sin ó fhoinse nach dtuairiscítear amhlaidh,

(d) ní nochtfaidh sé na sonraí sin do dhuine nach bhfuil tuairisc air sa taifead (seachas duine a bhféadfar na sonraí sin a nochtadh dó sna himthosca a shonraítear in alt 8 den Acht seo),

(e) ní aistreoidh sé na sonraí sin go díreach ná go hindíreach chuig áit lasmuigh den Stát seachas áit a ainmnítear nó a thuairiscítear sa taifead.

(3) Beidh fostaí nó gníomhaire (nach próiseálaí sonraí) de chuid rialaitheora sonraí a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, maidir le sonraí pearsanta a choimeádann nó, de réir mar a bheidh, a choimeádfaidh an rialaitheoir sonraí, faoi réir na srianta céanna i ndáil le húsáid, foinse, nochtadh nó aistriú na sonraí leis na srianta sin a mbeidh an rialaitheoir sonraí faoina réir faoin bhfo-alt sin.

(4) Ní dhéanfaidh próiseálaí sonraí lena mbaineann alt 16 sonraí pearsanta a phróiseáil mura bhfuil, de thuras na huaire, taifead sa chlár maidir leis.

(5) Más rud é go n-athraíonn agus aon uair a athraíonn duine, a bhfuil taifead maidir leis sa chlár, a sheoladh, cuirfidh sé, air sin, an t-athrú in iúl don Choimisinéir.

(6) Aon duine a sháraíonn fo-alt (1), (4) nó (5) den alt seo, nó a sháraíonn go feasach aon fhoráil eile den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Rialacháin le haghaidh clárú.

20. —(1) Féadfar na nithe seo a leanas, agus cibé nithe eile (más ann) is gá nó is fóirsteanach chun go bhféadfaidh lánéifeacht a bheith ag ailt 16 go 19 den Acht seo, a fhorordú:

(a) an nós imeachta a bheidh le leanúint i ndáil le hiarratais ó dhaoine ar chlárú a dhéanamh, ar chlárú a choimeád i bhfeidhm nó ar na mionsonraí a athrú i dtaifead sa chlár nó ar na hiarratais sin a tharraingt siar,

(b) an fhaisnéis a cheanglaítear ar na daoine sin a thabhairt don Choimisinéir, agus

(c) na mionsonraí a áireofar i dtaifid sa chlár,

agus féadfar foráil éagsúil a dhéanamh i ndáil leis na nithe a dúradh maidir le haicmí éagsúla daoine.

(2) Duine a dhéanfaidh, mar chomhlíonadh airbheartaithe ar cheanglas a fhorordaítear faoin alt seo, faisnéis a thabhairt don Choimisinéir is eol don duine a bheith bréagach nó míthreorach ar phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

Ilghnéitheach

Nochtadh neamhúdaraithe ag próiseálaí sonraí.

21. —(1) Ní dhéanfaidh próiseálaí sonraí ná fostaí ná gníomhaire dá chuid sonraí pearsanta a phróiseálfaidh sé a nochtadh gan údarás roimh ré ón rialaitheoir sonraí ar thar a cheann a bheidh na sonraí á bpróiseáil.

(2) Beidh duine a sháróidh go feasach fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion.

Sonraí pearsanta a fuarthas gan údarás a nochtadh.

22. —(1) Maidir le duine—

(a) a fhaigheann rochtain ar shonraí pearsanta, nó a fhaigheann aon fhaisnéis arb í atá sna sonraí sin, gan údarás roimh ré ón rialaitheoir sonraí nó ón bpróiseálaí sonraí a bhfuil na sonraí á gcoimeád aige, agus

(b) a nochtann na sonraí nó an fhaisnéis do dhuine eile,

beidh sé ciontach i gcion.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le duine ar fostaí nó gníomhaire de chuid an rialaitheora sonraí nó de chuid an phróiseálaí sonraí lena mbaineann é.

Forálacha i ndáil le neamhchónaitheoirí áirithe agus le sonraí a choimeádtar nó a phróiseáiltear lasmuigh den Stát.

23. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo níl feidhm ag an Acht seo maidir le rialaitheoir sonraí i leith sonraí a choimeádtar lasmuigh den Stát ná maidir le próiseálaí sonraí i leith sonraí a phróiseáiltear lasmuigh den Stát.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar maidir le sonraí—

(a) go gcoimeádann rialaitheoir sonraí na sonraí sin san áit ina rialaíonn sé a n-inneachar agus a n-úsáid, agus

(b) go bpróiseálann próiseálaí sonraí na sonraí sin san áit ina bhfuil an trealamh sonraí iomchuí suite.

(3) I gcás go rialaíonn duine nach cónaitheoir sa Stát inneachar agus úsáid sonraí pearsanta a choimeádtar laistigh den Stát nó go bpróiseálann sé aon sonraí den sórt sin trí fhostaí nó gníomhaire sa Stát, beidh feidhm ag an Acht seo amhail is dá ndéanfaí an rialú sin a fheidhmiú nó, de réir mar a bheidh, na sonraí a phróiseáil ag an bhfostaí nó ag an ngníomhaire ag gníomhú dó ar a shon féin.

(4) Níl feidhm ag an Acht seo maidir le sonraí a phróiseáiltear go hiomlán lasmuigh den Stát mura n-úsáidtear na sonraí nó mura mbeartaítear iad a úsáid sa Stát.

(5) Níl feidhm ag alt 19 (2) (e) den Acht seo maidir le sonraí a aistriú atá lasmuigh den Stát cheana féin.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

24. —(1) San alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine atá údaraithe i scríbhinn ag an gCoimisinéir chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú chun críocha an Achta seo.

(2) Féadfaidh oifigeach údaraithe, chun aon fhaisnéis a fháil is gá nó is fóirsteanach chun go gcomhlíonfaidh an Coimisinéir a chuid feidhmeanna, ar údarú an oifigigh a thabhairt ar aird, má éilítear amhlaidh—

(a) gach tráth réasúnach, dul isteach in áitreabh a chreideann sé go réasúnach a bheith áitithe ag rialaitheoir sonraí nó ag próiseálaí sonraí, an t-áitreabh agus aon sonraí atá ann (seachas sonraí arb é atá iontu faisnéis a shonraítear in alt 12 (4) (b) den Acht seo) a iniúchadh agus aon trealamh sonraí atá ann a iniúchadh, a scrúdú, a oibriú agus a thástáil,

(b) a cheangal ar aon duine ar an áitreabh, ar rialaitheoir sonraí, próiseálaí sonraí nó fostaí de cheachtar acu é, aon sonraí den sórt sin a nochtadh don oifigeach agus aon sonra-ábhar (seachas sonra-ábhar arb é atá ann faisnéis a shonraítear amhlaidh) a thabhairt ar aird dó atá faoi chumhacht an duine sin nó faoina rialú agus cibé faisnéis a thabhairt dó a theastóidh uaidh go réasúnach maidir leis na sonraí sin agus leis an ábhar sin,

(c) ar an áitreabh nó in áit eile, na sonraí sin a iniúchadh agus a chóipeáil nó faisnéis a bhaint amach astu nó an t-ábhar sin a iniúchadh agus a chóipeáil nó sleachta a thógáil as, agus

(d) a cheangal ar aon duine a luaitear i mír (b) den fho-alt seo cibé faisnéis a thabhairt don oifigeach a theastóidh uaidh go réasúnach maidir leis na nósanna imeachta a mbaintear leas astu chun forálacha an Achta seo a chomhlíonadh, na foinsí óna bhfaightear na sonraí sin, na críocha dá gcoimeádtar iad, na daoine dá nochtar iad agus an trealamh sonraí san áitreabh.

(3) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo i ndáil le foras airgeadais.

(4) Aon uair a mheasann an Coimisinéir gur gá nó gur fóirsteanach, chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh, go bhfeidhmeodh oifigeach údaraithe, i ndáil le foras airgeadais, na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Coimisinéir iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar ordú faoin alt seo.

(5) Aon uair is deimhin leis an Ard-Chúirt, ar iarratas chuici faoi fho-alt (4) den alt seo, go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh agus gur deimhin léi gur gá sin ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh sí ordú a dhéanamh á údarú d'oifigeach údaraithe na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (2) den alt seo a fheidhmiú i ndáil leis an bhforas airgeadais lena mbaineann, faoi réir cibé coinníollacha (más ann) is cuí léi agus a shonróidh sí san ordú.

(6) Duine a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta faoin alt seo nó, gan leithscéal réasúnach, nach ndéanfaidh de réir ceanglais faoin alt seo, nó a dhéanfaidh, mar chomhlíonadh airbheartaithe ar cheanglas den sórt sin, faisnéis a thabhairt d'oifigeach údaraithe is eol don duine a bheith bréagach nó míthreorach ar phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

Fógraí a sheirbheáil.

25. —Aon fhógra a údaraíonn an tAcht seo don Choimisinéir a sheirbheáil ar dhuine, féadfar é a sheirbheáil—

(a) más duine aonair an duine—

(i) trína sheachadadh air, nó

(ii) trína chur chuige leis an bpost agus é dírithe chuige ag a ghnáth-áit chónaithe nó ghnó nó ag an áit chónaithe nó ghnó is déanaí is eol a bheith aige, nó

(iii) trína fhágáil dó ag an áit sin,

(b) más comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine an duine, trína chur chuig an gcomhlacht leis an bpost chuig a oifig chláraithe (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ), nó trína dhíriú chuig an oifig sin agus é a fhágáil inti, i gcás cuideachta, agus trína chur leis an bpost chuig a phríomháit ghnó nó trína dhíriú chuici agus a fhágáil ann, in aon chás eile.

Achomhairc chun na Cúirte Cuarda.

26. —(1) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte, agus féadfaidh an Chúirt achomharc a éisteacht agus a chinneadh—

(a) in aghaidh ceanglais a shonraítear i bhfógra forfheidhmithe nó i bhfógra faisnéise,

(b) in aghaidh toirmisc a shonraítear i bhfógra toirmisc,

(c) in aghaidh diúltú ón gCoimisinéir faoi alt 17 den Acht seo, a chuir sé in iúl faoin alt sin, agus

(d) in aghaidh cinnidh ón gCoimisinéir i ndáil le gearán faoi alt 10 (1) (a) den Acht seo,

agus tionscnófar achomharc den sórt sin laistigh de 21 lá ón lá a ndéanfar an fógra iomchuí a sheirbheáil ar an duine lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, ón lá a bhfaighidh an duine sin fógra faoin diúltú nó faoin gcinneadh iomchuí.

(2) Déanfaidh breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an achomharcóir nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha an dlínse a thugtar don Chúirt leis an Acht seo a fheidhmiú nó, de réir rogha an achomharcóra, déanfaidh breitheamh den Chúirt a bheidh sannta de thuras na huaire do chuaird Bhaile Atha Cliath í a fheidhmiú.

(3) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, is cinneadh críochnaitheach cinneadh na Cúirte faoin alt seo.

(b) Féadfar achomharc a thionscnamh san Ard-Chúirt ar phonc dlí in aghaidh cinnidh den sórt sin; agus forléireofar tagairtí san Acht seo do chinneadh achomhairc mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chinneadh aon achomhairc den sórt sin chun na hArd-Chúirte nó do chinneadh aon achomhairc in aghaidh bhreith na Cúirte sin.

(4) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh duine achomharc chun na Cúirte de bhun mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1) den alt seo,

(b) go dtionscnófar an t-achomharc laistigh den tréimhse a shonraítear san fhógra nó sa scéala a luaitear i mír (c) den fho-alt seo, agus

(c) gur chuir an Coimisinéir ráiteas san fhógra nó sa scéala iomchuí á rá gur dóigh leis, de bharr imthosca speisialta, gur cheart an ceanglas nó an toirmeasc a shonraítear san fhógra a chomhlíonadh, nó gur cheart don diúltú a shonraítear sa scéala teacht in éifeacht, go práinneach,

ansin, d'ainneoin aon fhorála den Acht seo, má chinneann an Chúirt amhlaidh ar iarratas chuici chuige sin, ní cion a bheidh ann murar chomhlíon an duine ceanglas nó toirmeasc a shonraítear san fhógra nó, de réir mar a bheidh, má sháraigh sé alt 19 den Acht seo, le linn na tréimhse dar críoch cinneadh nó tarraingt siar an achomhairc nó le linn cibé tréimhse eile a chinnfear mar a dúradh.

Fianaise in imeachtaí.

27. —(1) In aon imeachtaí—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag an Aire nó ag an Aire Cosanta á rá gurb é a thuairim go gcoimeádtar sonraí pearsanta nó gur coimeádadh iad tráth ar bith chun slándáil an Stáit a chosaint ina fhianaise ar an tuairim sin,

(b) beidh deimhniú—

(i) a bheidh sínithe ag comhalta den Gharda Síochána nach mbeidh faoi bhun chéim ard-cheannfoirt nó ag oifigeach de na Buan-Óglaigh ag a bhfuil céim airm nach bhfuil faoi bhun coirnéil agus a bheidh ainmnithe ag an Aire Cosanta faoi alt 8 (a) den Acht seo, agus

(ii) a luann gurb é tuairim an chomhalta nó, de réir mar a bheidh, an oifigigh gur gá sonraí pearsanta a nochtadh chun na críche a dúradh,

ina fhianaise ar an tuairim sin, agus

(c) measfar, maidir le doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo agus go bhfuil sé sínithe ag duine a shonraítear sa mhír sin (a) nó (b), de réir mar is iomchuí, gur deimhniú den sórt sin é agus go bhfuil sé sínithe amhlaidh mura gcruthófar a mhalairt.

(2) Ní bheidh faisnéis a sholáthróidh duine mar chomhlíonadh ar iarraidh faoi alt 3 nó 4 (1) den Acht seo, ar cheanglas faoin Acht seo nó ar ordú ó chúirt in imeachtaí faoin Acht seo, inghlactha i bhfianaise ina aghaidh ná in aghaidh a chéile in imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo.

Imeachtaí a éisteacht.

28. —Féadfar, de rogha na cúirte, na himeachtaí go léir nó aon chuid d'aon imeachtaí faoin Acht seo, a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

Cionta ag stiúrthóirí, etc., de chuid comhlachtaí corpraithe.

29. —(1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó go raibh sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den chomhlacht corpraithe sin nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh mhaith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

(2) I gcás gnóthaí comhlachta chorpraithe a bheith á mbainistiú ag a chuid comhaltaí, beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i ndáil le gníomhartha agus mainneachtana comhalta i ndáil lena chuid feidhmeanna bainisteoireachta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir ar an gcomhlacht corpraithe é.

An Coimisinéir d'ionchúiseamh cionta achoimre.

30. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thabhairt ar aghaidh agus a ionchúiseamh.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de bhliain amháin ó dháta an chiona.

Pionóis.

31. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 a chur air.

(2) I gcás go gciontófar duine i gcion faoin Acht seo, féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar aon sonra-ábhar ar dóigh leis an gcúirt baint a bheith aige le déanamh an chiona a fhorghéilleadh nó a mhilleadh agus aon sonraí iomchuí a scriosadh.

(3) Ní dhéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (2) den alt seo i ndáil le sonra-ábhar nó le sonraí i gcás go measann sí go mb'fhéidir gur duine éigin seachas an duine a ciontaíodh sa chion áirithe úinéir na sonraí, nó go bhféadfadh leas a bheith aige ar shlí eile sna sonraí, mura ndéanfar cibé bearta is indéanta go réasúnach chun scéala a thabhairt don duine sin, agus chun deis a thabhairt dó cúis a shuíomh nár cheart an t-ordú a dhéanamh.

(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin Acht seo nach bhfuil á ionchúiseamh go hachomair ionann is dá mba rud é, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) (a) den alt sin, gur sonraíodh ann an fhíneáil dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) (a) den alt seo agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear le fo-alt (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

32. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo (seachas alt 2) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Táillí.

33. —(1) Déanfar na táillí faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste de réir ordachán ón Aire Airgeadais.

(2) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táillí faoin Acht seo.

Caiteachais an Aire.

34. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

35. —(1) Féadfar an tAcht um Chosaint Sonraí, 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.